{"id":12415,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12415"},"modified":"2024-04-08T02:09:13","modified_gmt":"2024-04-08T02:09:13","slug":"eachtraigh-duinn-23","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-duinn-23\/","title":{"rendered":"Eachtraigh d\u00fainn 23"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Caibidil   9<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ag an bpointe seo, b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1rbh aon dochar \u00e9, tamall a chaitheamh ag breathn\u00fa siar ar na blianta sin go l\u00e9ir a chaitheamar i mbun na Scr\u00faduithe Teistim\u00e9ireachta, f\u00e9achaint arbh am am\u00fa iad, chomh fada is a bain s\u00e9 le traen\u00e1il don tsagartacht.  T\u00e1 m\u00e9 cinnte, go nd\u00e9arfadh daoine \u00e1irithe nach raibh maitheas ar bith ag baint leo mar ullmh\u00fach\u00e1n don ghairm bheatha sin, n\u00f3 ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, bh\u00ed na dalta\u00ed i bhfad r\u00f3-\u00f3g,  le dul i gcionn bheartas d\u00e1 leith\u00e9id, agus sa dara h\u00e1it, bheadh s\u00e9 i bhfad n\u00edos fearr, sinn a fh\u00e1g\u00e1il ag foghlaim na cr\u00edosta\u00edochta, mar bhaill de chlann chaitliceach, in\u00e1r mbailte fh\u00e9in, sa bhaile.  Agus ar bhealach, ba dheacair cur i gcoinne na tuairime sin, ach, is d\u00f3cha go raibh taobh eile ar an sc\u00e9al freisin.  Ar an gc\u00e9ad \u00e1sc, tuigeadh do na sagairt a bh\u00ed i mbun an SMA, gur ch\u00f3ir d\u00f3ibh oideachas den dara leibh\u00e9al a chur ar f\u00e1il d\u00e1r muintir, chomh fada is d\u2019fh\u00e9adfaid\u00eds, agus n\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1 anseo, nach raibh \u00e1 dh\u00e9anamh acu ach an rud a bh\u00ed \u00e1 dh\u00e9anamh ag Easpaig \u00c9ireann, tr\u00e1th bhunaigh siad a gCol\u00e1ist\u00ed Deoiseacha fh\u00e9in, tar \u00e9is mhaol\u00fa a theacht ar na p\u00e9indlithe, san ocht\u00fa agus sa nao\u00fa haois d\u00e9ag.  Bhunaigh siadsan Col\u00e1ist\u00ed Deoiseacha, ar ar thug siad Cliarscoileanna s\u00f3isiaracha.  Ba \u00ed an chusp\u00f3ir a bh\u00ed ag an Col\u00e1ist\u00ed sin n\u00f3 oideachas Caitliceach a leathadh i measc an phobail chaitlicigh, agus ag an am gc\u00e9anna, mic l\u00e9inn a ullmh\u00fa don Chliarscoil Sinsearach, i M\u00e1 Nuat.  Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, go raibh an d\u00e1 chusp\u00f3ir ch\u00e9anna sin ag na Me\u00e1nscoileanna \u00fad a bhunaigh Cumann Misin\u00e9ir\u00ed chun na hAfraice, Col\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3Naofa, i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada, agus Col\u00e1iste Sheosaimh, i Wilton, s\u00e9 sin, le hoideachas caitliceach a chur ar f\u00e1il, agus ag an am gc\u00e9anna, bheadh s\u00fail acu, go raghadh bun\u00fas na mac l\u00e9inn sin ar aghaidh lena n\u00f3iv\u00edseacht a dh\u00e9anamh i gCill Cholgain, Contae na Gaillimhe, agus le Diacht a dh\u00e9anamh ina dhiaidh sin ina gCliarscoil, i nDroim an tS\u00edn, i gContae an D\u00fain.  D\u00e1 dt\u00f3gfadh siad thart ar thriocha mac l\u00e9inn isteach i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada, bheadh an    t-\u00e1dh ina gcaip\u00edn, d\u00e1 nd\u00e9anfa\u00ed c\u00faigear fi\u00fa, as an dtriocha sin a oirni\u00fa ina sagairt, in Ardeaglais I\u00fair Chinn Tr\u00e1, tar \u00e9is d\u00f3ibh deich mbliana a chaitheamh ag cur l\u00e9inn an tsagairt orthu.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9, go d\u00edreach, an babhta seo, ach chuige seo&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cad \u00e9 go d\u00edreach a bh\u00ed \u00e1 m\u00faineadh acu sna Col\u00e1ist\u00ed sin, thar mar a bheadh \u00e1 m\u00faineadh d\u00e1 ndalta\u00ed i ngn\u00e1thmhe\u00e1nscoileanna na tr\u00e9imhse sin?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, \u00f3 tharla go mba leo fh\u00e9in na scoileanna, is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, go mba mhe\u00e1nscoileanna pr\u00edobh\u00e1ideacha iad, ach amh\u00e1in, go raibh cl\u00e1racha na Roinne Oideachais \u00e1 m\u00faineadh iontu, agus cib\u00e9 deontas a bh\u00ed ar f\u00e1il, ag an am, ag dul d\u00f3ibhsean freisin.  Thug sin deis d\u00f3ibh m\u00fainteoir\u00ed oiri\u00fanacha a chur i mbun oibre iontu, agus thug s\u00e9 cead d\u00f3ibh freisin, b\u00e9im a leagan ar seo n\u00f3 ar si\u00fad, de r\u00e9ir mr a thogair siad, fad is a bh\u00ed cl\u00e1r na Roinne \u00e1 mh\u00faineadh acu.   Bh\u00ed ar a gcumas freisin, saol an mhic l\u00e9inn a leagan amach ar mhodh a chuirfeadh ar a gcumas, dearcadh spiorad\u00e1lta a shn\u00edomh isteach tr\u00ed shaol na ndalta\u00ed, \u00f3 \u00e9ir\u00ed ar maidin d\u00f3ibh, go dt\u00ed m\u00fachadh na soilse d\u00f3ibh, i ndeireadh an lae thiar. B\u2019in an f\u00e1th a raibh orainne \u00e9ir\u00ed ar a s\u00e9 a chlog chuile mhaidin, \u00f3 cheann ceann na bliana!  B\u2019in an f\u00e1th freisin, a raibh orainn freastal ar phaidreaacha na maidine, seal a chaitheamh ag machtnamh, agus ansin an tAifreann a \u00e9isteacht, chuile mhaidin.  Ina dhiaidh sin, agus roimh an mbricfeasta, bh\u00edodh orainn seal a chaitheamh ag glanadh an t\u00ed, duine ag scuabadh, duine ag snasadh, duine ag glanadh deannaigh, agus duine eile f\u00f3s ag n\u00ed t\u00edleanna, b\u2019fh\u00e9idir.  Sa tsl\u00ed sin, mh\u00faint\u00ed do na dalta\u00ed, conas obair t\u00eds a dh\u00e9anamh, n\u00f3 bheadh a leith\u00e9id riachtanach ar na misin choigr\u00edche, ar ball.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edos d\u00e9ana\u00ed sa l\u00e1, nuair a bheadh na ranganna faoi l\u00e1n tseol, leagta\u00ed an-bh\u00e9im ar dhearcadh spiorad\u00e1lta, agus ar chleachtadh Cr\u00edosta\u00ed.  Ba chuma c\u00e9n t-\u00e1bhar a bheadh idir cham\u00e1in againn, bheadh an dearcadh Cr\u00edosta\u00ed sin ag lonnradh tr\u00ed chuile \u00e1bhar, Cuma c\u00e9 acu eola\u00edocht n\u00f3 stair, teanga n\u00f3 creideamh, a bheadh idir cham\u00e1in againn, ba \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna \u00e9.   Deineadh chuile iarracht ar su\u00e1ilc\u00ed na Cr\u00edosta\u00edochta a mh\u00faineadh d\u00fainn, tr\u00ed chleachtadh, tr\u00ed mh\u00faineadh, agus tr\u00ed shampla.  N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, go mb\u00edodh c\u00farsa\u00ed spiorad\u00e1lta againn, uair sa bhliain, ar a laghadh, agus chomh maith le sin, bh\u00edodh faoistin choitianta molta d\u00fainn, agus thugadh an fhaoistin ch\u00e9anna sin deis don anamchara comhairle a leasa a chur ar an mac l\u00e9inn.  Mar sin, n\u00ed chaillt\u00ed deis ar bith leis an \u00f3g\u00e1nach a chur ar bh\u00f3thar a leasa, agus b\u2019in obair a dh\u00e9anadh a anamchara d\u00f3, i dtr\u00e1th agus in antr\u00e1th.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Dh\u00e9anta\u00ed sinn a chosaint ar chathuithe an tsaoil mh\u00f3ir seo freisin.  N\u00ed ligt\u00ed d\u00fainn iris\u00ed de chine\u00e1l ar bith, taobh amuigh d\u2019iris an Chumainn, <strong>The African Missionary<\/strong>, a bheith in\u00e1r seilbh, n\u00f3 a \u00fas\u00e1id.  N\u00ed bh\u00edodh cead againn \u00e9isteacht le cl\u00e1racha raidi\u00f3, n\u00f3 n\u00ed raibh an teilif\u00eds tagtha go h\u00c9irinn f\u00f3s, an t-am sin!  \u00d3, geallaimse dhuit \u00e9, go dtabharfa\u00ed cead d\u00fainn \u00e9isteacht le tr\u00e1chtaireacht ar chluich\u00ed Gaelacha, nuair a bh\u00edodh a leith\u00e9id ar si\u00fal, rud a bh\u00ed annamh go maith, an tr\u00e1th \u00fad   \u00d3, sea, chuirt\u00ed na treoracha sin i bhfeidhm go dian, na laethe \u00fad.  Is cuimhin liom fh\u00e9in, tr\u00e1th raibh m\u00e9 ag freasatal ar an gCliarscoil, i nDroim an tS\u00edn, gur chuir mo dheirfi\u00far gearrth\u00f3ga as nuacht\u00e1n Caitliceach chugam, \u00f3 Shasana.  Oscla\u00edodh an litir.  Fuarthas na gearrth\u00f3ga, agus n\u00edor f\u00e1gadh agam iad, agus bh\u00ed m\u00e9 tr\u00ed n\u00f3 ceithre bliana is fiche, ag an am!  Ach b\u2019in iad na rialacha, agus bh\u00edomar ina gcleachtadh.  Ach le filleadh ar na me\u00e1nscoileanna ar\u00eds&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed call dom a r\u00e1, go mb\u00edodh cleachta\u00ed faoi leith againn don Domhnach, chuile sheachtain.  Chaithimis an mhaidin ar fad, suas go dt\u00ed am dinn\u00e9ir, ag gabh\u00e1il do ch\u00farsa\u00ed creidimh, idir staid\u00e9ar agus ranganna.  Bh\u00edodh deis ag \u00fadar\u00e1is na scoileanna b\u00e9im faoi leith a leagan ar \u00e1r bhforbairt spiorad\u00e1lta, i rith an ama sin.  Chomh maith le sin, chuirt\u00ed comhairle faoi leith orainn, go rialta, agus leagta\u00ed os \u00e1r gcomhair amach, tr\u00e9ithe an mhic l\u00e9inn fhoirfe, chr\u00edochnaithe, le bheith mar mh\u00fanla againne, ag s\u00fail go nd\u00e9anfadh muid mar a dh\u00e9anfadh an m\u00fanla sin!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Theastaigh uathu freisin, go mbeadh miotal sna cn\u00e1mha againn, agus chuige sin, bh\u00edd\u00eds dian go maith orainn, agus b\u00ed cinnte nach ligfid\u00eds duine ar bith saor \u00f3 phion\u00f3s, d\u00e1 mbeadh a leith\u00e9id tuillte aige, tr\u00ed rialacha na scoile a bhriseadh, n\u00f3 tri thada eile d\u00e1 leith\u00e9id a dh\u00e9anamh.   B\u2019in an f\u00e1th ar baineadh \u00fas\u00e1id asainn mar spailp\u00edn\u00ed f\u00e1nacha, le seo agus le si\u00fad a dh\u00e9anamh.  Am ar bith a raibh obair chrua, mhaslaitheach, le d\u00e9anamh, b\u00ed cinnte go mbainf\u00ed \u00fas\u00e1id as na h\u00e1bhair sagairt le sin a dh\u00e9anamh.  Th\u00f3gta\u00ed amach ar shi\u00fal\u00f3id sinn, chuile Dhomhnach, agus geallaimse dhuit \u00e9, go mb\u00edodh muid tuirseach, traochta, s\u00e1raithe, i ndiaidh na si\u00fal\u00f3ide c\u00e9anna sin.  N\u00edorbh aon d\u00f3ich\u00edn in aonchor \u00e9, idir ocht agus deich mile sl\u00ed a shi\u00fal, tr\u00e1thn\u00f3na Domhnaigh.  Ag an am gc\u00e9anna, bh\u00edodh f\u00e1ilte againn roimh na si\u00fal\u00f3id\u00ed c\u00e9anna sin, n\u00f3, d\u00e1 mbeadh sagart cine\u00e1lta in\u00e1r mbun, thabharfadh s\u00e9 cead d\u00fainn dul isteach i siopa eic\u00ednt, fan na sl\u00ed, le milse\u00e1in agus seacl\u00e1id, agus tortha\u00ed, b\u2019fh\u00e9idir, a cheannacht, n\u00f3 cos\u00fail le d\u00e9ag\u00f3ir\u00ed an tsaoil mh\u00f3ir, bh\u00edodh ocras tar \u00e9is altaithe orainne, chuile l\u00e1!  D\u00e1 chruth\u00fa sin, nach minic a l\u00e9imfheadh duine againn thar chla\u00ed isteach i ngort turnapa\u00ed le turnapa a ard\u00fa leis, lena a ithe, fan an bhealaigh abhaile! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Bh\u00ed n\u00f3s againn i gCol\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada, dul ar thruas fada, uair amh\u00e1in sa bhliain.  Bh\u00ed cnoc ard p\u00edosa maith \u00f3n gCol\u00e1iste, Cnoc Spolgad\u00e1in a thugta\u00ed air, agus b\u2019in \u00e1r sprioc, ar an l\u00e1 \u00e1irithe sin.  N\u00edl m\u00e9 cinnte anois c\u00e9 chomh fada \u00f3 bhaile is a bh\u00ed s\u00e9, ach cheapfainn go raibh s\u00e9 deich m\u00edle \u00f3 bhaile, ar a laghad.  Ba \u00ed cusp\u00f3ir na si\u00fal\u00f3ide sin, n\u00f3 leis an miotal \u00fad a chur sna cn\u00e1mha againn, ach geallaimse dhuit \u00e9, gur bheag dalta in\u00e1r measc, a bhain taitneamh, n\u00f3 tairbhe, as an aera\u00edocht ch\u00e9anna sin.  N\u00ed bh\u00edodh againn d\u00e1 bharr, go hiond\u00fail, ach cloig agus spuaiceanna!  N\u00ed bh\u00edodh muid tagtha chugainn fh\u00e9in ar\u00eds, go ceann seachtaine ina dhiaidh sin.  B\u00ed ag caint ar mhiotal sna cn\u00e1mha!  Cuimhnigh freisin ar an obair go l\u00e9ir sin a dh\u00e9anaimis, chuile thr\u00e1thn\u00f3na, geall leis, ag glanadh fiail\u00ed, agus ag g\u00edot\u00e1il b\u00f3ithre na scoile, ag leagan crann, agus ag scoilteadh adhmaid.  N\u00ed bh\u00edodh ar dhalta\u00ed sna gn\u00e1th-me\u00e1nscoileanna obair d\u00e1 leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, geallaimse dhuit \u00e9!  Ach smaoinigh ansin, go rabhthas d\u00e1r n-ullmh\u00fa don tsagartacht, agus tuigfidh t\u00fa c\u00e9n f\u00e1th a rabhthas chomh dian sin orainn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach bog n\u00f3 dian, n\u00ed raibh ionainne ach gn\u00e1th\u00f3g\u00e1naigh, agus an daonnacht ch\u00e9anna ionainne, is a bh\u00ed i ngach \u00f3g\u00e1nach eile d\u00e1r gcomhaois.  Bh\u00ed a shliocht orainn, n\u00f3 b\u00edodh gur deineadh chuile iarracht ar mhanaigh fhoirfe a dheanamh dinn, b\u00ed cinnte, go raibh fonn diabhla\u00edochta orainne, rud a d\u2019fh\u00e1g na hiarrachta\u00ed c\u00e9anna sin gan \u00e9ifeacht, minic go leor.  Breathnaigh ar an gcaoi ar thug fear againn buid\u00e9al f\u00edona leis, ar aera\u00edocht a bh\u00ed againn go C\u00f3bh Chorca\u00ed, agus ar an gcaoi ar bhlais dream beag againn de, agus gurbh \u00e9 toradh a bh\u00ed ar an eachtra sin, n\u00f3 go raibh seisear, n\u00f3 mar sin d\u00ednn, maith go leor, tar \u00e9is an \u00f3il.  N\u00ed raibh cead againn toit\u00edn\u00ed a chaitheamh, ach b\u00edodh nach raibh fh\u00e9in, b\u00ed cinnte go mb\u00edodh an corrphuth againn, os \u00edseal, am ar bith a dtugta\u00ed an deis d\u00fainn.  F\u00e9ach freisin, an chaoi a nd\u00e9anaimis \u00farscealta, agus a leith\u00e9id, a l\u00e9amh, i ngan fhios, le linn am staid\u00e9ir, n\u00f3 faoin bpluid, san o\u00edche, le cabhair \u00f3 sholas t\u00f3irse.  Sea, agus corruair, d\u2019fhanadh fear againn sa leaba ar maidin, ag ligint air go raibh s\u00e9 go dona tinn, nuair nach mb\u00edodh faic na fr\u00edde air, ach easba codlata.  Ach tr\u00edd is tr\u00edd, bheadh s\u00e9 n\u00edos deacra rud d\u00e1 leith\u00e9id a dh\u00e9anamh in\u00e1r meascna, n\u00e1 mar a bheadh s\u00e9 a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh sa ghn\u00e1thmhe\u00e1nscoil, ag an am.  N\u00f3 bh\u00ed sl\u00ed iompair faoi leith in\u00e1r measc-na.  N\u00ed raibh teach s\u00e1bh\u00e1ilte in\u00e1r measc, le coimirce a chur ar f\u00e1il don lucht m\u00edghn\u00edomha, agus sa tsl\u00ed sin, bh\u00ed seans i bhfad n\u00edos fearr ag \u00fadr\u00e1is \u00e1r scoileanna teacht suas leis an t\u00e9 a bh\u00ed ag dul ar strae, agus freisin, leis an t\u00e9 a bheadh ag iarraidh a chomhscol\u00e1ir\u00ed a mhealladh s\u00edos b\u00f3thar a n-aimhleasa.  Is d\u00f3cha, mar sin, go gcaithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, ar deireadh thiar, gur \u00e9irigh, tr\u00edd is tr\u00edd, leis an gc\u00f3ras smachta, agus traen\u00e1la, a bh\u00ed in \u00fas\u00e1id sna scoileanna s\u2019againne, agus ar an m\u00f3rg\u00f3ir, gur cuireadh an smacht sin i bhfeidhm go ceart, c\u00f3ir, carthannach, c\u00e9 gur f\u00edor, go ndeachaigh an corrdhuine, anseo is ansi\u00fad, thar f\u00f3ir, ina dh\u00fathracht le sinn a chur ar chas\u00e1n \u00e1r leasa.  Ag breathn\u00fa siar ar na laethe sin, agus ar na daoine sin, anois, n\u00ed f\u00e9idir liom a r\u00e1 go bhfuil fearg n\u00f3 fuath fanta sa chro\u00ed istigh ionnam do dhuine ar bith, a bh\u00ed i mo bhunsa, n\u00f3 de bharr tada ar bith a deineadh dom, le linn dom bheith ag freastal ar na me\u00e1nscoileanna sin.  Ach ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, ba mhaith liom anois mo bhu\u00edochas \u00f3 chro\u00ed a chur in i\u00fal do na m\u00fainteoir\u00ed uilig, a raibh baint ar bith acu liomsa, le linn dom bheith faoina gc\u00faram.  Ba ghn\u00e1thdhhaoine iad si\u00fad freisin, agus t\u00e1 m\u00e9 cinnte, gur chuireamar le b\u00e1in\u00ed, agus le buile iad, minic go leor, na laethe \u00fad, n\u00f3 n\u00edorbh aon aingil ar thalamh sinne, geallaimse dhuit \u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, f\u00e1gaimis \u00e9 si\u00fad mar at\u00e1 s\u00e9, do thuras na huaire seo<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 9 . Ag an bpointe seo, b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1rbh aon dochar \u00e9, tamall a chaitheamh ag breathn\u00fa siar ar na blianta sin go l\u00e9ir a chaitheamar i mbun na Scr\u00faduithe Teistim\u00e9ireachta, f\u00e9achaint arbh am am\u00fa iad, chomh fada is a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12415","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12415","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12415"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12415\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12416,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12415\/revisions\/12416"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12415"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12415"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12415"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}