{"id":12387,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12387"},"modified":"2024-04-08T01:27:52","modified_gmt":"2024-04-08T01:27:52","slug":"eachtraigh-duinn-41","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-duinn-41\/","title":{"rendered":"Eachtraigh  Duinn   41"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">cur chuige<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, approach;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">inchurtha<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, comparable;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">\u00e1bhar \u00e9igeantach<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a compulsory subject;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">riarth\u00f3ir<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, trustee;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">riar orthu<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, to serve them;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">o\u00edche \u00e1irne\u00e1in<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a night\u2019<\/span><span style=\"font-size:12pt\">s visiting;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">aif\u00e9ala<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, regret;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">ar scor<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, retired;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">n\u00edos graith\u00ed<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, busier.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:18pt\">Retirement at last<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">A good choice<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">De r\u00e9ir a ch\u00e9ile fuair m\u00e9 taith\u00ed ar shaol agus ar chur chuige Chol\u00e1iste Chiar\u00e1in, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit anseo, gur mh\u00f3 a thaitin s\u00e9 liom d\u00e1 mh\u00e9ad a chuir m\u00e9 aithne air.  Bheadh s\u00e9 deacair locht ar bith a fh\u00e1il ar fhoireann na scoile sin, ag an am, n\u00f3 bh\u00ed chuile dhuine acu c\u00fantach, cabhraitheach, carthannach, agus chuile dhuine acu s\u00e1sta dua a chur air fh\u00e9in le teacht i gcabhair ar an bhfear thall.. Ba \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna \u00e9 i gc\u00e1s na dtuismitheoir\u00ed, a raibh a gclann mac faoin\u00e1r gc\u00faram. \u00d3, sea! agus<\/span><span style=\"font-size:12pt\"> is d\u00f3cha nach call dom a r\u00e1 gur fir ar fad a bh\u00ed i mbun dualgais sa Chol\u00e1iste, ag an am sin. Cuir le sin, go mbeadh s\u00e9 deacair mic l\u00e9inn iarbhunscoile a fh\u00e1il, \u00e1it ar bith sa t\u00edr, ag an am sin, a bheadh inchurtha le dalta\u00ed na scoile s\u2019againne, i seascaid\u00ed na haoise seo caite. Th\u00e1inig m\u00e9 isteach ar an obair ansin, de r\u00e9ir a ch\u00e9ile, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, nach ag tomhas t\u00e1irn\u00ed a bh\u00edmis sa Chol\u00e1iste c\u00e1ili\u00fail sin, an tr\u00e1th \u00fad, ach muid ar \u00e1r nd\u00edcheall ag iarraidh chuile bhunt\u00e1iste scola\u00edochta a chur ar f\u00e1il d\u00e1<\/span><span style=\"font-size:12pt\">r ndalta\u00ed, sa tsl\u00ed go mbeadh ar a gcumas a mbealach a dh\u00e9anamh go r\u00e9idh tr\u00ed shr\u00e1ideanna an tsaoil mh\u00f3ir a bh\u00ed ag oscailt rompu amach. D\u2019\u00e9irigh go r\u00e9as\u00fanta maith leis na dalta\u00ed a cuireadh faoi mo ch\u00faramsa, agus t\u00e1\u2019s ag an l\u00e1, go raibh s\u00e9 an-t\u00e1bhachtach an tr\u00e1th \u00fad, go n-\u00e9ireodh go maith le duine sa Ghaeilge, n\u00f3 b\u2019\u00e1bhar \u00e9igeantach \u00ed sna Scr\u00faduithe Teistim\u00e9ireachta, an tr\u00e1th sin. Luigh m\u00e9 isteach ar an obair, b\u00edodh nach raibh s\u00e9 \u00e9asca sin a dh\u00e9anamh i gc\u00f3na\u00ed.  Chuir m\u00e9 suim, agus dh\u00e1 shuim, san iom\u00e1int, agus b<\/span><span style=\"font-size:12pt\">a mh\u00f3r go deo an taitneamah a bhaininn as <\/span><span style=\"font-size:12pt\">bheith ag breathn\u00fa ar na Ciar\u00e1naigh ag imirt an chluiche sin i gcoinne Scoileanna agus Col\u00e1ist\u00ed eile, sna com\u00f3rtais\u00ed uilig, agus \u00f3 bhliain go ch\u00e9ile.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Ba \u00e9 deireadh na mbeart \u00e9, n\u00f3 gur chr\u00edochnaigh m\u00e9 mar Leas Phr\u00edomhoide ar an gCol\u00e1iste, post a thaitin thar na bearta liom, agus mar on\u00f3ir bhreise, deineadh m\u00e9 a cheapadh mar riarth\u00f3ir ar an gCol\u00e1iste \u00e1rsa, stairi\u00fail sin, an ch\u00e9ad riarth\u00f3ir neamheaglaiseach riamh ar an Scoil ch\u00e9anna sin, post at\u00e1 agam go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 <\/span><span style=\"font-size:12pt\">inniu fh\u00e9in ann. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Changed times<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Is ioma\u00ed athr\u00fa a th\u00e1inig ar Chol\u00e1iste Chiar\u00e1in \u00f3n gc\u00e9ad l\u00e1 \u00fad a th\u00e1inig m\u00e9 fh\u00e9in is mo chlann isteach tr\u00ed Gheata Challainn.  Cuireadh cr\u00edoch leis an tseachtain seacht l\u00e1 scola\u00edochta do na scol\u00e1ir\u00ed c\u00f3naithe, agus ligeadh abhaile iad don deireadh seachtaine, agus chomh maith le sin, t\u00f3gadh foirgneamh nua, i gcomhar le Ceardscoil na Cathrach, le freastal ar an bhf\u00e1s a bh\u00ed ag teacht ar uimhir \u00e1r ndalta\u00ed, in \u00e1it bheith ag iarraidh riar orthu sna seomra\u00ed r\u00e9amhdh\u00e9anta, a bh\u00ed in \u00fas\u00e1id againn thar bhlianta fada, ag<\/span><span style=\"font-size:12pt\">us n\u00edos d\u00e9ana\u00ed f\u00f3s, t\u00f3gadh sraith seomra\u00ed, taobh thiar den Scoil fh\u00e9in, le tuilleadh fairsinge a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh.  Cuireadh t\u00fas freisin le himirt cluichi eile, chomh maith leis an iom\u00e1int agus an liathr\u00f3id l\u00e1imhe, a bh\u00ed \u00e1 n-imirt ansin, le sinsearacht.  Ar ball freisin, fosta\u00edodh mn\u00e1 mar mh\u00fainteoir\u00ed sa Scoil, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, ba mh\u00f3r go deo an   t-athr\u00fa \u00e9 sin, agus athr\u00fa chun leasa na scoile, agus na ndalta\u00ed, ba ea \u00e9 freisin. I rith na mblianta freisin, tugadh faoi deara, go raibh laghd\u00fa ag teacht ar uim<\/span><span style=\"font-size:12pt\">hir na ndalta\u00ed ar theastaigh uathu bheith ina scol\u00e1ir\u00ed c\u00f3naithe, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed call dom a r\u00e1, gur th\u00e1inig an l\u00e1 nuair a cuireadh deireadh leis an dtaobh sin den Chol\u00e1iste, sa chaoi nach bhfuil ag freastal ar an scoil sin, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, ach scol\u00e1ir\u00ed lae ar fad. Athr\u00fa ollmh\u00f3r ba ea \u00e9 sin, n\u00f3 is d\u00f3cha gur athraigh s\u00e9 go bun\u00fasach c\u00f3ras oideachais na scoile sin, c\u00f3ras a bh\u00ed i dtreis le breis is dh\u00e1 ch\u00e9ad bliain.  <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">The Irish Scene<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">I rith na  mblianta sin a chaith m\u00e9 im mh\u00fainteoir i gCol\u00e1iste Chiar\u00e1in, ghlac m\u00e9 p\u00e1<\/span><span style=\"font-size:12pt\">irt freisin i saol Gaelach na Cathrach seo, m\u00e9 ag feidhmi\u00fa mar mh\u00fainteoir, mar fhile, agus mar Ghaeilgeoir gn\u00edomhach. Scr\u00edobh m\u00e9 d\u00e1nta nuair a bh\u00ed g\u00e1 lena leith\u00e9id, le heachtra\u00ed Gaelacha a chom\u00f3radh, n\u00f3 le Gael eic\u00ednt a chaoineadh. Iarradh orm freisin roinnt \u00e1irithe l\u00e9achta\u00ed a thabhairt ag Daonscoil Osra\u00ed, i ndeireadh na seacht\u00f3id\u00ed, agus i dt\u00fas na n-ocht\u00f3id\u00ed. An Piarsach, MacDonncha, Peig Sayers, agus a leith\u00e9id, a bh\u00edodh idir cham\u00e1in agam sna l\u00e9achta\u00ed c\u00e9anna sin.  Chuir m\u00e9 f\u00e1ilte oifigi\u00fail, fhileata,  roim<\/span><span style=\"font-size:12pt\">h na Fil\u00ed Albanacha, cupla babhta, tr\u00e1th raibh siad ar chuairt anseo ar Chathair Chill Chainnigh, agus mar chloch phr\u00e9ach\u00e1in ar na himeachta\u00ed sin uilig, iarradh orm p\u00e1irt a ghlacadh, mar fhile, i gCuairt na bhFil\u00ed Gaelacha ar Albain. Bhain m\u00e9 taitneamh agus tairbhe as an gcuairt ch\u00e9anna sin, agus n\u00e1r mh\u00f3r go deo an saothar domsa \u00e9, cos a leagan ar shr\u00e1ideanna, agus i mbailte, a mb\u00edodh m\u2019athair agus a chomr\u00e1daithe ag sc\u00e9ala\u00edocht agus ag seanchas f\u00fathu, cois na tine, sa teach s\u2019againne, agus mise im ghas\u00far ag<\/span><span style=\"font-size:12pt\"> \u00f3l isteach go c\u00edocrach, chuile fhocal d\u00e1 nd\u00fairt siad, i rith na n-o\u00edcheannta fada \u00e1irne\u00e1in \u00fad fad\u00f3.  <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">I rith na mblianta a chaith m\u00e9 mar Leas Phr\u00edomhoide i gCol\u00e1iste Chiar\u00e1in d\u00e9arfainn gur oibrigh m\u00e9 n\u00edos crua n\u00e1 mar a dh\u00e9anainn agus m\u00e9 ag feidhmi\u00fa mar mh\u00fainteoir ranga, mar n\u00ed hamh\u00e1in go raibh c\u00farama\u00ed an mh\u00fainteora f\u00f3s orm, ach chomh maith le sin, bh\u00ed c\u00farsa\u00ed smachta mar ch\u00faram orm freisin, agus b\u00edodh n\u00e1r mhothaigh m\u00e9 an c\u00faram c\u00e9anna sin chomh dian sin ar fad, ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed g\u00e1 anois le cumas breithi<\/span><span style=\"font-size:12pt\">\u00fanais riachtanach, agus d\u00e1 bhf\u00e9adf\u00e1 sin a ph\u00f3sadh le Cothrom na F\u00e9inne, bh\u00ed leat, n\u00f3 d\u00e1 bhfeicfeadh do dhalta\u00ed go raibh na rialacha \u00e1 gcur i bhfeidhm go cothrom, f\u00e9ar\u00e1ilte agat, ghlacfaid\u00eds, gan ghear\u00e1n, le do bhreith. S\u00edlim gur \u00e9irigh liom fanacht sa diallait le linn an r\u00e1is ch\u00e9anna sin.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Retirement at last!<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">M\u00e1s fada an l\u00e1, \u00e1fach, tagann an tr\u00e1thn\u00f3na, agus sa bhliain 1988, tuigeadh dom fh\u00e9in go raibh an t-am tagtha le dul amach ar scor, agus b\u00edodh go bhf\u00e9adfainn lean\u00faint liom i mbun mo <\/span><span style=\"font-size:12pt\">cheirde roinnt eile blianta, ag an am gc\u00e9anna, mhothaigh m\u00e9 gurbh fhearr \u00e9ir\u00ed as an m\u00fainteoireacht ansin, fad is a bh\u00ed mo shl\u00e1inte agus mo mhisneach f\u00f3s agam, agus tar \u00e9is dom dul i gcomhairle le\u2019m bhean is lem\u2019 chlann, b\u2019in \u00e9 d\u00edreach a rinne m\u00e9, agus caithfidh m\u00e9 a r\u00e1 anois, tar \u00e9is na mblianta sin uilig, nach raibh l\u00e1 aif\u00e9ala orm, riamh \u00f3 shoin, faoin gcinneadh c\u00e9anna sin.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Ar deireadh thiar, th\u00e1inig an l\u00e1 sprioc\u00e1ilte, agus tar \u00e9is teacht le ch\u00e9ile i bP\u00e1rl\u00fas an Chol\u00e1iste, agus tar \u00e9is dreas \u00f3r\u00e1id\u00edochta, ag<\/span><span style=\"font-size:12pt\">us tar \u00e9is roinnt bronntanais\u00ed a bhronnadh orm, bh\u00ed mo r\u00e9 mar mh\u00fainteoir thart, agus m\u00e9 ag filleadh ar an ngn\u00e1thshaol, im thuata ar\u00eds. Cheapf\u00e1 go mar\u00f3dh an leisce agus an fhallsacht m\u00e9, tar eis na mblianta fada a bh\u00ed caite agam i mbun na leabhar. Bheadh breall ort sa mh\u00e9id sin \u00e1fach, n\u00f3 ba \u00e9 an chaoi a tharla s\u00e9 n\u00f3 go raibh m\u00e9 n\u00edos graith\u00ed ansin n\u00f3 riamh, n\u00f3 bh\u00ed leabhair le l\u00e9amh, altanna le scr\u00edobh, garra\u00ed le romhar agus le saothr\u00fa, cluich\u00ed le himirt, sea, agus nach raibh t\u00edortha ina sc\u00f3rtha amuigh ansin a<\/span><span style=\"font-size:12pt\">g sm\u00e9ideadh orm, ag iarraidh m\u00e9 a mhealladh le cuairt a thabhairt orthu. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Ar thaitin liom bheith ar scor, an ea?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Thaitin thar cionn, n\u00f3 n\u00ed raibh orm feasta bheith ag faire ar an gclog, agus d\u2019fh\u00e9adfainn m\u2019aird a dh\u00edri\u00fa ar p\u00e9 \u00e1bhar a thaitneodh liom.  N\u00ed raibh m\u00e9 faoi bhois ag m\u00e1istir ar bith feasta, agus n\u00e1r mh\u00f3r an gar go deo \u00e9 sin do dhaonna\u00ed ar bith? <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">With age comes invisibility!<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Ach focal i gcluais an t\u00e9 at\u00e1 ag smaoineamh ar dhul ar scor. Caithfidh t\u00fa glacadh leis mar bhun-phrionsabal go n-\u00e9ireoidh t\u00fa do-fheicthe, de r\u00e9ir a ch\u00e9ile, agus tar \u00e9is duit bheith ar scor roinnt blianta, n\u00ed bheidh suim n\u00f3 sp\u00e9is ag \u00e9inne, taobh amuigh ded\u2019 chlann fh\u00e9in, ionat, n\u00f3 nach cuimhin leat an sean-nath adeir&#8230;&#8230;<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt;margin-left:144pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Fiche bliain ag f\u00e1s,<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt;margin-left:144pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Fiche bliain ina stad,<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt;margin-left:144pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Fiche bliain ag meath,<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt;margin-left:144pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Agus fiche bliain gur cuma \u00e9 ann n\u00f3 as!<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Agus nuair a rachaidh t\u00fa ar scor, beidh t\u00fa feasta sa cheathr\u00fa r\u00e9 sin!!!!<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Bh\u00ed an t-\u00e1dh ormsa, n\u00f3 bh\u00ed deis agam, alt seachtaini\u00fail a scr\u00edobh don Nuacht\u00e1n \u00c1iti\u00fail, don Kilkenny People, agus sa tsl\u00ed sin, bh\u00ed ar mo chumas, fanacht i gcuimhne an phobail, sea, agus bh\u00ed deis agam freisin, mo thuairim\u00ed a nochtadh don phobal le Gaeilge, seachtain i ndiaidh seachtaine, pobal ar chaith m\u00e9 fh\u00e9in mo shaol ag freastal orthu, ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Am eic\u00ednt sa todhcha\u00ed, b\u2019fh\u00e9idir, m\u00e1 fhagann Dia an tsl\u00e1inte agam, fillfidh m\u00e9 ar an \u00e1bhar seo, le roinnt altanna a scr\u00edobh, ag cur s\u00edos ar imeachta\u00ed mo laethe \u00f3 d\u2019\u00e9irigh m\u00e9 as an m\u00fainteoireacht, ach go dt\u00ed sin&#8230;. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Sl\u00e1n, agus m\u00edle bu\u00edochas, as an aistear seo, \u00f3 \u00f3ige go haois, a shi\u00fal cos ar chois in \u00e9ineacht liom. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">N\u00e1r laga an R\u00ed fh\u00e9in th\u00fa, agus gura seacht fearr a bheas t\u00fa bliain \u00f3 anocht.  <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>cur chuige, approach; inchurtha, comparable; \u00e1bhar \u00e9igeantach, a compulsory subject; riarth\u00f3ir, trustee; riar orthu, to serve them; o\u00edche \u00e1irne\u00e1in, a night\u2019s visiting; aif\u00e9ala, regret; ar scor, retired; n\u00edos graith\u00ed, busier. . Retirement at last Peadar Bair\u00e9ad . A good choice . De r\u00e9ir a ch\u00e9ile fuair m\u00e9 taith\u00ed ar shaol agus ar chur chuige Chol\u00e1iste [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12387","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12387","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12387"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12387\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12388,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12387\/revisions\/12388"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12387"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12387"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12387"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}