{"id":12375,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12375"},"modified":"2024-04-08T00:33:57","modified_gmt":"2024-04-08T00:33:57","slug":"eachtraigh-15-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-15-2\/","title":{"rendered":"Eachtraigh  15. (2)"},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Roghn\u00fa  Gairme  sna   Daichid\u00ed<\/h2><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Im\u2019  Theachtaire  Scoile<\/h3><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Thaitin idir scoil agus scola\u00edocht liomsa, chuile l\u00e1 riamh, agus d\u00e1 chomhartha sin, d\u2019\u00e9ir\u00edodh liom cib\u00e9 ceacht n\u00f3 cleachtadh a thugta\u00ed dom, a dh\u00e9anamh gan str\u00f3.  Am ar bith ar theastaigh teachtaireacht \u00f3 dhuine de na m\u00fainteoir\u00ed, b\u00ed cinnte gur ormsa a thitfeadh s\u00e9 an gn\u00f3 sin a dh\u00e9anamh d\u00f3.  Thug sin deis domsa tr\u00e9imhs\u00ed a chaitheamh amuigh ar bh\u00f3ithre Iorrais, ag rothaiocht liom ar mo sh\u00e1imh\u00edn s\u00f3 ar rothar bre\u00e1 r\u00e1sa\u00edochta an Mh\u00e1istir.  Th\u00e9inn go dt\u00ed Oifig an Phoist, le haghaidh na litreacha, chuile mhaidin, geall leis, agus th\u00e9inn go dt\u00ed an baile m\u00f3r le teachtaireachta\u00ed  don bPr\u00edomhoide, n\u00f3 bh\u00ed a leann\u00e1n ina c\u00f3na\u00ed i mB\u00e9al an Mhuirthead, agus minic a theasta\u00edodh uaidh sc\u00e9al eic\u00ednt a chur chuici i rith an lae.  I gc\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id, n\u00ed raibh le d\u00e9anamh aige ach glaoch ormsa, agus a rothar r\u00e1sa\u00edochta a thabhairt dom, agus d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 a bheith cinnte ansin go sroichfeadh a theachtaireacht a ceann scr\u00edbe, ar an d\u00e1 luathas.  Is cuimhin liom freisin, nuair a thosaigh an Cogadh M\u00f3r, sa bhliain 1939, go gcuireadh an tArdmh\u00e1istir, an tUas. Se\u00e1n \u00d3 Cr\u00f3in\u00edn, m\u00e9 fh\u00e9in agus Proinsias Mac Eoin, go dt\u00ed teach Mhic Eoin ar an nGeata M\u00f3r, le h\u00e9isteacht leis an nuacht ar an Raidi\u00f3, agus sc\u00e9ala an chogaidh a thabhairt ar ais linn chuige.  Anois, c\u00e9 go mb\u00ednn amuigh ar theachtaireachta\u00ed, leath na gcuarta, n\u00edor chuir an eala\u00edn ch\u00e9anna sin isteach puinn ar mo chuid scola\u00edochta, n\u00f3 bh\u00ed ar mo chumas, cib\u00e9 a bh\u00edodh \u00e1 dh\u00e9anamh acu agus mise ar f\u00e1n \u00f3n seomra ranga, d\u2019\u00e9ir\u00edodh liom an m\u00e9id sin a phiocach suas, gan str\u00f3, agus cib\u00e9 obair bhaile a bh\u00ed le d\u00e9anamh againn, a dh\u00e9anamh gan teip, chuile o\u00edche.  N\u00edorbh \u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach d\u2019\u00e9ir\u00edodh liom freisin, corr scilling a shaothr\u00fa as mo scileanna l\u00e9inn, n\u00f3 thagadh scol\u00e1ir\u00ed \u00e1irithe chugam, leis an obair bhaile ch\u00e9anna sin a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh, agus iad bre\u00e1 s\u00e1sta na pingneacha a bhronnadh ormsa, mar ch\u00faiteamh.  Minic a d\u2019\u00e9irigh liomsa f\u00e1il isteach chuig na scann\u00e1in tostacha, tr\u00edd an gcleas c\u00e9anna sin.  <\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Dul le Sagartacht<\/h3><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Thart ar an am gc\u00e9anna sin, agus n\u00e1isi\u00fain mh\u00f3ra an domhain ag pleanncadh agus ag leadradh a ch\u00e9ile, agus ruda\u00ed \u00e1 gciond\u00e1il anseo i dt\u00edr na h\u00c9ireann, thosaigh an M\u00e1istir \u00d3 Cr\u00f3in\u00edn ag iarraidh treoir ghairme eic\u00ednt a chur ormsa.  D\u2019iarr s\u00e9 m\u00e9 a sti\u00faradh an bealach seo, agus d\u2019iarr s\u00e9 m\u00e9 a sti\u00faradh an bealach \u00fad eile, ach i ndeireadh na d\u00e1la, ba \u00ed an tsagartacht a roghnaigh m\u00e9.  Anois, caithfear a thuiscint, nach raibh puinn gustail ag mo mhuintir, agus d\u00e1 thairbhe sin, n\u00ed bheadh s\u00e9 ind\u00e9anta m\u00e9 a chur go Maigh Nuad, n\u00f3 chuig ceann ar bith de na Cliarscoileanna ardn\u00f3sacha, ach, n\u00edorbh fh\u00e1l go haer \u00e9!  n\u00f3 bh\u00ed \u201cCumann Misin\u00e9ir\u00ed chun na hAifrice\u201d, n\u00f3 an SMA, mar a thugtar orthu, bre\u00e1 s\u00e1sta gas\u00fair de mo leith\u00e9idse a ghlacadh isteach ina scoileanna, ar th\u00e1ille an-\u00edseal, ag s\u00fail go leanfadh uimhir \u00e1irithe de na dalta\u00ed sin leo go nd\u00e9anfa\u00ed sagairt do na Misin d\u00edobh, i ndeireadh na d\u00e1la.  Tuigeadh d\u00f3ibh, d\u00e1r nd\u00f3igh, go gcaillfeadh siad roinnt mhaith acu, san aon bhliain d\u00e9ag idir th\u00fas an ch\u00farsa agus l\u00e1 an oirnithe.  B\u2019fh\u00e9idir go dt\u00f3gfadh siad isteach thart ar ch\u00faig dhuine is fiche in aghaidh na bliana, ach chuile sheans nach nd\u00e9anfa\u00ed ach c\u00faigear, n\u00f3 seisear, d\u00edobh sin a oirni\u00fa, ar deireadh thiar. Bh\u00ed siad l\u00e1n-ts\u00e1sta leis na huimhreacha sin, agus bh\u00ed siad l\u00e1n-ts\u00e1sta freisin, go raibh siad ag leathadh an bhriathair i measc an phobail, ina mbealach fh\u00e9in.  Ach ba bheag a thuig mise faoi na c\u00farsa\u00ed sin, agus m\u00e9 fh\u00e9in agus an M\u00e1istir ag cur c\u00farsa\u00ed creidimh agus sagartachta tr\u00ed ch\u00e9ile, i Scoil N\u00e1is\u00fanta na Cille M\u00f3ire Iorrais, i ndeireadh thriochaid\u00ed agus i dt\u00fas dhaichid\u00ed na haoise seo caite.  Ar aon chuma, bheartaigh m\u00e9 fh\u00e9in dul chun na hAifrice im\u2019  mhisin\u00e9ir.  Bh\u00ed gr\u00e1 im chro\u00ed agam, an  t-am sin, do ghormaigh na hAifrice.  N\u00ed \u00f3n gcnoc n\u00f3 \u00f3n ngaoth a bhailigh m\u00e9 fh\u00e9in an chr\u00e1ifeacht, n\u00f3 ba dhuine \u00ed mo Mham, a raibh an oiread sin creidimh aici is a chuirfeadh an cnoc thall ar an gcnoc abhus, agus chomh maith le sin, t\u00f3gadh m\u00e9 i bpobal ina raibh c\u00e9ad faoin gc\u00e9ad acu ag cleachtadh a gcreidimh, agus ag glacadh le f\u00edric\u00ed na Cr\u00edosta\u00edochta.  Sea, agus \u201cfair play\u201d don Mh\u00e1istir, bh\u00ed seisean s\u00e1sta an cupla punt a chur sa chiste, a bheadh riachtanach, le gas\u00far dem leith\u00e9idse a chur chun an Chol\u00e1iste \u00fad i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada, i ngiorracht roinnt m\u00edlte do Bhall \u00c1lainn, i gContae Mhaigh Eo.<\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">An sc\u00e9al i mB\u00e9al an Phobail<\/h3><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ba ghearr go raibh an sc\u00e9al ina loscadh sl\u00e9ibhe i mb\u00e9al gach \u00e9inne.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cAr chuala t\u00fa an nuacht?\u201d  ad\u00e9arfadh duine.     <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cC\u00e9n nuacht at\u00e1 i gceist agat?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cC\u00e9n nuacht, an ea?  Go bhfuil Peadar Mhichael Mhic\u00ed ag dul sna sagairt!\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cAg magadh f\u00fam at\u00e1 t\u00fa?  mar nach bhfuil n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 a phaidreacha ar a aire ag an bPeadar c\u00e9anna, bail \u00f3 Dhia air!\u201d.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cB\u2019fh\u00e9idir go bhfuil, agus b\u2019fh\u00e9idir nach bhfuil, ach sin an sc\u00e9al a chuala m\u00e9 fh\u00e9in, anois d\u00edreach, \u00f3 Tom an Phosta, agus nach bhfuil an Tom c\u00e9anna sin an-mh\u00f3r le Bair\u00e9adaigh na Druime?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201c\u00d3, bhuel! m\u00e1 bh\u00ed an sc\u00e9al ag Tom an Phosta, caithfidh go bhfuil bun\u00fas eic\u00ednt leis.  Bhuel anois! c\u00e9 chreidfeadh go raghadh an diabhail\u00edn c\u00e9anna sin le sagartacht? \u201c \u201cNach ait an mac an saol?  agus nach f\u00e1nach an \u00e1it ina bhfaighfe\u00e1 breac?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">B\u2019in mar a bh\u00ed i measc na gcomharsan, na laethe \u00fad, i l\u00e1r na bliana \u00fad 1940, agus mise ag f\u00e1il r\u00e9idh le bealach \u00far a threabhadh dom fh\u00e9in, n\u00f3 n\u00edor ghn\u00e1th-rud \u00e9, an     t-am sin, buachaill \u00f3g dem leith\u00e9idse, Cliarscoil a thabhairt air fh\u00e9in.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Chuaigh chuile sh\u00f3rt ar aghaidh go seoigh, ar feadh scathaimh.  Ach de r\u00e9ir mar a bh\u00ed an l\u00e1 sprioc\u00e1ilte ag druidim linn, bh\u00ed ag dul ina lu\u00ed ormsa, m\u00e9id na c\u00e9ime a bh\u00ed \u00e1 t\u00f3g\u00e1il agamsa. Ach d\u00e1 fhaid an l\u00e1 tagann tr\u00e1thn\u00f3na, agus ba \u00e9 an d\u00e1la c\u00e9anna agamsa \u00e9.  Ar deireadh thiar thall, th\u00e1inig an l\u00e1 m\u00f3r.  An o\u00edche roimh r\u00e9, bhailigh na comharsanna uilig isteach sa teach s\u2019againne, le sl\u00e1n agus beannacht a chur liomsa, n\u00f3 ba \u00e9 sin n\u00f3s na muintire thiar, ag an am sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Faoi\u2019n am sin freisin, bh\u00ed chuile short, a bheadh ag teast\u00e1il uaim sa Chol\u00e1iste, ceannaithe agus pac\u00e1ilte, i gc\u00e1s bre\u00e1, nua, taistil, domsa.  Mo Mham agus mo dheirfi\u00faracha ba mh\u00f3 a rinne an gn\u00f3 sin, n\u00f3 ba bheag scil a bhi agamsa sna c\u00farsa\u00ed c\u00e9anna sin, ag an am, murab ionann is anois.  <\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Seolta T\u00f3gtha<\/h3><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ar maidin, bhuaileamar b\u00f3thar.  An t-am sin, n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, nach raibh carr, n\u00f3 cairt, le s\u00edob a thabhairt dom go B\u00e9al an Mhuirthead, mar n\u00ed th\u00e9adh an bus thar an mbaile m\u00f3r sin siar, ag an am sin.  Deirid\u00eds go raibh an droichead r\u00f3-ch\u00fang, r\u00f3-lag, n\u00f3 n\u00f3-rud-eic\u00ednt-eile, agus sa tsl\u00ed sin, f\u00e1gadh muintir na leithinse lena mbealach fh\u00e9in a dh\u00e9anamh go B\u00e9al an Mhuirthead, d\u00e1 mbuailfeadh an fonn taistil iad.  Mar sin, ar rothar is ea chuaigh m\u00e9 fh\u00e9in go B\u00e9al an Mhuirthead, an mhaidin sprioc\u00e1ilte sin.  Chuaigh mo dhearth\u00e1ir Se\u00e1n, Gr\u00e1sta \u00f3 Dhia air, in \u00e9ineacht liom, leis an gc\u00e1s bre\u00e1, donn, nua sin, a iompar, n\u00f3 bh\u00ed Se\u00e1n n\u00edos sine agus n\u00edos foirfe na m\u00e9.  B\u2019eisean an duine ba shine den \u00e1l, agus meas d\u00e1 r\u00e9ir againne air.  Chuir Se\u00e1n ar an mbus m\u00e9, thug mo ch\u00e1s don tiom\u00e1na\u00ed, do \u201cL\u00e1cha\u00ed Clarke\u201d, agus d\u2019fh\u00e1g sl\u00e1n liom.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Bh\u00ed m\u00e9 liom fh\u00e9in ar deireadh, agus geallaimse dhuit \u00e9, go ndeachaigh an cumha agus an t-uaigneas go smior na gcn\u00e1mh isteach ionam.  D\u2019fh\u00e1g m\u00e9 B\u00e9al an Mhuirthead faoi ghradam, m\u00e9 gl\u00e9asta in \u00e9ide \u00e1bhar sagairt, agus n\u00edos m\u00f3 airgid i mo ph\u00f3ca, n\u00e1 mar a bh\u00ed feicthe agam riamh roimhe sin.  \u201cL\u00e1cha\u00ed Clarke\u201d ag tiom\u00e1int agus \u201cGeorge Ormsby\u201d ina sti\u00farth\u00f3ir againn.  Ba nuacht chuile sh\u00f3rt domsa, n\u00f3 n\u00ed raibh m\u00e9 fh\u00e9in n\u00edos faide \u00f3 bhaile n\u00e1 B\u00e9al an Mhuirthead, riamh roimhe sin.  Nach orm a bh\u00ed an t-ionadh, nuair a chonaic m\u00e9 crainn den ch\u00e9ad uair riamh, ba bheag n\u00e1r bhain a n-uaisleacht agus a n-airde radharc na s\u00fal d\u00edom.  Ar deireadh thiar, shroicheamar B\u00e9al an \u00c1tha, ach n\u00ed raibh ar mo chumas dul n\u00edos fuide, an l\u00e1 sin, n\u00f3 n\u00ed raibh ach traein amh\u00e1in ag f\u00e1g\u00e1il B\u00e9al an \u00c1tha, in aghaidh an lae, an tr\u00e1th sin, agus d\u2019im\u00edodh sin ar maidin.  \u00c9inne ar theastaigh uaidh dul n\u00edos faide n\u00e1 B\u00e9al an \u00c1tha, bhuel, d\u2019fh\u00e9adfah s\u00e9 fanacht go dt\u00ed an l\u00e1 arna mh\u00e1rach.  Chuir m\u00e9 fh\u00e9in f\u00fam, an o\u00edche sin, in \u201c\u00d3st\u00e1n an N\u00e9fin\u201d, ach bh\u00ed m\u00e9 ar mo chois go bre\u00e1 luath an mhaidin d\u00e1r gcionn.  <\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Chun B\u00f3thair ar\u00eds<\/h3><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ar  ball, rinne m\u00e9 mo shl\u00ed go St\u00e1isi\u00fan na Treanach.  \u00d3, a Thiarcais! n\u00e1r mh\u00f3r idir sin agus tada d\u00e1 bhfaca m\u00e9 fh\u00e9in riamh roimhe sin!  Cheannaigh m\u00e9 mo thic\u00e9ad agus isteach liom ar an ard\u00e1n, le fanacht leis an traein.  N\u00ed raibh m\u00e9 im aonar ansin, ach oiread, n\u00f3 bh\u00ed slua m\u00f3r daoine bailithe ansin, agus iad ag fanacht ar thraein \u00fad na maidine, n\u00f3 n\u00ed bheadh traein eile ag f\u00e1g\u00e1il an st\u00e1isi\u00fain sin go dt\u00ed an mhaidin d\u00e1r gcionn. Ba nuacht chuile sh\u00f3rt domsa, agus mar sin, bh\u00ed m\u00e9 ag si\u00fal liom s\u00edos suas ar an ard\u00e1n, agus mo thic\u00e9ad greamaithe go teann im ghlaic agam, ach n\u00ed i gc\u00f3na\u00ed a thagann an cr\u00faisc\u00edn sl\u00e1n abhaile \u00f3n tobar, agus ba \u00e9 an d\u00e1la c\u00e9anna agamsa \u00e9 agus an tic\u00e9ad dra\u00edochta sin, n\u00f3 cib\u00e9 \u00fatam\u00e1il a bh\u00ed ar si\u00fal agam, thit an tic\u00e9ad s\u00edos uaim, idir an traein agus an ard\u00e1n.  \u00d3, a Thiarcais!  conas a gheobhainn greim ar mo thic\u00e9ad dra\u00edochta ar\u00eds, agus mura bhfaighinn greim ar an dtic\u00e9ad c\u00e9anna sin, is d\u00f3cha nach ligf\u00ed ar bord na traenach chor ar bith m\u00e9.  Bhuel, ar \u00e1mhara\u00ed an tsaoil mh\u00f3ir, bh\u00ed fear bre\u00e1, scaf\u00e1nta, \u00f3g, \u00f3 Bheannchor Iorrais, duine de mhuintir U\u00ed Mhurch\u00fa, ar an bhf\u00f3d, agus d\u2019fh\u00e1g seisean a mh\u00e1la taistil ar leataobh, agus s\u00edos leis ,de l\u00e9im, idir an traein agus an ard\u00e1n, agus i bpreab na s\u00fal, bh\u00ed mo thic\u00e9ad caillte sl\u00e1n s\u00e1bh\u00e1ilte ina ghlac aige.  Thug s\u00e9 ar ais dom \u00e9.  Ghabh m\u00e9 mo bhu\u00edochas \u00f3 chro\u00ed leis, agus sa chomhr\u00e1 a lean an eachtra sin, d\u2019inis s\u00e9 dom, go mba bhall de Aerfh\u00f3rsa Shasana \u00e9, agus go raibh s\u00e9 tar \u00e9is saoire a chaitheamh sa bhaile, i mBeannchor Iorrais.  D\u2019fhiafraigh m\u00e9 fh\u00e9in de, ar ghlac s\u00e9 aon ph\u00e1irt f\u00f3s sa Chogadh M\u00f3r.  \u201cAbair \u00e9, a st\u00f3r,\u201d ar seisean, \u201cn\u00f3 is beag l\u00e1 nach dt\u00e9im fh\u00e9in, is mo bhu\u00edon trodair\u00ed, ar aer-ruathair, thar chr\u00edocha na Gearm\u00e1ine isteach, ag buam\u00e1il, ag troid, ag  spiaireacht.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"> \u201cAgus an bhfuil s\u00e9 cont\u00fairteach bheith i mbun na hoibre sin?\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">\u201cBhuel,\u201d ar seisean, \u201cis beag l\u00e1 nach gcailleann muid comr\u00e1da\u00ed amh\u00e1in, ar a laghad, agus n\u00edl ann ach cluiche gill, mar ad\u00e9arf\u00e1.  Bh\u00ed an t-\u00e1dh i mo chaip\u00ednse, go nuige seo ach go h\u00e1irithe, agus t\u00e1 s\u00fail le Dia agam, go dtiocfaidh m\u00e9 sl\u00e1n abhaile \u00f3n gcogadh millteach, uaf\u00e1sach, seo.<\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Fead na Traenach<\/h3><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Bhuel, ag an bpointe sin, chualamar fead caol, ard, cluasphl\u00e9ascach, na traenach, agus \u00ed r\u00e9idh chun b\u00f3thair.  Chuamar ar bord.  D\u2019fh\u00e1gas fh\u00e9in sl\u00e1n le mo chara nua, an fear bre\u00e1, ard, rua, dath\u00fail sin, \u00f3 Bheannchor Iorrais, agus muid ag s\u00fail go gcasfa\u00ed ar a ch\u00e9ile sinn ar\u00eds, amach anseo, ach t\u00e1 fait\u00edos orm, n\u00e1r chasadh Mac \u00fad U\u00ed Mhurch\u00fa ar\u00eds orm, \u00f3 shoin i leith, agus n\u00edl fhios agam \u00f3 thalamh an domhain, ar th\u00e1inig s\u00e9 sl\u00e1n \u00f3n mbearna bhaoil, n\u00f3 ar cailleadh \u00e9 ar mhisean, n\u00f3 ar ruathar eic\u00ednt, isteach thar theorainn na Gearm\u00e1ine isteach.  Cib\u00e9 faoi sin, ba \u00e9 an Mac U\u00ed Mhurch\u00fa \u00fad mo ch\u00e9ad laoch, agus bronnaim anois an curadhmh\u00edr air, b\u00edodh s\u00e9 beo, n\u00f3 b\u00edodh s\u00e9 marbh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ar ball, d\u2019ardaigh an traein a seolta, agus as go br\u00e1ch lei, go torannach, ardghl\u00f3rach, agus mise \u00e1 sciobadh aici lei, \u00f3 dh\u00fatha\u00ed mo mhuintire, agus \u00f3 nead teola\u00ed na h\u00f3ige.  Nach orm a bh\u00ed an t-ionadh, agus an traein sin ag r\u00e9abadh lei tr\u00ed ghoirt is tr\u00ed mh\u00f3in\u00e9ir, tr\u00ed bhailte is tr\u00ed choillte, go dt\u00ed gur stop si sa deireadh i mBall \u00c1lainn, agus n\u00e1r cuireadh fainic na bhfainic ormsa, tuirlingt ag an st\u00e1isi\u00fan sin?  Bhailigh m\u00e9 mo chip is mo mheanaithe, agus amach liom de r\u00faid as an traein \u00fad, an ch\u00e9ad traein d\u00e1r leag mise s\u00fail riamh uirthi, agus chomh luath is a bh\u00ed mise bailithe liom amach aisti, lig s\u00ed fead gh\u00e9ar, chluasphl\u00e9ascach, mhag\u00fail, aisti, agus as go br\u00e1ch lei ar\u00eds, go torannach, gaileach, rothach, amach as st\u00e1isi\u00fan \u00fad Bhall \u00c1lainn. <\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Ceann Scr\u00edbe Sroichte<\/h3><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"> Bhreathnaigh m\u00e9 timpeall orm fh\u00e9in, n\u00f3 d\u00faradh liom go mbeadh duine eic\u00ednt ansin romham, le treoir a dh\u00e9anamh dom.  Th\u00e1inig fear bunaosta im threo i leith.  \u201cAn tusa an Bair\u00e9adach?\u201d ar seisean liom.  \u201cIs m\u00e9,\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in \u00e1 fhreagairt.  \u201cTar liomsa, m\u00e1 sea,\u201d ar seisean, \u201ct\u00e1 c\u00f3ir iompair anseo amuigh agam, le t\u00fa a thabhairt go dt\u00ed Col\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3Naofa, i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada.\u201d <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">  Lean m\u00e9 amach as an st\u00e1isi\u00fan \u00e9, agus do bhar\u00fail, c\u00e9n gl\u00e9as iompair a bh\u00ed aige ansin faoi mo chomhair?  C\u00e9ard eile a bheadh aige ann, ach carr cliath\u00e1nach?  Go bre\u00e1 ar fad, arsa mise liom fh\u00e9in, beidh \u201cjaunt \u201c  bre\u00e1 agam \u00f3n st\u00e1isi\u00fan traenach seo go dt\u00ed an Col\u00e1iste.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">**********************<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Roghn\u00fa Gairme sna Daichid\u00ed . . Im\u2019 Theachtaire Scoile Thaitin idir scoil agus scola\u00edocht liomsa, chuile l\u00e1 riamh, agus d\u00e1 chomhartha sin, d\u2019\u00e9ir\u00edodh liom cib\u00e9 ceacht n\u00f3 cleachtadh a thugta\u00ed dom, a dh\u00e9anamh gan str\u00f3. Am ar bith ar theastaigh teachtaireacht \u00f3 dhuine de na m\u00fainteoir\u00ed, b\u00ed cinnte gur ormsa a thitfeadh s\u00e9 an gn\u00f3 [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12375","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12375","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12375"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12375\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12376,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12375\/revisions\/12376"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12375"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12375"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12375"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}