{"id":12405,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12405"},"modified":"2024-04-08T01:08:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:08:27","slug":"eachtraigh-duinn-17","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-duinn-17\/","title":{"rendered":"Eachtraigh Duinn 17"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>E A C H T R A I G H    D \u00da I N N <\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>Caibidil  3.<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An tr\u00ed\u00fa l\u00e1 sa Chol\u00e1iste d\u00fainn, fuaireamar amach gan aon r\u00f3-mhoill, go raibh deireadh leis an tsaoire feasta, agus go raibh an t-am tagtha le lu\u00ed isteach ar an obair, i nd\u00e1ir\u00edre.  Mar a d\u00fairt m\u00e9 cheana, nuair a bhuailt\u00ed an clog d\u00fainn ag a s\u00e9 ar maidin!  b\u2019fh\u00e9idir gur fhreagra\u00edomar an \u201cBenidicamus Domino\u201d lenar \u201cDeo Gratias\u201d sl\u00f3chtach, codlatach, leisci\u00fail, ach n\u00ed \u00f3n gcro\u00ed a th\u00e1inig an \u201cDeo Gratias\u201d c\u00e9anna sin uainn, geallaimse dhuit \u00e9.  De r\u00e9ir mar a chuaigh caitheamh sna laethe, \u00e1fach, th\u00e1inig muid isteach ar n\u00f3s an mhoch\u00f3ir\u00ed, ach b\u00edodh sin mar at\u00e1, n\u00ed d\u00f3igh liom gur thaitin an moch\u00f3ir\u00ed c\u00e9anna sin liom fh\u00e9in riamh, ach tuige nach dtabharfadh duine bu\u00edochas do Dhia, chuile mhaidin, as sinn a choinneail sl\u00e1n i rith na ho\u00edche a bh\u00ed thart?  Bh\u00ed s\u00e9 greannmhar, ar bhealach, breathn\u00fa thart ort, ar uair antr\u00e1thach sin na maidine, le s\u00fail a chaitheamh ar na gas\u00fair \u00f3ga eile thart ort id\u2019 shuanlios.  Dheineadh cuid acu chuile iarracht fad a bhaint as a seal sa leaba, tr\u00ed chupla noim\u00e9ad eile a chaitheamh faoin bpluid, ach bh\u00ed fear amh\u00e1in, ach go h\u00e1irithe, fear a bh\u00ed sa leaba taobh liom fh\u00e9in, agus chuirfeadh seisean na cait fh\u00e9in ag g\u00e1ire leis na cluich\u00ed aite a d\u2019imr\u00edodh seisean, chuile mhaidin, le fad a chur lena thr\u00e9imhse faoin bpluid.  Th\u00f3gadh s\u00e9 a spl\u00e9aca\u00ed i dtosach, agus dheineadh iad a ghlanadh agus a shnasadh, ansin, th\u00f3gadh s\u00e9 chuile bhall \u00e9adaigh leis, agus dh\u00e9anadh s\u00e9 iad a scuabadh lena scuab \u00e9adaigh, agus ar deireadh thiar, nuair a bh\u00edodh sin uilig cr\u00edochnaithe aige, th\u00f3gadh s\u00e9 a stoca\u00ed, agus dh\u00e9anadh an cleas c\u00e9anna leosan freisin.  Ar deireadh thiar \u00e1fach, n\u00ed bh\u00edodh an dara rogha aige ach \u00e9ir\u00ed, agus dheineadh s\u00e9 sin chomh mall, gear\u00e1nach, cneadach, agus a d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Th\u00e1inig m\u00e9 fh\u00e9in isteach ar chleachtas an Chol\u00e1iste tapaidh go leor, n\u00f3 i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed raibh le d\u00e9anamh ag duine ach l\u00e9imt as a leaba amach, chomh luath is a chuala s\u00e9 an clog, agus ansin, d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 an chuid eile de ghraith\u00ed beaga na maidine a dh\u00e9anamh, gan aon r\u00f3-str\u00f3.  Agus b\u00edodh nach raibh aon uisce reatha, n\u00f3 leictreachas, acu sa Chol\u00e1iste, n\u00e1rbh \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna againn fh\u00e9in \u00e9 sa bhaile, in Iorras, ag an am sin, freisin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, go raibh dath dubh ar \u00e1r gcuid \u00e9adaigh uilig, taobh amuigh de na l\u00e9inte.  N\u00e1rbh \u00e1bhar sagairt a bh\u00ed i ngach aon duine riamh againn, b\u00edodh nach raibh ionainn ach gas\u00fair.  Ach b\u2019in n\u00f3s na haimsire sin.  Sea, mh\u2019anam, cultacha dubha, l\u00e9inte b\u00e1na, agus carabhait dubha, ar chuile dhuine riamh againn, agus d\u00e1 bhfeicfe\u00e1 muid amuigh ag si\u00fal\u00f3id, chuile Dhomhnach, agus muid gl\u00e9asta in\u00e1r gcultacha Domhnaigh, agus ceann de na caip\u00edn\u00ed \u00e1if\u00e9iseacha, pice, sin, a chait\u00ed ag an am sin i gCol\u00e1ist\u00ed ardn\u00f3sacha, buailte anuas ar cheann chuile dhuine againn, cheapf\u00e1 nach bhf\u00e9adfadh gas\u00fair d\u00e1 leith\u00e9id, smaoineamh fi\u00fa, ar dhiabhla\u00edocht dhe shaghas ar bith, gan tr\u00e1cht ar \u00ed a dh\u00e9anamh.  Ach mh\u2019anam, go mbeadh breall ort, geallaimse dhuit \u00e9!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, fillimis ar chleachtas na maidine.  Chomh luath is bheadh duine nite, pioctha, c\u00edortha, agus gl\u00e9asta, thabharfadh s\u00e9 an tAireagal air fh\u00e9in, n\u00f3 bh\u00ed orainn teacht le ch\u00e9ile ansin, ag a leath uair tar \u00e9is a s\u00e9, ar maidin.  L\u00edonadh idir ghas\u00fair agus shagairt, n\u00f3 ba shagairt iad na m\u00fainteoir\u00ed uilig, geall leis, l\u00edonaid\u00eds isteach ina su\u00edoch\u00e1in, agus ar\u00eds, bh\u00edodh a ionad fh\u00e9in, ina shu\u00edoch\u00e1n fhein, ag chuile dhuine againn.  Chuirfeadh sagart ceann ar na paidreacha, agus nuair a bh\u00edodh paidreacha na maidine r\u00e1ite, bh\u00edodh thart ar leathuair a chloig le caitheamh againn, ag machtnamh, n\u00f3 ag \u201cmeditate-\u00e1il\u201d, d\u00fainn fh\u00e9in.  \u00d3, a Thiarna, n\u00e1r dheacair fanacht i do dh\u00faiseacht le linn an mhachtnaimh fhada, ch\u00e9anna sin.  Ach, ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile, dh\u00e9anadh muid an cleachtas sin, agus ansin, ag a seacht a chlog, bh\u00edodh an tAifreann againn, n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 go mb\u00edodh an tAifreann \u00e1 l\u00e9amh sa Laidin, ag an am sin, agus ba ghearr go raibh ar \u00e1r gcumas chuile phaidir, agus l\u00e9amh, acu sin, a l\u00e9amh agus a r\u00e1 sa teanga \u00e1rsa sin.  I ndiaidh an Aifrinn, bh\u00edodh tamall gearr againn, le cupla paidir bu\u00edochais a r\u00e1 d\u00fainn fh\u00e9in, agus ansin, ag a leath i ndiaidh a seacht, d\u2019fh\u00e1gadh muid an tAireagal, agus ag an bpointe sin, bh\u00edodh obair t\u00ed le d\u00e9anamh againn, a ghn\u00f3 fh\u00e9in ag chuile dhuine againn.  Fear ag scuabadh, agus fear ag snas\u00fa, fear ag n\u00ed agus fear ag glanadh, fear eile f\u00f3s ag sci\u00faradh, agus mar sin d\u00fainn, go dt\u00ed a hocht, agus geallaimse dhuit \u00e9, go mb\u00edodh tuirse \u00e1r nd\u00f3thain orainn ag deireadh an ama sin, sea, agus muid sti\u00factha leis an ocras freisin.  Leite, ar\u00e1n agus im, maraon le cup\u00e1n tae a bh\u00edodh againn don bhricfeasta, chuile mhaidin.  Leamh go maith! d\u00e9arfa, ach geallaimse dhuit \u00e9, nach bhfuair muidinne aon blas den bhia c\u00e9anna sin tur, agus gur chaitheamar chuile ghreim de go bu\u00edoch, beannachtach, n\u00f3 is maith an t-anlann an t-ocras.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I ndiaidh an bhricfeasta, bh\u00edodh seal leathuaire againn, le bheith ag spraoi n\u00f3 ag s\u00fagradh.  Ba thr\u00e1th \u00e9 do chaitheamh aimsire, agus chaitheadh an chuid ba mh\u00f3 de na gas\u00fair an t-am sin ag si\u00fal\u00f3id timpeall, ag caint, is ag comhr\u00e1.  Ag a naoi, thosa\u00edodh an obair scoile.  Mhaireadh na ranganna thart ar ch\u00faig n\u00f3imead is daichead, agus bh\u00edodh na gn\u00e1th \u00e1bhair scoile againn.  Gaeilge, B\u00e9arla, Mata, Stair, T\u00edreola\u00edocht, Teagasc Cr\u00edosta\u00ed, Laidin, Fraincis, agus Eola\u00edocht.  N\u00ed raibh rogha ar bith againn, n\u00f3 bh\u00ed ar chuile dhalta na h\u00e1bhair sin uilig a dh\u00e9anamh.  B\u2019in an gn\u00e1th chl\u00e1r oibre a bh\u00ed leagtha amach d\u00fainn, agus ar\u00eds, caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, gur th\u00e1inig m\u00e9 fh\u00e9in isteach ar an obair ch\u00e9anna sin, tapaidh go leor, agus ba ghearr go raibh m\u00e9 ag baint taitnimh as chuile rang acu, agus b\u00edodh go dtugta\u00ed an-chuid obair thinte\u00e1in d\u00fainn, n\u00f3 n\u00ed raibh ach dh\u00e1 bhliain againn le c\u00farsa na Meanteistim\u00e9ireachta a chr\u00edochn\u00fa,  n\u00edor chuir an taobh sin den obair isteach ormsa, a bheag n\u00f3 a mh\u00f3r.  Agus nach orm a bh\u00ed an t-ionadh, agus an m\u00f3rtas, ag deireadh an ch\u00e9ad t\u00e9arma sin, nuair a th\u00e1inig m\u00e9 fh\u00e9in sa ch\u00e9ad \u00e1it, i scr\u00faduithe na Nollag.  Uaidh sin amach, bh\u00edos im scolaire cruthanta, agus im mhac d\u00edograiseach l\u00e9inn, chuile bhabhta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thart ar leath i ndiaidh a d\u00f3dheag, bh\u00edodh ar l\u00f3n againn, n\u00ed l\u00f3n a bh\u00ed ann, i nd\u00e1ir\u00edre, ach dinn\u00e9ar!   Bh\u00edodh anraith againn i dtosach, anraith agus ar\u00e1n, agus bhaineadh sin an faobhar d\u00e1r ngoile!  Ansin bh\u00edodh an pr\u00edomhch\u00farsa againn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard a hh\u00edodh againn don phr\u00edomhch\u00farsa, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, bhraitheadh s\u00e9 ar c\u00e9ard a bh\u00ed fl\u00fairseach acu sa chistin ag an am, ach de ghn\u00e1th, gheobhaimis fata\u00ed bruite, giota feola, agus n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, n\u00e1r den scoth \u00ed an fheoil ch\u00e9anna sin, agus n\u00e1r chuala si tr\u00e1cht riamh ar \u201ccordon bleu\u201d, ach oiread, ach b\u2019fhearr ann n\u00f3 as di, agus chomh fada is a bhain s\u00e9 linne, ba \u00e9 a locht a laghad, go minic.  Chomh maith le sin, bheadh glasra\u00ed de chine\u00e1l \u00e9igin againn, turnapa, gab\u00e1iste, biatas dearg, cainneann, n\u00f3 a leith\u00e9id, agus ar\u00eds, ba mhaith an t-anlann an t-ocras, agus ba bheag den ghlasra sin a bheadh f\u00e1gtha im\u2019 dhiaidh ar mo phl\u00e1tasa, ach go h\u00e1irithe.  D\u00e1 mbeadh an t-\u00e1dh orainn, bheadh anlann eic\u00ednt ar an bpl\u00e1ta freisin.  Beirt de na mic l\u00e9inn a dh\u00e9anadh an freastal orainn.  \u00d3! sea, agus bh\u00edodh gloine uisce le dul leis an ndinn\u00e9ar sin, ag chuile dhuine againn.  D\u00e1r nd\u00f3igh, nuair a bh\u00edodh ceann de na F\u00e9ilte m\u00f3ra \u00e1 cheili\u00faradh againn, bhuel, ansin bh\u00edodh buid\u00e9al de sh\u00fa l\u00edom\u00f3ide f\u00e1gtha ar an mbord do chuile mhac a\u2019 pheata againn!  N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, go mb\u00edodh f\u00e1ilte agus fiche againn roimh sh\u00f3laist\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id.   Ansin, bh\u00edodh milseog de chine\u00e1l eic\u00ednt againn, le cr\u00edoch a chur leis an mb\u00e9ile.  L\u00e1 amh\u00e1in bheadh \u00falla bruite againn, l\u00e1 eile, gl\u00f3thach agus custard, ach thar aon rud eile, ba \u00e9 ba mhinic\u00ed mar mhilseog againn n\u00f3 mar\u00f3g r\u00edse.  Anois bh\u00ed cuid de na gas\u00fair thart orm, ag an mbord, roinnt beada\u00ed, agus cleachtadh acu ar chuile sh\u00f3rt beada\u00edochta sa mbaile, b\u2019fh\u00e9idir, agus d\u00e1 bharr sin, n\u00ed leagaid\u00eds smut ar na gn\u00e1thmhilseoga sin.  Anois, n\u00edor dhuine beada\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in, ag an am, agus bh\u00edodh an oiread milseog le f\u00e1il agamsa is a theast\u00edodh uaim, n\u00f3 sh\u00edneadh na buachaill\u00ed beada\u00ed sin a milseoga chugamsa.  I ndiaidh an dinn\u00e9ir, th\u00e9adh muid ar chuairt chuig an Aireagal, agus an salm, De Profundis, \u00e1 r\u00e1 againn, fan an bhealaigh.  Ar ball, tar \u00e9is scathaimh eile ag spraoi d\u00fainn fh\u00e9in, thosa\u00edodh na ranganna ar\u00eds, agus leanaid\u00eds go dt\u00ed a tr\u00ed, n\u00f3 mar sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I ndiaidh na ranganna sin, bh\u00edodh obair de chine\u00e1l eic\u00ednt, n\u00f3 cluiche, b\u2019fh\u00e9idir, leagtha amach d\u00fainn, ar a seal.  L\u00e1 amh\u00e1in, bheadh muid ag leagan crainn, agus \u00e1 ghearradh suas le toireasc beirte, sa chaoi go mbeadh connadh againn do thinte an Chol\u00e1iste.  L\u00e1 eile, bheadh muid amuigh ag cur bail\u2019 eic\u00ednt ar na b\u00f3ithr\u00edn\u00ed timpeall na scoile, agus l\u00e1 eile f\u00f3s, bheadh muid amuigh ag imirt peile, n\u00f3 iom\u00e1na\u00edochta, i bp\u00e1irc an bh\u00e1ire.  Thugadh an tr\u00e9imhse sin seans d\u00fainn acl\u00fa coirp a fh\u00e1il, agus chuireadh s\u00e9 bealach ar f\u00e1il d\u00fainn le f\u00e1il r\u00e9idh leis an mbreis teaspaigh a bh\u00ed ionainn, ag an aois sin.  Ar aon chuma, bh\u00edodh goile againn don tae a thagadh ar ball.  Ar\u00eds, n\u00ed bh\u00edodh bianna beada\u00ed le caitheamh againn, don tr\u00e1th sin, ach bh\u00edodh, b\u2019fh\u00e9idir, br\u00fait\u00edn, maraon le h-ar\u00e1n, margair\u00edn agus braon tae.  Dheamhan locht ar bith a bh\u00ed le f\u00e1il agamsa ar an mbia c\u00e9anna sin, n\u00f3 nach raibh cogadh m\u00f3r ag r\u00e9abadh leis ar fud na hEorpa, ag an am, agus bh\u00ed ruda\u00ed ag \u00e9ir\u00ed gann, \u00f3 l\u00f3 go l\u00f3.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tamall againn ansin le spraoi a dh\u00e9anamh roimh dhul ag staid\u00e9ar d\u00fainn fh\u00e9in.  Th\u00e1inig muid le ch\u00e9ile sa Halla Staid\u00e9ir, \u00e1it a raibh a bhinse fh\u00e9in ag chuile dhuine den tr\u00ed sc\u00f3r againn.  Shu\u00edodh an Cinnire ag c\u00fal an staid\u00e9ir, agus choinn\u00edodh s\u00e9 s\u00fail ar chuile dhuine, n\u00f3 bh\u00ed de dhualgas airsean f\u00e9achaint chuige nach dt\u00f3gfadh duine ar bith r\u00ed-r\u00e1, n\u00f3 raic, le linn an staid\u00e9ir, agus d\u00e1 dtarl\u00f3dh go dteast\u00f3dh rud ar bith \u00f3 mhac l\u00e9inn ar bith, th\u00e9adh s\u00e9 chuig an Cinnire sin, le cead a fh\u00e1il uaidhsean dul ar a lorg.  Duine d\u00ednn fh\u00e9in ba ea an Cinnire, d\u00e1r nd\u00f3igh, a roghnaigh na h\u00fadar\u00e1is don phost sin, toisc go raibh s\u00e9 staid\u00e9artha, intaofa.  Bh\u00edodh a dh\u00f3thain le d\u00e9anamh ag chuile dhuine againn lena choinne\u00e1il gn\u00f3thach go ham suip\u00e9ir.  Bh\u00edodh an obair thinte\u00e1in, maraon le cib\u00e9 l\u00e9itheoireacht, n\u00f3 athscr\u00fad\u00fa, a bh\u00ed le d\u00e9anamh againn, le cr\u00edochn\u00fa i rith an ama a bh\u00edodh againn sa Halla Staid\u00e9ir. Gheof\u00e1 an corrdhalta ag iarraidh \u00farsc\u00e9al, n\u00f3 sc\u00e9al lorgaireachta, a l\u00e9amh, os \u00edseal, le linn an staid\u00e9ir, ach n\u00ed bheadh duine ar bith ag iarraidh nuacht\u00e1n a l\u00e9amh, n\u00f3 n\u00ed raibh cead againn nuacht\u00e1n a cheannacht, n\u00f3 a l\u00e9amh, fi\u00fa na nuacht\u00e1in Chaitliceacha!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I ndiaidh an staid\u00e9ir sin uilig, bh\u00edodh muid tuirseach go maith ag a naoi a chlog, agus bh\u00edodh f\u00e1ilte againn roimh chup\u00e1n tae agus canta ar\u00e1in, agus n\u00edos fearr f\u00f3s, i ndiaidh an tsuip\u00e9ir sin, bh\u00edodh tamall eile againn amuigh faoin aer, ag si\u00fal, n\u00f3 ag cleasa\u00edocht.  Ag deireadh thiar, thart ar a leath i ndiaidh a naoi, thugaimis an tAireagal orainn fh\u00e9in, uair amh\u00e1in eile, len\u00e1r bpaidreacha o\u00edche a r\u00e1.  Ba \u00ed an phaidir a bh\u00edodh againn an tr\u00e1th sin, n\u00f3 an Paidr\u00edn P\u00e1irteach fh\u00e9in, agus chomh fada agus is cuimhin liom anois, ba sa Laidin a deirimis \u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar ais linn i ndiaidh na bpaidreacha sin go dt\u00ed an Suanlios, agus geallaimse dhuit \u00e9, go mb\u00edodh \u00e1r s\u00e1ith tuirse orainn, tar \u00e9is an lae ghn\u00f3thaigh a bh\u00ed caite againn \u00f3na s\u00e9 a chlog ar maidin.  An searmanas c\u00e9anna ar\u00eds.  Bh\u00ed fiacla le scuabadh agus le glanadh, aghaidh le n\u00ed, agus b\u00e1is\u00edn le l\u00edonadh le huisce i gc\u00f3ir na maidine.  Ansin, an l\u00e9ine o\u00edche sin ar\u00eds, agus sin uilig gan focal as duine ar bith againn, mar n\u00e1rbh \u00e9 sin tr\u00e9imhse an \u201cGrand Silence\u201d.  Nach raibh a leith\u00e9id m\u00edn\u00e1d\u00fartha go maith do ghas\u00fair thart ar cheithre bliana d\u00e9ag d\u2019aois?   N\u00ed bh\u00edodh g\u00e1 le duine ar bith a insint d\u00fainn go raibh s\u00e9 in am lu\u00ed, n\u00f3 thugadh chuile dhuine againn  an sop air fh\u00e9in, chomh luath g\u00e9ar is a bh\u00ed s\u00e9 r\u00e9idh chuige, agus minic go leor bh\u00edodh cuid againn in\u00e1r gcodlach roimh mh\u00fachadh na soilse ag a deich.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel sin agat cl\u00e1r an ghn\u00e1thlae i gCol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, B\u00e9al an \u00c1tha Fhada, Contae Mhaigh Eo, i Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana sin 1940, breis is tr\u00ed sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin anois, agus c\u00e9 gur leadr\u00e1nach go maith an t-\u00e1bhar \u00e9, ag an am gc\u00e9anna, cheap m\u00e9 gurbh fhi\u00fa mo chuimhn\u00ed ar an \u00e1bhar sin a chur ar ph\u00e1r, n\u00f3 t\u00e1 m\u00e9 cinnte nach mbeidh a leith\u00e9id ann ar\u00eds, n\u00f3 is m\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Go dt\u00ed an ch\u00e9ad uair eile&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sl\u00e1n&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>E A C H T R A I G H D \u00da I N N Caibidil 3. . An tr\u00ed\u00fa l\u00e1 sa Chol\u00e1iste d\u00fainn, fuaireamar amach gan aon r\u00f3-mhoill, go raibh deireadh leis an tsaoire feasta, agus go raibh an t-am tagtha le lu\u00ed isteach ar an obair, i nd\u00e1ir\u00edre. Mar a d\u00fairt m\u00e9 cheana, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12405","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12405","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12405"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12405\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12406,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12405\/revisions\/12406"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12405"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12405"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12405"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}