{"id":12427,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12427"},"modified":"2024-04-08T01:08:27","modified_gmt":"2024-04-08T01:08:27","slug":"eachtraigh-duinn-29","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-duinn-29\/","title":{"rendered":"Eachtraigh d\u00fainn 29"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n<\/span><\/strong><\/p><h1 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Caibidil   16<\/h1><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h2 style=\"text-align:justify;margin-top:12pt;padding-top:0;margin-bottom:3pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-style:italic;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Ba ghearr go raibh m\u00e9 socruithe s\u00edos i gCol\u00e1iste Dhroim an tS\u00edn, agus b\u00ed<\/span><span style=\"font-size:12pt\">odh go raibh cuid de mo chomhleacaithe tosaithe sa Chliarscoil sin le tamall romham, ba ghearr go raibh m\u00e9 tagtha isteach ar na h\u00e1bhair nua, a bh\u00ed idir cham\u00e1in againn sa Chol\u00e1iste Diagachta sin, Dromantine.  Ba mh\u00f3r idir na h\u00e1bhair sin agus a mb\u00edodh ar si\u00fal againn sna Col\u00e1ist\u00ed eile, ach ag an am gc\u00e9anna, ba chuid den tsruth c\u00e9anna staid\u00e9ir iad.   Bh\u00ed<\/span> <span style=\"font-size:12pt\">Diagacht Dogmach, Diagacht Mhor\u00e1lta, Dl\u00ed Can\u00f3nta, na Scriopt\u00fair, Caitisceasmaic, R\u00faibric\u00ed, agus an Reiligi\u00fan fh\u00e9in.  Don ch\u00e9ad uair anois, bh\u00ed bun\u00fas na dt\u00e9acsl<\/span><span style=\"font-size:12pt\">eabhar i Laidin, ach i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edor chuir s\u00e9 sin as go r\u00f3-mh\u00f3r d\u00fainn, agus ba ghearr gur th\u00e1inig muid isteach ar an Laidin ch\u00e9anna sin.  N\u00e1 ceap anois go raibh ar \u00e1r gcumas, \u00e1r gcomhr\u00e1 a dh\u00e9anamh go h\u00e9asca sa teanga sin, n\u00f3 n\u00ed raibh, ach, ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed ar \u00e1r gcumas \u00ed a l\u00e9amh go r\u00e9as\u00fanta r\u00e9idh.  Tar \u00e9is d\u00fainn t\u00e9arma, n\u00f3 mar sin, a chur isteach ag gabh\u00e1il do na h\u00e1bhair sin, tuigeadh dom fh\u00e9in, go raibh siad chomh h\u00e9asca le haon bhrainse eile l\u00e9inn, agus b\u00edodh gur \u00e9irigh liom fh\u00e9in go maith sna h\u00e1bha<\/span><span style=\"font-size:12pt\">ir sin, fr\u00ed cheile, d\u2019\u00e9irigh thar barr liom sa Dl\u00ed Can\u00f3nta, agus b\u2019in mo rogha \u00e1bhair, fad is a d\u2019fhan m\u00e9 i nDroim an tS\u00edn.  N\u00e1 s\u00edltear anois, go bhfuilim thar a bheith ma\u00edteach anseo, faoi\u2019n chaoi ar \u00e9irigh liom sna staid\u00e9ir ch\u00e9anna sin, ach \u201can fh\u00edrinne i gc\u00f3na\u00ed\u201d, mar ad\u00fairt an fear fad\u00f3, go h\u00e1irithe, nuair nach mbaineann s\u00ed sclaimh asat!<\/span><\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I gc\u00e1s na hoibre t\u00ed a bh\u00edodh \u00e1 d\u00e9anamh againn sna Col\u00e1ist\u00ed eile, geallaimse dhuit \u00e9, n\u00e1r th\u00e1inig aon athr\u00fa sna c\u00farsa\u00ed sin, agus bh\u00edothas ag brath orainne, mic l\u00e9inn, leis an \u00e1it ar fad a choinne\u00e1il glan, \u00f3 bhun go barr.  Bh\u00ed foireann mh\u00f3r oll\u00fana againn sa Chol\u00e1iste sin, agus bh\u00edodh de dhualgas ar chuid againn bheith in\u00e1r ngiolla\u00ed seomra acu, le haire a thabhairt do na seomra\u00ed c\u00e9anna sin.  Bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in im ghiolla seomra, agus b\u00edodh go raibh orm an seomra sin a choinne\u00e1il glan, n\u00e9ata, tine a fhad\u00fa ann, chuile mhaidin, agus leabhair agus n\u00f3ta\u00ed a chur in ord agus in eagar, agus b\u00edodh go raibh an obair sin dian go maith, b\u2019fhearr liom fh\u00e9in an cine\u00e1l sin oibre n\u00e1 bheith amuigh ar fud an Chol\u00e1iste, ag scuabadh, ag snas\u00fa, ag n\u00ed, is ag glanadh, idir halla\u00ed is sheomra\u00ed, idir ph\u00f3irs\u00ed agus staighr\u00ed, chuile mhaidin.  Ach san iarn\u00f3in \u00e1fach, bh\u00edodh ar chuile dhuine againn, tamall a chaitheamh ar\u00eds i mbun oibre, n\u00f3 nach raibh b\u00f3ithre agus b\u00f3ithr\u00edn\u00ed le glanadh is le c\u00f3iri\u00fa, agus gortghlanah le dh\u00e9anamh ar na bl\u00e1thcheapacha, agus chomh maith le sin, nach raibh bl\u00e1thanna le cur, sea, agus am ar bith a mbeadh g\u00e1 leis, nach raibh obair feirme le d\u00e9anamh?  Mura mbeadh an obair uilig sin a rinne na mic l\u00e9inn, is d\u00f3cha nach mbeadh ar chumas \u00fadar\u00e1is an Chol\u00e1iste \u00edoc as chuile sh\u00f3rt, n\u00f3 bh\u00ed an \u00e1it chomh huaf\u00e1sach m\u00f3r sin, go dt\u00f3gfadh s\u00e9 fort\u00fan beag, le h\u00edoc as a raibh le d\u00e9anamh ansin, chuile l\u00e1.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ceithre bliana ar fad a bh\u00ed le caitheamh againn sa Chliarscoil sin, Dhroim an tS\u00edn, agus i rith an ama sin, d\u2019fhoghlaim na h\u00e1bhair sagairt chuile sh\u00f3rt a bheadh ag teast\u00e1il uathu, agus iad i mbun a gcuid dualgais\u00ed, ar ball, amuigh ar na misin san Aifric.  I rith na mblianta sin freisin, bh\u00edd\u00eds gl\u00e9asta in \u00e9adaigh an tsagairt, agus s\u00fat\u00e1n \u00e1 chaitheamh ag chuile mhac an pheata acu, sea, agus b\u00f3na snasta geal an tsagairt thart ar a mhuin\u00e9al aige freisin.  Bh\u00ed an leagan amach sin bre\u00e1 s\u00e1s\u00fail i rith an Gheimhridh, agus geallaimse dhuit \u00e9, go mb\u00edodh na Geimhr\u00ed ansin feanntach fuar, ach sceal eile ar fad a bh\u00ed ann le linn an tSamhraidh, ach is d\u00f3cha, go raibh an t-\u00e1dh linn, n\u00f3 bh\u00edodh muid ar laethe saoire, le linn an chuid ba mh\u00f3, agus ba theo, de na Samhra\u00ed brothallacha c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar do bhealach isteach sa Chol\u00e1iste, \u00f3n ngeata tosaigh isteach, an t-am sin, n\u00ed fh\u00e9adf\u00e1 gan suntas a thabhairt do shraith de bhoth\u00e1in sinciarainn, ar thaobh an aibhinne.  Chuirfe\u00e1 ceist ort fh\u00e9in f\u00fathu.  Tuige an raibh siad ansin?  Cad \u00ed an \u00fas\u00e1id a bhaint\u00ed astu?  Chuirfeadh s\u00e9 ionadh ort, a fh\u00e1il amach, go mba iad na Punc\u00e1in a th\u00f3g na both\u00e1in ch\u00e9anna sin, n\u00f3 bh\u00ed chuid mhaith saighdi\u00fair\u00ed Meirice\u00e1nacha lonnaithe sa Tuaisceart, le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, is d\u00f3cha n\u00e1r chuir s\u00e9 isteach go r\u00f3-mh\u00f3r ar na h\u00fadar\u00e1is \u00f3 thuaidh, saighdi\u00fair\u00ed Mheirice\u00e1 a chur ar choinmheadh, taobh amuigh de dhoras tosaigh an Chol\u00e1iste Chaitlicigh sin Dhroim an tS\u00edn, geall leis!  Caithfidh go raibh roinnt mhaith acu ann freisin, agus deireadh muintir na h\u00e1ite linn, go mb\u00edodh damhsa\u00ed ar si\u00fal sa champa sin acu, chuile dheireadh seachtaine, agus go raibh s\u00e9 de n\u00f3s ag na saighdi\u00fair\u00ed, leoraithe d\u00e1 gcuid, a chur amach ar fud na d\u00faiche, le s\u00edob isteach chuig an damhsa, a thabhairt do chail\u00edn\u00ed \u00f3ga na h\u00e1ite, n\u00f3 d\u00f3ibh si\u00fad, ach go h\u00e1irithe, a raibh fonn orthu dul ag rince sa champa.  Ait go leor, n\u00edor bhain \u00fadar\u00e1is an Chol\u00e1iste aon \u00fas\u00e1id as na both\u00e1in ch\u00e9anna sin riamh, b\u00edodh go raibh an-bhail orthu f\u00f3s, tr\u00e1th a raibh m\u00e9 fh\u00e9in ag freastal ar Dhroim an tS\u00edn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Fad is a bh\u00edomar ag freastal ar an gCliarscoil Diagachta sin, leanamar den n\u00f3s a bh\u00ed againn sna Col\u00e1ist\u00ed eile, s\u00e9 sin dul amach ag si\u00fal chuile Dhomhnach.  B\u2019\u00e1lainn an taobh t\u00edre a bh\u00ed thart orainn ansin, agus ba bhre\u00e1 an crot a bh\u00ed ar chuile sh\u00f3rt, idir bh\u00f3ithre, agus bh\u00f3ithr\u00edn\u00ed, idir ghoirt agus mh\u00f3in\u00e9ir.  N\u00edl dabht ar domhan, ach go raibh cuma an airgid ar chuile sh\u00f3rt \u00f3 thuaidh, murab ionann is an taobh t\u00edre s\u2019againne, an t-am sin, n\u00f3 ba bhocht an leagan amach a bh\u00ed ar ch\u00farsa\u00ed anseo sa Deisceart, an tr\u00e1th \u00fad, i ndeireadh na ndaichid\u00ed.  Bh\u00ed an cogadh m\u00f3r thart, agus bh\u00ed ciond\u00e1il f\u00f3s i bhfeidhm anseo, sea, agus chuile sh\u00f3rt gann, n\u00f3 n\u00ed raibh ar \u00e1r gcumas m\u00f3r\u00e1n a iomp\u00f3rt\u00e1il chun na t\u00edre seo, an tr\u00e1th \u00fad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed foireann bhre\u00e1 oll\u00fana againn sa Chol\u00e1iste Diagachta sin, agus t\u00e1 cuimhne ghl\u00e9, ghlinn, agam f\u00f3s ar chuile dhuine acu.  B\u2019fhir l\u00e9annta, eolgaiseacha, oilte, cr\u00e1ifeacha, iad, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh orthu roinnt mhaith staid\u00e9ir a dh\u00e9anamh ina              n-\u00e1bhair, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas ceisteanna crua na mac l\u00e9inn a fhreagairt, \u00f3 l\u00f3 go l\u00f3, n\u00f3 n\u00edorbh aon d\u00f3ich\u00edn iad na mic l\u00e9inn ch\u00e9anna sin, chomh fada is a bhain se le l\u00e9ann agus staid\u00e9ar, le taighde agus le fiosr\u00fa, sa tsl\u00ed, go mb\u00edodh ar na holl\u00fana bheith ar a n-aire, chuile n\u00f3im\u00e9ad, n\u00f3 bh\u00edodh cead ag na mic l\u00e9inn ceisteanna a scaoileadh chucu, am ar bith.  Is cuimhin liom fear amh\u00e1in de na hOll\u00fana sin go dt\u00ed an l\u00f3 at\u00e1 inniu ann, toisc an n\u00f3is a bh\u00ed aige, cupla n\u00f3im\u00e9ad a chaitheamh, roimh chuile l\u00e9acht d\u00e1 chuid, ag l\u00e9amh roinnt v\u00e9arsa\u00ed as \u201cCurly Wee agus Gussie Goose\u201d greannv\u00e9arsa\u00ed a bh\u00edodh le l\u00e9amh san Irish Independent, chuile l\u00e1, an t-am sin.  A Mham, bail \u00f3 Dhia uirthi, a bhail\u00edodh iad agus a chuireadh chuige tr\u00edd an bpost iad, go rialta.   N\u00ed raibh fhios agam riamh c\u00e9n f\u00e1th ar chleacht s\u00e9 an n\u00f3s sin.  B\u2019fh\u00e9idir gur theastaigh uaidh atmosf\u00e9ar \u00e9atrom a chruth\u00fa d\u00e1 chuid oibre fh\u00e9in, n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir ar\u00eds, gurbh amhlaidh a theastaigh uaidh, a aigne fh\u00e9in a shuaimhni\u00fa, agus a chi\u00faini\u00fa, don ghn\u00f3 a bh\u00ed le d\u00e9anamh aige. Ach cib\u00e9 ar bith c\u00fais a bh\u00ed leis, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur bhaineamarna, mic l\u00e9inn, l\u00e1n-taitneamh as na v\u00e9arsa\u00ed c\u00e9anna sin a l\u00e9adh an Maigh Eoch cine\u00e1lta sinn d\u00fainn, tarraingt ar thr\u00ed sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin anois. Sea, bh\u00ed a bhealach oibre fh\u00e9in forbartha ag chuile Ollamh acu, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go raibh meas againne ar chuile dhuine acu, sea, agus \u00e9 creidthe againn freisin, go raibh an meas c\u00e9anna sin tuillte, agus tuillte go maith acu uainn.  Bh\u00ed f\u00e9ith an ghrinn ina mbun\u00fas, b\u00edodh go raibh corrdhuine acu a bh\u00ed r\u00f3-dh\u00e1ir\u00edreach, ar bhealach eic\u00ednt.  N\u00e1 ceap anois, nach mb\u00edodh ar si\u00fal againn, ach sport agus spraoi, n\u00f3 a mhalairt a bh\u00ed f\u00edor, i nd\u00e1ir\u00edre, agus d\u00e1 nd\u00e9anf\u00e1 rud ar bith as an mbealach, b\u00ed chinte, go nglaofa\u00ed os comhair dhuine eic\u00ednt, ar bhain do choirse lena ghortsan, th\u00fa agus bheadh ort ansin do bheart a mh\u00edni\u00fa, agus t\u00fa fh\u00e9in a chosaint sa ch\u00fairt sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tr\u00e1th raibh m\u00e9 fh\u00e9in ag freastal ar an gCol\u00e1iste Diagachta sin, Dhroim an tS\u00edn, thosaigh an m\u00fachadh ag cur as dom, n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 mar ba ghn\u00e1th, agus ba mhinic m\u00e9 f\u00e1gtha sa leaba, ar maidin, tr\u00e1th a mb\u00edodh an chuid eile den teach ag paidreoireacht leo san Aireagal.  Ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il sin \u00e9, n\u00f3 gur cuireadh isteach in Ospid\u00e9al an Mhater, i mB\u00e9al Feirste m\u00e9, \u00e1it ar chuir lia faoi scian m\u00e9, gur fh\u00e1g s\u00e9 gan \u201cSeptum\u201d, agus gan Ch\u00e9isl\u00edn\u00ed m\u00e9.  Thaitin an t-am a chaith m\u00e9 san ospid\u00e9al sin go m\u00f3r liom, agus chuir m\u00e9 aithne ar othair, ar dhocht\u00fair\u00ed, agus ar bhanaltra\u00ed, le linn mo thr\u00e9imhse ansin.  Fanann cuimhne na laethe sin go glas f\u00f3s i gcistin m\u2019aigne, agus is bre\u00e1 liom f\u00f3s, dul siar ar na heachtra\u00ed a bhain dom san ospid\u00e9al c\u00e9anna sin.  Ach b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir dom na c\u00farsa\u00ed sin a fh\u00e1g\u00e1il don ch\u00e9ad chaibidil eile<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>E a c h t r a i g h D \u00fa i n n Caibidil 16 . Ba ghearr go raibh m\u00e9 socruithe s\u00edos i gCol\u00e1iste Dhroim an tS\u00edn, agus b\u00edodh go raibh cuid de mo chomhleacaithe tosaithe sa Chliarscoil sin le tamall romham, ba ghearr go raibh m\u00e9 tagtha isteach ar na h\u00e1bhair [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12427","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12427","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12427"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12427\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12428,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12427\/revisions\/12428"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12427"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12427"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12427"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}