{"id":12461,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12461"},"modified":"2024-04-08T01:13:10","modified_gmt":"2024-04-08T01:13:10","slug":"f-e-a-r-n-a-f-a-l-l-a-i-n-g-e","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/f-e-a-r-n-a-f-a-l-l-a-i-n-g-e\/","title":{"rendered":"F e a r      n a      F a l l a i n g e"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">F e a r      n a      F a l l a i n g e .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>***************************<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\"><span style=\"font-size:14pt\">Fallaing  Aonghusa<\/span><em>.  Saol Amharclainne<\/em>.    &#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..2,000.<\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">le<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>Tom\u00e1s Mac Anna&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>**************************<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">In alt a scr\u00edobh m\u00e9 tamall \u00f3 shoin, agus m\u00e9 ag cur s\u00edos ar sheoladh mo thr\u00ed\u00fa leabhar fil\u00edochta \u201cFata\u00ed R\u00f3mhair\u201d, scr\u00edobh m\u00e9 mar seo&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Sea, mh\u2019anam, ba san Abbey a bh\u00ed s\u00e9 uilig ag tarl\u00fa, ar an D\u00e9ardaoin, an 28\u00fa l\u00e1 de Bhealtaine, 2001, n\u00f3 ansin, ar uair an mhe\u00e1nlae, th\u00e1inig thart ar thr\u00ed sc\u00f3r daoine i bhfochair a ch\u00e9ile, le tr\u00ed leabhar nuafhoilsithe a sheoladh, san \u00e1ras stairi\u00fail sin.  Ceann de na leahair sin ba ea mo thr\u00ed\u00fa bhaili\u00fach\u00e1n fil\u00edochta, ar ar bhaist m\u00e9 \u201cFata\u00ed R\u00f3mhair.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, ceann den d\u00e1 leabhar eile a seoladh an l\u00e1 sin in Amharclann na Mainistreach ba ea leabhar spreag\u00fail Thom\u00e1is Mhic Anna, \u201cFallaing Aonghusa\u201d.  Leabhar ina gcuireann s\u00e9 s\u00edos ar ch\u00farsa\u00ed a shaoil fh\u00e9in, agus ag an am gc\u00e9anna, d\u00e9anann s\u00e9 sc\u00e9al na hAmharclainne c\u00e1ili\u00fala sin a r\u00edomh d\u00fainn ar bhealach at\u00e1 suimi\u00fail agus meallach, agus a fh\u00e1gann an l\u00e9itheoir faoina gheasa, gan m\u00f3r\u00e1n achair.  M\u00edn\u00edonn s\u00e9 teideal an leabhair d\u00fainn i dosach b\u00e1ire, mar seo&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">C\u00e9 gurbh \u00e9 Lugh, an tIld\u00e1na\u00ed, Apollo na nGael,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Ba \u00e9 Aonghus an Dionysus a bh\u00ed againn \u2013<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Dia na taibhseachta a bhain<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Le cluicheoir\u00ed, geamair\u00ed agus dr\u00faith r\u00edoga.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba \u00e9 Aonghus, mar sin, a ph\u00e1tr\u00fan, ar bhealach eic\u00ednt, agus is d\u00f3cha gur faoina fhallaing si\u00fad, a shaothraigh s\u00e9, agus a d\u2019\u00e9irigh leis teacht sl\u00e1n \u00f3 chora\u00ed crua an tsaoil.  Ach fillimis ar sc\u00e9al Thom\u00e1is.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sa \u201cBhrollach\u201d ins\u00edonn an t-\u00fadar d\u00fainn faoin chaoi ar snadhmadh ceangal idir e fh\u00e9in agus Amharclann a chro\u00ed, a ch\u00e9aduair.  F\u00e9ach mar a chuireann an t-\u00fadar fh\u00e9in \u00e9&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cBh\u00ed clog binn \u00e9igin sa chathair ag f\u00f3gairt naoi nuair a shrois m\u00e9 doras st\u00e1itse na Mainistreach, maidin bhre\u00e1 ghr\u00e9ine i ndeireadh mh\u00ed an Mheithimh sa bhliain 1947.  Bh\u00ed cnaipe beag ag taobh an dorais agus bhr\u00faigh m\u00e9 air go b\u00e9asach.\u201d <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed litir ina ph\u00f3ca aige, litir a fuair s\u00e9 \u00f3 bhainisteoir sti\u00fartha na hAmharclainne, Earn\u00e1n de Blaghd, \u00e1 r\u00e1 leis teacht chun na Mainistreach an mhaidin sin, le bheith ina l\u00e9iritheoir ar dhr\u00e1ma\u00ed Gaeilge ann.  Ar ball, nuair a casadh ar a ch\u00e9ile iad, thug Earn\u00e1n gn\u00f3 d\u00f3 l\u00e1ithreach bonn.  Bh\u00ed air an dr\u00e1ma \u201cCasadh an tS\u00fag\u00e1in\u201d a chur ar an ard\u00e1n, i gcionn tr\u00ed sheachain, le foireann \u00f3g na Mainistreach, agus ba le haghaidh \u00f3c\u00e1id speisialta an l\u00e9iri\u00fa c\u00e9anna sin, Comhdh\u00e1il Cheilteach, a bheadh ar si\u00fal an t-am sin.  B\u2019in mar a cuireadh t\u00fas lena shaol mar l\u00e9iritheoir gairmi\u00fail, i gceann de na hAmharclanna ba ch\u00e1li\u00faila ar bith, an tr\u00e1th \u00fad.  Nach sp\u00e9isi\u00fail mar a chuireann s\u00e9 cr\u00edoch leis an mBrollach c\u00e9anna sin&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Blianta ina dhiaidh sin, chuir an bandr\u00e1mad\u00f3ir, Mair\u00e9ad N\u00ed Ghr\u00e1da, ceist ar Earn\u00e1n faoi conas mar a th\u00e1inig s\u00e9 ormsa mar l\u00e9iritheoir i dtosach b\u00e1ire, Is \u00e9 an freagra a thug Earn\u00e1n n\u00e1 \u2018l\u00e9imt sa dorchadas.\u2019<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">M\u00e1 ba l\u00e9im sa dorchadas fh\u00e9in \u00e9, ba thr\u00e1th\u00fail agus ba rafar an l\u00e9imt \u00e9, n\u00f3 ba bheag duine a leag lorg a l\u00e1imhe ar an Amharclann sin faoi mar a leag an Tom\u00e1s Mac Anna c\u00e9anna sin e, agus chomh maith le sin, n\u00edor cheart a shaothar i ngort dr\u00e1maiocht na Gaeilge a ligint i ndearmad, n\u00f3 rinne s\u00e9 \u00e9acht sa ghort c\u00e9anna sin, tr\u00ed dhr\u00e1ma\u00ed a l\u00e9iri\u00fa, agus aisteoir\u00ed a oili\u00faint go speisialta don taobh sin de ghn\u00f3 na hAmharclainne N\u00e1isi\u00fanta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e9ann an t-\u00fadar siar ansin chuig a phr\u00e9amhacha i nD\u00fan daingean Dealgan, \u00e1it ar rugadh is ar t\u00f3gadh \u00e9, b\u00edodh n\u00e1r sa bhaile sin a rugadh a athair, ach i mBaile an I\u00fair, ach \u00f3 tharla go ndeachaigh s\u00e9 le hiarnr\u00f3da\u00edocht, d\u2019fh\u00e1g sin go raibh air cur faoi mar a raibh a phost, agus tar eis d\u00f3 B\u00e9al Feirste a fh\u00e1g\u00e1il, sa bhliain 1921, fuair s\u00e9 post i nD\u00fan Dealgan.  Ba sa bhaile sin a d\u2019fh\u00e1s Tom\u00e1s suas, agus ba ansin a chuir s\u00e9 aithne ar an saol mar a bh\u00ed i dt\u00edr seo na h\u00c9ireann, le linn a \u00f3ige ansin.  F\u00e9ach ar na cuimhn\u00ed a fhanann f\u00f3s glas aige, faoi na fuaimeanna a chloiseadh s\u00e9 le linn a \u00f3ige&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cPuth-puth agus feada\u00edl gh\u00e9ar na n-inneall, clanglam na vaig\u00edn\u00ed, sin iad na gl\u00f3rtha a bh\u00ed le cloiste\u00e1il agam agus m\u00e9 ag \u00e9ir\u00ed an\u00edos i mo ph\u00e1iste.  Fi\u00fa amh\u00e1in i l\u00e1r na ho\u00edche lean an tsiunt\u00e1il, na hinnill ag s\u00e9ideadh astu agus na vaig\u00edn\u00ed le gach cling-cleaing ag bualadh in aghaidh a ch\u00e9ile.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chaitheadh s\u00e9 roinnt mhaith d\u00e1 am saor ag cleasa\u00edocht, agus ag spraoi, i measc an trosc\u00e1in ch\u00e9anna sin, agus \u00e9 eolach thar mar ba ghn\u00e1ch, ar chuile sh\u00f3rt a bhain le traenacha agus le st\u00e1isi\u00fain.  Chuir s\u00e9 aithne ar na daoine a chaith a laethe ag gabh\u00e1il don iarnr\u00f3da\u00edocht ch\u00e9anna sin, agus bhain s\u00e9 taitneamah as a \u00f3ige sa timpeallacht sin. Cuimhn\u00ed eile, aniar as cistin na gcuimhn\u00ed, is ea na maisi\u00fach\u00e1in uilig, ar na tithe sa timpeall, le linn na Comhdh\u00e1la Eocaraist\u00ed, sa bhliain 1932, agus m\u00f3rshi\u00fal na L\u00e9inte Gorma.  Caithfidh m\u00e9 fh\u00e9in a admh\u00e1il go bhfanann cuimhn\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id agam fh\u00e9in f\u00f3s freisin, faoi na tarl\u00faint\u00ed c\u00e9anna sin! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tugann s\u00e9 cuntas d\u00fainn ar a laehte scoile, agus an ph\u00e1irt a th\u00f3g s\u00e9 in imirt na gcluich\u00ed n\u00e1isi\u00fanta.  Labhra\u00edonn s\u00e9 go cean\u00fail faoin mBr\u00e1thair \u00d3 Cinn\u00e9ide,  agus faoin chaoi a ndeachaigh s\u00e9 i gcionn ar a dhalta\u00ed&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cT\u00e1 s\u00e9 de mh\u00edchl\u00fa ar na Br\u00e1ithre gur le bata agus buill\u00ed an leathair a bhr\u00faigh siad an l\u00e9ann isteach i gclaigne na ndalta\u00ed.  N\u00edor mar sin don Chinn\u00e9adach.  Mh\u00fain s\u00e9 t\u00edrghr\u00e1 d\u00fainn, an t\u00e1bhacht a bh\u00ed leis an gcult\u00far Gaelach, an Fhianna\u00edocht agus an B\u00e9aloideas.  Uaidh sin a chuala m\u00e9 tr\u00e1cht ar Earn\u00e1n de Blaghd don ch\u00e9ad uair, ag dearbh\u00fa d\u00fainn gurbh \u00e9 Earn\u00e1n an t-aon duine amh\u00e1in i rialtas an tSaor-St\u00e1it a rinne rud ar bith ar son na Gaeilge.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba thr\u00ed Ghaeilge a m\u00faineadh gach \u00e1bhar d\u00f3ibh, go fi\u00fa an B\u00e9arla&#8230;N\u00ed raibh an oiread sin sp\u00e9ise aige, an t-am sin, sna cail\u00edn\u00ed, n\u00f3 b\u2019fhearr leis \u00e9al\u00f3 isteach sa leaharlann, le col\u00fan Mhyles na gCapaill\u00edn a l\u00e9amh ar a sh\u00e1imh\u00edn s\u00f3.  Tr\u00edd is tr\u00edd, d\u2019\u00e9irigh leis gr\u00e1 D\u00e9 agus gr\u00e1 t\u00edre a phiocadh suas go n\u00e1d\u00fartha le linn a \u00f3ige, ach d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00ed haon ionadh sin, nuair a chuireann t\u00fa san \u00e1ireamh, a raibh le f\u00e1il aige ina bhaile fh\u00e9in, ar scoil, agus sa timpeallacht inar fh\u00e1s s\u00e9 suas.  F\u00e9ach mar a labhr\u00edonn s\u00e9 le cairde a \u00f3ige, ar leathanach 42.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201c\u00c1is na nd\u00e9ithe go raibh oraibh a cho\u00edche, a chompanaigh m\u2019\u00f3ige, p\u00e9 \u00e1it ar domhan a r\u00e1inig sibh sa deireadh thiar.  Seoladh amach i mb\u00e9al an tsaoil sinn le neart Gaeilge, beag\u00e1in\u00edn beag Laidine, creideamh agus t\u00edrghr\u00e1 gan amhras, agus dearcadh \u00edd\u00e9alach soineanta ag gach duine againn, ach gan tuiscint d\u00e1 laghad againn ar ch\u00farsa\u00ed agus ar chora an domhain mh\u00f3ir.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach \u00e9 at\u00e1 \u00e1balta na focail a roghn\u00fa agus a fh\u00ed ina ngr\u00e9as\u00e1n taitneamhach, spreag\u00fail, inchreidte.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuir s\u00e9 suim, agus dh\u00e1 shuim, san aisteoireacht, agus san amharclanna\u00edocht, go luath, agus ghlac p\u00e1irt i ndr\u00e1ma\u00ed ina bhaile dh\u00fachais fh\u00e9in, \u00e1it a ndeachaigh boladh na gr\u00e9iscl\u00ed go smior na gcn\u00e1mh ann, agus cos\u00fail le galar \u00e1irithe eile, nuair a th\u00e9ann an galar c\u00e9anna sin faoin chro\u00ed, \u201ccha scaoiltear as \u00e9 go brach\u201d. Bh\u00ed ag \u00e9ir\u00ed go bre\u00e1 leis freisin mar scr\u00edbhneoir agus mar dhr\u00e1mad\u00f3ir.  Craoladh cuid d\u00e1 chuid oibre ar an raidi\u00f3, agus l\u00e9ir\u00edodh roinnt freisin ar st\u00e1its\u00ed \u00e9ags\u00fala, anseo is ansi\u00fad.  Ach n\u00ed raibh a Mham  r\u00f3-th\u00f3gtha leis an gcaoi a raibh Tom\u00e1s \u00f3g chomh tugtha sin don aisteoireacht agus d\u00e1r bhain lei, agus is d\u00f3cha gur \u00e9irigh lei \u00e9 a sheoladh ar bh\u00f3thar  a leasa, agus ar bh\u00f3thar an Chustaim, freisin, n\u00f3 d\u2019\u00e9irigh leis post a fh\u00e1il leis an eagra\u00edocht gradam\u00fail sin.   Chaith s\u00e9 tr\u00e9imhse ag gabh\u00e1il don cheird sin, agus c\u00e9 go raibh ag \u00e9ir\u00ed r\u00e9as\u00fanta maith leis i mbun an ghn\u00f3 sin, is d\u00f3cha nach raibh a chro\u00ed ann, b\u00edodh gur thaitin gn\u00e9ithe \u00e1irithe den obair mar oifigeach custaim go m\u00f3r leis.  Ach f\u00e9ach, mar sin fh\u00e9in, n\u00e1r cheap an d\u00e1 Oifigeach Cheannais a bh\u00ed os a chionn, go raibh mianach an Oifigeach Custaim ann&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cMar sin fein, bh\u00ed an tOifigeach Ceannais nua den tuairim cheanna is a bh\u00ed ag an mboc a bh\u00ed imithe, nach raibh mianach oifigigh Custaim ionam agus nach mbeadh go deo.  Bh\u00ed f\u00e9ith \u00e9igin grinn ann agus \u00e9 den tuairim go raibh maitheas \u00e9igin ionam chun meanma an st\u00e1isi\u00fain a ard\u00fa, agus na smuigl\u00e9ir\u00ed a mhealladh b\u2019fh\u00e9idir.  Mar a d\u00fairt s\u00e9 f\u00e9in, \u2018lulling them into a false sense of security\u2019!\u201d  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edorbh am am\u00fa \u00e9 \u00e1fach, an tr\u00e1th a chaith s\u00e9 ina oifigeach custaim, n\u00f3 d\u2019\u00e9irigh leis dr\u00e1ma a scr\u00edobh faoina thr\u00e9imhse sa phost sin. Craoladh ar an raidi\u00f3 \u00e9 faoin teideal <em>Bride of Pandemonium, <\/em>agus deineadh an dr\u00e1ma c\u00e9anna sin a l\u00e9iri\u00fa ar st\u00e1itse an Abbey, faoin teideal <em>Winter Wedding, <\/em>n\u00f3 d\u00e1r le hEarn\u00e1n, thiont\u00f3dh an ch\u00e9ad teideal na c\u00e9adta \u00f3 dhoras na hAmharclainne.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il \u00e9, gur \u00e9irigh leis post a fh\u00e1il  mar l\u00e9iritheoir san Abbey, faoi mar a chonaic muid i dt\u00fas an ailt seo, agus n\u00edl ansin ach an t\u00fas, n\u00f3 uaidh sin amach, ar feadh an chuid eile d\u00e1 shaol oibre, d\u2019\u00e9irigh leis buaic a cheirde a bhaint amach mar l\u00e9iritheoir dr\u00e1ma\u00ed, i nGaeilge agus i mB\u00e9arla, agus d\u2019\u00e9irigh leis dr\u00e1ma\u00ed agus geamaireachta\u00ed a l\u00e9iri\u00fa go heala\u00edonta, le scil agus le spleodar, ar ard\u00e1in i gc\u00e9in agus i gc\u00f3ngar.  D\u2019\u00e9irigh leis duaiseanna, boinn, agus aitheantas, a ghn\u00f3th\u00fa as a chuid scile, agus a chuid Amharclanna\u00edochta, i bhfad agus i ngearr.. F\u00e9ach mar a chuireann s\u00e9 fh\u00e9in \u00e9&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cAr an matal taobh liom t\u00e1 mead\u00e1ille ar sheast\u00e1n beag, gradam an T\u00f3na\u00ed \u00f3 Nua-Eabhrac, agus taobh leis m\u00f3rbhonn eile, Gradam na Mainistreach, agus ar ch\u00fal in \u00e1it \u00e9igin orn\u00e1id bheag \u00f3rga a bronnadh orm ag irisleabhar \u00e9igin mar \u2018fhear amharclainne na bliana\u2019 i bhfad siar, i 1970.  Ach sa l\u00e1r t\u00e1 mias de chriostal na Gaillimhe a bhronn an Comhlachas N\u00e1isi\u00fanta Dr\u00e1ma\u00edochta orm as ucht an m\u00e9id a rinne m\u00e9 don dr\u00e1ma\u00edocht Ghaeilge thar  na blianta.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">M\u00e1 theasta\u00edonn uait a fh\u00e1il amach c\u00e9n f\u00e1th ar bronnadh na hon\u00f3raacha sin uilig ar Thom\u00e1s Mac Anna, t\u00e1 fait\u00edos orm nach bhfuil bealach ar bith le sin a dh\u00e9anamh seachas an leabhar iontach suimi\u00fail seo a fh\u00e1il agus a l\u00e9amh.  N\u00ed bheidh a chath\u00fa ort, n\u00f3 idir chl\u00fadaigh an leabhair seo gheobhaidh t\u00fa stair na Mainistreach fite fuaite le saol agus saothar an l\u00e9iritheora ch\u00e1ili\u00fail \u00c9ireannaigh  sin, Tom\u00e1s Mac Anna.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Togha leabhair.  Curtha le ch\u00e9ile go seoigh. An-chreidi\u00faint ag dul don \u00fadar fh\u00e9in agus <strong><em>don Chl\u00f3chomhar Tta<\/em><\/strong>, freisin, as a bpairt si\u00fad, sa saothar eala\u00edonta seo. Scr\u00edofa i st\u00edl \u00e9asca, scol\u00e1rtha, inl\u00e9ite, a bhfuil lorg l\u00e1mh an \u00fadair ild\u00e1naigh le l\u00e9amh ar chuile alt, agus ar chuile abairt, \u00f3 th\u00fas deireadh ann.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Le cr\u00edoch cheart a chur leis an bp\u00edosa seo, n\u00ed fh\u00e9adfainn n\u00edos fearr a dh\u00e9anamh n\u00e1 cr\u00edoch an leabhair fh\u00e9in a athlua anseo&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Bh\u00ed Aonghus bu\u00edoch d\u00edom ar ch\u00fais \u00e9igin n\u00e1r thuigeas riamh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Chaitheas a fhallaing le beag\u00e1in\u00edn beag umhla\u00edochta ach s\u00edlim le huaisleacht agus le m\u00f3rtas chomh maith, agus m\u00e1 bh\u00ed s\u00e9 bu\u00edoch d\u00edom d\u00e1 bharr, bh\u00edos n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 bu\u00edoch d\u00f3san.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Leor sin do thuras na huaire seo, ach beidh an saol Gaelach ag s\u00fail le tuilleadh \u00f3 phean ild\u00e1nach an \u00fadair foirfe seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">******************** <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>F e a r n a F a l l a i n g e . *************************** . Fallaing Aonghusa. Saol Amharclainne. &#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..2,000. le Tom\u00e1s Mac Anna&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;. . ************************** In alt a scr\u00edobh m\u00e9 tamall \u00f3 shoin, agus m\u00e9 ag cur s\u00edos ar sheoladh mo thr\u00ed\u00fa leabhar fil\u00edochta \u201cFata\u00ed R\u00f3mhair\u201d, scr\u00edobh m\u00e9 mar seo&#8230;.. Sea, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12461","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12461","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12461"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12461\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12462,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12461\/revisions\/12462"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12461"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12461"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12461"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}