{"id":12401,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12401"},"modified":"2024-04-08T01:08:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:08:27","slug":"eachtraigh-duinn-16","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-duinn-16\/","title":{"rendered":"Eachtraigh Duinn  16"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Eachtraigh D\u00fainn.    16<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is d\u00fainn roinnt ama a chaitheamh ar an gcarr cliath\u00e1nach \u00fad, ar deireadh thiar thall, shroicheamar Col\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada, i l\u00e1r Chontae Mhaigh Eo, agus mura raibh ionadh ormsa ar fheice\u00e1il an Fhoirgnimh r\u00edoga sin dom, bhuel, n\u00ed l\u00e1 go maidin \u00e9! Foirgneamh m\u00f3r, ard, gal\u00e1nta, ba ea \u00e9,  a raibh cuma an airgid agus an tsaibhris air, \u00f3 bhun go barr.  N\u00ed call dom a r\u00e1, nach bhfaca mise tada d\u00e1 leith\u00e9id riamh cheana.  Bh\u00ed g\u00e1ird\u00edn\u00ed glan-bhearrtha os a chomhair amach, agus oifig\u00ed agus seant\u00e1in, de chuile shaghas, timpeall an T\u00ed Mh\u00f3ir.  N\u00edor t\u00f3gadh an foirgneamh c\u00e9anna sin le bheith ina Chol\u00e1iste Sagartachta, ach is amhlaidh a bh\u00ed an Teach c\u00e9anna sin mar \u00c1rus c\u00f3naiathe ag Cr\u00edosta\u00ed d\u00edograiseach, ar theastaigh uaidh a chion fh\u00e9in a dh\u00e9anamh do na misin choigr\u00edocha, agus c\u00e9ard a rinne s\u00e9 ach idir Theach agus fheilm a bhronnadh, scun scan, ar na Misin chun na hAfraice, n\u00f3, an SMA, mar a thugtar, de ghn\u00e1th, ar an gCumann miseanach sin.  Bl\u00e1cach ba ea an fear sin, agus caithfidh go raibh spar\u00e1n maith teann aige, le f\u00e1ltas chomh fial, flaithi\u00fail, a chur ar f\u00e1il do na misin choigr\u00edocha sin.  Is d\u00f3cha gur de bharr na flaithi\u00falachta c\u00e9anna sin a deienadh Cunta den Eaglais Chaitliceach Romh\u00e1nach de, n\u00f3 ba Chunta \u00e9 an Bl\u00e1cach sin, Llewellyn, An Cunta, de Bl\u00e1ca.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar, bh\u00ed \u00e1r gceann scr\u00edbe sroichte againn.  Bh\u00ed sagart ansin romhainn, le f\u00e1ilte a chur romham agus le m\u00e9 a sti\u00faradh chun an tSuainleasa.  Tugadh leaba dhom istigh sa suanlios c\u00e9anna sin, seant\u00e1n ollmh\u00f3r ba ea an Suanlios c\u00e9anna, a raibh leapacha do, thart ar thriocha duine ann.  Bh\u00ed seant\u00e1n eile taobh leis, a raibh an fhairsinge ch\u00e9anna ann.  Geallaimse dhuit \u00e9, nach raibh m\u00f3r\u00e1n sp\u00e1is le sp\u00e1r\u00e1il istigh sa Suanlios sin, n\u00f3 bh\u00ed na leapacha s\u00e1ch c\u00f3ngarach d\u00e1 ch\u00e9ile ann.  Bh\u00ed scaraoid bh\u00e1n ar chuile leaba acu sin, agus ciumhais scoth\u00f3gach ar chuile scaraoid acu sin.  ar na balla\u00ed bh\u00ed picti\u00fair bheannaithe agus cros ollmh\u00f3r ch\u00e9asta, agus ar chuile bhinn, bh\u00ed f\u00f3gra ollmh\u00f3r scr\u00edofa i litreacha m\u00f3ra&#8230; <strong>S i l e n c e<\/strong> &#8230;. a bh\u00e9ic na f\u00f3gra\u00ed sin orainn.  Tugadh deis dom cib\u00e9 \u00e9adaigh a bh\u00ed im ch\u00e1s taistil agam, a chur i dtaisce i gc\u00f3rfa speisialta dom fh\u00e9in, agus cuireadh an c\u00e1s fh\u00e9in i dtaisce freisin.  In \u00e1it pitse\u00e1ma\u00ed, bh\u00ed l\u00e9ine fhada o\u00edche agam!  Nach m\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu, n\u00f3 b\u2019in a bh\u00ed leagtha amach ar an liosta d\u2019\u00e9ada\u00ed riachtanacha, a cuireadh chuig chuile dhalta, roimh theacht go Col\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa d\u00f3.  Cuireadh an l\u00e9ine ch\u00e9anna sin i dtaisce faoi mo phili\u00far. Teasp\u00e1ineadh an seormra n\u00edoch\u00e1in dom, seomra a bh\u00ed in aice l\u00e1imhe, idir an d\u00e1 sheanat\u00e1n mh\u00f3ra, \u00e1it a raibh b\u00e1is\u00edn n\u00edoch\u00e1in curtha in \u00e1irithe do chuile ghas\u00far againn. Teasp\u00e1ineadh mo bh\u00e1is\u00edn fh\u00e9in domsa.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, nach raibh aon uisce reatha ag dul leis na b\u00e1is\u00edn\u00ed sin, ach mura raibh, bh\u00ed sconna ag bun an tseomra, agus chuile o\u00edche, tar \u00e9is do dhuine \u00e9 fh\u00e9in a n\u00ed, agus a fhiacla a ghlanach, l\u00edonadh s\u00e9 an b\u00e1is\u00edn sin don mhaidin d\u00e1r gcionn.  Bh\u00ed g\u00e1 leis an n\u00f3s c\u00e9anna sin, n\u00f3 go minic, i gcro\u00ed an Gheimhridh, n\u00ed bheadh uisce le f\u00e1il sa sconna c\u00e9anna sin, d\u00e1 dtarl\u00f3dh go mbeadh na p\u00edopa\u00ed reoite.  Sea, mh\u2019anam, agus ba mhinic a bh\u00edodh leac oighre ar an uisce fh\u00e9in sna bh\u00e1is\u00edn\u00ed freisin, agus bheadh ort an leac ch\u00e9anna sin a bhriseadh agus a bhearnadh, s\u00e1r a bhf\u00e9adf\u00e1 d\u2019aghaidh agus do l\u00e1mha a n\u00ed!  Thagadh an sol\u00e1thar uisce ar fad don Chol\u00e1iste, \u00f3 thobar m\u00f3r domhain, a bh\u00ed suite in aice an Chol\u00e1iste, agus caid\u00e9al l\u00e1imhe os a chionn.  Bh\u00edodh ar chuile ghas\u00far, ar a sheal, tamall a chaitheamh chuile l\u00e1, ag oibri\u00fa an chaid\u00e9il ch\u00e9anna sin, le huisce a chur ar f\u00e1il don Chol\u00e1iste.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a bh\u00ed an m\u00e9id sin d\u00e9anta ag an sagart, d\u2019iarr s\u00e9 ar ghas\u00far, a raibh bliain caite aige sa Chol\u00e1iste cheana f\u00e9in, an chuid eile den Chol\u00e1iste a theasp\u00e1int dom.  N\u00ed raibh aon sol\u00e1thar aibhl\u00e9ise ag an gCol\u00e1iste an t-am sin, agus ba \u00e9 an bh\u00ed acu ina \u00e1it, n\u00f3 lampa\u00ed ola pharaif\u00edn.  N\u00edor chuir sin aon ionadh ormsa, n\u00f3 n\u00ed raibh againne sa bhaile, an t-am sin, ach an cine\u00e1l c\u00e9anna solais.  Ba \u00e9 an gl\u00e9as t\u00e9ite a b\u00ed acu n\u00f3 sorin mhalld\u00f3ite, sna hallai m\u00f3ra, agus tine ghuail, sna gn\u00e1thsheomra\u00ed ranga.  Chuamar isteach sa Halla Staid\u00e9ir, agus ba bheag n\u00e1r bhain sin an chaint d\u00edom, n\u00f3 n\u00ed fhaca mise aon rud cos\u00fail leis, ar a mh\u00e9ad, n\u00f3 ar a fhairsinge, riamh cheana.  Ar\u00eds, bhi an f\u00f3gra ollmh\u00f3r c\u00e9anna ar an mbinn inairde acu, ag f\u00f3gairt orainn bheith ci\u00fain&#8230;&#8230;<strong>S i l e n c e<\/strong> &#8230;&#8230;a bh\u00e9ic an f\u00f3gra c\u00e9anna orainn, ach d\u00fairt mo threora\u00ed liom, go raibh cead cainte againn an l\u00e1 sin, agus nach mb\u00edodh an <strong>\u201cSilence\u201d<\/strong> sin i bhfeidhm, ach amh\u00e1in nuair a bh\u00edodh na mic l\u00e9inn uilig bailithe ansin, sa tr\u00e1thn\u00f3na, i mbun a staid\u00e9ir. Bh\u00ed na bins\u00ed uilig ansin leagtha amach ina ranganna, \u00f3 cheann ceann an Halla, faoi mar ba shaighdi\u00fair\u00ed iad, agus crochta ina l\u00edne dh\u00edreach os a gcionn, s\u00edos l\u00e1r an Halla, bh\u00ed rang lampa\u00ed ola phairif\u00edn ar sileadh \u00f3n ts\u00edle\u00e1il anuas, le solas a chur ar f\u00e1il, nuair a bheadh g\u00e1 lena leith\u00e9id, le linn s\u00e9asur an dorchadais.  Ar \u2018chaon taobh den Halla m\u00f3r sin, bh\u00ed rang de shoirn mhalld\u00f3ite, agus iad ina seasamh ansin, faoi mar a bheadh siad ag fanacht ar laethe fuara, feannaideacha, an Gheimhridh, le teas agus comp\u00f3rd a chur ar f\u00e1il d\u00e1 gcairde \u00f3ga.  D\u2019fh\u00e1gamar an Halla sin ar ball, agus thugamar aghaidh ar an bProinnteach.  A leith\u00e9id de sheomra! \u00e9 m\u00f3r, fada, leathan, fairsing, boird leathana fhada ag bun an tseomra, agus bord bre\u00e1 leathan, gal\u00e1nta, ag ceann an tseomra, agus \u00e9 socraithe in airde ar ard\u00e1n. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> \u201cNa sagairt a itheann at an mbord gal\u00e1nta sin\u201d ad\u00fairt mo threora\u00ed liom, \u201cagus sinne a bheidh ag ithe ag na boird th\u00edos ansin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Chuir radharc \u00fad na mbord c\u00e9anna sin in i\u00fal domsa, go raibh ocras ag teacht orm fh\u00e9in, agus d\u00e1 mbeinn sa bhaile, go bhfaighinn canta ar\u00e1in agus braon bainne, dom fh\u00e9in, le c\u00fal a chur air, ach n\u00ed raibh m\u00e9 sa bhaile a thuilleadh, agus n\u00ed raibh mo Mham, n\u00f3 mo chlann ansin, le haire a thabhairt dom feasta.  Ba bheag n\u00e1r thosaigh m\u00e9 ag caoineadh, nuair a smaoinigh m\u00e9 go raibh an nead tr\u00e9igthe agam, agus go mbeadh orm maireacht\u00e1il i measc strains\u00e9ir\u00ed feasta.  N\u00edor chuir m\u00e9 na smaointe sin in i\u00fal dom threora\u00ed, d\u00e1r nd\u00f3igh! Ach bh\u00ed fhios agam, go raibh na crainn curtha, agus go raibh orm mo thoil a chur le toil D\u00e9, feasta. Ar aghaidh linn ansin, go dt\u00ed an S\u00e9ip\u00e9al.  Ba chos\u00fail le Neamh ar thalamh \u00e9, an tAireagal c\u00e9anna sin.  An alt\u00f3ir, na fuinneoga, na su\u00edoch\u00e1in, na picti\u00fair. N\u00e1rbh \u00e1lainn  go deo an radharc iad, i gcompar\u00e1id leis an tsean-s\u00e9ip\u00e9al a bh\u00ed againne sa bhaile, ach n\u00edor dh\u00f3igh liom, go raibh s\u00e9 chomh cairdi\u00fail c\u00e9anna le S\u00e9ip\u00e9al na Cille M\u00f3ire Iorrais!  Ach, is d\u00f3cha go bhf\u00e9adfadh duine dul ina chleachtadh, le himeacht aimsire.  Chuamar ar \u00e1r ngl\u00faine, agus chuir m\u00e9 fh\u00e9in paidir lem\u2019 mhuintir sa bhaile, agus lem\u2019 chairde, ach go h\u00e1irithe, d\u2019iarr m\u00e9 ar an bhfear thuas, s\u00fail a choinne\u00e1il orm fh\u00e9in, fad is a bh\u00ed m\u00e9 ag iarraidh mo bhealach a dh\u00e9anamh tr\u00ed dheacrachta\u00ed an tsaoil nua seo a bh\u00ed tofa agam.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar ball, chuamar ar chuairt timpeall, ag iarraidh chuile sh\u00f3rt a thabhairt faoi deara, ach chuir m\u00e9 suim, agus dh\u00e1 shuim, sna c\u00fairteanna bre\u00e1tha liathr\u00f3id l\u00e1imhe, a bh\u00ed suite c\u00f3ngarach go maith don scoil.  Faoin am seo, bh\u00ed na mic l\u00e9inn ag teacht isteach ina sluaite, agus ba ghearr go raibh siad go l\u00e9ir bailithe le ch\u00e9ile ansin.  Bh\u00ed s\u00e9 ina thr\u00e1thn\u00f3na, faoin am sin, agus ar deireadh thiar thall, d\u00faradh linn aghaidh a thabhairt ar an bProinnteach. Bh\u00ed cinnir\u00ed tofa ansin, agus ba ghearr go raibh chuile dhalta againn seolta acu chun a ionaid fh\u00e9in. Nuair a bh\u00ed sin d\u00e9anta, th\u00e1inig na sagairt isteach. Sheasadar ag an bpr\u00edomhbhord. D\u00fairt Uachtar\u00e1n an Chol\u00e1iste an t-alt\u00fa roimh bhia, agus ansin, shuigh chuile dhuine ina \u00e1it fh\u00e9in.  Ba ghearr gur leag na cinnir\u00ed \u00e1r mb\u00e9ile os \u00e1r gcomhair amach.  D\u2019itheamar \u00e1r gcuid go bu\u00edoch, beannachtach, n\u00f3, d\u00e9anta na f\u00edrinne, bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in sti\u00factha leis an ocras, faoin am sin.  I ndiaidh \u00e1r mb\u00e9ile, thugamar aghaidh ar an S\u00e9ip\u00e9al ar\u00eds, le paidir a r\u00e1, agus ansin, chuamar amach ar fud na bhfud ar\u00eds, agus cead againn rud ar bith ba mhaith linn a dh\u00e9anamh, ar feadh tamaill.  Chuaigh cuid againn ag si\u00fal\u00f3id, cuid eile ag imirt liathr\u00f3id l\u00e1imhe, agus tuilleadh f\u00f3s ag imirt peile.  Bh\u00ed ulloird bhre\u00e1tha, mh\u00f3ra, torth\u00fala ag an gCol\u00e1iste, agus d\u00e1 bharr sin, cuireadh \u00e1r nd\u00f3thain \u00falla ar f\u00e1il d\u00fainn, agus gheallaimse dhuit \u00e9, go raibh f\u00e1ilte is fiche againn roimh na h\u00falla c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh, buaileadh clog, agus thugamar aghaidh ar an bProinnteach ar\u00eds, le b\u00e9ile na ho\u00edche a chaitheamh.  D\u2019\u00e9irigh linn teacht isteach ar chleachtas na scoile, go tapaidh, n\u00f3 bh\u00ed bliain amh\u00e1in caite ansin, cheana f\u00e9in, ag lucht an dara bliain, agus bh\u00ed siadsan mar threoraithe againne, lucht na ch\u00e9ad bhliana.  I ndiaidh an tsuip\u00e9ir, agus tar \u00e9is d\u00fainn seal a chaitheamh san Aireagal, ag r\u00e1 \u00e1r bpaidreacha o\u00edche, thugamar aghaidh ar an Suanlios, \u00e1it ar tugadh treoracha d\u00fainn faoi dhea-iompar, agus rialacha \u00e9ags\u00fala na h\u00e1ite sin. Bh\u00ed soll\u00fantacht faoi leith ag baint le Tost M\u00f3r na ho\u00edche, n\u00f3 an \u201cGrand Silence\u201d faoi mar a thugadh cuid de na sagairt ar thost m\u00f3r sin na ho\u00edche.  N\u00ed raibh cead cainte ag duine ar bith againn sa suanlios c\u00e9anna sin. Bh\u00ed aird chuile dhuine againn ar a ghn\u00f3 fh\u00e9in, agus thug an tost fada sin deis d\u00fainn smaoineamh ar Dhia, agus ar ch\u00farsa\u00ed spiorad\u00e1lta.  Nach gceapf\u00e1 go nd\u00e9anfadh saol d\u00e1 leith\u00e9id naomh de dhuine ar bith? ach caithfear a smaoineamh freisin, nach raibh ionainne, ag an am, ach gas\u00fair, agus gas\u00fair a bh\u00ed tugtha do dhiabhla\u00edocht, agus  do mhioscais, de chuile sh\u00f3rt.  N\u00ed d\u00f3igh liom \u00e1fach, gur mar sin a bhreathnaigh na sagairt a bh\u00ed in\u00e1r mbun ar an sc\u00e9al, n\u00f3 d\u00e1r leosan, ba ch\u00f3ir go mbeadh chuile dhuine againn chomh deaiomprach le manach! Bh\u00ed breall orthu sa mh\u00e9id sin, \u00e1fach, geallaimse dhuit \u00e9!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00faradh linn nach mbeadh orainn \u00e9ir\u00ed ag a s\u00e9, an mhaidin d\u00e1r gcionn, agus \u00f3 tharla gurbh \u00ed sin an ch\u00e9ad o\u00edche ag cuid againn sa Chol\u00e1iste, ligf\u00ed d\u00fainn codladh go dt\u00ed a seacht ar maidin! Mhothaigh m\u00e9 fh\u00e9in go raibh an leaba an-mh\u00edchomp\u00f3rdach, ach d\u00e1 ainneoin sin, ba ghearr go raibh m\u00e9 im\u2019 chnap codlata, agus ba \u00e9 an chead rud eile a mhothaigh m\u00e9, n\u00f3 an clog diabhalta sin ag insint d\u00fainn uilig, go raibh s\u00e9 in am againn \u00e9ir\u00ed. \u201cVox Dei\u201d, n\u00f3 guth D\u00e9, a thugadh siad ar an gclog \u00fad, sa Chol\u00e1iste, ach geallaimse dhuit \u00e9, gur mhinic a cheapamarna go mba gharbh, g\u00e9ar, gr\u00e1nna, an guth a bh\u00ed an an gclog c\u00e9anna sin!!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBenidicamus Domino\u201d, s\u00edlim, adeireadh fear an chloig, mar bheannacht d\u00fainn, ar maidin, agus d\u2019fhreagra\u00edmis, d\u2019aon guth slochtach amh\u00e1in, \u201cDeo gratias!\u201d  Nuair a smaoin\u00edm siar ar na c\u00farsa\u00ed sin faoi l\u00e1thair, tuigtear dom, amanta, gur ag briongl\u00f3idigh at\u00e1 m\u00e9, ach b\u2019in \u00e9 d\u00edreach mar a bh\u00ed c\u00farsa\u00ed againn, i gCol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Noafa, i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada, an tr\u00e1th \u00fad fad\u00f3, i dt\u00fas dhaichid\u00ed na haoise seo caite.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019\u00e9ir\u00edomar as na leapacha amach, bhaineamar \u00e1r l\u00e9inte fada o\u00edche d\u00ednn, agus chuireamar roinnt \u00e9ada\u00ed orainn fh\u00e9in, agus amach linn chun an tseomra n\u00edoch\u00e1in.  Rinneamar a raibh le d\u00e9anamh againn ansin, agus nuair a bh\u00edomar nite, gl\u00e9asta, pioctha, thugamar aghaidh ar an Aireaagal, n\u00f3 ar an S\u00e9ip\u00e9al, agus bh\u00ed orainn seal a chaitheamh ag paidreoireacht, agus seal ag machtnamh.  Nuair a bh\u00ed sin d\u00e9anta againn, l\u00e9adh an tAifreann d\u00fainn.  Ina dhiaidh sin, agus roimh \u00e1r mbricfeasta, cuireadh i mbun oibre sinn, ag n\u00ed, agus ag glanadh an t\u00ed, n\u00f3 n\u00ed raibh \u00e9inne eile ansin leis an gcine\u00e1l sin oibre a dh\u00e9anamh, ach sinne.  Thuig na cinnir\u00ed, a raibh le d\u00e9anamh i rith na tr\u00e9imhse sin, agus chuireadar sinne i mbun oibre l\u00e1ithreach, agus thug a ghn\u00f3 fh\u00e9in le d\u00e9anamh do chuile dhuine againn.  Tar \u00e9is leathuair a chloig a chaitheamh i mbun na hoibre sin, bh\u00edodh an \u00e1it chomh glan le bior\u00e1n nua, agus ansin, sheolta\u00ed isteach sa mBialann ar\u00eds sinn.  Thugta\u00ed pl\u00e1ta brach\u00e1in do chuile dhuine againn, agus ina dhiaidh sin, bh\u00ed cup\u00e1n tae, ar\u00e1n, agus ruainne margair\u00edn againn, le c\u00fal a chur ar an ocras, go ham dinneir.  N\u00ed raibh aon ranganna, n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id, againn an l\u00e1 sin, n\u00f3 tugadh l\u00e1 saoire d\u00fainn, le deis a thabhairt d\u00fainn, dul i gcleachtadh ar an \u00e1it, agus le haithne a chur ar a ch\u00e9ile.  Rinneamar sin, agus cuireadh com\u00f3rtas liathr\u00f3id l\u00e1imhe sa tsi\u00fal freisin, agus geallaimse dhuit \u00e9, gur bhaineamar toit agus s\u00e1samh as an l\u00e1 sin, agus l\u00e9irigh s\u00e9 d\u00fainn, nach gcaitear an t-am ar fad ag gu\u00ed, is ag paidreoireacht, i gCliarscoil, ach go mb\u00edonn deis ag gas\u00fair seal a chaitheamh ag spraoi d\u00f3ibh fh\u00e9in freisin.  Chuireamar aithne ar na sagairt a bh\u00ed i mbun an Chol\u00e1iste sin, ach d\u00fairt na sinsir linn, nach mairfeadh na laethe saoire sin i bhfad, agus go mbeadh muid gafa in \u00faim na hoibre, an l\u00e1 d\u00e1r gcionn, agus nach mbeadh l\u00e1 saoire d\u00e1 leith\u00e9id againn ar\u00eds go ceann scathaimh fhada.  Bhaineamar s\u00e1samh as an l\u00e1 sin, agus bh\u00ed an cearat ag na sinsir, n\u00f3 an l\u00e1 d\u00e1r gcionn, bh\u00e9ic an clog orainn ag a s\u00e9 ar maidin, agus b\u2019\u00e9igean d\u00fainne an bh\u00e9ic sin a fhreagairt, ar an toirt, agus bu\u00edochas a ghabh\u00e1il le Dia d\u00e1 bharr!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cDeo gratias\u201d, a bh\u00e9ic sinne, agus bh\u00edomar imithe i gcleachtadh ar rithim na naofachta, cheana f\u00e9in, ach n\u00edorbh ionann sin is a r\u00e1, go mba naoimh f\u00f3s sinn!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Eachtraigh D\u00fainn. 16 Tar \u00e9is d\u00fainn roinnt ama a chaitheamh ar an gcarr cliath\u00e1nach \u00fad, ar deireadh thiar thall, shroicheamar Col\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada, i l\u00e1r Chontae Mhaigh Eo, agus mura raibh ionadh ormsa ar fheice\u00e1il an Fhoirgnimh r\u00edoga sin dom, bhuel, n\u00ed l\u00e1 go maidin \u00e9! Foirgneamh m\u00f3r, ard, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12401","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12401","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12401"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12401\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12402,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12401\/revisions\/12402"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12401"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12401"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12401"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}