{"id":12431,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12431"},"modified":"2024-04-08T01:14:46","modified_gmt":"2024-04-08T01:14:46","slug":"eachtraigh-duinn-36","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-duinn-36\/","title":{"rendered":"Eachtraigh Duinn 36"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>sclaimh<\/strong>, a bite; <strong>cumhach<\/strong>, homesick<strong>;  lena gcomhaoisigh<\/strong>, with their contemporaries;   <strong>gan dochma<\/strong>, without privation;  <strong>feitheoireacht<\/strong>,supervision;  <strong>gan aon ag\u00f3<\/strong>, without a lie;  <strong>tairbhe<\/strong>, benefit;  <strong>ag cur thar maoil<\/strong>, overflowing;  <strong>damh\u00e1n alla<\/strong>, a spider.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">A New Life<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><strong><span style=\"text-decoration:underline;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed deireadh go deo leis na seanlaethe, n\u00f3 bh\u00ed saol nua tosaithe agam anois.  N\u00ed raibh g\u00e1 ar bith feasta bheith dom ullmh\u00fa fh\u00e9in don saol a bheadh romham ar na Misin san Aifric, n\u00f3 bh\u00ed a mhalairt de r\u00f3d roghnaithe agam le taisteal anois.  Faoi mar a chuir an File \u00e9, fad\u00f3,     <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">\u201cM\u00faineadh scoile ab obair dom laethe,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Is t\u00e1\u2019s ag an saol gurbh fholamh an cheird \u00ed.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, mh\u2019anam, agus bhaineadh s\u00ed sclaimh mhaith as m\u2019o\u00edcheanta freisin, n\u00f3 bh\u00edodh an t-uaf\u00e1s obair cheart\u00fach\u00e1in agus ullmh\u00fach\u00e1in le d\u00e9anamh agam, an tr\u00e1th sin, ach sin r\u00e1ite, bh\u00edodh taitneamh le baint as an scl\u00e1bha\u00edocht sin uilig freisin, n\u00f3, i nd\u00e1ir\u00edre, is deacair sl\u00ed bheatha n\u00edos taitneamha\u00ed n\u00e1 an mh\u00fainteoireacht a fh\u00e1il, n\u00f3 nuair a \u00e9ir\u00edonn le do dhalta\u00ed, \u00e9ir\u00edonn leatsa freisin, tr\u00edothusan.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Scoil ch\u00f3naithe ba ea Col\u00e1iste Mhuireadhaigh, agus ba scol\u00e1ir\u00ed c\u00f3naithe bun\u00fas na ndalta\u00ed a bh\u00edodh againn sa Chol\u00e1iste c\u00e9anna sin, an tr\u00e1th \u00fad.  N\u00ed bh\u00edodh saoire dheireadh seachtaine acu, n\u00f3 aon tsaoire l\u00e1r-t\u00e9arma, ach oiread.  Th\u00e9adh na dalta\u00ed isteach ansin i dt\u00fas Mhe\u00e1n F\u00f3mhair, agus n\u00ed raghaid\u00eds abhaile ar\u00eds go dt\u00ed an Nollaig.  N\u00e1r chrua an c\u00e1s \u00e9 ag dalta ch\u00e9ad bliana, agus gan \u00e9 ach thart ar dh\u00e1 bhliain d\u00e9ag d\u2019aois, ag an am?  N\u00edl dabht ar domhan, ach go mba chrua an saol \u00e9 ag gas\u00far ar bith, agus n\u00edl dabht ar domhan, ach oiread, ach gur luigh an d\u00e1n sin go trom ar bhun\u00fas na scol\u00e1ir\u00ed c\u00f3naithe, a bh\u00edodh ag freastal ar na Col\u00e1ist\u00ed C\u00f3naithe, ag an am sin, ach caithfear a chur san \u00e1ireamh, agus an sc\u00e9al seo idir cham\u00e1in ag duine, go raibh an saol m\u00f3r fh\u00e9in, a bh\u00ed thart orainn, dian go maith ar \u00f3g agus ar aosta, an t-am sin.  B\u00edodh sin f\u00edor br\u00e9agach, ba bheag an s\u00f3l\u00e1s \u00e9 sin don ghas\u00far \u00f3g, agus \u00e9 cumhach, deorach, i ndiaidh a mhuintire.  Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go mb\u00edodh trua agam do na gas\u00fair ch\u00e9anna sin, ach, ag an am gc\u00e9anna, le himeacht aimsire, d\u2019im\u00edodh an cumha deorach c\u00e9anna sin, agus shnadhmadh na gas\u00fair sin caradas lena gcomhaoisigh, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, bh\u00edodh deis ag na tuismitheoir\u00ed teacht ar chuairt chucu, anois agus ar\u00eds, lena gcro\u00ed a th\u00f3g\u00e1il, agus le hualach asail de dheasa deasa a iompar isteach chucu!  Sea, bh\u00edodh cluich\u00ed agus caitheamh aimsire acu, bh\u00edodh ceachtanna agus staid\u00e9ar, bh\u00edodh b\u00e9il\u00ed agus am saor acu, le toit agus taitneamh a bhaint as an saol, agus nuair a chuirfe\u00e1 na tionchair sin uilig le ch\u00e9ile, is iontach mar a d\u2019\u00e9ir\u00edodh leo carachtar agus pearsantacht na ndalta\u00ed a fhorbairt agus a sciomradh, a shnasadh agus a dhealbh\u00fa, sa tsl\u00ed, tar \u00e9is d\u00f3ibh a dt\u00e9arma a chur isteach ag freastal ar an gCol\u00e1iste, go mbeife\u00e1 br\u00f3d\u00fail as chuile mhac an pheata acu, geall leis. <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Winning,  not everything <\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Labhair m\u00e9 faoi na cluich\u00ed, agus gan dabht ar domhan, ba chuid t\u00e1bhachtach de shaol an scol\u00e1ire iad na cluich\u00ed c\u00e9anna sin, agus lena scileanna sna cluich\u00ed sin a chruth\u00fa, bh\u00edodh cluich\u00ed com\u00f3rtais acu le Col\u00e1ist\u00ed eile.  Uaireanta thagadh siadsan chugainne, lena bhfoireann agus lena lucht lean\u00fana, idir mh\u00fainteoir\u00ed agus dalta\u00ed, agus geallaimse dhuit \u00e9 go mb\u00edodh sp\u00f3rt agus spraoi againn ag na cluich\u00ed c\u00e9anna sin, ach m\u00e1 bh\u00ed fh\u00e9in, n\u00edor dhada \u00e9 sin i gcom\u00f3rtas leis an bhf\u00e9asta a bh\u00edodh againn i ndiaidh an chluiche ch\u00e9anna sin.  Bh\u00edodh nua gach bidh agus sean gacha d\u00ed ar bord againn, gan gorta gan dochma, sea, agus m\u00fachadh \u00e1r dtart go fial is go flaithi\u00fail d\u00fainn, freisin.  Ba \u00e9 an n\u00f3s a bh\u00ed ag Col\u00e1iste Mhuireadhaigh, ag an am sin, n\u00f3 gan aon ph\u00e1irt a ghlacadh sna Com\u00f3rtais\u00ed Oifigi\u00fala, n\u00f3 d\u00e1r leo, mhar\u00f3dh com\u00f3rtas d\u00e1 leith\u00e9id spiorad an sp\u00f3irt i gcro\u00ed na ndalta\u00ed, agus tuigeadh d\u2019\u00dadar\u00e1is an Chol\u00e1iste, go mba olc an margadh \u00e9 sin ag aonach ar bith.  Agus mar fhon\u00f3ta, b\u2019fh\u00e9idir go bhf\u00e9adfadh duine a r\u00e1 go raibh tionchar ag an dearcadh c\u00e9anna sin ar dhearcadh Mhaigh Eo ar Chom\u00f3rtais\u00ed Peile, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.  Tuigtear d\u00f3ibhsean, gurbh \u00e9 an ghn\u00e9 is t\u00e1bhachta\u00ed den imirt, n\u00f3 taitneamh a bhaint as, agus m\u00e1 bhuann t\u00fa, bhuel sin rud sa bhreis, ach is \u00e9 an chuid is t\u00e1bhachta\u00ed n\u00f3 srian a ligint le do scileanna imeartha, agus led\u2019 shamhla\u00edocht, i spiorad an chluiche fh\u00e9in.  Agus c\u00e9 d\u00e9arfadh nach raibh cuid mhaith den cheart acu?<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Supervising Examinations in Dublin <\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ag deireadh mo ch\u00e9ad bhliana sa Chol\u00e1iste, chuir m\u00e9 isteach ar Fheitheoireacht a dh\u00e9anamh ar na Scr\u00faduithe Teistim\u00e9ireachta.  Fuair m\u00e9 an post sin, agus cuireadh i mbun oibre m\u00e9 i Scoileanna U\u00ed Chonaill i mBaile \u00c1tha Cliath.  Anois, b\u00edodh go ndeachaigh m\u00e9 tr\u00ed Bhaile \u00c1tha Cliath cupla babhta roimhe sin, b\u2019in an ch\u00e9ad uair agam cur f\u00fam tamall sa chathair sin.  Fuair m\u00e9 loistin i ngar don Scoil, agus bh\u00ed m\u00e9 ar an bhf\u00f3d go bre\u00e1 luath, chuile mhaidin, le dul i mbun mo dhualgais mar Fheitheoir.  Ba ghearr gur thug m\u00e9 faoi deara an difr\u00edocht ollmh\u00f3r a bh\u00ed idir an Scoil seo, agus an cine\u00e1l me\u00e1nscoile, a raibh cleachtadh agamsa uirthi.  Tuigeadh dom, n\u00e1r r\u00f3-sp\u00e9is le h\u00fadar\u00e1is na Scoile m\u00e9, dubh, b\u00e1n, n\u00f3 riabhach, agus n\u00edor mhothaigh m\u00e9 go raibh aon r\u00f3-dhifir idir na h\u00fadar\u00e1is sin, agus na dalta\u00ed a bh\u00ed faoina gc\u00faram acu.  Tuigeadh dom freisin, go raibh an rogha ceart d\u00e9anta agam, nuair n\u00e1r th\u00f3g m\u00e9 post m\u00fainteoireachta sa chathair, go dt\u00ed go mbeadh tuilleadh taith\u00ed agam ar cheird na m\u00fainteoireachta! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">M\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu!  Tharla o\u00edche amh\u00e1in, tr\u00e1th raibh m\u00e9 ag feitheoireacht i Scoileanna U\u00ed Chonaill, san Ardchathair, go ndeachaigh m\u00e9 amach, i gcomhluadar duine eic\u00ednt, go himeall thuaidh na cathrach.  Ar bhus isea chuaigh m\u00e9, ach bh\u00ed ceata\u00ed sa sc\u00e9al, n\u00f3 nuair a thosaigh m\u00e9 ar mo thuras arais go l\u00e1r na cathrach, thug m\u00e9 faoi deara, go raibh na busanna deireannacha bailithe leo!  Bhuel, n\u00ed raibh an dara rogha agam, n\u00f3 \u00f3 tharla n\u00e1r smaoinigh m\u00e9 fi\u00fa ar thacsa\u00ed, bh\u00ed orm dul abhaile de shi\u00fal na gcos.  D\u2019\u00e9irigh go bre\u00e1 liom, ar feadh scathaimh, ach ar deireadh thiar, chuaigh m\u00e9 am\u00fa!  <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Lost, at night, on Dublin Streets <\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed m\u00e9 caillte istigh i ngr\u00e9as\u00e1n casta, achrannach, na sr\u00e1ideanna, i ngr\u00e9as\u00e1n a bh\u00ed thart orm anois, faoi mar a bheadh t\u00e9adracha iomad\u00fala dhabh\u00e1in alla.  Ar ball beag, chonaic m\u00e9 scata fear ina seasamh, ag comhr\u00e1, ar thaobh sr\u00e1ide. D\u00e9arfainn go raibh thart ar sheachtar acu ann.  Rinne m\u00e9 orthu, gan fait\u00edos, n\u00f3 eagla orm, agus mh\u00ednigh m\u00e9 mo ch\u00e1s d\u00f3ibh.  D\u2019\u00e9ist siad liom, agus nuair a bh\u00ed m\u00e9 cr\u00edochnaithe, rinneadar chuile iarracht m\u00e9 a chur ar an eolas, agus chuile sh\u00f3rt a mh\u00edni\u00fa dom, sa chaoi go raibh ar mo chumas a dtreoracha a lean\u00faint, agus C\u00fainne na gC\u00faig Lampa\u00ed a bhaint amach, gan dua.  N\u00edor str\u00f3 ar bith orm an teach l\u00f3ist\u00edn a bhaint amach ansin.  Ach, nuair a smaoin\u00edm anois ar an o\u00edche sin, agus nuair a dh\u00e9anaim c\u00farsa\u00ed an tr\u00e1th \u00fad a chur i gcom\u00f3rtas le saol an lae inniu, is ansin a fheictear dom, gur m\u00f3r go deo idir inn\u00e9 agus inniu.  D\u00e1 nd\u00e9anfainn inniu, faoi mar a dhein m\u00e9 an t-am sin, an gceapf\u00e1 go dtiocfainn abhaile sl\u00e1n?  N\u00ed d\u00f3igh liom go nd\u00e9anfainn.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Wonderful  Churchgoers<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus rud eile a thug m\u00e9 faoi deara, n\u00f3 an oireadh sin daoine a th\u00e9adh ar Aifreann, chuile mhaidin, sa Ardchathair, an tr\u00e1th \u00fad.  Ba bheag nach mb\u00edodh na s\u00e9ip\u00e9il ag cur thar maoil, ag Aifrinnt\u00ed na maidine.  Caithfidh m\u00e9 a r\u00e1 leat, gur thaitin na Ble\u00e1cliathaigh go m\u00f3r liom, an tr\u00e1th \u00fad, n\u00f3 d\u00e1r liomsa, ba dhream soineanta, l\u00e1ch, cabhraitheach, iad, agus dream a bh\u00ed foighdeach, agus iad ag iarraidh m\u00e9ar an eolais a dh\u00e9anamh do lucht na tuaithe, tr\u00e1th gcaillfid\u00eds a sl\u00ed sa Chathair, agus b\u2019in rud a tharla\u00edodh, minic go leor, an tr\u00e1th \u00fad.  Sea, mh\u2019anam, m\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Le cr\u00edoch a chur le g\u00e1la na seachtaine seo, ba ch\u00f3ir dom a lua, go ndeachaigh m\u00e9 go mullach Bhinn \u00c9adair i rith na tr\u00e9imhse sin freisin.   Ar an dTram, is ea chuaigh m\u00e9 go dt\u00ed an Bhinn, agus caithfidh m\u00e9 a r\u00e1 leat, gur bhain m\u00e9 taitneamh agus tairbhe as an l\u00e1 bre\u00e1, gr\u00e9ine, a chaith m\u00e9 amuigh ansin, n\u00f3 chaith m\u00e9 seal freisin ag b\u00e1d\u00f3ireacht, th\u00edos ag an gC\u00e9.  Ba l\u00e1 dem\u2019 shaol \u00e9, gan aon ag\u00f3.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus murab ionann agus an gn\u00e1th Bhle\u00e1Cliathach, d\u2019\u00e9irigh liom barr Chol\u00fan Nelson a bhaint amach freisin.  L\u00e1 bre\u00e1, brothallach, greine, a bh\u00ed ann freisin, agus b\u00edodh go raibh s\u00e9 tuirsi\u00fail go maith na c\u00e9imeanna iomad\u00fala sin a dhreapadh, ag an am gc\u00e9anna, b\u2019fhi\u00fa an tairbhe an triobl\u00f3id, n\u00f3 nuair a shroich m\u00e9 an barr, bhuel, ba bheag n\u00e1r bhain an radharc an an\u00e1il d\u00edom, n\u00f3 leata os mo chomhair amach ansin, bh\u00ed Cathair ollmh\u00f3r \u00c1tha Cliath, agus bh\u00ed radharc le f\u00e1il agam freisin, ar na cuanta sa timpeall, maraon le habhainn na Life, agus \u00ed ag sn\u00edomh a bealaigh tr\u00ed nead siong\u00e1n na cathrach, ar a bealach chun na farraige s\u00edos.  Sea, fanann cuimhne an lae sin liom, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu fh\u00e9in ann.  Sin iad na cuimhn\u00ed a ritheann liom anois, agus m\u00e9 ag smaoineamh siar ar na blianta \u00fad, a chaith m\u00e9 mar mh\u00fainteoir i gCol\u00e1iste Mhuireadhaigh, i mB\u00e9al \u00e1lainn an \u00c1tha, i gCaogaid\u00ed na haoise seo caite.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>sclaimh, a bite; cumhach, homesick; lena gcomhaoisigh, with their contemporaries; gan dochma, without privation; feitheoireacht,supervision; gan aon ag\u00f3, without a lie; tairbhe, benefit; ag cur thar maoil, overflowing; damh\u00e1n alla, a spider. &nbsp;&nbsp;. A New Life . Peadar Bair\u00e9ad . Bh\u00ed deireadh go deo leis na seanlaethe, n\u00f3 bh\u00ed saol nua tosaithe agam anois. N\u00ed [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12431","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12431","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12431"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12431\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12432,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12431\/revisions\/12432"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12431"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12431"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12431"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}