{"id":12417,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12417"},"modified":"2024-04-08T02:09:13","modified_gmt":"2024-04-08T02:09:13","slug":"eachtraigh-duinn-24","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-duinn-24\/","title":{"rendered":"Eachtraigh d\u00fainn 24"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h    D \u00fa i n n  <\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Caibidil   10<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Le cupla caibidil anois, bh\u00ed an t\u00e9arma <strong>SMA<\/strong> \u00e1 \u00fas\u00e1id agam go rialta, agus i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edor dhein m\u00e9 aon r\u00f3-iarracht ar an t\u00e9arma sin a mh\u00edni\u00fa daoibh, agus tuigtear dom anois, n\u00e1rbh olc an tseift \u00ed, tamall a chaitheamh ag cur s\u00edos ar an Eagra\u00edocht Mhiseanach sin, a raibh m\u00e9 fh\u00e9in ag iarraidh f\u00e1il isteach inti, an tr\u00e1th \u00fad.  Anois, n\u00ed hOrd Cr\u00e1bhaidh at\u00e1 i gceist againn anseo, ach Cumann Cr\u00e1bhaidh, n\u00f3 c\u00e9 nach mb\u00edonn fl\u00fairse airgid ag duine ar bith den Chumann c\u00e9anna sin, go bhfios domsa ach go h\u00e1irithe, ag an am gc\u00e9anna, n\u00ed bh\u00edonn orthu M\u00f3id Bhochtaineachta a thabhairt.  B\u00edonn orthu M\u00f3id Umhla\u00edochta a thabhairt, n\u00ed d\u00e1 n-easpag, ach d\u00e1 n-uachtar\u00e1in fh\u00e9in, agus do cib\u00e9 duine a chuirfeadh na huachtar\u00e1in ch\u00e9anna sin ina mbun.  Chomh fada is bhaineann s\u00e9 leis an SMA sin, tagann sin \u00f3 ainm an Chumainn sa Laidin.   \u201c<strong>S<\/strong>ocietas <strong>M<\/strong>issionum ad <strong>A<\/strong>fros\u201d, a thugtar orthu sa teanga \u00e1rsa sin, agus b\u2019iad cinnlitreacha na bhfocal sin a d\u2019fh\u00e1g  <strong>SMA<\/strong> mar ainm orthu.  Bh\u00ed ceangal idr an C\u00faige \u00c9ireannach den Chumann sin leis an bhFrainc, d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00f3 ba Easpag Francach a bhunaigh an Cumann, sa bhliain 1856<strong>.  Joseph Marion de Bresillac,<\/strong> a bh\u00ed ar an easpag sin.  B\u2019fhear \u00e9, a raibh blianta caite san India aige, agus \u00f3 tharla gur \u00e9irigh s\u00e9 as a chuid oibre ansin, nuair a th\u00e1inig s\u00e9 ar ais chun na Fraince, theastaigh uaidh misean chun na hAifrice a bhun\u00fa.  Thug s\u00e9 cuairt ar an Vatac\u00e1in, le cead chuige sin a lorg, agus ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il \u00e9, n\u00f3 gur thug an P\u00e1pa an cead sin d\u00f3, agus thug \u201cSierra Leone\u201d mar Chr\u00edoch Mhisineach d\u00f3.  Bhailigh s\u00e9 na pingneacha, agus cheannaigh teach i Lyons na Fraince, agus i gcionn cupla bliain, bh\u00ed tri\u00far sagart agus beirt bhr\u00e1ithre, maraon leis an Easpag fh\u00e9in, amuigh i Sierra Leone, i mbun oibre, ach ar an drochuair, bh\u00ed an Fiabhras Bu\u00ed ag r\u00e9abadh roimhe sa t\u00edr sin, ag an am, agus taobh istigh d\u2019achar gearr, cailleadh chuile dhuine den Chumann a bh\u00ed i Sierra Leone ag an am.  N\u00ed raibh f\u00e1gtha ansin, i gceanncheathr\u00fa na Misean, i Lyons, ach Pere Planque, a f\u00e1gadh i mbun c\u00farsa\u00ed ansin, agus beirt shagart, beirt bhr\u00e1ithre agus ceathrar \u00e1bhar sagairt.  Thug an tAthair Planque aghaidh ar an R\u00f3imh, agus leag a ch\u00e1s os comhair an Ph\u00e1pa fh\u00e9in, agus d\u00fairt leis, gur mhaith leis lean\u00faint le f\u00eds an Easpaig de Bresillac a chur i gcr\u00edch.  Thug an P\u00e1pa a bheannacht fh\u00e9in d\u00f3, agus mhol d\u00f3 cas\u00e1n an easpaig a leanacht.  Ba dhian an misean \u00e9, ag an am sin, n\u00f3 ba \u00e9 ainm a bh\u00ed ar an gcr\u00edoch mhiseanach sin acusan, ag an am, n\u00f3 Reilg na  bhFhear Geal, agus c\u00fais mhaith chuige sin, n\u00f3 n\u00ed mhaireadh na fir gheala ch\u00e9anna ann, ar an me\u00e1n, ach thart ar dh\u00e1 bhliain.  Caithfidh go raibh creideamh thar na bearta ag na misin\u00e9ir\u00ed sin!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bheannaigh Dia a saothar, n\u00f3 taobh istigh de dheich mbliana, bh\u00ed triocha sagart den Chumann ag saothr\u00fa leo sa mhisean sin, agus faoin mbliain 1907 bh\u00ed breis agus dh\u00e1 ch\u00e9ad misin\u00e9ir amuigh ansin san Aifric acu.  B\u00ed ag caint ar fh\u00e1s aon o\u00edche!   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach caithfimid dul siar beag\u00e1in\u00edn, go dt\u00ed seacht\u00f3id\u00ed an nao\u00fa haois d\u00e9ag, nuair a tharla go raibh dh\u00e1 chr\u00edoch mhiseanacha th\u00e1bhachtacha ag an SMA ina raibh B\u00e9arla \u00e1 \u00fas\u00e1id go hoifigi\u00fail iontu, agus b\u2019in iad an Nig\u00e9ir, ar choil\u00edneacht Sasanach \u00ed, \u00f3n mbliain 1862, agus An Aifric Theas, mar a raibh B\u00e9arla riachtanach do na misineir\u00ed.  Mar sin, theastaigh misin\u00e9ir\u00ed le B\u00e9arla go g\u00e9ar uathu, agus b\u2019in a tharraing a n-aird ar \u00c9irinn, a ch\u00e9aduair. Sa bhliain 1876, d\u2019oscail an SMA misean san Airfic Theas, agus tharla gur chuir siad aithne ar shagart \u00c9ireannach, d\u00e1rb ainm James O Haire sa Chr\u00edoch sin, agus b\u2019eisean a mhol d\u00f3ibh dul go h\u00c9irinn, le misin\u00e9ir\u00ed a earc\u00fa ansin, le teacht i gcabhair orthu.  Ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il sin \u00e9, no gur chuireadar an tAthair O Haire fh\u00e9in go h\u00c9irinn thar a gceann.  Thug s\u00e9 a aghaidh ar Chorcaigh na Long, agus fuair cead \u00f3 Easpag Chorca\u00ed d\u00e1 thionscadal.  An bhliain d\u00e1r gcionn, chuir s\u00e9 cearthrar mac l\u00e9inn \u00f3 Chorcaigh go dt\u00ed an Chliarscoil i Lyons na Fraince, le dul i mbun staid\u00e9ir don tsagartacht ansin. N\u00edor fhan an tAthair O Haire i bhfad i gCorcaigh, n\u00f3 n\u00edor bhall den SMA riamh \u00e9, agus chuaigh s\u00e9 arais chun na hAfraice Theas ar\u00eds, chomh luath agus a d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9.  Cuireadh sagart Francach, \u201cPere Francois Devoucoux\u201d go h\u00c9irinn, sa bhliain 1878, lena \u00e1it a l\u00edonadh ansin.  Th\u00e1inig Sasanach saibhir, a d\u2019iompaigh ina Chaitliceach tamall roimhe sin, i gcabhair ar an sagart Francach sin, agus tr\u00edna chabhair si\u00fad, cheannaigh s\u00e9 seal\u00fachas bre\u00e1 ar Bh\u00f3thar na Carraige Duibhe, i gCorcaigh, agus ba ar an su\u00edomh sin a t\u00f3gadh scoil sa bhliain 1880, agus s\u00e9ip\u00e9al, an bhliain d\u00e1r gcionn, agus is ar an su\u00edomh sin at\u00e1 cro\u00ed agus ceanncheathr\u00fa an SMA sa t\u00edr seo, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.  Ba \u00e9 a theastaigh \u00f3 na Francaigh \u00e1fach, n\u00f3 an scoil sin a \u00fas\u00e1id, le mic l\u00e9inn a ullmh\u00fa d\u00e1 gCliarscoil fh\u00e9in i Lyons, ach ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, n\u00ed raibh an oiread sin mic l\u00e9inn \u00e1 n-earc\u00fa acu, agus n\u00edos measa f\u00f3s, d\u2019\u00e9irigh roinnt mhaith d\u00edobh sin as an staid\u00e9ar, sular oirn\u00edodh ina sagairt thall iad.  Ansin, tuigeadh d\u00f3ibh, sa bhFrainc, go mba mhaith an smaoineamh \u00e9, \u00fas\u00e1id a bhaint as an scoil sin i gCorcaigh, le deis a thabhairt do mhic l\u00e9inn Francacha, seal a chaitheamh ansin ag foghlaim B\u00e9arla.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sa mbliain 1883, cuireadh ball eile den Chumann go h\u00c9irinn, in \u00e1it \u201cPhere Devoucoux\u201d.  Eilbh\u00e9iseach ba ea an tAthair Joseph Zimmerman, agus chaith seisean ocht mbliana is fiche i gCorcaigh, agus b\u2019eisean, thar \u00e9inne eile, a mh\u00fanlaigh an C\u00faige \u00c9ireannach den SMA.  D\u2019\u00e9irigh leis an sagart iontach seo dul i gcionn ar easpaig, ar shagairt agus ar thuata\u00ed \u00c9ireann, agus fuair cabhair agus c\u00fanamh fial flaithi\u00fail uathu.  Ach ba ch\u00f3ir a lua anseo, go ndeachaigh s\u00e9 i gcionn, ar bhealach speisialta, ar <strong>Llewellyn Blake<\/strong>, ball de cheann de na clanna caitliceacha ba ch\u00e1ili\u00fala san Iarthar \u00f3 th\u00e1inig muintir <strong>De Burgo<\/strong> chun na d\u00faiche sin, sa dara haois d\u00e9ag, agus ba in \u00f3m\u00f3s d\u00e1 shinsir Bhreatnacha a baisteadh Llewellyn air.  B\u2019iarshaighdi\u00fair \u00e9, a chaith seal ag saighdi\u00faireacht san India, mar bhall de na <strong>Connaught Rangers<\/strong>, mar ar bhain s\u00e9 c\u00e9im <strong>Leifteanantchorn\u00e9al<\/strong> amach d\u00f3 fh\u00e9in.  B\u2019fhear saibhir \u00e9, a raibh teach bre\u00e1 m\u00f3r aige i Cloughballymore, l\u00e1imh le Cill Cholgain, i gContae na Gaillimhe.  Bhuel, ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il \u00e9, gur bhronn s\u00e9 an teach sin ar an SMA, ach mhair s\u00e9 fh\u00e9in sa teach sin in \u00e9indigh leo, go deireadh a laethe.  Ar ball, fuair s\u00e9 teach m\u00f3r a athar, <strong>Ballinafad House<\/strong>, le hoidhreacht \u00f3na athair, agus bhfuil fhios agat c\u00e9ard a rinne s\u00e9 leis an teach sin freisin?  Sea, thug s\u00e9 an teach sin freisin don SMA, sa bhliain 1908, agus b\u2019in an \u00e1it a raibh Col\u00e1iste an Chro\u00ed R\u00f3Naofa, i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada, mar ar chaith m\u00e9 fh\u00e9in dh\u00e1 bhliain, ag freastal air, i dt\u00fas na ndachaid\u00ed.  N\u00edorbh \u00e9 amh\u00e1in gur bhronn Llewellyn an d\u00e1 \u00e1ras \u00e1lainn sin ar an SMA, ach bh\u00ed dh\u00e1 east\u00e1t fhairsinge ag gabh\u00e1il leis na h\u00e1rais ch\u00e9anna sin, agus bronnadh iadsan freisin orthu,  agus chomh maith leo sin uilig, thug s\u00e9 airgead d\u00f3ibh go fial fairsing freisin, sa chaoi gur ghearr go raibh an tAthair Zimmerman ag iarraidh C\u00faige neamhsple\u00e1ch de Chumann an SMA a bhun\u00fa anseo in \u00c9irinn, n\u00f3 cheana f\u00e9in, sa bhlain 1888, d\u2019\u00e9irigh leo seal\u00fachas bre\u00e1 fairsing eile a cheannacht i Wilton, ar imeall chathair Chorca\u00ed \u00e1it ar t\u00f3gadh Col\u00e1iste Sheosaimh, agus sa bhliain 1897, th\u00f3g an tAthair Zimmerman s\u00e9ip\u00e9al bre\u00e1 ansin, i Wilton.  T\u00e1 an s\u00e9ip\u00e9al ansin go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann, agus bheadh fhios agat l\u00e1ithreach, go raibh baint eic\u00ednt ag an seip\u00e9al sin leis an Eilbh\u00e9is, n\u00f3 t\u00e1 crochadh an d\u00edn n\u00edos g\u00e9ire i bhfad n\u00e1 mar a gheof\u00e1, coitianta, sa t\u00edr seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">P\u00e9\u2019r bith sc\u00e9al \u00e9, d\u2019\u00e9irigh leis an Athair Zimmerman an comhar a \u00edoc le Llewellyn nuair a d\u2019\u00e9irigh leis, a chur ina lu\u00ed ar an bP\u00e1pa, an teideal, <strong>Cunta<\/strong>, a bhronnadh air sa bhliain 1907, agus chomh maith le sin, deineadh ball on\u00f3rach den SMA de.  N\u00edor bheag sin, lena meas air, agus lena n-urraim d\u00f3, a l\u00e9iri\u00fa.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Fad is a bh\u00ed na ruda\u00ed sin uilig ag tarl\u00fa, bh\u00ed an sagart Eilbh\u00e9iseach sin, ar a mh\u00edle dh\u00edcheall, ag iarraidh C\u00faige \u00c9ireannach den SMA a bhun\u00fa anseo, n\u00f3, go dt\u00ed an pointe sin, n\u00ed raibh acu anseo in \u00c9irinn ach cuid den Mhisean Francach, gan Ionad Feals\u00fanachta n\u00f3 Cliarascoil d\u00e1 gcuid fh\u00e9in acu, le misin\u00e9ir\u00ed \u00c9ireannacha a ullmh\u00fa don tsagartacht iontu, ach n\u00ed raibh na Francaigh s\u00e1sta g\u00e9illeadh puinn don Athair Zimmerman, n\u00f3 d\u00e1 lucht taca\u00edochta, agus bh\u00ed ina chogadh neamha\u00ed eatarthu.  I nd\u00e1ir\u00edre, rinne siad a m\u00edle d\u00edcheall le f\u00e9achaint chuige, nach dtarl\u00f3dh a leith\u00e9id, ach i ndeireadh na d\u00e1la, bh\u00ed an br\u00fa \u00f3n Eilbh\u00e9iseach, agus \u00f3 Easpaig \u00c9ireannacha s\u00e1ch l\u00e1idir, le cur ina lu\u00ed ar an Vatac\u00e1in, gur ch\u00f3ir d\u00f3ibhsean g\u00e9illeadh, agus sa bhliain 1909, tugadh an cead p\u00e1p\u00fail do na h\u00c9ireannaigh, le scoil Feals\u00fanachta, agus Diagachta, d\u00e1 gcuid fh\u00e9in, a bhun\u00fa ina gceanncheathr\u00fa, ar Bh\u00f3thar na Carraige Duibhe, i gCorcaigh.  Oscla\u00edodh na hionaid sin, ar an 20 Me\u00e1n F\u00f3mhair, 1909, agus b\u2019in an ch\u00e9ad Mh\u00f3r-Chliarscoil, d\u00edrithe ar na misin choigr\u00edocha amh\u00e1in, a oscla\u00edodh riamh sa t\u00edr seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed ceata\u00ed sa sc\u00e9al \u00e1fach, n\u00f3 ag an bpointe seo,  dhearbhaigh na Francaigh don Vatac\u00e1in, go mbeadh siad s\u00e1sta C\u00faige \u00c9ireannach den SMA a chead\u00fa, ar choinn\u00edoll go nd\u00e9anfa\u00ed an tAthair Zimmerman a aisghairm chun na Fraince, agus an tAthair Stephen Kyne a chur go h\u00c9irinn ina \u00e1it.  Glacadh leis an gcomhgh\u00e9illeadh sin sa R\u00f3imh, b\u00edodh nach raibh na hEaspaig abhus, n\u00f3 an Cunta Blake, s\u00e1sta leis an socr\u00fa sin, olc, maith, n\u00f3 dona, agus b\u00edodh go ndearna siad chuile dh\u00edcheall a chur ina lu\u00ed ar an Vatac\u00e1in n\u00e1r ch\u00f3ir an tAthair Zimmerman a aisghairm, n\u00edor tugadh orthu \u00e1fach, ach an chluas bhodhar.  D\u2019imigh an sagart sin ar ais chun na Fraince, agus sa bhliain 1910 seoladh chun na St\u00e1t Aontaithe \u00e9, agus b\u00edodh gur chaill roinnt mhaith de na hEaspaig agus de na tuata\u00ed \u00c9ireannacha, suim sa Chumann d\u00e1 bharr, ag an am gc\u00e9anna, fuair na misin\u00e9ir\u00ed \u00c9ireannacha cead a gC\u00faige neamhsple\u00e1ch fh\u00e9in a bhun\u00fa, sa bhliain 1912.  Go gairid ina dhiaidh sin, sa bhliain 1916, dh\u00edrigh na hEaspaig \u00c9ireannacha a nd\u00fathracht ar Mhisean Mh\u00e1 Nuat chun na S\u00edne, agus ar ball ar\u00eds, sa bhliain 1932, buna\u00edodh bu\u00edon eile, The Kiltegan Fathers, le d\u00fail na nEaspag sna misin a l\u00e9iri\u00fa, d\u00fail a dh\u00faisigh an tAthair Zimmerman iontu, blianta fada roimhe sin.  Ag an am gc\u00e9anna, agus tr\u00e1th\u00fail go leor, bh\u00ed an-dul chun cinn d\u00e9anta ag an SMA \u00c9ireannach, agus bh\u00ed an tAthair Stephen Kyne chomh d\u00edograiseach sin, gur \u00e9irigh leo, n\u00ed amh\u00e1in teacht i dt\u00edr, ach d\u2019\u00e9irigh leo f\u00e1s agus forbairt, sa tsl\u00ed go raibh an C\u00faige \u00c9ireannach den Chumann neamhsple\u00e1ch ar fad ar an M\u00e1thair-Chumann sa bhFrainc.  Ach, chaithfeadh duine smaoineamh gur mh\u00f3r an trua \u00e9, gur tharla an t-easaontas sin idir an Athair Zimmerman agus an Mh\u00e1thair-Chumann c\u00e9anna sin sa bhFrainc, n\u00f3 n\u00edl dabht ar domhan, ach gur bhain an t-easaontas c\u00e9anna sin siar go m\u00f3r as a ndul chun cinn, agus as an taca\u00edocht, agus as an gc\u00fanamh, a bh\u00ed curtha ar f\u00e1il d\u00f3ibh, roimhe sin, ag Easpaig, ag sagairt, agus ag tuata\u00ed \u00c9ireann.  Ach nach \u2019in an saol agat, a mhiceo!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Faoin mbliain 1922, bh\u00ed tr\u00ed sc\u00f3r misin\u00e9ir ag saothr\u00fa leo, ar na misin choigr\u00edocha, ag C\u00faige \u00c9ireann den SMA, agus ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed c\u00e9ad triocha \u00e1bhar sagairt \u00e1      n-ullmh\u00fa don tsagartacht acu ina gc\u00faig Chol\u00e1iste, anseo i dt\u00edr na h\u00c9ireann.  Oscla\u00edodh Cliarscoil bhrea, nua, fairsing, don Chumann, in \u201dDromantine\u201d, i gContae an D\u00fain, sa bhliain 1926, nuair a d\u2019\u00e9irigh leis an gCumann \u201cDromantine House\u201d a cheannach, rud a tuigeadh a bheith dodh\u00e9anta sa taobh sin t\u00edre, ag an am..   Ach beidh tuilleadh le r\u00e1 agam <strong>faoi Cloughballymore House<\/strong> agus faoi <strong>Dromantine House<\/strong>, amach anseo.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019imigh sin \u00e1fach, agus th\u00e1inig seo, agus sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, t\u00e1 an Cumann c\u00e9anna sin beo beatha\u00edoch f\u00f3s, agus faoin am seo, t\u00e1 naoi gC\u00faige den Chumann ann, agus ceanncheathr\u00fa acu sa R\u00f3imh fh\u00e9in.  T\u00e1 breis mhaith is m\u00edle sagart acu ar mhisin, \u00f3 cheann ceann na cruinne, agus n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gurb \u00e9 an C\u00faige \u00c9ireannach, an C\u00faige is m\u00f3 orthu uilig, n\u00f3 t\u00e1 thart ar cheithre ch\u00e9ad sagart acusan ar na misin.  T\u00e1 tarraingt ar ch\u00e9ad milli\u00fan daoine ina gc\u00f3na\u00ed sna cr\u00edocha a nd\u00e9anann siad freastal orthu, \u00e1it a bhfuil thart ar 4%, n\u00f3 5%, d\u00edobh ina gCaitlicigh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, sin agat anois roinnt \u00e9igin eolais faoin \u201coutfit\u201d a raibh m\u00e9 fh\u00e9in bainteach leo, ar feadh breis is naoi mbliana, n\u00f3 bh\u00ed m\u00e9 i ngiorracht bhliain go leith do bheith oirnithe, nuair a d\u2019fh\u00e1g m\u00e9 Cliarscoil Dromantine, sa bhliain 1950.  Ach, b\u2019fh\u00e9idir go bhfuil mo sh\u00e1ith r\u00e1ite agam faoin SMA, an babhta seo, ach tuigeadh dom, nach bhf\u00e9adfa\u00ed mo sc\u00e9al a thuiscint i gceart, mura l\u00edonfainn isteach cuid den mhioneolas c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 10 . Le cupla caibidil anois, bh\u00ed an t\u00e9arma SMA \u00e1 \u00fas\u00e1id agam go rialta, agus i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edor dhein m\u00e9 aon r\u00f3-iarracht ar an t\u00e9arma sin a mh\u00edni\u00fa daoibh, agus tuigtear dom anois, n\u00e1rbh olc an tseift \u00ed, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12417","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12417","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12417"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12417\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12418,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12417\/revisions\/12418"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12417"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12417"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12417"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}