{"id":12433,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12433"},"modified":"2024-04-08T01:14:46","modified_gmt":"2024-04-08T01:14:46","slug":"eachtraigh-duinn-37","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtraigh-duinn-37\/","title":{"rendered":"Eachtraigh Duinn 37"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Iris<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, Magazine;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">scileanna riachtanacha<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, the necessary skills;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">tionscadal<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, project;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">R\u00e9alta Scann\u00e1n<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, Film-star;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">duine dem chomhaois<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, one of my contemporaries, <\/span><span style=\"font-size:12pt\">raon na gcos<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, within walking distance;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">Br\u00e1ithre le Muire<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, Marist Brothers.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">An  Irish  Teacher<\/span><\/strong><\/p><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;text-decoration:underline\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/strong><\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Life  in  St.  Muredach\u2019s  College<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba mhaith liom alt amh\u00e1in eile a scr\u00edobh faoin gcine\u00e1l saoil a bh\u00ed agam, agus m\u00e9 im\u2019 mh\u00fainteoir Gaeilge, i gCol\u00e1iste Mhuireadhaigh, i mB\u00e9al an \u00c1tha, i gcaogaid\u00ed na haoise seo caite. Nuair a thosaigh m\u00e9 ag m\u00faineadh sa Chol\u00e1iste sin, a ch\u00e9aduair, bh\u00ednn chomh gafa sin leis an obair, gur bheag am saor a bh\u00edodh agam, i ndeireadh an lae thiar, ach m\u00e9 s\u00e1ite go dt\u00ed na cluasa im chuid oibre, \u00f3 mhaidin go ho\u00edche.  Rinne m\u00e9 iarrachta\u00ed \u00e1irithe le dul i gcionn ar na dalta\u00ed a bh\u00ed faoi mo ch\u00faram agam, ag an am.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Our own Magazine<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rinne m\u00e9 iarracht ar Irisleabhar, de chine\u00e1l eic\u00ednt, a chur ar bun in\u00e1r measc, agus d\u2019fh\u00e1g sin go raibh ormsa altanna, d\u00e1nta, agus p\u00edosa\u00ed scr\u00edbhneoireachta, a mhealladh \u00f3 dhalta\u00ed, a raibh an iomarca le d\u00e9anamh acu, cheana f\u00e9in.  Tar \u00e9is roinnt mhaith \u00fatam\u00e1la, d\u2019\u00e9irigh linn eagr\u00e1n amh\u00e1in den Iris ch\u00e9anna sin a chur i gcl\u00f3, agus a chur ar d\u00edol i measc lucht na scoile, agus fi\u00fa amuigh i gcupla siopa sa mbaile m\u00f3r!  Ba mh\u00f3r an saothar \u00e9, i nd\u00e1ir\u00edre, ach bh\u00ed an oiread sin scl\u00e1bha\u00edochta ag baint leis an iarracht sin, agus gan ch\u00fanamh le f\u00e1il \u00f3 che\u00e1rd ar bith, n\u00e1r th\u00e1inig an dara heagr\u00e1n ar an saol riamh ina dhiaidh sin. \u201cAn S\u00edol\u201d, a bhaist m\u00e9 ar an Iris ch\u00e9anna sin, agus creid \u00e9, n\u00f3 n\u00e1 creid \u00e9, th\u00e1inig m\u00e9 ar ch\u00f3ip de, cupla bliain \u00f3 shoin, agus d\u00e9arfainn n\u00e1rbh aon chailli\u00faint r\u00f3-mh\u00f3r \u00e9 don Saol Gaelach an Iris ch\u00e9anna sin a ligint i l\u00e9ig! Ag breathn\u00fa siar anois ar na c\u00farsa\u00ed sin, d\u00e9arfainn gur ar an bPiarsach a bh\u00ed m\u00e9 ag smaoineamh agus an tionscadal c\u00e9anna sin idir cham\u00e1in agam, n\u00f3 b\u2019in an cine\u00e1l ruda a dh\u00e9anadh seisean, ach n\u00edorbh aon Piarsach mise, geallaimse dhuit \u00e9.<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Play Acting<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rinne m\u00e9 iarracht freisin dr\u00e1ma a chur ar an ard\u00e1n, agus phioc m\u00e9 amach m\u2019fhoireann aisteoir\u00ed don ndr\u00e1ma c\u00e9anna sin, agus chaitheamar cupla r\u00e1ithe ina bhun, ach fait\u00edos orm, n\u00e1r l\u00e9ir\u00edodh riamh \u00e9, toisc, is d\u00f3cha, nach raibh na scileanna riachtanacha agam fh\u00e9in, ag an am, agus n\u00ed raibh \u00e9inne eile ansin, a bh\u00ed s\u00e1sta dul i bp\u00e1irt liom, sa bhfiontar sin.  Ar\u00eds, is d\u00f3cha gurbh \u00e9 an Piarsach ba ch\u00fais dom tabhairt faoin r\u00f3d \u00e1irithe sin! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thugamar faoi thionscadal eile, chomh maith, agus is f\u00e9idir liom a mha\u00edomh, gurbh fhearr go m\u00f3r a d\u2019\u00e9irigh linn sa ch\u00e1s sin. C\u00farsa\u00ed diosp\u00f3ireachta at\u00e1 i gceist agam anseo. Is d\u00f3cha go raibh cleachtadh eic\u00ednt agam fh\u00e9in ar ch\u00farsa\u00ed diosp\u00f3ireachta, n\u00f3 bh\u00edodh roinnt mhaith den chine\u00e1l sin oibre ar si\u00fal againn sna Cliarscoileanna, ar dhein m\u00e9 freastal orthu, agus b\u00edodh gur i nGaeilge a ritheadh roinnt \u00e1irithe d\u00edobh, is \u00e9 mo thuairim, n\u00e1r den d\u00edogha iad, ach oiread.  B\u2019fh\u00e9idir nach raibh cuid acu thar mholadh beirte, ach ag an am gc\u00e9anna, thug siad deis do na dalta\u00ed, iarracht a dh\u00e9anamh seasamh suas, agus a smaointe a chur abhaile ar lucht \u00e9isteachta, agus n\u00ed beag n\u00f3 suarach an bua \u00e9 sin, i gc\u00e1s dalta a bh\u00ed c\u00fathalach, n\u00f3 neirbh\u00edseach, \u00f3 n\u00e1d\u00fair. <\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">On the Stage !<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed Club Dr\u00e1ma\u00edochta den scoth i mbun oibre i mB\u00e9al an \u00c1tha, an t-am sin, agus \u00f3 tharla go raibh Gerry Molloy, dearth\u00e1ir an Dr\u00e1mad\u00f3ra ch\u00e1ili\u00fail, M.J. Molloy, ina mh\u00fainteoir i gCol\u00e1iste Mhuireadhaigh, ag an am, n\u00edor r\u00f3-fhada go raibh m\u00e9 meallta leis aige, le p\u00e1irteanna a ghlacadh sna dr\u00e1ma\u00ed a bh\u00edodh \u00e1 l\u00e9iri\u00fa aigeasan.  N\u00edor cheap m\u00e9 fh\u00e9in go raibh aon ghaisce ionnam mar aisteoir, ach dhealr\u00f3dh s\u00e9, go raibh Gerry s\u00e1sta lem iarrachta\u00ed ar an ard\u00e1n, agus thugadh s\u00e9 p\u00e1irt dom go rialta, sna dr\u00e1ma\u00ed a roghna\u00edodh s\u00e9 le cur i l\u00e1thair an phobail, dr\u00e1ma\u00ed ar n\u00f3s, The Paddy Pedlar, The King of Fridays Men, The Playboy of the Western World, agus The Wood of the Whispering. Dr\u00e1ma\u00ed a scr\u00edobh a dhearth\u00e1ir ba ea cuid acu. Bh\u00ed p\u00e1irt agam sa Pedlar agus sa Playboy freisin, agus d\u2019\u00e9irigh thar barr len\u00e1r Playboy, sa chaoi gur sciob s\u00e9 an chraobh leis i gCom\u00f3rtais\u00ed Dr\u00e1ma\u00edochta, sa timpeallacht, agus sciob s\u00e9 an chraobh leis freisin, sa Chom\u00f3rtas N\u00e1isi\u00fanta Dr\u00e1ma\u00edochta, i mBaile \u00c1tha Luain.  Agus nach raibh socruithe \u00e1 nd\u00e9anamh leis an Playboy c\u00e9anna sin a chur ar an ard\u00e1n i Londain Shasana, agus nach rabhthas ag caint faoina th\u00f3g\u00e1il chun na St\u00e1t Aontaithe, go fi\u00fa n\u00e1r luadh Caesar\u2019s Palace mar sprioc linn freisin. Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il go raibh cuid againn ag smaoineamh ar bheith in\u00e1r r\u00e9alta scann\u00e1n thall i Hollywood, ach ba \u00e9 cr\u00edoch na mbeart \u00e9 nach ndeachamar \u00e1it ar bith thar lear leis an ndr\u00e1ma c\u00e9anna sin, agus nach  \u2019in an saol agat, a mhac! Ar aon n\u00f3s, b\u2019\u00e9igean dom bheith s\u00e1sta lem phost mar mh\u00fainteoir i mB\u00e9al an \u00c1tha, agus a bheith bu\u00edoch beannachtach go raibh post d\u00e1 leith\u00e9id agam, mar, n\u00e1rbh ioma\u00ed duine dem chomhaois, a bh\u00ed d\u00edreach chomh c\u00e1ilithe liom fh\u00e9in, agus a raibh air an b\u00e1d b\u00e1n a thabhairt air fh\u00e9in, sin n\u00f3 fanacht anseo in \u00c9irinn iathghlas, oile\u00e1nach, agus \u00e9 ag brath ar p\u00e9 c\u00fanamh a thoileodh an St\u00e1t s\u2019againne a th\u00e1l orthu. B\u2019in an cine\u00e1l saoil a bh\u00ed i dtreis in \u00c9irinn, ag an am. N\u00ed raibh tr\u00e1cht fi\u00fa, ar Th\u00edogar Ceilteach, ag an am, n\u00f3 is d\u00f3cha go bhfaigheadh a leith\u00e9id de bheith\u00edoch b\u00e1s den ghorta dearg abhus againne an tr\u00e1th \u00fad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Mar a mh\u00ednigh m\u00e9 cheana, n\u00ed raibh carr n\u00f3 tada d\u00e1 leith\u00e9id agam, an t-am sin, n\u00f3 s\u00fail agam fi\u00fa, lena leith\u00e9id, mar sin, ba de shi\u00fal na gcos a raghainn \u00f3 \u00e1it go h\u00e1it, agus d\u00e1 dteast\u00f3dh uaim dul ar aistear ar bith, taobh amuigh de raon na gcos, bhuel, bheadh orm dul ar an mbus, n\u00f3 ar an dtraein. Sea, m\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu, gan aon ag\u00f3! <\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">In the Language Movement<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019\u00e9irigh go r\u00e9as\u00fanta maith liom i mbun mo cheirde, agus bh\u00ednn s\u00e1ite in aon chine\u00e1l oibre a bhain le gluaiseacht na teanga. Bh\u00ed m\u00e9 im bhall de Chonradh na Gaeilge, agus bh\u00ed ag \u00e9ir\u00ed go maith liom san eagra\u00edocht sin, freisin. D\u2019\u00e9irigh leis an gCraobh s\u2019againne r\u00fan a chur ar chl\u00e1r na hArdfheise, a tion\u00f3ladh i gCill \u00c1irne, sna caogaid\u00ed.  Ba \u00e9 a bh\u00ed i gceist sa r\u00fan c\u00e9anna sin, n\u00f3 go nd\u00e9anfa\u00ed chuile iarracht, an Ghaeilge a dhaingni\u00fa, agus a chur \u00e1 labhairt ar\u00eds, tr\u00ed dh\u00faich\u00ed \u00e1irithe a phiocadh amach leis an bpolasa\u00ed sin a chur i bhfeidhm iontu i dtosach, agus ansin, agus de r\u00e9ir a ch\u00e9ile, go nd\u00e9anfa\u00ed teorainneacha na nd\u00faich\u00ed sin a leathn\u00fa amach, go dt\u00ed, sa deireadh, nach mbeadh sa t\u00edr ar fad ach cr\u00edoch ina mbeadh an Ghaeilge faoi r\u00e9im ar\u00eds inti.  Sea, agus ritheadh an r\u00fan sin freisin, ach n\u00ed d\u00f3igh liom, go raibh aon toradh ar an r\u00fan c\u00e9anna sin, thar lucht na hArdfheise a chur ag caint faoi!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is cupla bliain \u00e1fach, thosaigh m\u00e9 ag \u00e9ir\u00ed amach, agus ag iarraidh p\u00e1irt a ghlacadh i saol s\u00f3isialta an bhaile mh\u00f3ir. Chuir m\u00e9 aithne ar dhaoine, agus thosaigh m\u00e9 ag dul chuig cluich\u00ed, chuig damhsa\u00ed agus chuig aon \u00e9ir\u00ed amach a chuirt\u00ed ar si\u00fal sa timpeallacht, ag an am. Agus ansin, tar \u00e9is dom c\u00faig bliana, n\u00f3 mar sin, a chaitheamh i mB\u00e9al an \u00c1tha, p\u00f3sadh m\u00e9 fh\u00e9in agus P\u00e1draig\u00edn Nic Fhinn, in Ardeaglais Mhuireadhaigh i mB\u00e9al an \u00c1tha. Agus ar\u00eds, nach m\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu? n\u00f3 bh\u00edomar f\u00f3s gan gluaiste\u00e1n, gan ch\u00f3ras iompair d\u00e1r gcuid fh\u00e9in. Ach, b\u2019in mar a bh\u00ed, an t-am sin.<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">A new post<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tharla ag an am sin, go raibh m\u00e9 ag smaoineamh ar thabhairt faoin Ardchathair, agus tharla go raibh duine de na Br\u00e1ithre le Muire ar m\u2019aithne, ag an am, agus mhol seisean dom cur isteach ar phost ina scoil si\u00fad, i nDroichead na Dothra, i mBaile \u00c1tha Cliath. Rinne m\u00e9 rud air, agus ba \u00e9 deireadh na mbeart \u00e9, n\u00f3 go bhfuair m\u00e9 post i gCol\u00e1iste Mhuire Cois Abhann, ansin, agus ar\u00eds b\u2019\u00e9igean dom mo chip is mo mhe\u00e1naithe a bhaili\u00fa chugam, agus m\u00e9 fh\u00e9in, is mo bhean, agus mo mhac, Miche\u00e1l, a bhaili\u00fa liom chun na cathrach, ach b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir dom an chuid eile den sc\u00e9al sin a fh\u00e1g\u00e1il go dt\u00ed an ch\u00e9ad gh\u00e1la eile, nuair a chuirfidh m\u00e9 s\u00edos ar an bpost nua, agus ar an scoil nua, agus ar an gcor a chuir sin uilig im chinni\u00faint.  Go dt\u00ed sin, Sl\u00e1n&#8230;&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Iris, Magazine; scileanna riachtanacha, the necessary skills; tionscadal, project; R\u00e9alta Scann\u00e1n, Film-star; duine dem chomhaois, one of my contemporaries, raon na gcos, within walking distance; Br\u00e1ithre le Muire, Marist Brothers. . . An Irish Teacher Peadar Bair\u00e9ad . Life in St. Muredach\u2019s College Ba mhaith liom alt amh\u00e1in eile a scr\u00edobh faoin gcine\u00e1l saoil a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12433","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12433","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12433"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12433\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12434,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12433\/revisions\/12434"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12433"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12433"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12433"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}