{"id":12385,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12385"},"modified":"2024-04-08T01:26:00","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:00","slug":"eachtraigh-duinn-42","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-duinn-42\/","title":{"rendered":"Eachtraigh  Duinn    42"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">S N I O G A D H     M O     S C \u00c9 I L<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Gheall m\u00e9 dhaoibh cheana, go bhfillfinn, am eic\u00ednt, le cr\u00edoch a chur leis an sc\u00e9al seo, sc\u00e9al mo bheatha, agus nuair a smaoin\u00edm air anois, nach fada an turas at\u00e1 si\u00falta agam, \u00f3 rugadh m\u00e9, i l\u00e1r na bhfichid\u00ed, i mbaile na Druime, i bPar\u00e1iste na Cille M\u00f3ire, in Iorras Domhnann, i gContae Mhaigh Eo. M\u00f3r go deo idir an cine\u00e1l saoil a bh\u00ed i dtreis, thiar againne, an tr\u00e1th \u00fad, agus an cine\u00e1l saoil at\u00e1 ann, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, gur thaistil m\u00e9 fh\u00e9in, faoi mar a bheinn i meais\u00edn ama, \u00f3 shaol mhe\u00e1naoiseach go saol taibhseach, taitneamhach, freacnairc, an aon\u00fa haois fichead. Thitfeadh na daoine a bh\u00ed beo, ag an am sin, as a seasamh, d\u00e1 nd\u00e9arfa\u00ed leo, go bhfeicf\u00ed riamh na hiontais at\u00e1 le feice\u00e1il againn, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Saol bocht, gortach, gann, a bh\u00ed ag daoine an tr\u00e1th \u00fad, s\u00e9 sin, i gcompar\u00e1id leis an gcine\u00e1l saoil at\u00e1 ag daoine anois, ach an tr\u00e1th \u00fad, n\u00ed raibh cleachtadh ag \u00e9inne ar a mhalairt, agus d\u00e1 bharr sin, bh\u00edodar bre\u00e1, s\u00e1sta, lena raibh acu, agus n\u00edorbh \u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach bhaineadar sult agus s\u00e1samh, toit agus taitneamh, as an saol a bh\u00ed i dtreis an tr\u00e1th sin, faoi mar a bhaineann lucht an lae inniu s\u00e1samh as a bhfuil ar f\u00e1il acusan, sna laethe seo. <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">R\u00e9  an  Ghanntain<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed chuile sh\u00f3rt gann an tr\u00e1th \u00fad. An t\u00e9 a bheadh amuigh cois tr\u00e1, bhaileodh s\u00e9 chuile sh\u00f3rt d\u00e1 bhfaigheadh s\u00e9 sa mbruth f\u00f3 th\u00edr, giota\u00ed adhmaid, buid\u00e9il, cl\u00e1ir\u00edn\u00ed, n\u00f3 iasc, fi\u00fa, mar ba bhre\u00e1 a thuig siad, go bhf\u00e9adfa\u00ed leas a bhaint astu sa bhaile. N\u00ed raghadh duine, an tr\u00e1th \u00fad thar an leithphingin fh\u00e9in, gan \u00ed a phiocadh suas agus a chur ina ph\u00f3ca, n\u00f3 d\u00e1 bhfaigheadh s\u00e9 ceann eile le cur lei, nach mbeadh  pingin aige! Mar an gc\u00e9anna le rud ar bith a gheobhadh s\u00e9 ag dul am\u00fa, ar bh\u00f3thar, ar shr\u00e1id, n\u00f3 ar thr\u00e1. Breathnaigh ar ch\u00farsa\u00ed sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, agus tabharfaidh t\u00fa faoi deara, nach mbacfadh bun\u00fas na ndaoine le ruda\u00ed f\u00e1nacha d\u00e1 leith\u00e9id, n\u00f3 nach bhfuil a nd\u00f3thain mh\u00f3r de na hearra\u00ed sin acu, cheana f\u00e9in.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">R\u00e9  na  Meitheal<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed rud eile le tabhairt faoi deara an t-am sin, nach bhfeicfe\u00e1 ach go hannamh anois, agus b\u2019in go raibh daoine s\u00e1sta cabhair agus c\u00fanamh a thabhairt d\u00e1 ch\u00e9ile. Thuigeadar, go binn, br\u00ed an tseanfhocail ad\u00fairt, gur ar sc\u00e1th a ch\u00e9ile a mhaireann daoine, agus ba threise, d\u00e1r leosan, an pobal n\u00e1 an duine aonair, agus ba \u00e9 dualgas an phobail ch\u00e9anna sin, teacht i gcabhair ar an nduine aonair, in am an gh\u00e1tair. Sea, agus b\u2019in \u00e9 d\u00edreach a dheinid\u00eds, agus ba as an dearcadh sin a d\u2019eascair an mheitheal agus comhar na gcomharsan. Sea, agus an rud nach raibh agatsa, d\u00e1 mbeadh fl\u00fairse de ag duine eile, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a bheith cinnte, nach bhf\u00e1gfa\u00ed ar an ngannchuid th\u00fa. Sa tsl\u00ed sin, roinnf\u00ed bainne, uibheacha, im, m\u00f3in, fata\u00ed, agus a leith\u00e9id, ar an gcomharsa a bh\u00ed dh\u00e1 n-uireasa.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">R\u00e9  na  Cuarta\u00edochta<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed rud eile i gceist freisin, agus s\u00e9 sin, go bhf\u00e9adf\u00e1 na gas\u00fair a ligint amach gan fait\u00edos n\u00f3 eagla go nd\u00e9anfadh comharsa ar bith dochar d\u00f3ibh, a mhalairt a bh\u00ed f\u00edor, n\u00f3 choinn\u00edodh an chomharsa s\u00fail ar ghas\u00fair an phobail, agus bh\u00edd\u00eds s\u00e1sta freastal orthu, d\u00e1 dteast\u00f3dh tada uathu.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019in an tr\u00e1th, nuair a th\u00e9adh daoine ag cuarta\u00edocht i rith sh\u00e9as\u00far na cuarta\u00edochta, \u00f3 Shamhain go Bealtaine. Bh\u00edd\u00eds ag sc\u00e9ala\u00edocht agus ag imirt c\u00e1rta\u00ed, agus ag an am gc\u00e9anna, bh\u00edodh na ruda\u00ed beaga ag imirt a gcleas si\u00fad freisin, sea, agus b\u2019fh\u00e9idir go mbeadh na mn\u00e1 ag cuilte\u00e1il, n\u00f3 ag cleite\u00e1il leo go s\u00e1sta. Sea, chuile dhuine ag seinim ar a uirlis fh\u00e9in. B\u2019in a bh\u00ed sa treis, sul ar th\u00e1inig an raidi\u00f3, n\u00f3 an Teilif\u00eds, i gcumhacht i ngach uile chistin agus parl\u00fas sa t\u00edr. Sea, mh\u2019anam, n\u00edorbh olc ar fad an saol \u00e9, n\u00f3 chuir s\u00e9 iachall ar dhaoine \u00fas\u00e1id a bhaint as a dtallanna fh\u00e9in, le caitheamh aimsire daonna, ar a leibh\u00e9al fh\u00e9in, a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh fh\u00e9in. D\u00e1 dteast\u00f3dh \u00f3 dhuine tuairim\u00ed ardn\u00f3sacha a chloiste\u00e1il, cead aige comhluadar an Mh\u00e1istir, n\u00f3 an Docht\u00fara, n\u00f3 an tSagairt fh\u00e9in, bail \u00f3 Dhia air, a lorg, ach annamh go maith a dh\u00e9anaid\u00eds a leith\u00e9id, mura mbeadh fonn nuachta n\u00f3 a leith\u00e9id orthu.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">R\u00e9 an   Daonna\u00ed<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sa chine\u00e1l saoil a chleacht muidinne, agus mise i mo ph\u00e1iste, n\u00ed raibh tr\u00e1cht ar raidi\u00f3 n\u00f3 ar theilif\u00eds, ar iris\u00ed n\u00f3 ar ghreann\u00e1in, n\u00f3 fi\u00fa ar nuacht\u00e1in, taobh amuigh de na seachtan\u00e1in, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed raibh an f\u00f3n fh\u00e9in, ach ag an bhf\u00edor-chorrdhuine. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e1 bhfaigheadh daoine an nuacht, an tr\u00e1th \u00fad, m\u00e1 sea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sna seachtan\u00e1in, agus \u00f3 bheith ag comhr\u00e1 leis na daoine gairmi\u00fala, a raibh f\u00e1il acu ar na me\u00e1in chumars\u00e1ide, n\u00f3 b\u00ed cinnte, go raibh teacht ag na daoine sin ar nuacht\u00e1in, ar raidi\u00f3 nuair a th\u00e1inig s\u00e9 ar an bhf\u00f3d, agus ar an bhf\u00f3n, freisin. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus c\u00e9rbh iad na daoine gairmi\u00fala, a raibh teacht acu ar na foins\u00ed eolais sin?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Lucht gairme, cos\u00fail leis an sagart, an m\u00fainteoir, an docht\u00fair, agus a leith\u00e9id\u00ed. N\u00edlimse ach ag ma\u00edomh nach raibh f\u00e1il ag an gcosmhuintir s\u2019againne ar na foins\u00ed nuachta sin. Istigh i dteach an ghr\u00e9asa\u00ed, n\u00f3 an chaibl\u00e9ara, n\u00f3 fi\u00fa i gce\u00e1rta an ghabha dhuibh, ba mh\u00f3 a bh\u00edodh a dtarraingt si\u00fad, ar th\u00f3ir nuachta, sea, agus d\u2019fh\u00e1ilteoid\u00eds roimh an lucht si\u00fail freisin, n\u00f3 nach ndeirt\u00ed i gc\u00f3na\u00ed go mb\u00edodh si\u00falach sc\u00e9alach.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Litreacha, an ea?<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard faoi litreacha, mar sin?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019annamh a gheofa\u00ed litir, an tr\u00e1th \u00fad, s\u00e9 sin, mura raibh duine muinteartha agat sna St\u00e1it, n\u00f3 i Sasana, sin n\u00f3 go mbeadh airgead ag siopad\u00f3ir eic\u00ednt, n\u00f3 ag an \u201cLand Commission\u201d ort, agus go mbeadh siad ar a th\u00f3ir! Ceart go leor bh\u00edodh cupla c\u00e1rta Nollag, ag dul sa timpeall, thart ar an Nollaig, ach taobh amuigh de sin, ba bheag an baol go mbeadh cas\u00e1n rua buailte ag fhear an phoist chun do dhorais.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n f\u00e1th ar tharraing m\u00e9 an t\u00e9ad sin chugam le cr\u00edoch a chur leis an tsraith aist\u00ed d\u00edrbheathaisn\u00e9iseacha seo, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Toisc gurb iad sin an trosc\u00e1n at\u00e1 le feice\u00e1il agamsa f\u00f3s i gcistin mo chuimhn\u00ed, agus am ar bith a th\u00e9im siar ar bh\u00f3ithr\u00edn na smaointe, t\u00f3gaim chugam cn\u00e1mha na gcuimhn\u00ed c\u00e9anna sin, agus caithim seal \u00e1 gcreimeadh. Agus le himeacht na mblianta, is amhlaidh is soil\u00e9ire, agus is snasta, a \u00e9ir\u00edonn na cuimhn\u00ed sin. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach c\u00e9ard faoi na cuimhn\u00ed at\u00e1 bailithe agam, i rith na mbianta a d\u2019imigh, \u00f3 chuaigh m\u00e9 amach ar scor?<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">G\u00e1la amh\u00e1in eile&#8230;.<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1id sin ann freisin, ach t\u00e1 fait\u00edos orm, go gcaithfidh m\u00e9 iad sin a choinne\u00e1il siar go dt\u00ed an ch\u00e9ad gh\u00e1la eile, agus geallaimse dhuit anois \u00e9, go gcuirfidh an ch\u00e9ad gh\u00e1la eile sin cr\u00edoch le mo sc\u00e9alsa, sc\u00e9al a thug \u00f3 bhaile na Druime go barr Mesa Verde sna St\u00e1it Aontaithe, agus \u00f3 Bhar\u00fantacht Iorrais go Playa Del Ingles i nGran Canaria, m\u00e9, sea agus saol a thug \u00f3 smacht na sagartachta go f\u00edon fi\u00e1in borb na fil\u00edochta, agus \u00f3 l\u00e9amh na salm go ceird chasta na scr\u00edbhneoireachta m\u00e9, ach \u00f3 th\u00fas deireadh, ba \u00e9 mo mhian, chuile l\u00e1 riamh, cas\u00e1n an chirt agus bealach mo leasa a lean\u00faint, b\u00edodh go bhfuil a fhios agam, nach i gc\u00f3na\u00ed a d\u2019\u00e9irigh liom an mhian sin a r\u00e9aladh, i gcaitheamh mo laethe.  <\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>S N I O G A D H M O S C \u00c9 I L . Gheall m\u00e9 dhaoibh cheana, go bhfillfinn, am eic\u00ednt, le cr\u00edoch a chur leis an sc\u00e9al seo, sc\u00e9al mo bheatha, agus nuair a smaoin\u00edm air anois, nach fada an turas at\u00e1 si\u00falta agam, \u00f3 rugadh m\u00e9, i l\u00e1r na bhfichid\u00ed, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12385","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12385","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12385"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12385\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12386,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12385\/revisions\/12386"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12385"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12385"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12385"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}