{"id":12397,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12397"},"modified":"2024-04-08T01:14:46","modified_gmt":"2024-04-08T01:14:46","slug":"eachtraigh-32-sent-to-an-tultach","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-32-sent-to-an-tultach\/","title":{"rendered":"Eachtraigh 32 Sent to an tUltach"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">d\u00e1mh<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, faculty;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">ag s\u00fadaireacht<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, cadging;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">ar an ngannchuid<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, having little;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">scoil dianstaid\u00e9ir<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a grind-school;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">cr\u00e1 cro\u00ed<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, torture;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">leann\u00e1n<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, girlfriend;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">fol\u00fantas sealadach<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, temporary vacancy;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">mo chip is mo mhe\u00e1naithe<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, all my belongings.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><strong>Ea c h t r a i g h     D \u00fa i n n   3 2<\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><strong><span style=\"text-decoration:underline\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/strong><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Money talks <\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed m\u00e9 ag cur s\u00edos daoibh, an tseachtain seo caite, ar an mbliain bhre\u00e1 thaitneamhach \u00fad, a chaith m\u00e9 fh\u00e9in is mo sheanchara Albanach, Jimmy, in \u00e1r mic l\u00e9inn in Ollscoil na Gaillimhe, \u00f3 Dheireadh F\u00f3mhair na bliana 1950, go dt\u00ed Meitheamh na bliana d\u00e1r gcionn, agus b\u00edodh n\u00e1r den d\u00e1mh c\u00e9anna sinn, ba dhl\u00fathchairde sinn, d\u00e1 ainneoin sin.  Ceann de na ruda\u00ed ba m\u00f3 a chuireadh isteach ar mhic l\u00e9inn Ollscoile, an tr\u00e1th \u00fad, n\u00f3 ganntanas airgid.  Bh\u00edodh mic l\u00e9inn \u00e1irithe ag s\u00fadaireacht leo \u00f3 th\u00fas go deireadh na bliana. C\u00farsa\u00ed \u00f3il, n\u00f3 c\u00farsa\u00ed cearrbhachais, ba ch\u00fais le sin, bun\u00fas an ama, ach i gc\u00e1s roinnt \u00e1irithe eile daltla\u00ed, ba \u00e9 ba ch\u00fais leis na ts\u00fadaireacht ch\u00e9anna sin n\u00f3 go raibh orthu teacht i dt\u00edr ar an mbeag\u00e1n.  N\u00edlim ag ma\u00edomh anseo go mb\u00edodh spar\u00e1n teann agam fh\u00e9in, i gc\u00f3na\u00ed, i rith na bliana c\u00e9anna sin, ach i gcompar\u00e1id le h\u00f3g\u00e1naigh eile, bh\u00ed d\u00f3thain mh\u00f3r agamsa, chuile l\u00e1 den bhliain sin.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">I  Earned  It !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e1 bhfuair m\u00e9 an t-airgead sin uilig, n\u00f3 n\u00ed raibh m\u00f3r\u00e1n f\u00e1ltais, n\u00f3 gustail, ag mo mhuintir, sa bhaile, i mbaile na Druime in  Iorras?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, ba \u00e9 ba ch\u00fais leis an bhfl\u00fairse sin uilig n\u00f3 go mb\u00edodh deiseanna agamsa le hairgead a shaothr\u00fa, agus n\u00edor scaoil m\u00e9 na deiseanna c\u00e9anna sin tharam, geallaimse dhuit \u00e9! Ach rug m\u00e9 orthu go daingean docht, agus b\u2019in a d\u2019fh\u00e1g go mb\u00edodh na pingneacha agamsa, nuair a bh\u00edodh mic l\u00e9inn eile ar an ngannchuid, agus iad ag iarraidh iasacht a fh\u00e1il \u00f3 mo leith\u00e9idse!<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Grealy\u2019s  College <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, conas a tharla go mb\u00edodh na deiseanna sin agamsa, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, bh\u00ed Scoil Dianstaid\u00e9ir \u00e1 reacht\u00e1il ag Mr Grealy sa chathair ag an am, scoil ina nd\u00e9anta\u00ed dalta\u00ed a ullmh\u00fa do Scr\u00faduithe Teistim\u00e9ireachta, tr\u00ed dhianstaid\u00e9ar a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh, le c\u00farsa\u00ed \u00e1irithe a phulcadh isteach iontu, roimh na scr\u00faduithe.  Bhuel, tharla go raibh m\u00fainteoir Laidine ag teast\u00e1il \u00f3n nduine uasal c\u00e9anna sin, agus chuir s\u00e9 f\u00f3gra sna p\u00e1ip\u00e9ir, ag iarraidh ar mh\u00fainteoir\u00ed cur isteach ar an bpost sin, ag ma\u00edomh go raibh oiread \u00e1irithe uaireannta an chloig sa tseachtain i gceist, agus b\u2019fh\u00e9idir go n-oirfeadh s\u00e9 do mhac l\u00e9inn Ollscoile.  Bhuel, chuir m\u00e9 fh\u00e9in isteach ar an bpost sin, agus iarradh orm teacht isteach go Col\u00e1iste U\u00ed Ghriallaigh, le go gcuirf\u00ed faoi agallamh m\u00e9.  Rinne m\u00e9 sin, agus \u00f3 tharla go raibh bliain san Ollscoil caite agam i mbun na Laidine, d\u00fairt Mr Grealy go raibh s\u00e9 l\u00e1n-ts\u00e1sta an post a thabhairt dom.  Chraitheamar l\u00e1mh air, agus b\u2019in sin.  Bh\u00ed post agam.  Bheadh teacht isteach rialta agam feasta, agus bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in l\u00e1n-ts\u00e1sta leis an dtaobh sin dem\u2019  mhargadh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Conas a d\u2019\u00e9irigh liom leis na \u201cGrinds\u201d sin, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019\u00e9irigh go maith liom, tr\u00edd is tr\u00edd, agus n\u00ed hamh\u00e1in go mb\u00edodh ranganna den chine\u00e1l sin \u00e1 dtabhairt agam sa Laidin, ach bh\u00ed Mr Grealy s\u00e1sta obair eile a thabhairt dom, \u00f3 am go ch\u00e9ile, sa tsl\u00ed go mb\u00edodh mo dh\u00f3thain oibre le f\u00e1il agam i gCol\u00e1iste \u00fad U\u00ed Ghriallaigh, i nGaillimh, i rith na bliana \u00e1irithe sin 1950 \u2013 \u201951.  D\u2019\u00e9irigh go maith liom i gc\u00e1s dalta\u00ed \u00e1irithe, ach bh\u00ed dalta amh\u00e1in agam, agus a leith\u00e9id de chr\u00e1 cro\u00ed n\u00edor fhulaing m\u00e9 riamh roimhe, n\u00f3 \u00f3 shoin i leith, ach oiread, agus m\u00e9 ag iarraidh d\u00edochlaonta\u00ed agus r\u00e9imnithe Laidine a mh\u00faineadh don dalta c\u00e9anna sin!  N\u00ed raibh sp\u00e9is d\u00e1 laghad aigesean sa Laidin, ach is amhlaidh a thugadh a athair a ghluaiste\u00e1n d\u00f3, chuile l\u00e1, le freastal ar na ranganna sin, le go n-\u00e9ireodh leis pas d\u2019fh\u00e1il sa Mhaithre\u00e1nach.  Rinne m\u00e9 chuile iarracht \u00e9 a spreagadh le roinnt \u00e1irithe Laidine a fhoghlaim, ach d\u00fairt s\u00e9 liom, go neamhbhalbh, gur chuma sa diabhal leis m\u00e9 fh\u00e9in is mo chuid Laidine, agus n\u00e1r theastaigh uaidh ach leithsc\u00e9al a bheith aige teacht go Gaillimh, chuile l\u00e1, le bualadh lena leann\u00e1n!  Bhuel, nach f\u00e9idir le duine ar bith capall a thabhairt chun an uisce, ach n\u00ed fh\u00e9adfadh fir uilig an r\u00ed iachall a chur air an t-uisce sin a \u00f3l!<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Temporary Full Time Teacher <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tharla an bhliain \u00e1irithe sin freisin, gur tharla fol\u00fantas sealadach i gCol\u00e1iste na bProinsiasc\u00e1nach, sa Chloc\u00e1n, agus th\u00e1inig lucht na scoile sin chun cainte le Pat Larkin, \u00e1r nOllamhna, agus d\u2019fhiafraigh siad de, an mbeadh aon mhac l\u00e9inn aige, an bhliain sin, a mholfadh s\u00e9 don phost \u00e1irithe sin, ar feadh m\u00edosa, n\u00f3 mar sin.  Bhuail an Lorc\u00e1nach bleid orm fh\u00e9in, agus mh\u00ednigh an sc\u00e9al dom, \u00f3 th\u00fas deireadh, agus d\u00fairt, go mbeadh seisean s\u00e1sta m\u00e9 a ligint go dt\u00ed an Cloch\u00e1n, ar feadh m\u00edosa, n\u00f3 bh\u00ed s\u00e9 s\u00e1sta go mbainfinnse tairbhe as an gcleachtadh, agus go mbeadh ar mo chumas staid\u00e9ar a dh\u00e9anamh ar cib\u00e9 l\u00e9achta\u00ed a chaillfinn, i rith na m\u00edosa sin, ach na n\u00f3ta\u00ed a fh\u00e1il \u00f3 mhac l\u00e9inn eic\u00ednt im\u2019 rang. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed go maith, is n\u00ed raibh go holc, mar adeireadh lucht sc\u00e9ala\u00edochta fad\u00f3.  Bhuel, bhailigh m\u00e9 mo chip is mo mhe\u00e1naithe, agus bhuail m\u00e9 an b\u00f3thar go dt\u00ed an Cloch\u00e1n.  Ar veain an Phosta a fuair m\u00e9 s\u00edob, le moiche na maidine, \u00f3 Chathair na dTreabh go dt\u00ed baile m\u00f3r an Chloch\u00e1in.  Thug m\u00e9 aghaidh ar an dTeach \u00d3sta, in a raibh seomra curtha in \u00e1irithe dhom ar feadh na m\u00edosa, agus ansin, casadh orm an fear a bheadh ag feidhmi\u00fa mar ardmh\u00e1istir, le linn dom bheith im mh\u00fainteoir ansin.  Nach orm a bh\u00ed an t-\u00e1dh gur chaith m\u00e9 seal ag m\u00faineadh i Scoil N\u00e1isi\u00fanta na Cille M\u00f3ire, in Iorras, roimhe sin, n\u00f3 i rith an ama sin, d\u2019fhoghlaim m\u00e9 roinnt mhaith faoi cheird na m\u00fainteoireachta.  Chaith m\u00e9 an chuid eile den l\u00e1 sin dom ullmh\u00fa fh\u00e9in don obair a bh\u00ed romham amach, an mhaidin d\u00e1r gcionn, bh\u00ed m\u00e9 i l\u00e1thair sa scoil sin go bre\u00e1 luath agus m\u00e9 r\u00e9idh le dul i mbun oibre, ar bhuille a naoi.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Conas a d\u2019\u00e9irigh liom, i rith na m\u00edosa sin, an ea?  \u00eds d\u00f3cha gur f\u00e9idir liom a r\u00e1 anois, gur \u00e9irigh liom go seoigh sa phost sin.  T\u00fas Mh\u00ed na Nollag a bh\u00ed ann, agus ba ghearr go raibh muid ag ullmh\u00fa do scr\u00faduithe na Nollag.  Rinne m\u00e9 mo dh\u00edcheall m\u00f3r dul i gcionn ar na dalta\u00ed a bh\u00ed faoi mo ch\u00faram, agus m\u00e9 \u00e1 n-ullmh\u00fa don scrud\u00fa c\u00e9anna sin.  Bh\u00ed orm roinnt mhaith \u00e1bhar a mh\u00faineadh sa scoil sin, n\u00f3, chomh fada is a th\u00e9ann mo chuimhne anois, n\u00ed raibh i mbun oibre sa scoil sin, ag an am, ach tri\u00far againn, Br\u00e1thair den Ord Proinsiasc\u00e1nach, tuatach eile, agus m\u00e9 fh\u00e9in,  rud a d\u2019fh\u00e1g nach raibh m\u00f3r\u00e1n am saor ag \u00e9inne againn, ach muid ag treabhadh linn, ar \u00e1r m\u00edle dh\u00edcheall \u00f3 th\u00fas deireadh chuile l\u00e1.  N\u00ed call a r\u00e1, nach raibh aon chleachtadh agam fh\u00e9in ar obair den ts\u00f3rt sin i Me\u00e1nscoil, agus s\u00ed an chuimhne a \u00e9ir\u00edonn chugam anois, as loch na gcuimhn\u00ed, n\u00f3 go mb\u00ednn tuirseach, traochta, ag deireadh gach lae, agus sin \u00f3 cheann ceann na seachtaine.  N\u00ed raibh aon chleachtadh agam, ach oiread, ar scr\u00faduithe a ullmh\u00fa, a ch\u00f3ipe\u00e1il, n\u00f3 a cheart\u00fa, ach mar adeireadh an tseandream, cleachtadh a thugann m\u00e1istreacht, agus ag deireadh mo thr\u00e9imhse sa Chloch\u00e1n, bh\u00ed an-chleachtadh faighte agam ar bhunt\u00e1ist\u00ed, agus ar mh\u00ed-bhunt\u00e1ist\u00ed na m\u00fainteoireachta.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Back  again <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An ch\u00e9ad l\u00e1 ar ais san Ollscoil dom, d\u2019iarr an tOllamh orm cuntas ar m\u2019imeachta\u00ed, mar mh\u00fainteoir sealadach sa Chloch\u00e1n a thabhairt don rang.  Ag breathn\u00fa siar anois ar na c\u00farsa\u00ed sin, t\u00e1 m\u00e9 cinnte, gur chabhraigh an cleachtadh c\u00e9anna sin go m\u00f3r liom, agus m\u00e9 ag ullmh\u00fa don \u201cH Dip. in Ed\u201d, n\u00f3 n\u00ed d\u00f3igh liom, go raibh aon bhealach n\u00edos fearr leis an gceird a fhoghlaim, n\u00e1 seal a chaitheamh \u00e1 cleachtadh, agus chomh maith le sin, d\u2019fh\u00e1g s\u00e9 pingneacha im spar\u00e1n, earra\u00ed nach raibh s\u00e9 \u00e9asca teacht orthu ag an am!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 m\u00e9 bu\u00edoch f\u00f3s don Ollamh Pat Larkin, as an deis sin a thabhairt dom.  Sea, ba dhuine faoi leith \u00e9 Pat s\u2019againne, gan aon ag\u00f3.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>d\u00e1mh, faculty; ag s\u00fadaireacht, cadging; ar an ngannchuid, having little; scoil dianstaid\u00e9ir, a grind-school; cr\u00e1 cro\u00ed, torture; leann\u00e1n, girlfriend; fol\u00fantas sealadach, temporary vacancy; mo chip is mo mhe\u00e1naithe, all my belongings. I mB\u00e9al an Phobail Ea c h t r a i g h D \u00fa i n n 3 2 Peadar Bair\u00e9ad Money talks [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12397","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12397","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12397"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12397\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12398,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12397\/revisions\/12398"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12397"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12397"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12397"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}