{"id":12409,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12409"},"modified":"2024-04-08T01:08:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:08:27","slug":"eachtraigh-duinn-20","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-duinn-20\/","title":{"rendered":"Eachtraigh Duinn 20"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h    D \u00fa i n n <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Caibidil  6<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chaith m\u00e9 Samhradh na bliana in 1942, sa bhaile, i mbaile na Druime, in Iorras, Contae Mhaigh Eo, agus m\u00e9 ag baint taitnimh as an saol sa bhaile.  N\u00ed bh\u00edodh an oiread sin le d\u00e9anamh agam na laethe \u00fad, ach ghlacainn p\u00e1irt ghn\u00edomhach i saol laeth\u00fail na feirme.  N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1 ar\u00eds, nach raibh againn ach feirm\u00edn beag talaimh, ach d\u00e1 laghad an feirm\u00edn, is ea ba mh\u00f3 iad na graith\u00ed beaga a bh\u00ed le d\u00e9anamh sa timpeall air, ag an aos \u00f3g.  Bh\u00edodh m\u00f3in le s\u00e1bh\u00e1il, le cur amach, agus le tarl\u00fa abhaile, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, gur ghlac m\u00e9 fh\u00e9in p\u00e1irt san obair sin uilig.  N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, ach oiread, nach mb\u00edodh innealra ar bith in \u00fas\u00e1id againn, leis an obair mhaslaitheach sin a dh\u00e9anamh.  N\u00ed bh\u00edodh, mh\u2019anam, sinn fh\u00e9in a dh\u00e9anadh an mh\u00f3in a sh\u00e1bh\u00e1il, idir scaradh, iomp\u00f3, agus ghr\u00f3igeadh.  N\u00ed bh\u00edodh de chabhair againn leis an mh\u00f3in a chur amach ar thaobh an bh\u00f3thair, ach Neid\u00ed fh\u00e9in, agus geallaimse dhuit \u00e9, go mb\u00edodh muidinne chomh cru\u00f3gach leis na hasail bhochta fh\u00e9in, ar \u00f3c\u00e1id\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00edodh buachailleacht le d\u00e9anamh ar na ba freisin, agus geallaimse dhuit \u00e9, nach mb\u00edodh an gn\u00f3 sin r\u00f3-\u00e9asca, ach oiread, n\u00f3 bh\u00edodh chuile sh\u00f3rt brada\u00edl \u00e1 dh\u00e9anamh ag na ba s\u2019againne, an tr\u00e1th sin bliana, n\u00f3 bh\u00edodh barra\u00ed agus f\u00e9ar ag f\u00e1s leo go buacach, sea, agus na gais ar \u00e1illeacht, agus ar mhilseacht, an domhain freisin, ruda\u00ed a mheallfadh b\u00f3 bhradach ar bith, le tamall a chaitheamh le haer an tsaoil.  Cuir le sin, go mb\u00edodh ba againn freisin ag in\u00edor sna dumhcha, a bh\u00ed, an t-am sin, mar choim\u00edneas ag dh\u00e1 thion\u00f3nta is triocha, as na bailte timpeall.  An tr\u00e1th sin bliana freisin, bh\u00edodh fata\u00ed le sprae\u00e1il, fiail\u00ed le baint, f\u00e9ar le s\u00e1bh\u00e1il, arbhar le t\u00f3g\u00e1il, agus s\u00fag\u00e1in le casadh.  Sea, agus de ghn\u00e1th, bh\u00edodh siad tosaithe ar bhaint na bhfata\u00ed, roimh dul ar ais ar scoil domsa, i M\u00ed Mhe\u00e1n an Fh\u00f3mhair.  Ach taobh amuigh de na graith\u00ed sin uilig, n\u00ed call dom a r\u00e1 go mb\u00edodh neart ama agam, le dul ag sn\u00e1mh, ag clad\u00f3ireacht, agus ag d\u00e9anamh spraoi, lem sheanchairde.  Sea, n\u00edor bhasctha de mar shaol!  Agus cuir le sin, go mb\u00edodh m\u00e9 ar ais i measc mo mhuintire fh\u00e9in, thiar in Iorras na nIontas, tar \u00e9is dom t\u00e9arma fada, crua, staid\u00e9ir, a chaitheamh i gceann de na Col\u00e1ist\u00ed sagartachta \u00fad, ar a mb\u00edodh m\u00e9 ag freasatal, an tr\u00e1th sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is d\u00f3cha gur cheart dom cuid de na m\u00edbhunt\u00e1ist\u00ed a bhain leis an bhfreastal ar na Col\u00e1ist\u00ed sagartachta \u00fad a lua anseo.  Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, bhris siad an snaidhm a bh\u00ed mar cheangal idir mise agus mo phhobal d\u00edlis fh\u00e9in i mbaile na Druime.  Ba straisn\u00e9ar feasta m\u00e9 i measc mo mhuintire fh\u00e9in.  Chreim l\u00e9ann \u00fad an tsagairt an snas dra\u00edochta a bhain leis an gcult\u00far, agus leis an tsibhialtacht \u00e1rsa, ar d\u00edobh m\u00e9.  N\u00ed raibh an meas c\u00e9aanna agam feasta ar thithe beaga bochta ceann tu\u00ed mo dhaoine fh\u00e9in, nach bhf\u00e9adfa\u00ed a chur i gcompar\u00e1id leis na foirgnimh shnasta, dea-dheartha, fairsinge, a bh\u00ed thart orainn, le linn d\u00fainn bheith ag freastal ar na tithe m\u00f3ra \u00fad, a d\u2019fh\u00e1g an Cunta Llewellan Blake le huacht ag an SMA.  N\u00ed raibh an meas c\u00e9anna agamsa feasta ar na d\u00edonta ceann tu\u00ed, ar na falla\u00ed aoldaite, n\u00f3 ar na  tinte oscailte mar ch\u00f3ras c\u00f3caireachta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed sin uilig dona go leor, ach bh\u00ed rud n\u00edos measa f\u00f3s ag baint leis an gcine\u00e1l sin oideachais.  Cuireadh ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn, nach raibh can\u00faint iarg\u00falta \u00e1r muintire sa bhaile, inghlactha mar mhe\u00e1n cumars\u00e1ide, don sagart l\u00e9annta, agus sa tsl\u00ed sin, t\u00f3gadh cla\u00ed ard eile idir m\u00e9 fh\u00e9in agus mo mhuintir thiar.  Caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, n\u00e1r dhein m\u00e9 dearmad riamh, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, ar an \u00e9ag\u00f3ir neamhbheartaithe sin, a deineadh orainne, \u00e1bhair shagairt, i gcol\u00e1ist\u00ed sagartachta na t\u00edre seo, ag an am sin.  Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adfa\u00ed sin uilig a chur i gcr\u00edch, ar mh\u00f3dh nach mbainfeadh den mheas, n\u00f3 den uraaim, a bh\u00ed againn d\u00e1r muintir fh\u00e9in, n\u00f3 d\u00e1r gcult\u00far fh\u00e9in, ach baineadh \u00fas\u00e1id as an sear\u00fas, agus as an magadh, mar airm, le sinn a scaradh \u00f3n bpobal ba dh\u00fachas d\u00fainn.  N\u00ed call dom a r\u00e1, gur \u00e9irigh liom, ar ball, c\u00fal a chur ar an bhfolcadh intinne sin, agus gur m\u00f3, go m\u00f3r fada, mo mheas ar mo dh\u00fachas inniu n\u00e1 riamh, ach ag an am gc\u00e9anna, fanann cuimhne na h\u00e9ag\u00f3ra \u00fad, go glas, i gcistin na gcuimhn\u00ed, sa tsl\u00ed go mb\u00edonn orm na cuimhn\u00ed c\u00e9anna sin a dh\u00edbirt go rialta as cro\u00ed m\u2019anama.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach le filleadh ar an sc\u00e9al&#8230;Am \u00e1irithe, i M\u00ed L\u00fanasa na bliana sin, 1942, th\u00e1inig litir chugainn \u00f3 Chol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, ag cur in i\u00fal d\u00fainn gur \u00e9irigh thar barr liom i Scr\u00fad\u00fa na Me\u00e1nteistim\u00e9ireachta, agus d\u00e1 bharr sin, go rabhthas ag s\u00fail anois, go mbeinn ag dul go Col\u00e1iste Sheosaimh, i Wilton, ar imeall chathair Chorca\u00ed, i dt\u00fas Mh\u00ed Mhe\u00e1n F\u00f3mhair.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go raibh \u00e1thas an domhain orm fh\u00e9in gur \u00e9irigh liom chomh maith sin sa Mhe\u00e1nteistim\u00e9ireacht, agus bh\u00ed sceitim\u00edn\u00ed \u00e1thais orm freisin, go mbeinn ag dul go Col\u00e1iste Sheosaimh, i gceann achair ghearr.  N\u00ed cuimhin liom anois an gliondar c\u00e9anna a bheith ar na daoine thart orm, n\u00f3 is d\u00f3cha nach mb\u00edodh cleachtadh r\u00f3-mhor ag daoine thiar, an tr\u00e1th \u00fad, ar dhaoine ag d\u00e9anamh scr\u00faduithe poibl\u00ed, murab ionann is an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  Ach bh\u00ed mo mhuintir fh\u00e9in br\u00f3d\u00fail go maith asam, agus moladh go  m\u00f3r m\u00e9 as an \u00e9acht a bh\u00ed d\u00e9anta agam, an ch\u00e9ad duine de Bhair\u00e9adaigh na Druime ar \u00e9irigh leis an Mhe\u00e1nteistim\u00e9ireacht ch\u00e9anna sin a dh\u00e9anamh, gan tr\u00e1cht in aon chor ar marcanna arda a fh\u00e1il inti.  Ach sin sc\u00e9al eile d\u2019o\u00edche eic\u00ednt eile. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">In \u00e9ineacht le toradh an scr\u00fadaithe sin, d\u00e1r nd\u00f3igh, fuaireamar chuile eolas faoi\u2019n scoil nua \u00fad i gCorcaigh, agus ar chuile sh\u00f3rt a bheadh ag teasat\u00e1il uaim, le linn dom bheith ag freasatal ar an gCol\u00e1iste c\u00e9anna sin.  Bhuel, ceanna\u00edodh  a raibh le ceannacht, agus ullmha\u00edodh a raibh le hullmh\u00fa, agus ar an l\u00e1 sprioc\u00e1ilte, bh\u00ed mo mh\u00e1la\u00ed pac\u00e1ilte ullamh agam.  N\u00ed call dom a r\u00e1, gurbh iad mo dheirfi\u00faracha agus mo mh\u00e1thair fh\u00e9in a rinne bun\u00fas na pac\u00e1la c\u00e9anna sin, n\u00f3 cheana f\u00e9in, bh\u00ed mo mhuintir thiar ina m\u00edle cuid thart orm, agus \u00f3m\u00f3s an tsagairt \u00e1 thabhairt dom acu, c\u00e9 nach raibh ionnam f\u00f3s ach sagairt\u00edn.  Ar an mhaidin sprioc\u00e1ilte sin, bhuaileamar b\u00f3thar, m\u00e9 fh\u00e9in is mo dhearth\u00e1ir Se\u00e1n, gr\u00e1sta \u00f3 Dhia air, agus d\u2019iompar seisean mo mh\u00e1la\u00ed taistil ar a rothar, agus ba ghearr an mhoill orainn B\u00e9al an Mhuirthead a bhaint amach, n\u00f3 n\u00ed thagadh an bus thar dhroichead Bh\u00e9al an Mhuirthead, isteach sa Mhuirthead, an tr\u00e1th \u00fad.  D\u2019fh\u00e1gamar sl\u00e1n ag a ch\u00e9ile agus isteach liom fh\u00e9in sa bhus, \u00e1it ar chuir Tom Cuffe, agus a stiurthoir, f\u00e1ilte is fiche romham, agus thugadar aire dom\u2019 mh\u00e1la\u00ed freisin dom.  Ar ball, d\u2019ardaigh siad a seolta, agus ba ghearr an mhoill orthu B\u00e9al an \u00c1tha a bhaint amach.  Thart ar dh\u00e1 uair a chloig a th\u00f3gadh s\u00e9 ar an mbus an d\u00e1 sc\u00f3r m\u00edle sin a thaisteal, n\u00f3 n\u00ed raibh na b\u00f3ithre c\u00e9anna thar mholadh beirte, an t-am sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed go maith, is n\u00ed raibh go holc.  Shroicheamar B\u00e9al an \u00c1tha, thart ar a haondh\u00e9ag ar maidin, agus ar an droch uair, bh\u00ed traein na maidine sin glanta lei as an st\u00e1isi\u00fan, cheana f\u00e9in, agus n\u00ed bheadh traein eile ag dul amach go dt\u00ed an mhaidin d\u00e1r gcionn.  Dona go leor, a th\u00e1illi\u00fair! arsa mise liom fh\u00e9in, agus d\u2019fh\u00e1g sin nach raibh le d\u00e9anamh agamsa ach an l\u00e1 fada sin a chaitheamh, ag si\u00fal timpeall ag tabhairt chuile s\u00f3rt faoi deara, sea, agus b\u00e9ile a chaitheamh, nuair a bheadh g\u00e1 lena leith\u00e9id.  Chuir m\u00e9 f\u00fam, an o\u00edche sin, in \u00d3st\u00e1n an N\u00e9ifin, i Sr\u00e1id Art\u00fair, c\u00f3ngarach don Scard\u00e1n \u00fad, a bh\u00ed suite, ag an am sin, mar a bhuaileann B\u00f3thar Bh\u00e9al an Mhuirthead le B\u00f3thar Bh\u00e9al Easa. N\u00ed fh\u00e9adfainn a r\u00e1 gur bhain m\u00e9 taitneamh as an l\u00e1 fada fuar sin, a chaith m\u00e9 ansin i mB\u00e9al an \u00c1tha, ar bhruacha f\u00e9armhara m\u00e9ithe na Muaidhe, i dt\u00fas Mh\u00ed Mhe\u00e1n F\u00f3mhair, sa bhliain 1942, ach caithfear cur suas leis an rud nach bhfuil leigheas air, agus bh\u00ed m\u00e9 \u2018mo shu\u00ed go bre\u00e1 luath, an mhaidin d\u00e1r gcionn, agus m\u00e9 ar mo bhealach go dt\u00ed st\u00e1isi\u00fan na traenach, i mB\u00e9al an \u00c1tha.  N\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh an cogadh faoi l\u00e1n tseol, an tr\u00e1th \u00fad, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, ach oiread, go raibh chuile sh\u00f3rt connaidh gann, sa t\u00edr seo, ag an am, agus d\u00e1 bharr sin, bh\u00ed na traenacha mall, tuirsi\u00fail, neamh-mhuin\u00edneach.  Ba mhall tuirsi\u00fail an turas \u00e9 \u00f3 Bh\u00e9al an \u00c1tha go Luimneach, n\u00f3 n\u00ed raibh ar \u00e1r gcumas dul n\u00edos faide n\u00e1 sin, an dara l\u00e1 sin.  Muid ag stopadh anseo is ansi\u00fad, fan an bhealaigh, agus muid ag iarraidh chuile bhabhta, a fh\u00e1il amach, tuige an mhoill ar fad.   Bh\u00edomar tuirseach go maith um thr\u00e1thn\u00f3na, nuair a shroicheamar Luimneach na long.  Ar thug t\u00fa faoi deara, go bhfuil m\u00e9 ag baint \u00fas\u00e1id\u2019 as an uimhir iolra anseo, agus is \u00e9 c\u00fais at\u00e1 le sin, n\u00f3 go raibh cuid de na mic l\u00e9inn \u00f3m\u2019  rang i gCol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3Naofa, i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada, in \u00e9ineacht liom, faoin am sin, n\u00f3 bh\u00edodar si\u00fad ar a mbealach go Col\u00e1iste Sheosaimh, i Wilton Chorcaigh, freisin, an l\u00e1 c\u00e9anna sin, agus th\u00e1inig siad ar bord na traenach, fan na sl\u00ed.  Mar a d\u00fairt m\u00e9 cheana, bh\u00ed an traein ch\u00e9anna mall go leor, agus b\u2019\u00e9igean di tr\u00e9imhs\u00ed s\u00e1ch fada a chaitheamh ina seasamh ina staic i st\u00e1isi\u00fain \u00e1irithe, le gual, n\u00f3 m\u00f3in, n\u00f3 uisce, a th\u00f3gail ar bord, de r\u00e9ir mar a theastaigh na hearra\u00ed sin uaithi, n\u00f3 bh\u00ed connadh gann ag an am. N\u00ed cuimhin liom anois, c\u00e1r chuireamar f\u00fainn i gcathair Luimn\u00ed, an o\u00edche \u00fad, n\u00f3 ba \u00e9 a tharla, n\u00f3 go raibh fios a mbealaigh ag cuid de na mic l\u00e9inn, agus n\u00ed raibh le d\u00e9anamh agamsa ach iad si\u00fad a lean\u00faint, agus fuaireadar l\u00f3ist\u00edn, agus chuile sh\u00f3rt eile a bh\u00ed uainn, d\u00fainn.  An tr\u00ed\u00fa l\u00e1, chuamar ar bord traenach eile a bh\u00ed le sinn a th\u00f3g\u00e1il go cathair \u00e1lainn Chorca\u00ed.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar deireadh thiar, bhaineamar \u00e1r gceann scr\u00edbe amach, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh tuirse b\u00f3thair is bealaigh orm fh\u00e9in, n\u00f3 bh\u00ed tr\u00ed l\u00e1 fada caite agam ag d\u00e9anamh an turais fhada, thuirsi\u00fail, anacair sin, ach n\u00e1r chuma faoi sin?  Nach raibh ceann mo scr\u00edbe         bainte amach agam?  Agus nach raibh Col\u00e1iste bre\u00e1 Sheosaimh, i Wilton, bainte amach agam, an Col\u00e1iste sin, a bheadh mar bhaile agamsa, ar feadh tr\u00ed bliana fada.  Agus seo linn ar\u00eds ag dul tr\u00edd an gc\u00e9apar c\u00e9anna ar\u00eds, faoi mar a tharla i gCol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, dh\u00e1 bhliain, d\u00edreach, roimhe sin.  An babhta seo \u00e1fach, n\u00ed capall agus \u201cjaunt\u201d a bh\u00ed romhainn, le sinn a thabhairt \u00f3 st\u00e1isi\u00fan na traenach go dt\u00ed an Col\u00e1iste, ach carranna.  Tugadh timpeall an Chol\u00e1iste sinn, le chuile sh\u00f3rt a theasp\u00e1int d\u00fainn.  Tugadh a leaba fh\u00e9in sa suanlios do chuile dhuine againn, agus deasc sa halla staid\u00e9ir, sea, agus fi\u00fa \u00e1it faoi leith sa tS\u00e9ip\u00e9al, n\u00f3 bh\u00ed s\u00e9ip\u00e9al bre\u00e1 d\u00e1r gcuid fh\u00e9in againn i Wilton, n\u00f3 ba chuid de phar\u00e1iste, an eaglais ch\u00e9anna sin, agus thagadh pobal na d\u00faiche sin isteach ansin, le hAifreann a \u00e9isteacht, Domhnach is D\u00e1lach, ach bh\u00ed Aireagal beag d\u00e1r gcuid fh\u00e9in againne, mic leinn, i gcroslann sa s\u00e9ip\u00e9al sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuireamar \u00e1r n-earra\u00ed i dtaisce sna c\u00f3fra\u00ed, agus sna c\u00f3ifr\u00edn\u00ed a tugadh d\u00fainn, agus nuair a bh\u00ed chuile sh\u00f3rt a bh\u00ed le d\u00e9anamh againn, d\u00e9anta, tugadh isteach sa mbialann sinn, agus ar\u00eds, teasp\u00e1ineadh \u00e1r n-\u00e1it sa halla m\u00f3r sin d\u00fainn.  Fuaireamar b\u00e9ile an tr\u00e1thn\u00f3na, agus geallaimse dhuit \u00e9, go raibh goile againn chuige.  Ach n\u00ed raibh m\u00f3r\u00e1n nua ag baint leis an leagan amach i gCol\u00e1iste Sheosaimh, thar mar a bh\u00ed, i gCol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, ach bh\u00ed orainn aithne a chur ar rang nua mic l\u00e9inn, n\u00f3 d\u2019fhanadh na mic l\u00e9inn tr\u00ed bliana fhada sa Chol\u00e1iste sin.  Ba \u00e9 an leagan amach a bh\u00ed acu ansin n\u00f3 go nd\u00e9anadh na mic l\u00e9inn an Ard Teistim\u00e9ireacht tar \u00e9is dh\u00e1 bhliain staid\u00e9ir, agus ansin, dh\u00e9anaid\u00eds an ch\u00e9ad bhliain Ollscoile, i gCol\u00e1iste na hOllscoile, Corcaigh.  Ba ghearr an mhoill orm aithne a chur ar na mic l\u00e9inn Ollscoile, agus caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, gur chun mo leasa \u00e9, an aithne ch\u00e9anna sin, n\u00f3 d\u2019fhan cuid de na daoine sin ina gcairde d\u00edlse agam ar feadh na mblianta fada ina diaidh sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach b\u2019fh\u00e9idir gur leor sin do thuras na huaire seo, agus sa ch\u00e9ad chaibidil eile, cuirfidh m\u00e9 s\u00edos daoibh, ar chuid de na heachtra\u00ed agus de na himeachta\u00ed a bhain dom, fad is a bh\u00ed m\u00e9 im mhac l\u00e9inn i gCol\u00e1iste Sheosaimh, i Wilton, Corcaigh, le linn bhlianta deiridh an dara cogadh domhanda.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 6 . Chaith m\u00e9 Samhradh na bliana in 1942, sa bhaile, i mbaile na Druime, in Iorras, Contae Mhaigh Eo, agus m\u00e9 ag baint taitnimh as an saol sa bhaile. N\u00ed bh\u00edodh an oiread sin le d\u00e9anamh agam na [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12409","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12409","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12409"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12409\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12410,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12409\/revisions\/12410"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12409"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12409"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12409"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}