{"id":12443,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12443"},"modified":"2024-04-08T01:14:46","modified_gmt":"2024-04-08T01:14:46","slug":"eachtrtaigh-duinn-28-a","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/eachtrtaigh-duinn-28-a\/","title":{"rendered":"Eachtrtaigh d\u00fainn 28 A."},"content":{"rendered":"<p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">E a c h t r a i g h     D \u00fa i n n     28  A .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">**********************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba ghearr gur th\u00e1inig muid isteach ar chl\u00e1r \u00e1r laethe sa Chol\u00e1iste Sagartachta sin i nDroim an tS\u00edn, n\u00f3 i nd\u00e1ir\u00edre, bh\u00ed seanchleachtadh faighte againne, cheana f\u00e9in, ar an gcine\u00e1l sin saoil, ach n\u00ed seomra\u00ed ranga a bh\u00ed againn anois \u00e1fach, ach halla\u00ed l\u00e9achta, agus in \u00e1it ranganna, is amhlaidh a thugta\u00ed l\u00e9achta\u00ed d\u00fainn.  Bh\u00edomar ag staid\u00e9ar anois ar an tr\u00ed\u00fa leibh\u00e9al, c\u00e9 go raibh c\u00e9im bainte amach ag \u00e1r mbun\u00fas, cheana f\u00e9in, agus diaidh ar ndiaidh th\u00e1ngamar isteach ar bheala\u00ed na hInstiti\u00faide sin. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">  Ach le filleadh ar an gc\u00e9ad o\u00edche sin againn i gCol\u00e1iste Diagachta sin Dhroim an tS\u00edn d\u00fainn, nuair a bh\u00ed chuile rud feicthe, scr\u00fadaithe, againn, bh\u00ed s\u00e9 in am soip, agus tar eis d\u00fainn paidreacha na ho\u00edche a r\u00e1, thugamar \u00e1r seomra\u00ed orainn fh\u00e9in.  Saol eile ar fad a bh\u00ed againn anois, i gcompar\u00e1id leis an saol a bh\u00ed againn sna Col\u00e1ist\u00ed eile, agus b\u2019iontach go deo an bunt\u00e1iste \u00e9, do sheomra fh\u00e9in a bheith agat.  D\u2019fh\u00e9adf\u00e1 seal a chaitheamh ag l\u00e9amh, n\u00f3 ag staid\u00e9ar, n\u00f3 ag gabh\u00e1il do cheird ar bith a bheadh idir l\u00e1mha agat, ag an am.  Chomh fada anois agus is cuimhin liom, n\u00ed bh\u00edodh aon chl\u00fadach ar bith ar na hurl\u00e1ir againn, sna seomra\u00ed ch\u00e9ad bhliana sin, ach bh\u00ed c\u00f3fra \u00e9adaigh, leabhrag\u00e1n, b\u00e1is\u00edn l\u00e1mh, leaba, agus bord, n\u00f3 crinl\u00edn, le do chuid staid\u00e9ar a dh\u00e9anamh air, agus chomh maith leo sin uilig, bh\u00ed scuab url\u00e1ir agus m\u00e9is\u00edn deannaigh ansin, le leide thabhairt duit, go rabhthas ag s\u00fail go gcoinneof\u00e1 an  \u00e1it deas, glan, n\u00e9ata.  Bh\u00edomarna thuas ag barr an t\u00ed, ar an dtr\u00ed\u00fa, n\u00f3 ar an gceathr\u00fa hurl\u00e1r, s\u00edlim anois, ach n\u00e1r chuma faoi sin, n\u00f3 thart orainn, bh\u00ed na dalta\u00ed a rinne a gcuid saighdi\u00faireachta linn, le m\u00e1m blianta roimhe sin, cuid acu mar chomr\u00e1daithe againn, \u00f3 laethe Bh\u00e9al an \u00c1tha Fhada, anuas. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Bh\u00ed an \u00e1it an-mh\u00f3r go deo, n\u00f3 c\u00e9 gur cheannaigh an SMA, Dromantine House, thart ar l\u00e1r na bhfichid\u00ed, n\u00edor oscla\u00edodh \u00e9 mar Chol\u00e1iste Diagachta an SMA, go dt\u00ed an bhliain 1926.  Ba \u00e9 an tAthair Slattery, a bh\u00ed taobh thiar den tionscnamh sin uilig.  Anois, ba \u00e9 an sc\u00e9al a chuala mise n\u00f3, gur cuireadh an Teach M\u00f3r agus an fheirm mh\u00f3r a bh\u00ed ag gabh\u00e1il leis, ar an margadh, agus c\u00e9 gur chuir lucht an SMA suim agus dh\u00e1 shuim sa seal\u00fachas c\u00e9anna sin, n\u00f3 d\u2019oirfeadh siad go seoigh d\u00e1 riachtanais, agus biodh go raibh an t-airgead acu chuige, ag an am gc\u00e9anna, tuigeadh d\u00f3ibh nach mbeadh seans ar domhan go nd\u00edolfa\u00ed d\u2019eagra\u00edocht Chaitliceach, cos\u00fail leis an SMA, iad, agus ba \u00e9 dhein siad, n\u00f3 \u00e9 a cheannacht tr\u00ed dhl\u00edod\u00f3ir.  N\u00ed raibh na d\u00fachasaigh r\u00f3-sh\u00e1sta, nuair a chuala siad faoi na h\u00fan\u00e9ir\u00ed nua, agus ar\u00eds, bh\u00ed s\u00e9 ina sc\u00e9al sc\u00e9il in\u00e1r measc, gur deineadh cupla iarracht ar nimh a chur ina sol\u00e1thar uisce, ach, n\u00ed raibh aon chruth\u00fa riamh againne, gur mar sin a tharla.  Faoi mar ad\u00fairt m\u00e9, n\u00ed raibh ann ach, \u201cd\u00fairt bean liom, go nd\u00fairt bean lei, gur chuala sise bean eile \u00e1 r\u00e1\u201d.  N\u00f3 ar ch\u00f3ir dom an focal, \u201cbean\u201d, a fh\u00e1g\u00e1il ar l\u00e1r ansin, agus focal ar n\u00f3s, \u201cduine,\u201d a chur isteach ina \u00e1it?  N\u00ed d\u00f3igh liom go mbeadh an d\u00fachas c\u00e9anna sa leagan athraithe!!     Ag an am gc\u00e9anna, n\u00edor mhothaigh m\u00e9 fh\u00e9in riamh, go raibh na comharsana, a bh\u00ed againn i nDroim an tS\u00edn, r\u00f3-chairdi\u00fail linn, agus tharla\u00edodh corr rud, anois is ar\u00eds, a chuireadh sin ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Mo chuidse de, tharla am eic\u00ednt, le linn mo laethe sa Chol\u00e1iste Diagachta sin Dhroim an tS\u00edn, go raibh orm seal a chaitheamh in Ospid\u00e9al an Mhater, i mB\u00e9al Feirste.  Bh\u00ed cupla gear\u00e1n ag cur as dom, ag an am, agus b\u2019\u00e9igean dom seal a chaitheamh istigh.  Tr\u00e1th raibh m\u00e9 istigh ansin, chuir m\u00e9 aithne ar roinnt mhaith daoine, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il go raibh a mbun\u00fas cairdi\u00fail, carthannach, l\u00e1ch, ach n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9, ach chuige seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a bh\u00ed mo sheal san ospid\u00e9al sin caite, bh\u00ed orm, mar a mh\u00edneoidh m\u00e9 dhuit amach anseo, mo bhealach a dh\u00e9anamh ar ais go dt\u00ed an Col\u00e1iste, ach nuair a thuirling m\u00e9 den bhus, ag an mbus-stad ba ch\u00f3ngara\u00ed do Dhroim an tS\u00edn, bh\u00ed rothar f\u00e1gtha ansin dom.  Bhuel, n\u00edor luaithe suite ar mo rothar m\u00e9, agus m\u00e9 ag tos\u00fa ar mo thuras abhaile, n\u00f3 chonaic m\u00e9 beirt fhear ag l\u00e9imt ar rothair, taobh thiar d\u00edom, agus thuig m\u00e9 l\u00e1ithreach, go raibh siad sa t\u00f3ir orm.  Agus b\u00edodh go raibh m\u00e9 fh\u00e9in lagaithe go maith, tar \u00e9is mo sheal san ospid\u00e9al, ag an am gc\u00e9anna, thuig m\u00e9 br\u00ed an tseanfhocail go r\u00ed-maith \u201cnuair is crua don chailleach caithfidh s\u00ed rith\u201d, agus geallaimse dhuit \u00e9, go mbeadh s\u00e9 deacair go maith teacht suas liom, sa an r\u00e1s sin go dt\u00ed geata m\u00f3r an Chol\u00e1iste.  Ar aon chuma, d\u2019\u00e9irigh liom geata an Chol\u00e1iste a bhaint amach rompu, agus n\u00edor lean an bheirt ghaisc\u00edoch isteach thar an ngeata c\u00e9anna sin m\u00e9.  D\u00faradh liom, ar ball, go mba bhaill de na \u201cB Specials\u201d a bh\u00ed iontu, agus chuile sheans, d\u00e1 mb\u00e9arfaid\u00eds orm, go dt\u00f3gfa\u00ed chun na beairice m\u00e9, le mo cheisti\u00fa, cib\u00e9 c\u00e9n saghas ceisteanna a bheadh a bheadh acu?  Ar aon n\u00f3s, tuigeadh domsa, nach gcuirf\u00ed aon r\u00f3-fh\u00e1ilte romham sa mbeairic ch\u00e9anna sin, n\u00f3 tuigeadh dom, nach maith an n\u00f3s \u00e9 bheith ag br\u00fa ar an ndoicheall, agus b\u00ed cinnte dhe, go moth\u00f3f\u00e1 an doicheall amh, oscailte, c\u00e9anna sin, romhat, sa d\u00faiche ch\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Comhartha eile nach raibh aon r\u00f3-fh\u00e1ilte romhainne, sna bailte in aice l\u00e1imhe linn, n\u00f3,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">teacht an tSamhraidh, go hiond\u00fail, nuair a thosa\u00edodh na fir bhu\u00ed ag cleachtadh drumad\u00f3ireachta, don \u201cTwalfth\u201d, n\u00edor neamhchoitianta in aon chor an rud \u00e9, go dtiocfadh d\u00edograiseoir or\u00e1isteach eic\u00ednt suas go geata tosaigh an Chol\u00e1iste s\u2019againne, agus \u00e9 ag leadradh a Dhruma M\u00f3r, faoi mar a bheadh Dia \u00e1 r\u00e1 leis, n\u00f3 b\u2019fh\u00e1idir gur \u00f3n dtaobh eile a fuair s\u00e9 a inspreagadh!  Chuirfeadh an torann millteanach, cluasphl\u00e9ascach, aduain  sin, an cro\u00ed trasna ionat, nuair a chloisfe\u00e1 \u00e9 i l\u00e1r na ho\u00edche ci\u00faine, agus gan a fhios agat, i nd\u00e1ir\u00edre, c\u00e9n fuadar a bh\u00ed faoi na fir bhu\u00ed a bh\u00ed timpeall ort, ag an am.  Ar aon n\u00f3s, thangamar sl\u00e1n \u00f3 na hionsaithe sin uilig, ach m\u00e1 th\u00e1inig fh\u00e9in, fanann cuimhne na n-o\u00edcheannta sin, go glas f\u00f3s i gcro\u00ed mo chuimhne, agus fanfaidh go leagfar na hord\u00f3ga orm, n\u00f3 tuigeadh domsa, ach go h\u00e1irithe, gur le drochr\u00fan agus le drochchro\u00ed, a buaileadh chuile buille d\u00e1r chualamar uathusan.  Bh\u00edodh fait\u00edos orm fh\u00e9in i gc\u00f3na\u00ed, go gcuirfid\u00eds an \u00e1it tr\u00ed thine, ach bh\u00edodh an t-\u00e1dh orainn go mb\u00edodh an Col\u00e1iste d\u00fanta thart faoin \u201cTwalfth\u201d, agus bh\u00ednn fh\u00e9in ar mo sh\u00e1imh\u00edn s\u00f3, thiar in Iorras na nIontas,  agus gan sp\u00e9is d\u00e1 laghad agam sna fir bhu\u00ed, n\u00f3 ina gcuid m\u00e1irse\u00e1la.  Ach \u00f3 tharla gur luaigh m\u00e9 Dromantine House, sa chomhr\u00e1 sin, is d\u00f3cha gur ch\u00f3ir dom a lua, gur thr\u00e9igh an SMA an t-ionad sin, sa bhliain 1973, nuair a shocraigh siad ar a gcuid staid\u00e9ar Diagachta a dh\u00e9anamh feasta, i M\u00e1 Nuat.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bheadh s\u00e9 deacair teach n\u00edos \u00e1ille, n\u00edos dea-dheartha, n\u00edos dea-th\u00f3gtha, n\u00e1 Teach Dhroim an tS\u00edn a fh\u00e1il i do shi\u00fal lae.  Is d\u00f3cha go nd\u00e9arfadh duine, go raibh cuma claisiceach air, mar fhoirgneamh, agus \u00e9 m\u00f3r, maisi\u00fail, t\u00e9agartha, agus cuma air, go mba chuid den d\u00faiche timpeall \u00e9, ach n\u00ed call dom a r\u00e1, gur deineadh an t-uaf\u00e1s t\u00f3g\u00e1la timpeall ar an dteach bunaidh, ach fi\u00fa sa ch\u00e1s sin fh\u00e9in, n\u00edor chaill an seanteach a dh\u00ednit, n\u00f3 a uaisleacht, n\u00f3 a shnas, riamh.   \u00d3! sea, agus b\u00ed ag caint ar gharraithe!  Bh\u00ed siad sin ann, n\u00f3 timpeall an T\u00ed Mh\u00f3ir ar fad, bh\u00ed garraithe de chuile sh\u00f3rt.  Bh\u00ed toir agus bl\u00e1thanna den scoth, ina m\u00edlte sa timpeall, agus chuile cheann acu n\u00edos \u00e1ille agus n\u00edos maisi\u00fala n\u00e1 an ceann eile.  Bh\u00ed ansin freisin, crainn ina gc\u00e9adta, agus iad ag baint barr \u00e1ille d\u00e1 ch\u00e9ile tr\u00ed \u00e9ags\u00falacht a ndatha, agus a gcuma.  Leagadh amach na garraithe, agus cuireadh na crainn, go heala\u00edonta, cliste, scili\u00fail, sa tsl\u00ed go dt\u00f3gfadh siad cro\u00ed an t\u00e9 a chaithfeadh seal ina measc. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Bh\u00ed ann freisin, fuar\u00e1in, agus linnte uisce thart orthu, agus i gcl\u00faideanna c\u00falr\u00e1ideacha, i measc na gcrann is na dtor, bh\u00ed tig\u00edn\u00ed cluthara agus su\u00edoch\u00e1in fhosc\u00fala, le deis a thabhairt do dhuine, seal a chaitheamh ar a sh\u00e1imh\u00edn s\u00f3 ansin, agus \u00e9 i dteangmh\u00e1il leis an d\u00falra.  Sea, b\u2019\u00e1lainn an Teach a bh\u00ed acu ansin, agus b\u2019\u00e1lainn na garraithe a bh\u00ed timpeall ar an dTeach M\u00f3r c\u00e9anna sin, agus timpeall ar an \u00e1itreabh sin ar fad, bh\u00ed, d\u00e1r nd\u00f3igh, feirm an-mh\u00f3r, agus n\u00ed athra\u00edonn c\u00farsa\u00ed chomh m\u00f3r sin riamh, n\u00f3 tomhas, c\u00e9ard a tharla\u00edodh nuair a bh\u00edodh cru\u00f3g ar lucht na feirme, tr\u00e1th mb\u00edd\u00eds ag cur na bhfata\u00ed san Earrach, n\u00f3 \u00e1 bpiocadh sa bhF\u00f3mhar, n\u00f3 ag  bualadh an arbhair b\u2019fh\u00e9idir?  Sea, t\u00e1 an ceart agat, chuireadh siad fios orainne, ar na spailp\u00edn\u00ed f\u00e1nacha, leis an scl\u00e1bha\u00edocht a dh\u00e9anamh.  N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, go mba fhuath liom fh\u00e9in an cine\u00e1l sin oibre, chuile l\u00e1 riamh, ach amh\u00e1in ar \u00e1r bhfeirm\u00edn fh\u00e9in sa bhaile fad\u00f3, ach sin sc\u00e9al eile ar fad.  Ba \u00ed c\u00fais n\u00e1r thaitin an cine\u00e1l sin oibre sin liom, ag an am, n\u00f3 go mb\u00edodh an t-asma ag cur as dom, i gc\u00fains\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id.   Ach, b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir dom an sc\u00e9al a fh\u00e1g\u00e1il mar sin, don bhabhta seo, agus fillfidh m\u00e9 ar an \u00e1bhar sin, sa ch\u00e9ad gh\u00e1la eile, nuair a bheidh m\u00e9 ag cur s\u00edos ar an gcine\u00e1l saoil a bh\u00ed againn, agus muid ag treabhadh linn tr\u00ed na C\u00farsa\u00ed Diagachta agus Feals\u00fanachta, thuas ansin, i nDroim an tS\u00edn, i gContae \u00e1lainn daingean an D\u00fain, faoi sc\u00e1th Shl\u00e9ibhte Mughdhorna.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Go dt\u00ed an ch\u00e9ad gh\u00e1la eile, mar sin&#8230;&#8230;.Sl\u00e1n&#8230;&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">***************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. E a c h t r a i g h D \u00fa i n n 28 A . . ********************** . Ba ghearr gur th\u00e1inig muid isteach ar chl\u00e1r \u00e1r laethe sa Chol\u00e1iste Sagartachta sin i nDroim an tS\u00edn, n\u00f3 i nd\u00e1ir\u00edre, bh\u00ed seanchleachtadh faighte againne, cheana f\u00e9in, ar an gcine\u00e1l sin saoil, ach [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12443","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12443","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12443"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12443\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12444,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12443\/revisions\/12444"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12443"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12443"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12443"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}