{"id":12419,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12419"},"modified":"2024-04-08T02:09:13","modified_gmt":"2024-04-08T02:09:13","slug":"eachtraigh-duinn-25","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-duinn-25\/","title":{"rendered":"Eachtraigh d\u00fainn 25"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">E a c h t r a i g h      D \u00fa i n n <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Caibidil  11<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana 1945, thug m\u00e9 aghaidh ar N\u00f3ibh\u00edseacht an SMA, i Cloughballymore House, l\u00e1imh le Cill Colgain, i gContae na Gaillimhe.  Mh\u00ednigh m\u00e9 cheana, go mba leis an gCunta Llewellyn Blake an Teach M\u00f3r c\u00e9anna sin, fear a d\u2019\u00e9irigh as an tsaighdi\u00faireacht san India agus \u00e9 na Leifteanantchoirn\u00e9al sna Connaught Rangers, reisimint de chuid Arm na Breataine, ag an am.  Ar ball, tar \u00e9is d\u00e1 bhean b\u00e1s d\u2019fh\u00e1il, agus \u00e9 f\u00e1gtha gan chlann, gan oidhre, shocraigh s\u00e9 ar a Theach M\u00f3r a bhronnadh ar an SMA, mar N\u00f3ibh\u00edseacht, rud a bh\u00ed ag teast\u00e1il go g\u00e9ar uathusan, ag an am, tharla go raibh siad ar an m\u00edle d\u00edcheall, ag iarraidh C\u00faige neamhsple\u00e1ch den Chumann sin, a bhun\u00fa anseo in \u00c9irinn.  D\u2019fhan an Cunta fh\u00e9in, ar deineadh ball on\u00f3rach den SMA de, ina ch\u00f3na\u00ed sa Teach M\u00f3r sin go dt\u00ed gur d\u00e1ileadh an chr\u00e9 leis.  N\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh chuile eolas againne faoin gCunta c\u00e9anna sin, n\u00f3 bh\u00edodh se in\u00e1r bpaidreacha chuile l\u00e1.  Ach le filleadh ar mo sc\u00e9al f\u00e9in&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba bheag feabhas a bh\u00ed tagtha ar ch\u00farsa\u00ed taistil sa t\u00edr seo, \u00f3 ch\u00e9adthaistil m\u00e9 go Wilton, Chorca\u00ed, tr\u00ed bliana roimhe sin, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, b\u2019\u00e9igean dom dh\u00e1 l\u00e1 a chaitheamh ag taisteal \u00f3 bhaile na Druime, go Teach Cloughballymore.  N\u00ed call dom a r\u00e1, go mba mhall, tuirsi\u00fail, leadr\u00e1nach, an turas \u00e9, ach i ndeireadh na feide, shroich m\u00e9 cathair na Gaillimhe, agus ceart go leor, bh\u00ed duine ansin, ag fanacht orm, le mo thabhairt \u00f3 st\u00e1isi\u00fan na traenach ansin, go dt\u00ed an N\u00f3ibh\u00edseacht.  Ni capall agus jaunt, n\u00f3 carr cliath\u00e1nach, a bh\u00ed aige seo, faoi mar a bh\u00edodh i mB\u00e9al an \u00c1tha Fhada, i gContae Mhaigh Eo.  N\u00edorbh ea mh\u2019anam, ach carr bre\u00e1 gal\u00e1nta.  Tharla go raibh beirt, n\u00f3 tri\u00far eile, ag dul ar an aistear c\u00e9anna liom, agus bhailigh an tAthair Harrington muid leis ina charr bre\u00e1, gal\u00e1nta.  Fear \u00edseal, tana\u00ed, greannmhar, ba an sagart seo, agus bh\u00ed stad ann, ach taobh amuigh de sin, b\u2019fhear l\u00e1ch, gean\u00fail, cairdi\u00fail, \u00e9, agus ollamh cliste, l\u00e9annta, eolgaiseach, freisin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed call dom a r\u00e1, nach raibh seomra\u00ed d\u00e1r gcuid fh\u00e9in le f\u00e1il againn sa N\u00f3ibh\u00edseacht sin, n\u00ed raibh, muis! N\u00ed raibh againn ach suainliosanna m\u00f3ra, fuara, folamha.  Tugadh a leaba fh\u00e9in do chuile dhuine againn, agus chuireamar pe acair\u00ed, agus \u00e9ada\u00ed, a bh\u00ed againn, isteach i gc\u00f3ifr\u00edn a bh\u00ed ag taobh na leapan, ag chuile dhuine againn.  Nuair a bh\u00ed an gn\u00f3 sin d\u00e9anta againn, tugadh ar chuairt na N\u00f3ibh\u00edseachta sinn.  Bh\u00ed ansin, in \u00e9ineacht leis na suanliosanna, bh\u00ed Aireagal bre\u00e1, fairsing, gal\u00e1nta; agus seomra\u00ed ranga, maraon le halla ollmh\u00f3r staid\u00e9ir. Teasp\u00e1ineadh an Bhialann mh\u00f3r, fhairsing, d\u00fainn freisin, agus diabhal locht ar bith a fuaireamar ar an Halla m\u00f3r c\u00e9anna sin!  N\u00ed lampa\u00ed pearaif\u00edn a bh\u00ed \u00e1 n-\u00fas\u00e1id sa bhfoirgneamh seo, n\u00edorbh ea mh\u2019anam, ach soilse gl\u00e9igeala leictreacha.  Tugadh spl\u00e9achadh d\u00fainn freisin, ar chuid den Teach M\u00f3r fh\u00e9in, mar a raibh parl\u00fais, seomra\u00ed feithimh, agus seomra\u00ed na sagart, suite.  Samhla\u00edodh domsa, ach go h\u00e1irithe, go mba neamha\u00ed an t-ionad \u00e9 an N\u00f3ibh\u00edseacht \u00e1lainn seo, i Cloughballymore House. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019\u00e1lainn go deo an su\u00edomh a bh\u00ed ag an bhfoirgneamh \u00e1lainn seo. Sea, agus n\u00e1rbh iad na boic mh\u00f3ra a bh\u00ed in ann su\u00edomh feili\u00fanach, feice\u00e1lach, a fh\u00e1il d\u00e1 dtithe? P\u00e1ircaeanna agus b\u00f3ithr\u00edn\u00ed sp\u00e9isi\u00fala tr\u00edothu, a bh\u00ed thart ar an gCol\u00e1iste seo.  Col\u00e1iste a bh\u00ed againn anseo, cinnte, ach ag an am gc\u00e9anna, ba N\u00f3ibh\u00edseacht \u00e9, agus b\u2019in \u00e9 pr\u00edomhghn\u00f3 an ionaid seo.  Dh\u00e9anfa\u00ed chuile iarracht ar bhealach an Spioraid a l\u00e9iri\u00fa, agus a mh\u00faineadh, do chuile N\u00f3ibh\u00edseach, le linn an ama a chaitheadh s\u00e9 ansin.  Cinnte, mar ad\u00fairt m\u00e9, ba Chol\u00e1iste \u00e9, agus mh\u00fainf\u00ed Feals\u00fanacht d\u00fainn freisin, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, nach bre\u00e1 a raghadh an p\u00e9ire sin, an Fheals\u00fanacht, agus an N\u00f3ibh\u00edseacht, le ch\u00e9ile, i m\u00fanl\u00fa spiorad\u00e1lta na Mac L\u00e9inn, san institi\u00faid sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed rainse m\u00f3r ag dul leis an bhfoirgneamh sin, ach i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edor thalamh maith \u00e9 an chuid ba mh\u00f3 de, n\u00f3 ba chos\u00fail le t\u00edrdhreach boireannach \u00e9.  Ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed p\u00e1irceanna bre\u00e1tha, goirt mh\u00e9ithe, agus cim\u00edn\u00ed mealltacha, le f\u00e1il anseo is ansi\u00fad sa rainse sin.  Bh\u00ed an chos\u00falacht air, go raibh na c\u00e9adta agus na c\u00e9adta acra sa rainse c\u00e9anna sin, agus anois is ar\u00eds, nuair a bh\u00edodh l\u00e1 saoire n\u00f3 a leith\u00e9id d\u2019\u00f3c\u00e1id againn, th\u00e9imis ag f\u00e1na\u00edocht tr\u00edd an rainse c\u00e9anna sin, agus nach orainn a bh\u00edodh an t-\u00e1thas, agus an t-ionadh, nuair a thagaimis ar fhoireann bhre\u00e1 mh\u00f3r de chapaill\u00edn\u00ed Chonamara, ag r\u00e9abadh leo thar na carraigreacha, n\u00f3 bh\u00ed seansagart ag cur faoi sa N\u00f3ibh\u00edseacht sin, spar\u00e1na\u00ed na hinstiti\u00faide, a raibh sp\u00e9is an domhain aige sna capaill\u00edn\u00ed c\u00e9anna sin, agus dh\u00e9anadh seisean iad a ph\u00f3r\u00fa agus a th\u00f3g\u00e1il ar fheirm an Chol\u00e1iste. Nach minic a chuireamar ceist orainn fh\u00e9in faoin chaoi ar \u00e9irigh leis na beithigh sin teacht i dt\u00edr ar thalamh chomh bocht, neamhthorth\u00fail, n\u00f3 ba bheag f\u00e1sra a bh\u00ed le f\u00e1il acu sa timpeallacht fhi\u00e1in sin, n\u00ed raibh le f\u00e1il acu, ach cib\u00e9 a bh\u00ed ag f\u00e1s idir, agus i measc, na gcarraigreacha.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, n\u00ed raibh na c\u00farsa\u00ed sin ag cur as d\u00fainne, an l\u00e1 bre\u00e1 sin i bhF\u00f3mhar na bliana 1945, an l\u00e1 \u00fad ar ch\u00e9adleag muid sp\u00e1g ar thalamh Cloughballymore, in aice le Cill Colgain, i gContae na Gaillimhe.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed raibh an oiread sin difr\u00edochta idir an N\u00f3ibh\u00edseacht seo, agus na Col\u00e1ist\u00ed \u00fad, ar dhein m\u00e9 freastal orthu, sna blianta roimhe sin.  Ba \u00e9 an leagan amach c\u00e9anna a bh\u00ed ar ch\u00farsa\u00ed ansin.  D\u2019\u00e9ir\u00edmis ar a s\u00e9 a chlog ar maidin, chuile mhaidin, ach amh\u00e1in, nuair a bh\u00edodh saoire de chine\u00e1l eic\u00ednt againn, nuair a d\u2019fh\u00e1gta\u00ed sa leabha sinn, go dt\u00ed an seacht!  Ansin, bh\u00edodh paidreacha, Aifreann, glanadh, snasadh, agus a leith\u00e9id, ar chl\u00e1r na maidine d\u00fainn, roimh an mbricfeasta.  Seal gairid ansin ag si\u00fal timpeall, ag d\u00e9anamh caitheamh aimsire d\u00fainn fh\u00e9in, agus   ina dhiaidh sin, bh\u00edodh ranganna, agus c\u00farsa\u00ed spiorad\u00e1lta idir cham\u00e1in againn go ham l\u00f3in.  Ba chos\u00fala le l\u00e9achta\u00ed Ollscoile \u00e1r ranganna, faoin am seo \u00e1fach, n\u00f3 bh\u00ed cead faighte againn \u00f3 Ollscoil na Gaillimhe, cuid mhaith d\u00e1r l\u00e9achta\u00ed a fhreastal, istigh ansin sa N\u00f3ibh\u00edseacht s\u2019againne, ar choin\u00edoll go nd\u00e9anfaimis freastal ar l\u00e9acht, n\u00f3 dh\u00f3, sa tseachtain, istigh san Ollscoil fh\u00e9in.  Ba \u00e9 an s\u00e1rscol\u00e1ire, agus an fealsamh aithnidi\u00fail, ild\u00e1nach, an tAthair F\u00e9lim \u00d3 Briain, a bh\u00ed mar Ollamh, agus mar threoir, againn, istigh san Ollscoil.  I ngluaiste\u00e1in a th\u00e9imis chun na hOllscoile, i nGaillimh, ar na h\u00f3c\u00e1id\u00ed sin, chuile sheachtain, agus bhainimis toit agus spraoi as na h\u00f3c\u00e1id\u00ed c\u00e9anna, n\u00f3 bh\u00edodh deis againn cuairt a thabhairt ar shiopa\u00ed, le ruda\u00ed ar n\u00f3s milse\u00e1n agus briosca\u00ed a cheannacht, agus geallaimse dhuit \u00e9, gur g\u00e9ar a bh\u00ed na hearra\u00ed c\u00e9anna sin ag teast\u00e1il uainn, ag an am, n\u00f3 b\u00edodh go raibh muid thart ar sc\u00f3r bliain d\u2019aois, ag an am, n\u00ed raibh muid chomh haib\u00ed, glic, is a bheadh daoine d\u00e1r gcomhaois, a mbeadh c\u00f3na\u00ed orthu, amuigh sa saol m\u00f3r.  Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, thaitin an staid\u00e9ar agus na l\u00e9achta\u00ed thar barr liom fh\u00e9in, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, gur ar On\u00f3racha sa Ch\u00e9im a bh\u00ed m\u2019aire fh\u00e9in d\u00edrithe.  Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1 freisin, gur chuir m\u00e9 suim, agus dh\u00e1 shuim, i gc\u00farsa\u00ed spiorad\u00e1lta na N\u00f3ibh\u00edseachta.  N\u00edorbh aon ionadh sin, ar bhealach, n\u00f3 n\u00e1r f\u00e1isceadh m\u00e9 fh\u00e9in as pobal spiorad\u00e1lta?  Agus nach raibh an creideamh go beo, l\u00e1idir, i measc na muintire ar d\u00edobh me?  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed rud amh\u00e1in \u00e1fach, nach raibh r\u00f3-\u00e9asca a dh\u00e9anamh, agus b\u2019in comhairle na          n-uachtar\u00e1n a lean\u00faint, gan cheist, i gc\u00f3na\u00ed, gan eisceacht ar bith, cuma c\u00e9 acu cheap t\u00fa fh\u00e9in go mba amad\u00e1n cr\u00edochnaithe \u00e9 an t-uachtar\u00e1n c\u00e9anna sin!  Is cuimhin liom go mb\u00edodh leabhar faoi ch\u00farsa\u00ed spiorad\u00e1lta ar an gc\u00farsa againn, leabhar le fear, d\u00e1rb ainm Rodriguez, ba ea \u00e9, mura bhfuil dul am\u00fa orm, agus bh\u00ed sampla\u00ed den umhla\u00edocht ghaisci\u00fail sin le f\u00e1il ann.  Seo mar a bh\u00ed i gceann acu&#8230; Tharla uair amh\u00e1in, gur th\u00e1inig fear \u00f3g isteach i mainistir, le bheith ina mhanach.  Glacadh leis, agus choinnigh an tAbb s\u00fail gh\u00e9ar air, ar feadh roinnt laethanta.  Anois, ba fheirmeoir an fear \u00f3g, sular thainig s\u00e9 chun na mainistreach, agus le humhla\u00edocht chr\u00f3ga a mh\u00faineadh d\u00f3, ba \u00e9 an cleachtadh a thug an tAbb d\u00f3, n\u00f3 planda\u00ed cabaiste a chur sa cheap cab\u00e1iste, ach in ionad iad a chur mar a chuirfeadh feirmeoir iad, d\u00fairt an tAbb leis, iad a phlandail bun os cionn, sa chaoi go mbeadh na fr\u00e9amhacha in airde san aer aige.  Mura mbeadh s\u00e9 s\u00e1sta sin a dh\u00e9anamh, thabharfa\u00ed bata agus b\u00f3thar d\u00f3, n\u00f3 n\u00ed bheadh s\u00e9 umhal d\u00e1 uachtar\u00e1n, agus sin bunchloch, agus cloch phreachain, shaol na mainistreach.  Bh\u00ed sc\u00e9al eile le l\u00e9amh sa chuid ch\u00e9anna den leabhar sin, faoi Abb eile, a raibh cleas difri\u00fail aige, le humhla\u00edocht a mh\u00faineadh d\u00e1 n\u00f3ibh\u00edsigh.  Bh\u00edodh manach \u00f3g eile ag obair sa gharra\u00ed ar\u00eds, ach an babhta seo, is amhlaidh a thug an tAbb a mhaide si\u00fail d\u00f3, agus d\u2019iarr air, \u00e9 a phland\u00e1il sa chr\u00e9, agus ansin, teacht ar ais, chuile l\u00e1, \u00e1 uisci\u00fa, faoi mar ba phlada beo \u00e9.  Bhuel, i gc\u00e1s an n\u00f3ibh\u00edsigh \u00f3ig seo, rinne s\u00e9 mar ad\u00faradh leis, agus thagadh s\u00e9, chuile l\u00e1, leis an mbata si\u00fail a uisci\u00fa, agus tar \u00e9is m\u00edosa, n\u00f3 mar sin, i mbun na ceirde sin, is amhlaidh a chuir an bata si\u00fail fr\u00e9amhacha uaidh agus d\u2019fh\u00e1s ina phlanda \u00e1lainn sa gharra\u00ed d\u00f3.  Ba chomhartha \u00e9 sin, go raibh Dia s\u00e1sta le leibh\u00e9al umhla\u00edochta an n\u00f3ibh\u00edsigh sin.  Anois, n\u00ed raibh sna sampla\u00ed sin ach sc\u00e9alta, ach m\u00faineadh d\u00fainne go naomh\u00f3dh umhla\u00edocht d\u00e1 leith\u00e9id sinn, agus moladh d\u00fainn, aithris a dh\u00e9anamh ar an gcine\u00e1l sin iompair.   Ag an am, t\u00e1 m\u00e9 cinnte, gur ghlac m\u00e9 fh\u00e9in leis, chomh maith le duine, gur ch\u00f3ir dom an chonair sin a lean\u00faint.  Agus t\u00e1 m\u00e9 cinnte freisin, go mba ghn\u00e1th mh\u00faineadh \u00e9 sin, i gCliarscoileanna na t\u00edre, ag an am. N\u00ed h\u00e9 mo thuairim \u00e1fach, go leanfadh n\u00f3ibh\u00edsigh an lae inniu an chonair ch\u00e9anna sin, agus b\u2019fh\u00e9idir n\u00e1r mhiste d\u00f3ibh sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">  Anois, b\u00edodh go mb\u00edodh an-chuid ama le caitheamh againn, ag gu\u00ed, ag staid\u00e9ar, agus ag obair, n\u00ed hionann sin is a r\u00e1 gur deineadh dearmad ar chluich\u00ed, n\u00f3 ar chaitheamh aimsire.  N\u00edor deineadh, muis!  agus bh\u00edodh cluich\u00ed againn cupla uair sa tseachtain.  Bh\u00edodh peil, iom\u00e1int, sacar, agus rugar corr uair, againn.  D\u00e9arfainn go raibh caighde\u00e1n r\u00e9as\u00fanta ard sroichte againn sna cluich\u00ed c\u00e9anna sin, go h\u00e1irithe sna cluich\u00ed Gaelacha, n\u00f3 bh\u00ed beirt d\u00e1r n\u00f3ibh\u00edsigh ag imirt ar fhoireann Mhaigh Eo, ag an am sin.  Sea, mh\u2019anam, beirt Iorrasach, agus beirt dearth\u00e1r de mhuintir Mhic Aindri\u00fa, agus nach bhfuil fhios ag an saol m\u00f3r, go mba Bhair\u00e9adaigh iad muintir Mhic Aindri\u00fa, leis na cianta!   Ach n\u00e1r chuma faoin gcaighde\u00e1n.  Bhainimis sp\u00f3rt agus spraoi as na cluich\u00ed c\u00e9anna sin, agus b\u00edodh gur chrua a d\u2019imr\u00edomar chuile chluiche, ba chrua i bhfad \u00c9ireann f\u00f3s, a d\u2019imr\u00edomar na Cluich\u00ed C\u00faige a bh\u00edodh againn ar chuile L\u00e1 \u2018le P\u00e1draig.  Mar a mh\u00ednigh m\u00e9 cheana, bh\u00edodh mic l\u00e9inn againn \u00f3 chuile chearn den t\u00edr, agus \u00f3 chuile ch\u00faige de ch\u00faig\u00ed \u00c9ireann, agus ansin, uair amh\u00e1in sa bhliain, d\u2019imr\u00edmis cluich\u00ed idirch\u00faig\u00edocha, agus geallaimse dhuit \u00e9, go mb\u00edodh fuil agus feannadh ag gabh\u00e1il leis na cluich\u00ed c\u00e9anna sin, chuile bhliain!  Ach, b\u00edodh gur mar sin a bh\u00ed, n\u00edor chuir na h\u00fadar\u00e1is ina gcoinne riamh, is d\u00f3cha gur cheap siad, n\u00e1rbh olc an rud \u00e9, uair amh\u00e1in sa bhliain, deis a thabhairt d\u00fainne, \u00e1r racht a ligean amach, leis na sp\u00e9artha a ghlanadh, faoi mar ad\u00e9arfadh duine!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl fhios agam, conas a dheintear N\u00f3ibh\u00edseachta\u00ed a sti\u00faradh, na laethe seo, ach nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa air, n\u00e1rbh ait an traen\u00e1il a thugta\u00ed d\u2019fhir \u00f3ga, an tr\u00e1th \u00fad, le saol an tsagairt a chaitheamh.  Th\u00f3gta\u00ed isteach san institi\u00faid sin \u00e9, ar feadh dh\u00e1 bhliain, geall leis, agus i rith an ama sin uilig, choinn\u00edt\u00ed glan scartha \u00e9 \u00f3n saol m\u00f3r thart air.  N\u00ed ligt\u00ed d\u00f3 nuacht\u00e1in a l\u00e9amh, n\u00f3 eisteacht leis an raidi\u00f3.  Choinn\u00edt\u00ed uaidh amach chuile thionchar \u00f3n dtaobh amuigh, sa chaoi go bhf\u00e9adfadh s\u00e9 a anam a mh\u00fanl\u00fa ar bhealach spiorad\u00e1lta, ar bhealach a bheadh neamhsple\u00e1ch ar fh\u00f3rsa\u00ed truaillitheacha an tsaoil truaillithe seo.  Anois n\u00edlim ag ma\u00edomh anseo, go bhfuil bealach n\u00edos fearr n\u00e1 sin le moladh agamsa, n\u00f3 n\u00edl, ach, ag an am gc\u00e9anna, nach gcuirfeadh a leith\u00e9id de leagan amach duine ag smaoineamh?  B\u2019fh\u00e9idir go gcuirfeadh, ach, n\u00edor chuir s\u00e9 sinne ag smaoineamh fan an bhealaigh sin, an tr\u00e1th \u00fad.  Ghlacamar go huile is go hioml\u00e1n leis an gc\u00f3ras sin, faoi mar a bh\u00ed.  Mholamar an t-\u00e1th mar a fuaireamar.  Tuige nach nd\u00e9anfadh?  N\u00e1r mh\u00ednigh m\u00e9 dhuit thuas, faoin umhla\u00edocht \u00fad a dh\u00e9anfadh bata si\u00fail a uisci\u00fa, chuile l\u00e1, go dt\u00ed go bhf\u00e1sfadh s\u00e9!  Nuair a bhreathna\u00edm ar na c\u00farsa\u00ed sin anois, feictear dom go raibh a gciall fh\u00e9in acu si\u00fad a dhr\u00e9acht na beala\u00ed sin le l\u00e9ann an tsagairt a chur ar dhuine, ach ag an am gc\u00e9anna, n\u00ed f\u00e9idir liom \u00e9al\u00f3 \u00f3 na laig\u00ed a bh\u00ed de dhl\u00fath agus d\u2019inneach, sa ch\u00f3ras c\u00e9anna sin.  Cuimhnigh anois, go ndeachaigh mise isteach i Cloughballymore House, i Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana, 1945, agus an sc\u00f3r s\u00e1raithe agam ag an am, agus coinn\u00edodh istigh ansin m\u00e9, go dt\u00ed Meitheamh na bliana 1947.  I rith an ama sin go l\u00e9ir, n\u00edor ligeadh abhaile ar saoire n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id m\u00e9.  Geallaimse dhuit \u00e9, go mba fhada an t-achar \u00e9 sin, d\u2019fhear \u00f3g ar bith, a bheith scartha \u00f3na phobal, agus \u00f3na mhuintir.  Ag breathn\u00fa siar ar\u00eds, feictear dhom anois, go           n-oirfeadh an cine\u00e1l sin oili\u00fana don t\u00e9 a mbeif\u00ed \u00e1 ullmh\u00fa lena shaol a chaitheamh i mainistir, mar bhall dOrd Cr\u00e1bhaidh, ach ar ullmhaigh s\u00e9 duine lena shaol a chaitheamh ar na misin choigr\u00edche?  Bhuel, sin sceal eile ar fad, agus b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir dul siar ar\u00eds go fr\u00e9amhacha an Ch\u00faige \u00c9ireannaigh den SMA, agus an tionchar a bh\u00ed ag baill na Fraince den Chumann sin, ar bhun\u00fa an SMA anseo in \u00c9irinn, agus ar a gcur chuige si\u00fad, i gc\u00farsa\u00ed oili\u00fana, agus traen\u00e1la d\u00e1 misin\u00e9ir\u00ed.   Ach t\u00e1 fait\u00edos orm, go bhfuil sc\u00e9al mhadra na n-ocht gcos d\u00e9anta agam de sc\u00e9al seo na n\u00f3ibh\u00edseachta, ach b\u2019fh\u00e9idir, ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, gur thug s\u00e9 deis dom, cuid de mo smaointe ar an \u00e1bhar seo a l\u00e9iri\u00fa anseo dhuit!  Ach ar\u00eds, sin sc\u00e9al eile, do l\u00e1 eic\u00ednt eile.  B\u00ed liom ar\u00eds sa ch\u00e9ad chaibidil eile, nuair a bheidh m\u00e9 ag cur s\u00edos ar chuid de na heachtra\u00ed a bhain dom, le linn dom bheith im n\u00f3ibh\u00edseach i Cloughballymore House, i gContae na Gaillimhe.  Ach ar chraiceann do chluaise, n\u00e1 d\u00e9an dearmad ar sin a dh\u00e9anamh , n\u00f3 t\u00e1 ualach asail de sc\u00e9alta agam, faoin d\u00e1 bhliain sin, a chaith m\u00e9 san institi\u00faid ch\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 11 . I Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana 1945, thug m\u00e9 aghaidh ar N\u00f3ibh\u00edseacht an SMA, i Cloughballymore House, l\u00e1imh le Cill Colgain, i gContae na Gaillimhe. Mh\u00ednigh m\u00e9 cheana, go mba leis an gCunta Llewellyn Blake an Teach [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12419","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12419","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12419"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12419\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12420,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12419\/revisions\/12420"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12419"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12419"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12419"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}