{"id":12411,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12411"},"modified":"2024-04-08T02:07:59","modified_gmt":"2024-04-08T02:07:59","slug":"eachtraigh-duinn-21","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-duinn-21\/","title":{"rendered":"Eachtraigh Duinn 21"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h   D \u00fa i n n <\/span><\/strong><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Caibidil   7<\/h1><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00e1r bhre\u00e1 go deo an su\u00edomh a bh\u00ed ag Col\u00e1iste Sheosaimh, i Wilton, ar imeall chathair Chorca\u00ed.  Bh\u00ed <strong>Glais\u00edn<\/strong> agus <strong>an T\u00f3chair<\/strong> an-ch\u00f3ngarach d\u00fainn, agus bh\u00edodh muid \u00e1 dtabhairt faoi deara, go minic.  Os comhair an Chol\u00e1iste amach, bh\u00ed talamh crochta, agus  fan  thaobh an ard\u00e1in sin, sh\u00edn an B\u00f3thar Iarainn \u00f3 Chathair Chorca\u00ed amach, agus bh\u00edodh ar na traenacha a thug faoin ard\u00e1n c\u00e9anna sin, bh\u00edodh orthu dreapadh \u00f3 bhun go barr an ard\u00e1in.  Minic a sheasadh muid ag \u00e9isteacht leo agus iad ag putha\u00edl leo, ar a nd\u00edcheall, i gcoinne an aird.  Ba \u00e9 a cheapadh muidinne, n\u00f3 go mb\u00edodh chuile \u201d<strong>I think I can,  I think I can,  I think I can,\u201d <\/strong>\u00e1 r\u00e1 acu, agus iad ar a nd\u00edcheall i gcoinne an aird sin, agus ansin, nuair a bh\u00edodh barr an aird bainte amach acu, d\u2019athra\u00edodh siad a bport, agus ansin ba \u00e9 a deirid\u00eds, d\u00e1r linne, n\u00f3&#8230;\u201d<strong>I knew I could,  I knew I could,  I knew I could<\/strong>.\u201d Agus iad mar a bheadh gandail, ag ma\u00edomh as a ngaisec, nuair a chuirid\u00eds an ruaig orainne gas\u00fair, fado.   D\u00edreach os comhair an Chol\u00e1iste, freisin, bh\u00ed P\u00e1irc an Bh\u00e1ire, \u00e1it a d\u2019imr\u00edmis \u00e1r gcluich\u00ed, agus ba iad sin na cluich\u00ed torannacha, trodacha, taghdacha, uaireanata, n\u00f3 mar ad\u00fairt m\u00e9 leat cheana, n\u00edor naoimh ar thalamh a bh\u00ed ionainne gas\u00fair, an tr\u00e1th \u00fad, n\u00f3 \u00f3 shoin i leith, ach oiread, d\u00e1 nd\u00e9arfainn \u00e9!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Bhain m\u00e9 fh\u00e9in taitneamh agus tairbhe as Col\u00e1iste Sheosaimh, n\u00f3 ba sa Chol\u00e1iste sin a chuireamar aithne oraiann fh\u00e9in, agus ar an bpobal ar d\u00edobh sinn. Ba sa Chol\u00e1iste sin freisin, a m\u00fascla\u00edodh an Gaelachas agus an N\u00e1isi\u00fanachas ionainn.  N\u00ed d\u00e9arfainn gur d\u2019aon ghn\u00f3 \u00e9, ach ba rud \u00e9 a tharla ag an am, agus b\u2019in sin.   I nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed raibh aon nuacht ag baint leis an saol i gCol\u00e1iste Sheosaimh, n\u00f3 ba mhar a ch\u00e9ile gn\u00e1thch\u00farsa\u00ed an lae i gCol\u00e1iste Sheosaimh agus i gCol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3Naofa i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada, i gContae Mhaigh Eo.  Faoin am seo \u00e1fach, bh\u00edothas ag s\u00fail go mbeadh na buachaill\u00ed ag \u00e9ir\u00ed n\u00edos stuama, n\u00edos ciallmhaire, agus n\u00edos cr\u00e1if\u00ed.  N\u00edor dhochar ar bith \u00e9 sin, ach n\u00ed mar a sh\u00edltear a bh\u00edtear go minic, agus n\u00edorbh aon eisceacht sinne gas\u00fair, ach oiread, n\u00f3 d\u00e1 mbeadh aon diabhla\u00edocht le d\u00e9anamh, b\u00ed cinnte go raibh duine eic\u00ednt, sa timpeall, a bheadh s\u00e1sta \u00e9 a dh\u00e9anamh, n\u00f3 n\u00ed raibh ionainne, i nd\u00e1ir\u00ede, ach gn\u00e1th-ghas\u00fair a bh\u00ed ag iarraidh ualach an-trom a iompar, ualach a bh\u00ed i bhfad r\u00f3-throm do chuid againn, ach scaoilimis sin tharainn, ag an bpointe seo, agus fillimis ar Chol\u00e1iste Sheosaimh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed an leagan-amach c\u00e9anna sa scoil seo is a bh\u00ed i gCol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3Naofa.  Bh\u00ed seomra\u00ed ranga ann, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed raibh m\u00f3r\u00e1n seomra\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id ag teast\u00e1il uainn, an t-am sin, n\u00f3 bh\u00ed na h\u00e1bhair ch\u00e9anna \u00e1 nd\u00e9anamh ag chuile dhuine, sa bhliain ch\u00e9anna, agus mar sin, n\u00ed raibh ag teast\u00e1il \u00f3 bhu\u00edon ar bith ach seomra ranga amh\u00e1in do na gn\u00e1th \u00e1bhair, agus seomra speisialta, n\u00f3 saotharlann, don eola\u00edocht.  N\u00ed bh\u00edodh deis ag dalta\u00ed a rogha \u00e1bhair a phiocadh, an tr\u00e1th \u00fad, murab ionann is inniu.  N\u00ed d\u00e9arfaidh m\u00e9 faic faoi na m\u00fainteoir\u00ed a bh\u00edodh againn, n\u00f3 ba \u00e9 a cheap m\u00e9 fh\u00e9in ag an am n\u00f3 nach raibh cuid acu thar mholadh beirte mar mh\u00fainteoir\u00ed, ach is d\u00f3cha gur ghn\u00e1th-dhearcadh \u00e9 sin i measc scol\u00e1ir\u00ed, am ar bith.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019\u00e9irigh go maith liom mar dhalta, ach ag an am gc\u00e9anna, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il gur oibrigh m\u00e9 go dian, le linn an ama a chaith m\u00e9 ag ullmh\u00fa don Ard Teistim\u00e9ireacht.   Ag smaoineamh siar ar na laethe sin anois, samhla\u00edtear dom, gur mh\u00f3r an chabhair d\u00fainn \u00e9, n\u00f3 domsa ach go h\u00e1irithe, d\u00e1 mbeadh duine eic\u00ednt ansin le treoir cheart a chur orainn, agus leis na beala\u00ed is fearr, agus is \u00e9ifeachta\u00ed, le staid\u00e9ar a dh\u00e9anamh, a l\u00e9iri\u00fa d\u00fainn.  N\u00ed cuimhin liom anois aon iarracht d\u00e1 leith\u00e9id \u00e1 dh\u00e9anamh riamh ag \u00fadar\u00e1is na scoile sin.  Ba \u00e9 a cheap m\u00e9 freisin, n\u00f3 go raibh m\u00fainteoir\u00ed \u00e1irithe in\u00e1r mbun nach raibh a gceird foghlamtha i gceart acu, faoin am sin.  N\u00edlim ag iarraidh locht a fh\u00e1il orthu anois, n\u00f3 n\u00ed raibh \u00e1 dh\u00e9anamh acu ach faoi mar ad\u00faradh leo.  Orduithe! an dtuigeann t\u00fa leat m\u00e9?   Bh\u00ed m\u00fainteoir sp\u00e9isi\u00fail againn sa Ghaeilge, ar feadh bliana, n\u00f3 b\u2019fhear \u00e9, a raibh Docht\u00faireacht bainte amach aige, sa Ghaeilge, s\u00edlim, agus b\u00edodh go mba thogha scol\u00e1ire \u00e9, n\u00edl m\u00e9 cinnte gur \u00e9irigh leis an oireadh sin d\u00e1 chuid eolais a roinnt liomsa, ach go h\u00e1irithe, b\u2019fh\u00e9idir gur \u00e9irigh leis i bhfad \u00c9ireann n\u00edos fearr n\u00e1 sin leis na dalta\u00ed eile.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An bhfuil fhios agat go bhfuil cuimhne na m\u00fainteoir\u00ed a bh\u00ed agam, an tr\u00e1th \u00fad, beagnach caillte ar fad agam, faoi seo.  Fanann cuimhne \u201can Leoin\u201d liom go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, \u00e1fach.  Fir\u00edn beag, tana\u00ed, scrogallach, \u00edseal, a bh\u00ed ann, ach fir\u00edn a raibh miongh\u00e1ire aingl\u00ed ag roinnt leis, b\u00edodh go mb\u00edodh s\u00e9 crosta go maith, nuair nach mb\u00edodh a dhalta\u00ed ag comhoibri\u00fa go huile agus go hioml\u00e1n leis.  Chuirfeadh s\u00e9 ceist ort.  Thabharf\u00e1 do fhreagra. D\u00e1 mbeadh an ceart agat, mholfadh s\u00e9 th\u00fa, ach mura mbeadh, bhuel, ansin thabharfadh s\u00e9 seans eile dhuit, agus d\u00e1 dteipfeadh ort an dara huair, ansin, bh\u00e9arfadh s\u00e9 greim ar rib\u00ed gruaige ar d\u2019uisinn, agus tharraing\u00edodh s\u00e9 inairde iad, le l\u00e1n neart, agus \u00e9 ag r\u00e1, ag an am gc\u00e9anna&#8230;  \u201cThis hurts me far more than it does you, Sonny\u201d&#8230;..   B\u2019fh\u00e9idir \u00e9, adeireadh muidinne, \u00e1 fhreagairt, os \u00edseal, ach n\u00ed san \u00e1it ch\u00e9anna \u00e9!  B\u00edodh go raibh s\u00e9 dian go maith orainne, n\u00ed raibh aon fhuath againn air, c\u00e9 go mbainfinn fh\u00e9in mo dh\u00edoltas amach, am ar bith a mb\u00edodh s\u00e9 r\u00f3-dhian orm, n\u00f3 tuigeadh dom, agus c\u00fais mhaith agam chuige, nach raibh m\u00f3r\u00e1n measa aige ormsa, mar scol\u00e1ire, n\u00f3 mar dhuine.  Nach ait an rud \u00e9, go bhfanann cuimhne \u201can Leoin\u201d ch\u00e9anna sin glas, nuair a cailleadh chuimhne na m\u00fainteoir\u00ed eile a bh\u00ed agam thart ar an am sin?  Fear maith a bh\u00ed ann, t\u00e1 m\u00e9 cinnte, agus \u00e9 ag iarraidh m\u00e9 a sheoladh ar bhealach mo leasa, ach is d\u00f3cha go raibh dearmad d\u00e9anta aige ar an sean nath cainte adeir, gur f\u00e9idir le duine amh\u00e1in an capall a thabhairt chun an tsruth\u00e1in, ach nach bhf\u00e9adfadh deichni\u00far \u00e9 a chur ag \u00f3l as, mura dteast\u00f3dh uaidh fh\u00e9in sin a dh\u00e9anamh.  Is d\u00f3cha nach raibh aon r\u00f3-fhonn ormsa comhairle an Leoin a ghlacadh, an t-am sin, agus b\u2019in an f\u00e1th n\u00e1r \u00e9irigh linn si\u00fal cois ar chois tr\u00ed ghort guaireach an l\u00e9inn, an tr\u00e1th \u00fad.  Is d\u00f3cha go raibh leath an lochta, ar a laghad, ormsa, ach b\u00edonn an dara sciath\u00e1n ag teast\u00e1il \u00f3n \u00e9an le heitilt a dh\u00e9anamh! Agus is d\u00f3cha freisin, gur ch\u00f3ir go mbeadh a fhios ag m\u00fainteoir\u00ed, gur fada buan \u00ed cuimhne an ph\u00e1iste, agus i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed raibh ionainne ach p\u00e1ist\u00ed an tr\u00e1th \u00fad, n\u00f3 n\u00edor tugadh m\u00f3r\u00e1n seans d\u00fainn \u00e1r sciath\u00e1in a leathadh, i gCol\u00e1iste d\u00e1 leith\u00e9id, ag an am sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed fear eile i gCol\u00e1iste Sheosaimh, ag an am, ar chuir muid an-aithne air.  B\u2019fhear uasal, cine\u00e1lta, l\u00e1ch, a bh\u00ed ann, agus \u201cAuntie\u201d a thugaimis air, n\u00f3 bh\u00edodh col\u00fan aige, in Iris an SMA, faoin teideal sin, tr\u00e1th raibh s\u00e9 ina eagarth\u00f3ir ar an Iris ch\u00e9anna sin. Ba de mhuintir U\u00ed Mhaolfh\u00e1bhail \u00e9, agus s\u00edlim grubh as Oile\u00e1n Cliara, i gContae Mhaigh Eo, d\u00f3.  Bh\u00ed s\u00e9 ina Uachtar\u00e1n ar an scoil, ag an am sin.  N\u00ed bh\u00edodh m\u00f3r\u00e1n bainte aige linne, mic leinn, ach amh\u00e1in go m\u00faineadh s\u00e9 Teagasc Cr\u00edosta\u00ed d\u00fainn, ach ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed an-tionchar aige orainn.  Ar an droch uair \u00e1fach, fuair an fear bocht sin b\u00e1s, le linn d\u00fainne bheith ag freastal ar an gCol\u00e1iste sin, agus chuaigh a bh\u00e1s si\u00fad i gcionn go m\u00f3r orainn.  Bh\u00ed orainn cuairt a thabhairt ar a sheomra, \u00e1it a raibh s\u00e9 leagtha amach os cionn cl\u00e1ir, agus \u00e9 gl\u00e9asta mar shagart in \u00c9ide an Aifrinn.  N\u00ed raibh aon r\u00f3-chleachtadh againne ar bheith i l\u00e1thair an bh\u00e1is, ag an am, agus n\u00ed d\u00f3igh liom gur thaitin sin linn, olc maith n\u00f3 dona.  Bh\u00edomar i l\u00e1thair freisin, ag an sochraid, i Reilg an SMA, taobh thiar de Sh\u00e9ip\u00e9al Naomh Sheosaimh, ansin i Wilton Chorca\u00ed.  Is cumhin liom f\u00f3s, an fuacht a mhothaigh m\u00e9 l\u00e1 sin na lice, d\u00edreach faoi mar a leagadh an b\u00e1s fh\u00e9in l\u00e1mh ar bhaic mo mhuin\u00edl.  D\u2019fh\u00e1n cuimhne an lae \u00fad liom go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rud amh\u00e1in eile, a tharla le linn dom bheith sa Chol\u00e1iste sin, ba ea na ranganna garra\u00edod\u00f3ireachta, a cuireadh ar si\u00fal sa Chol\u00e1iste, ar mhaithe linne, ag an am.  Thagadh fear isteach chugainn uair sa tseachtain, agus thugadh rang d\u00fainn, faoi phlanda\u00ed, faoi ithir, faoi phland\u00e1il agus a leith\u00e9id, agus l\u00e1 eile, th\u00f3gadh s\u00e9 an rang ar fad, sc\u00f3r againn b\u2019fh\u00e9idir, th\u00f3gadh s\u00e9 sinn amach leis, ar thuras na cathrach, le breathn\u00fa ar gharraithe \u00e1ille, aoibhne, saothraithe, Chorca\u00ed.  Tharla go raibh gr\u00e1 na tal\u00fan agus na cr\u00e9 de dhl\u00fath agus d\u2019inneach ionnam fh\u00e9in, n\u00ed haon ionadh \u00e9 gur chuir m\u00e9 suim, agus dh\u00e1 shuim, sa rang \u00e1irithe sin, agus c\u00e9 go bhfuil dearmad d\u00e9anta agam, le fada, ar an gcuid is m\u00f3 de na ruda\u00ed a m\u00faineadh dom, agus m\u00e9 ag freastal ar Chol\u00e1iste Sheosaimh i Wilton, sna dachaid\u00ed, caithfidh  m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit anois, n\u00e1r dhein m\u00e9 dearmad riamh ar na ruda\u00ed a d\u2019fhoghlaim m\u00e9 sa rang garra\u00edod\u00f3ireachta sin, agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach m\u00fascla\u00edodh sp\u00e9is sa gharra\u00edod\u00f3ireacht sa chro\u00ed istigh ionnam, an t-am sin, sp\u00e9is a d\u2019fhan liom, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, agus chuir ar fhoghlaim m\u00e9 sa rang sin, ar mo chumas, aire a thabhairt dom gharraithe fh\u00e9in, thar na blianta idirlinneacha, sa chaoi gur bhain m\u00e9 taitneamh agus pl\u00e9isi\u00far as bheith ag pl\u00e9 le c\u00farsa\u00ed garra\u00edod\u00f3ireachta, anall thar na blianta.  \u00c1bhar eile a chabhraigh go m\u00f3r liom, le linn mo shaoil, ba ea Deaslabhra, n\u00f3 tr\u00edd an rang sin, rinneamar staid\u00e9ar ar fhuaimeanna agus ar cheart \u00fas\u00e1id an Bh\u00e9arla.  Smaoinigh anois, go raibh siad ag ullmh\u00fa sagairt, a raghadh amach ar fud an domhain mh\u00f3ir, agus a chasfadh ar Shasanaigh, ach go h\u00e1irithe, i gcr\u00edocha ollmh\u00f3ra na hAifrice, agus tuigfidh t\u00fa ansin, an ch\u00fais ar theastaigh uathu go mbeadh deis \u00e1r labhartha againne, i gcomhluadar d\u00e1 leith\u00e9id.  Bh\u00ed m\u00edbhunt\u00e1iste ag baint leis an scil sin freisin, n\u00f3 bh\u00ed an baol ann, go gcaillfe\u00e1 an meas a bh\u00ed agat, go dt\u00ed sin, ar do chan\u00faint d\u00fachais fh\u00e9in.  N\u00edor deineadh aon iarracht riamh an sc\u00e9al ioml\u00e1n a mh\u00edni\u00fa d\u00fainn, s\u00e9 sin, nach raibh muid ag iarraidh c\u00fal a thabhairt ar \u00e1r gcine fh\u00e9in, n\u00f3 ar a can\u00faint, ach go raibh muid ag ullmh\u00fa sinn fh\u00e9in le dul i dteangmh\u00e1il le daoine nach dtuigfeadh, go r\u00f3-mhaith, an chan\u00faint sin, agus d\u00e1 thairbhe sin, go raibh s\u00e9 feili\u00fanach go bhfoghlaimeodh muidinne a gcan\u00faint si\u00fad freisin, mar \u00e1is, leis an Dea-sc\u00e9al a leathadh i gCr\u00edocha Imchiana an Domhain mh\u00f3ir.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Leagadh an-bh\u00e9im ar chluich\u00ed agus acla\u00edocht coirp, fad is a bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in im mhac l\u00e9inn, sa scoil ch\u00e9anna sin.  Bh\u00edodh cluich\u00ed againn go rialta, sin agus bh\u00edodh corpoideachas mar \u00e1bhar ar an gcl\u00e1r, chuile sheachtain.  N\u00edorbh \u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach bh\u00edodh corpoili\u00faint \u00e1 cleachtadh againn, ar feadh leathuair a chloig, chuile mhaidin, geall leis.  Bhain m\u00e9 fh\u00e9in an-taitneamh as an taobh sin d\u00e1r scola\u00edocht, agus b\u00edodh nach raibh m\u00e9 ar an t\u00e9 ab fhearr chucu, ag an am gc\u00e9anna, geallaimse dhuit \u00e9 nach raibh m\u00e9 ar an duine ba mheasa, ach oiread.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach ait go deo na ruda\u00ed beaga at\u00e1 fanta liom, tar \u00e9is imeacht na mblianta, n\u00f3 t\u00e1 breis is tr\u00ed sc\u00f3r bliain seolta leo, tr\u00ed mhuileann an ama, \u00f3 bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in im mhac l\u00e9inn ansin, ach mar sin fhein, is gl\u00e9, glinn, a fhanann cuimhne an lae \u00fad ar chuir an fothach gath ionnam.  Bh\u00ed nead ag na fothaigh ch\u00e9anna sin, ar thaobh cheann de na b\u00f3ithr\u00edn\u00ed, mar a mb\u00edmisne ag si\u00fal\u00f3id, le linn chaitheamh aimsire.  Bhuel, an l\u00e1 \u00e1irithe seo, chuaigh m\u00e9 fh\u00e9in r\u00f3-ch\u00f3ngarach don nead sin, agus m\u00e9 ag s\u00fail go gcuirfinn na fothaigh sa t\u00f3ir ar mo chomp\u00e1naigh, ach m\u00e1 sea, d\u2019fhill an feall sin orm fh\u00e9in, ach, ansin nach raibh an n\u00f3s fillte sin ag an bhfeall c\u00e9anna \u00f3 thosach aimsire! agus chuir an fothach m\u00f3r seo ga ionnam, d\u00edreach faoin tsr\u00f3n, agus ba ghairid ina dhiaidh sin, go raibh ar mo chumas mo liobar uachtair a fheicsint go soil\u00e9ir, bh\u00ed s\u00e9 chomh hata sin.  Mh\u00fain na fothaigh sin ceacht domsa an l\u00e1 sin, ceacht n\u00e1r dhearmad m\u00e9 san idirlinn, geallaimse dhuit \u00e9. Sea, n\u00e1 bac le mac a\u2019 bhacaigh, is n\u00ed bhacfaidh mac an bhacaigh leat!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Sea, agus is cuimhin liom an su\u00edoch\u00e1n samhraidh sin a bh\u00ed againn os comhair na scoile amach, agus an chaoi a mb\u00edmis in \u00e1r su\u00ed ar \u00e1r socracht ar an su\u00edoch\u00e1n sin, go h\u00e1irithe, nuair a bh\u00edodh am saor againn le linn na Scr\u00faduithe Poibl\u00ed.  Is cuimhin liom f\u00f3s, sinn a bheith ansin ag comhr\u00e1 faoi pheil agus faoi iom\u00e1int.  Nach ait gur fhan na ruda\u00ed beaga sin liom, agus go bhfuil dearmad glan d\u00e9anta agam ar a mb\u00edodh ar si\u00fal againn sna ranganna?  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cuimhne eile a shn\u00e1mhann aniar chugam anois as loch na gcuimhn\u00ed isea an l\u00e1 a ndeachaigh muid uilig ar sheilg go C\u00f3bh Chorca\u00ed, s\u00edlim.  Ar an traein is ea chuamar, agus tharla gur \u00e9irigh le diabhl\u00e1nach eic\u00ednt in \u00e1r measc greim a fh\u00e1il ar bhuid\u00e9al f\u00edona.  Thug mo dhuine an nod do dhream beag againn, agus d\u2019\u00e9irigh linn \u00e9al\u00f3 \u00f3n mbu\u00edon, ar feadh scathaimh, agus i rith an ama sin, chuaigh an buid\u00e9al sin \u00f3 dhuine go duine againn, go dt\u00ed nach raibh deoir f\u00e1gtha sa bhuid\u00e9al.  Faoin am sin, bh\u00ed chuile dhuine againn <strong><em>maith go leor<\/em><\/strong>, agus don chuid eile den turas sin, bh\u00edomar ag canadh, ag insint sc\u00e9alta grinn, agus giota\u00ed seanchais, do na leaids eile.  Bhaineadar si\u00fad an-taitneamh as an gcuideachta a chuireamarna ar f\u00e1il d\u00f3ibh, saor in aisce, ach t\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, go raibh an sagart a bh\u00ed in\u00e1r mbun, amhrasach go maith f\u00fainn, n\u00edor dh\u00fairt s\u00e9 tada riamh linn faoi na c\u00farsa\u00ed sin, ina dhaidh sin.  Is d\u00f3cha nach raibh s\u00e9 r\u00f3-chinnte go raibh chuile mhac an pheata againn chomh h\u00f3lta le breitheamh, ach ag an am gc\u00e9anna, bheadh roinnt eic\u00ednt d\u00e1 mhille\u00e1n sin airsean, \u00f3 tharla gur cuireadh eisean in\u00e1r bhfeighil!  B\u00edodh sin mar at\u00e1, n\u00edor baineadh d\u00edoltas ar bith amach, n\u00f3 n\u00edor gearradh pion\u00f3s ar bith orainne as an diabhla\u00edocht sin a dheineamar, an l\u00e1 \u00fad, ar \u00e1r mbealach go C\u00f3bh Chorca\u00ed.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ag breathn\u00fa siar anois, d\u00e9arfainn gur mar sin a b\u2019fhearr \u00e9, n\u00f3 d\u2019fhoghlama\u00edomar \u00e1r gceacht, geallaimse dhuit \u00e9, n\u00f3 is maith a bh\u00ed a fhios againn, gur dheineamar rud a bh\u00ed crosta, amach agus amuigh, orainn, agus tuigeadh d\u00fainn an tionchar a bh\u00edonn ag alc\u00f3il ar dhuine.  Sea, agus tuigeadh d\u00fainn freisin, go raibh an t-\u00e1dh linn n\u00e1r tugadh bata agus b\u00f3thar d\u00fainn as Col\u00e1iste Sheosaimh amach, de bharr na meisce sin!  Mo chuidse de, n\u00ed dheachaigh m\u00e9 thar f\u00f3ir leis an \u00f3l \u00f3n l\u00e1 sin anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.  Sea, mh\u2019anam, fanann cuimhne an lae \u00fad go glas i gcistin mo chuimhne f\u00f3s.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cuimhn\u00ed eile a fhilleann chugam anois, isea na cluich\u00ed uilig sin, ar ligeadh chucu sinn, le linn dom bheith i gCorcaigh na long.  N\u00e1r mh\u00f3r an taitneamh a bhaineamar as an gcorrchluiche Sacair, a chonaiceamar th\u00edos ansin, le linn an chogaidh mh\u00f3ir.  Chuir m\u00e9 fh\u00e9in suim, agus dh\u00e1 shuim, sna cluich\u00ed sin, n\u00f3 ba mhinic m\u00e9 ag \u00e9istreacht le m\u2019athair agus a chairde ag seanchas, cois na tine fad\u00f3, faoi na cluich\u00ed bre\u00e1tha Sacair a chonaic siadsan, tr\u00e1th raibh siad ag scl\u00e1bha\u00edocht, mar n\u00e1ibhithe, thall in Albain, le linn a n-\u00f3ige si\u00fad.  Ligt\u00ed amach freisin sinn nuair a bh\u00edodh cluich\u00ed m\u00f3ra sa pheil n\u00f3 san iom\u00e1int \u00e1 n-imirt sa chathair, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur chuir na cluich\u00ed c\u00e9anna go m\u00f3r leis an bpleisi\u00far, agus leis an spraoi, a bh\u00ed \u00e1 mbaint agam as an saol, faoin am sin.  Chonaic m\u00e9 fathaigh mh\u00f3ra na peile agus na hiom\u00e1na ag cleachtadh a scileanna i gCorcaigh na na gCuan, an tr\u00e1th \u00fad.  Chonaic m\u00e9 laochra ar n\u00f3s na dearth\u00e1ireacha Mhic Aoidh, \u00f3 Luimneach, Criost\u00f3ir \u00d3 Rinn, Corca\u00edoch cleasach an cham\u00e1in, sea, agus c\u00e1 bhf\u00e1gfainn Seosamh \u00d3 Ceoch\u00e1in, an fathach sin a sciobadh an chaid as sp\u00e9artha nimhe anuas, sea, agus na sc\u00f3rtha eile, a bhfuil a n-ainmneacha dearmadtha agam faoin am seo, ach a bhfuil a lorg f\u00e1gtha go soileir ar url\u00e1r m\u2019anama acu, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 7 . N\u00e1r bhre\u00e1 go deo an su\u00edomh a bh\u00ed ag Col\u00e1iste Sheosaimh, i Wilton, ar imeall chathair Chorca\u00ed. Bh\u00ed Glais\u00edn agus an T\u00f3chair an-ch\u00f3ngarach d\u00fainn, agus bh\u00edodh muid \u00e1 dtabhairt faoi deara, go minic. Os comhair an Chol\u00e1iste [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12411","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12411","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12411"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12411\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12412,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12411\/revisions\/12412"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12411"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12411"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12411"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}