{"id":12459,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12459"},"modified":"2024-04-08T01:13:10","modified_gmt":"2024-04-08T01:13:10","slug":"f-e-a-r-n-a-b-u-i-l-e","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/f-e-a-r-n-a-b-u-i-l-e\/","title":{"rendered":"F e a r      n a       B u i l e"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:12pt\">fear buile<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a madman;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">dreas<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a while;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">r\u00e9alta scann\u00e1in<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a film star;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">ag ligint air<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, pretending;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">carraig ar chiall<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a rock of sense;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">p\u00f3r<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, breed;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">aicsean<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a feat;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">cuntas bainc<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a bank account;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">sc\u00e1la\u00ed an hucstaera<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, a huckster\u2019s scales.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">F e a r      n a       B u i l e<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">A  Mad  World<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach cuimhin le chuile dhuine againn an seanfhocal a bh\u00edodh i mb\u00e9al daoine fad\u00f3&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Is d\u00f3igh le fear na buile<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Gurb \u00e9 fh\u00e9in fear na c\u00e9ille.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Sea, mh\u2019anam, agus nach c\u00f3ngarach go maith d\u00e1 ch\u00e9ile an d\u00e1 earra c\u00e9anna sin, an bhuile agus an chiall, agus nach ndeirt\u00ed fad\u00f3 go mba dhearth\u00e1ireacha d\u00e1 ch\u00e9ile an chiall is an bhuile, agus i nd\u00e1ir\u00edre, nach mbuaileann dreasanna buile agus dreasanna c\u00e9ille chuile dhuine againn, ach n\u00ed tharla\u00edonn na dreasanna buile sin ach go hannamh, i mbun\u00fas na ndaoine. Bhuel, ba \u00e9 a chuir ag tochrais ar an gceirtl\u00edn sin m\u00e9, an tseachtain seo, n\u00f3 m\u00e9 ag breathn\u00fa ar ch\u00farsa\u00ed an tsaoil mh\u00f3ir, thart orainn, agus n\u00ed th\u00f3gf\u00e1 ar dhuine ar bith \u00e9, d\u00e1 gceapfadh s\u00e9 go raibh an saol ar fad imithe ar mire, agus leis an sc\u00e9al a dh\u00e9anamh i bhfad \u00c9ireann n\u00edos measa, d\u00e1 gceapfadh chuile mhac an pheata acu, go raibh s\u00e9 fh\u00e9in chomh ciallmhar le breitheamh, b\u00edodh go bhfuil daoine ann freisin, a chuirfeadh comhartha m\u00f3r ceiste i ndiaidh an r\u00e1itis ch\u00e9anna sin!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Breathnaigh ar an R\u00e9alta Scann\u00e1in. Nach d\u00f3igh leis-sean, nach bhfuil duine ar bith ar an saol seo ar aon ch\u00e9im leis? <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Film  Stars\u2019  Status<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, mh\u2019anam! Agus c\u00e9ard a dh\u00e9anann an R\u00e9alta seo, leis an st\u00e1das, agus leis an ngradam seo uilig, gan tr\u00e1cht in aon chor ar an spar\u00e1n teann a bhronnann an pobal idirn\u00e1isi\u00fanta air, c\u00e9ard a dh\u00e9anann s\u00e9 le sin uilig a shaothr\u00fa?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard a dh\u00e9anann s\u00e9, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, caitheann s\u00e9 a chuid ama, ag dul timpeall, ag iarraidh a chur ina lu\u00ed ar chuile dhuine, gur duine eile ar fad \u00e9! Nach \u00e9 sin ceird an R\u00e9alta Scann\u00e1in? Diabhal a bh\u00edonn ar si\u00fal aige, agus \u00e9 i mbun a cheirde, ach ag ligint air, gur duine eile ar fad \u00e9, ag cur i gc\u00e9ill don tsaol m\u00f3r, nach \u00e9 fh\u00e9in at\u00e1 os \u00e1r gcomhair amach, in aon chor, ach carachtar eile ar fad, agus d\u00e1 fheabhas a \u00e9ir\u00edonn leis sin a chur ar \u00e1r s\u00faile d\u00fainn, is ea is m\u00f3 a shaothra\u00edonn s\u00e9, agus is ea is m\u00f3 a sh\u00edltear de. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Crazy, is it?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, d\u00e1 bhfeicfe\u00e1 duine ag dul timpeall, agus \u00e9 ag ligint air go mba dhuine eile ar fad \u00e9, c\u00e9ard a cheapf\u00e1 fh\u00e9in faoi?  Nach gceapf\u00e1 go raibh s\u00e9 glan as a mheabhair?  n\u00f3 i bhfocail eile, go mba dhuine buile \u00e9. Agus c\u00e9ard a cheapann an R\u00e9alta Scann\u00e1in fh\u00e9in? N\u00edl dabht ar domhan, ach go gceapann s\u00e9 gur charraig ar cheill \u00e9, agus a chruth\u00fa sin aige, sa charn airgid sin a bhronntar air, as na c\u00e9apair sin uilig a bh\u00edonn ar si\u00fal aige. Sea, mh\u2019anam, agus leis an sc\u00e9al a dh\u00e9anamh n\u00edos measa f\u00f3s, nach dt\u00e9ann nuachta an tsaoil mh\u00f3ir sa t\u00f3ir air, ag iarraidh a thuairim\u00ed faoi ch\u00farsa\u00ed casta polait\u00edochta, s\u00f3isialta, agus creidimh, a bhronnadh orainn, sa chaoi go mbeadh ar \u00e1r gcumas, aithris a dh\u00e9anamh air. N\u00edl dabht ar domhan, ach go mb\u00edonn an pobal ina gc\u00e9ad cuid timpeall orthu, agus dia beag \u00e1 dh\u00e9anamh acu d\u00edobh<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Bull  Sense<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, b\u2019fh\u00e9idir go gceapf\u00e1sa gur duine buile \u00e9 an R\u00e9alta Scann\u00e1in c\u00e9anna sin, ach m\u00e1 sea fh\u00e9in, tuigtear don R\u00e9alta \u00e9 fh\u00e9in, gurb \u00e9 fear na c\u00e9ille \u00e9, sea agus a ch\u00fais sin aige!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed m\u00e9 ag cur na gc\u00farsa\u00ed seo tr\u00ed ch\u00e9ile le M\u00e1rtan a\u2019 Tairbh, an l\u00e1 cheana, agus labhair seisean liom faoi pheilead\u00f3ir\u00ed c\u00e1ili\u00fala an tsaoil mh\u00f3ir, agus faoi na milli\u00fain a shaothra\u00edonn siadsan, in aghaidh na bliana. Beag an baol go mbeadh ar mo chumas-sa airgead mar sin a shaothr\u00fa le mo tharbh bocht, b\u00edodh gur den p\u00f3r is fearr, amach is amuigh \u00e9 fh\u00e9in an cr\u00e9at\u00far! Anois, ar seisean liomsa, c\u00e9ard a cheapf\u00e1 de dhuine, a chaithfeadh a laethe ag iarraidh liathr\u00f3id a chice\u00e1il uaidh, agus \u00e9 a sheoladh isteach idir dh\u00e1 chuaille a bheadh s\u00e1ite sa talamh aige?  Sea, mh\u2019anam! ar seisean, agus ag an am gc\u00e9anna, \u00e9 ag s\u00fail go n\u2019\u00edocfa\u00ed na milli\u00fain sa bhliain d\u00f3, d\u00e1 n-\u00e9ireodh leis an t\u2019aicsean sin a dh\u00e9anamh, anois is ar\u00eds! Go bhf\u00f3ire Mac D\u00e9 na Gl\u00f3ire orainn uilig, ar seisean, ach nach gceapfadh duine ciallmhar ar bith, go mba dhuine buile \u00e9 mo dhuine? <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">All  the  way  to  the  Bank !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019fh\u00e9idir \u00e9, arsa m\u00e9 fh\u00e9in, \u00e1 fhreagairt, ach m\u00e1 sea fh\u00e9in, bheadh an gh\u00e1ire dheiridh ag mo dhuine, nuair a bheadh s\u00e9 ag breathn\u00fa ar a chuntas bainc,                                               ag deireadh na bliana.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl a fhios agam c\u00e9 t\u00e1 ar buile, n\u00f3 c\u00e9 t\u00e1 ar a cheill, na laethe seo, arsa mo Mh\u00e1rtan liom ansin. Breathnaigh ar an gcuid eile againn, ar seisean, agus muid ag saothr\u00fa linn ar \u00e1r m\u00edle dh\u00edcheall, agus gan ach pingneacha beaga againn i ndeireadh na d\u00e1la, sea, agus muidinne ag ceapadh, go mba sinne dream na c\u00e9ille!  Sea, agus breathnaigh ar \u00e1r dTaoiseach fh\u00e9in, agus na daoine sin uilig a chaitheann a nd\u00fathracht, is a laethe, ag iarraidh an t\u00edr seo a rial\u00fa, agus is beag nach bhfuil cuid de na himreoir\u00ed, agus de na R\u00e9alta Scann\u00e1in sin ag saothr\u00fa an oiread i seachtain amh\u00e1in, is a shaothra\u00edonn siadsan i mbliain ioml\u00e1n!<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Question  or  Answer ?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, freagair an cheist domsa mar sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9 t\u00e1 ar a chiall?  N\u00f3 c\u00e9 t\u00e1 ar  buile?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cuma c\u00e9n freagra a thugann t\u00fa ar an gceist sin, t\u00e1 m\u00e9 cinnte, nach f\u00e9idir ciall n\u00f3 buile a mhe\u00e1 i sc\u00e1la\u00ed an hucstaera.  Agus i ndeireadh na d\u00e1la, caithfear a admh\u00e1il gur ag an dream fad\u00f3 a bh\u00ed an ceart, nuair a dhearbhaigh siad, go mba dh\u00f3igh le fear na buile grubh \u00e9 fh\u00e9in fear na c\u00e9ille.<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>fear buile, a madman; dreas, a while; r\u00e9alta scann\u00e1in, a film star; ag ligint air, pretending; carraig ar chiall, a rock of sense; p\u00f3r, breed; aicsean, a feat; cuntas bainc, a bank account; sc\u00e1la\u00ed an hucstaera, a huckster\u2019s scales. . F e a r n a B u i l e Peadar Bair\u00e9ad A Mad [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12459","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12459","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12459"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12459\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12460,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12459\/revisions\/12460"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12459"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12459"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12459"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}