{"id":12467,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12467"},"modified":"2024-04-08T01:25:09","modified_gmt":"2024-04-08T01:25:09","slug":"f-o-r-e-i-g-e-a-n-s-r-a-i-d-e","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/f-o-r-e-i-g-e-a-n-s-r-a-i-d-e\/","title":{"rendered":"F o r \u00e9 i g e a n     S r \u00e1 i d e"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:26pt\">Sceanadh, mug\u00e1il, agus mar\u00fa<\/span><span style=\"font-size:26pt\">  1<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">(<\/span><span style=\"font-size:16pt\"><em>This week we take a look at violent behaviour<\/em><\/span><span style=\"font-size:16pt\">)<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">\u00c9<\/span><span style=\"font-size:18pt\">ig<\/span><span style=\"font-size:18pt\">e<\/span><span style=\"font-size:18pt\">an<\/span><span style=\"font-size:18pt\"> agus Slad!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Is d\u00f3cha gur thug t\u00fa faoi deara, ar na m<\/span><span style=\"font-size:14pt\">allaibh, go bhfuil an focal \u201c<\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u00e9igean\u201d  i mb\u00e9al gach \u00e9inne, i bhfad \u00c9ireann n\u00edos minic\u00ed n\u00e1 mar a bh\u00edodh. N\u00ed hionann sin is a r\u00e1, nach raibh an t-earra c\u00e9anna sin i mb\u00e9al gach \u00e9inne roimhe seo, n\u00f3 bh\u00ed, agus c\u00fais acu leis, ach is d\u00f3cha nach br\u00e9ag ar bith \u00e9 a r\u00e1, go bhfuil an for\u00e9igean c\u00e9anna sin imithe chun an donais ar fad, le m\u00e1m blianta anuas.  T\u00e1 daoine ann adeir, gurb iad na druga\u00ed<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> agus an t-\u00f3l<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> is c\u00fais leis an nd\u00edobh\u00e1il seo uilig, agus is d\u00f3cha go bhfuil sl\u00e1im\u00edn eic\u00ednt den cheart acu sa mh\u00e9id sin, ach, i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edor ch\u00f3ir d\u00fainn glacadh le leithsc\u00e9al d\u00e1 leith\u00e9id, n\u00f3 m\u00e1 dh\u00e9anann, is ionann sin is <\/span><span style=\"font-size:14pt\">a r\u00e1, nach mbeadh duine<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> freagrach,<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> as <\/span><span style=\"font-size:14pt\">a ghn\u00edomhartha i gc\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id feasta, toisc gur f\u00e9idir leis an mille\u00e1n a leagan ar ch\u00fais eic\u00ednt taobh amuigh d\u00e1 bheith fh\u00e9in.  Bh\u00edodh leithsc\u00e9alta d\u00e1 leith\u00e9id \u00e1 dtabhairt sna c\u00fairteanna, i gc\u00e1s an \u00f3il, tamall de bhlianta \u00f3 shoin, ach ar deireadh, is d\u00f3cha gur shocraigh na breithi\u00fana, n\u00e1r ch\u00f3ir glacadh lena leith\u00e9id feasta, n\u00f3 tuigeadh d\u00f3ibh, go raibh an meisceoir<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> ciontach ina mheisce, ar an gc\u00e9<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ad dul s\u00edos, agus d\u00e1 bharr sin, go raibh s\u00e9 ciontach freisin sna gn\u00edomharatha a rinne s\u00e9 le linn a mheisce.  B\u2019fh\u00e9idir go nd\u00e9arfadh duine, go bhfuil an-difear idir bheith ar meisce agus a bheith mearaithe, d\u00ed-aignithe, ag cumhacht na ndruga\u00ed, ach ag an am gc\u00e9anna, nach \u00e9 an d\u00e1 mhar a ch\u00e9ile \u00e9, n\u00f3 i ngach c\u00e1s acu, t\u00e1 cumas an duine guaim a choinne\u00e1il air fh\u00e9in, bearnaithe n\u00f3 millte.  Ach an ionann sin is a r\u00e1, nach bhfuil duine ciontach sna gn\u00edomharatha a rinne s\u00e9, i gc\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id?  N\u00ed d\u00f3igh liom gurb ea, n\u00f3 d\u00e1 nd\u00e9arfa\u00ed a leith\u00e9id, ansin, is d\u00f3cha go mbeadh s\u00e9 de dhualgas ar na h\u00fadar\u00e1is an t\u00e9 sin a choinne\u00e1il i ng\u00e9ibheann, n\u00f3 faoi smacht, go dt\u00ed go bhf\u00e9adfa\u00ed <\/span><span style=\"font-size:14pt\">a r\u00e1 ar\u00eds n\u00e1r bhaol don phobal \u00e9, agus nach \u2018in \u00e9 d\u00edreach a theasta\u00edonn \u00f3n gcuid is m\u00f3 de na daoine sin, a bhfuil and\u00fail acu sna druga\u00ed diobh\u00e1lacha c\u00e9anna sin?.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Bh\u00ed m\u00e9 ag caint faoi na c\u00farsa\u00ed sin le M\u00e1rtan an Tairbh, seanchara liom, an l\u00e1 cheana, agus bhfuil fhios agat c\u00e9ard ad\u00fairt seisean liom?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">N\u00edl, n\u00e1 a fhios, is d\u00f3cha!<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Bhuel! ar seisean liom, nach ionann intinn an duine agus inneall cumhachtach, dea-dheartha, dea<\/span><span style=\"font-size:14pt\">&#8211;<\/span><span style=\"font-size:14pt\">dh\u00e9anta, foirfe.  Agus ar seisean ansin, an mbeife\u00e1sa s\u00e1sta uisce na bhfata\u00ed a chur isteach ann, in \u00e1it artola, n\u00f3 peitril?  N\u00f3 an gcaithfe\u00e1 m\u00e1m si\u00faicre isteach ann, ag s\u00fail go raibh beada\u00edocht ag roinnt leis, agus t\u00fa ansin ag s\u00fail, i ndiaidh an ioml\u00e1in, go mbeadh a rith agus a l\u00e9im aige, ina dhiaidh sin?  N\u00ed d\u00f3igh liom go nd\u00e9anf\u00e1, arsa mo chara, agus \u00e9 ag scaoileadh g\u00e1illeog den stuif crua siar le f\u00e1na!  \u00d3, bhuel! beatha dhuine a thoil, arsa mise liom fh\u00e9in.  Agus nach bhfuil s\u00e9 deas \u00e9asca dlithe a leagan s\u00edos do dhaoine bochta eile, chomh fada is nach gcuireann siad as d\u00fainn fh\u00e9in, sea, mh\u2019anam, t\u00e1 s\u00e9 \u00e9asca go maith bheith fial le stiall de chraiceann duine eile!  <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Tar \u00e9is na cainte sin go l\u00e9ir, caithfear a admh\u00e1il, is d\u00f3cha, go bhfuil tionchar do-\u00e1irithe ag druga\u00ed  ar fh\u00e1s an fhor\u00e9igin sr\u00e1ide sin, a thugtar faoi deara, ar sr\u00e1ideanna \u00e1r mbailte agus \u00e1r gcathracha, le roinnt blianta anuas.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach an bhfuil leigheas ar an sc\u00e9al, m\u00e1 sea?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">B\u00ed cinnte nach bhfuil \u2018leigheas ar an toirt\u2019 le f\u00e1il ar fhadhb chasta d\u00e1 leith\u00e9id, a bhfuil an domhan m\u00f3r cr\u00e1ite, c\u00e9asta, aici, le cupla sc\u00f3r bliain anuas, n\u00f3 d\u00e1 mbeadh a leith\u00e9id de leigheas ar f\u00e1il, b\u00ed cinnte go mbeadh \u00fas\u00e1id bainte as, ag na t\u00edortha m\u00f3ra saibhre, a bhfuil na milli\u00fain \u00e1 gcaitheamh acu in aghaidh na bliana, ag iarraidh srian a choinne\u00e1il ar dh\u00e9anamh, ar \u00fas\u00e1id, ar dh\u00edol agus ar leathadh, na ndruga\u00ed d\u00edobh\u00e1lacha c\u00e9anna sin.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach, f\u00e1gaimis an fhadhb sin ar leataobh, go f\u00f3ill, agus tugaimis aghaidh ar\u00eds ar an bhfor\u00e9igean sr\u00e1ide sin, at\u00e1 i mb\u00e9al gach \u00e9inne, na laethe seo.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Nach cuimhin le chuile dhuine againn an nath \u00fad a bh\u00edodh ar bh\u00e9ala daoine, roinnt blianta \u00f3 shoin, n\u00f3 n\u00ed bh\u00edodh i mb\u00e9al an uile dhuine, an tr\u00e1th sin, ach <\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u201cZero Tolerance\u201d.  Is d\u00f3cha gurbh iad na Punc\u00e1in a chuir t\u00fas leis an t\u00e9arma c\u00e9anna sin, agus ba \u00e9 ciall a bh\u00ed, agus at\u00e1, leis, n\u00f3 nach dtabharfa\u00ed an dara seans do dhuine ar bith, d\u00e1 mbrisfeadh s\u00e9 dl\u00ed n\u00f3 riail ar bith, agus d\u00e1 mb\u00e9arfa\u00ed air agus an beart sin \u00e1 dh\u00e9anamh aige,  cuma c\u00e9n cine\u00e1l dl\u00ed a bheadh i gceist, mar\u00fa duine, n\u00f3 ag caitheamh bun toit\u00edn ar an tsr\u00e1id, chuirf\u00ed an dl\u00ed i bhfeidhm, go huile is go hioml\u00e1n, i ngach uile ch\u00e1s.  Rinneadh iarracht ar sin a dh\u00e9anamh ar shr\u00e1ideanna Nua Eabhraic, agus deirtear gur th\u00e1inig an-fheabhas ar ch\u00farsa\u00ed ansin d\u00e1 bharr.  Ba ghearr go raibh an mana c\u00e9anna \u00e1 \u00fas\u00e1id anseo i dT\u00edr na h\u00c9ireann freisin, ach n\u00ed d\u00f3igh liom, go raibh toradh c\u00e9adtach air anseo, faoi mar a bh\u00ed thall, agus in \u00e1it feabhas a theacht ar ch\u00farsa\u00ed anseo, is amhlaidh at\u00e1 c\u00farsa\u00ed ag dul in olcas, \u00f3 l\u00e1 go l\u00e1. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\"> N\u00edl le d\u00e9anamh agat ach breathn\u00fa ar nuacht\u00e1n ar bith, na laethe seo, agus feicfidh t\u00fa, gur beag o\u00edche a th\u00e9ann thart, nach nd\u00e9antar duine eic\u00ednt a sceanadh n\u00f3 a rob\u00e1il anseo; a mhug\u00e1il n\u00f3 a bhatr\u00e1il ansi\u00fad, n\u00f3 faraoir, a bhascadh agus a mhar\u00fa fi\u00fa san \u00e1it \u00fad eile.  In ainm Chroim! C\u00e9n cine\u00e1l socha\u00ed at\u00e1 againn anseo?  Nach gceapf\u00e1 nach mbeadh tada d\u00e1 leith\u00e9id ag tarl\u00fa anseo, toisc go bhfuil an t\u00edr s\u2019againne chomh beag sin, agus toisc go bhfuil aithne ag chuile dhuine againn ar a ch\u00e9ile, geall leis.  <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">B\u2019fh\u00e9idir go gceapf\u00e1 sin, ach d\u00e1 gceapf\u00e1, bheadh breall ort, n\u00f3 nuair a \u00e9ir\u00edonn idir chairde, sin an \u00e1it a mb\u00edonn an feannadh, agus nach minic, na laethe seo, a l\u00e9ann muid faoi chairde a chaith an o\u00edche amuigh ar an drabhl\u00e1s, le ch\u00e9ile, agus ansin, ar a mbealach abhaile, toisc, b\u2019fh\u00e9idir go sciorrfadh focal \u00f3 dhuine acu, go mbeadh an lasair sa bharrach l\u00e1ithreach bonn, agus diabhal stopadh a bheadh orthu go mbeadh duine acu s\u00ednte tr\u00e9ith ar l\u00e1r.  Anois, t\u00e1 sin dona go leor, ach i <\/span><span style=\"font-size:14pt\">gc\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id, n\u00ed raibh cloch sa mhainchille ag duine ar bith de na cairde c\u00e9anna sin d\u00e1 ch\u00e9ile, n\u00f3 n\u00ed raibh aon drochfhuil eatarthu, ach is amhlaidh a tharla an chaismhirt sin eatarthu, de thaisme.  Cad is f\u00e9idir linn a r\u00e1 faoi ch\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id, ach n\u00e1r ch\u00f3ir go dtarl\u00f3dh s\u00e9, olc, maith, n\u00f3 dona, agus ar\u00eds, is d\u00f3cha go bhf\u00e9adfadh duine a r\u00e1, gur toisc go raibh an iomarca \u00f3il ar bord ag na cairde c\u00e9anna sin, a tharla an scli\u00fachas marfach sin eatarthu.  <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">An bhfuil leigheas ar an sc\u00e9al, an gceapann t\u00fa?  <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">T\u00e1, cinnte.  N\u00edor ch\u00f3ir an oiread sin d\u00ed a dh\u00edol leo, i dteach \u00f3sta ar bith, agus i gc\u00e1s d\u00e1 leith\u00e9id, bheadh cuid den mhille\u00e1n ar \u00fan\u00e9ir an t\u00ed \u00f3sta inar th\u00f3g siad an lasta sin ar bord.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Sc\u00e9al eile ar fad \u00e9, nuair a th\u00e9ann dream ruif\u00edn\u00ed amach ar ar sr\u00e1ideanna, agus gan d\u2019aidhm acu, ach teacht ar dhuine neamhurch\u00f3ideach eic\u00ednt, d\u2019fhonn l\u00e9asadh maith a bhuaileadh air.  De ghn\u00e1th, n\u00ed bh\u00edonn aithne n\u00e1 eolas ar bith faoin sp\u00e9ir acu ar an nduine bocht sin.  Is amhlaidh a mheallann siad chucu \u00e9, tr\u00ed chip\u00edn solais, n\u00f3 toit\u00edn, a iarraidh air, n\u00f3 rud eic\u00ednt d\u00e1 leith\u00e9id, agus ansin, nuair at\u00e1 s\u00e9 ina gc\u00f3ngar, iompa\u00edonn siad air, agus ionsa\u00edonn \u00e9, le buid\u00e9al, b\u2019fh\u00e9idir, n\u00f3 le scian, n\u00f3 le ciceanna fi\u00fa, go dt\u00ed nach mb\u00edonn f\u00e1gtha ann ach an d\u00e9, agus ansin, ritheann siad leo, mar a dh\u00e9anfadh cladhair\u00ed, gan iarracht ar bith a dh\u00e9anamh ar ch\u00f3ir leighis a chur ar f\u00e1il d\u00f3, n\u00f3 c\u00fanamh d\u00e1 laghadh a thabhairt d\u00f3.  Nach deacair cur suas le hiompar d\u00e1 leith\u00e9id?  Agus d\u00e1 gcuirfe\u00e1 ceist orm, an raibh leigheas ar bith le f\u00e1il ar an gcine\u00e1l sin barbarthachta, is d\u00f3cha go mbeadh orm a r\u00e1, nach raibh leigheas i nd\u00e1n d\u2019iompar d\u00e1 leith\u00e9id, ach amh\u00e1in na coirpigh sin a chaitheamh isteach i gcarcar, sa chaoi nach mbeadh ar a gcumas, a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh d\u2019\u00e9inne eile, feasta.  Sea, agus n\u00edorbh aon mhaith \u00e9 cupla seachtain pr\u00edos\u00fantachta a ghearradh orthu, n\u00f3 thiocfaid\u00eds amach, agus dh\u00e9anfaid\u00eds a leith\u00e9id c\u00e9anna ar\u00eds, ach d\u00e1 ngearrfa\u00ed seal fada pr\u00edos\u00fantachta orthu, ansin bheadh seans ann go bhfoghlaimeodh siad fios a mb\u00e9as, don todhcha\u00ed, agus nach nd\u00e9anfadh siad a leith\u00e9id ar\u00eds, agus chomh maith le sin, mh\u00fainfeadh sin ceacht do mhaist\u00edn\u00ed \u00f3ga eile, gan iompar d\u00e1 leith\u00e9id a chleachtadh amuigh ar \u00e1r <\/span><span style=\"font-size:14pt\">sr\u00e1ideanna, ar eagla go nd\u00e9anfa\u00ed an rud c\u00e9anna leosan.  Sea, mh\u2019anam, is beag rud a thuigeann coirpigh chomh maith le  pr\u00edos\u00fantacht fhada!<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, is d\u00f3cha go gcaithfidh an tsocha\u00ed s\u2019againne, chuile iarracht a dh\u00e9anamh ar thimpeallacht an phhobail a fheabhs\u00fa, sa chaoi nach mbeidh fonn ar \u00f3g\u00e1naigh, feasta, daoine a ionsa\u00ed, n\u00f3 a bhualadh, in aon chor.  Sna seanlaethe, bhuailt\u00ed daoine freisin, ach an tr\u00e1th \u00fad, n\u00ed bhuailf\u00ed gan ch\u00fais iad, murab ionann is an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  C\u00e9ard a tharla, m\u00e1 sea, a d\u2019athraigh c\u00farsa\u00ed an oiread sin, le cupla sc\u00f3r bliain anuas?  N\u00edl dabht ar domhan, ach gur tharla a l\u00e1n ruda\u00ed, a raibh p\u00e1irt eic\u00ednt acu san athr\u00fa sin.<\/span><\/p><div class=\"ul\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:51.7pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt;font-size:14pt\"><span style=\"position:absolute;top:-0.34em;left:0;font-size:2em\">\u2022<\/span>&nbsp;<\/span><span style=\"font-size:14pt\">Tharla coga\u00ed iomad\u00fala \u00f3 cheann ceann na cruinne, agus t\u00e1\u2019s ag an l\u00e1 go gcotha\u00edonn coga\u00ed for\u00e9igean, agus f\u00edoch fola, i measc daoine.  \u00cdsl\u00edonn siad freisin, an luach a leagann daoine ar bheatha an daonna\u00ed.<\/span><\/div><\/div><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:51.7pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt;font-size:14pt\"><span style=\"position:absolute;top:-0.34em;left:0;font-size:2em\">\u2022<\/span>&nbsp;<\/span><span style=\"font-size:14pt\">Tr\u00ed leathadh chumhacht na me\u00e1n, d\u2019\u00e9irigh le f\u00f3rsa\u00ed \u00e1irithe dul i gcionn ar an bpobal, agus chuir ar a s\u00faile d\u00f3ibh, gur rud ionmholta \u00e9, tuilleadh agus tuilleadh saoirse f\u00f3s, a thabhairt don duine  Agus c\u00e9 gur maith an rud \u00e9 saoirse a bheith ag duine, ag an am gc\u00e9anna, mura bhfuil s\u00e9 s\u00e1sta bheith freagrach as a ghn\u00edomhartha fh\u00e9in, agus g\u00e9illeadh do chearta a chomhdhaoine, bhuel, ansin millfidh an tsaoirse sin cumas th\u00e1ithe an phobail, sa chaoi go loitf\u00ed, agus go millf\u00ed \u00e9, \u00f3n dtaobh istigh.<\/span><\/div><\/div><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:51.7pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt;font-size:14pt\"><span style=\"position:absolute;top:-0.34em;left:0;font-size:2em\">\u2022<\/span>&nbsp;<\/span><span style=\"font-size:14pt\">T\u00e1\u2019s ag an l\u00e1, go bhfuil i bhfad \u00c9ireann n\u00edos m\u00f3 airgid i bp\u00f3ca\u00ed na ndaoine \u00f3ga, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, thar mar a bh\u00edodh, agus nach bhfuil a fhios ag madra\u00ed an bhaile go gcaitear roinnt mhaith den airgead sin ar \u00f3l agus ar ragairne, agus nuair a bh\u00edonn an t-\u00f3l istigh, b\u00edonn an chiall amuigh.<\/span><\/div><\/div><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:51.7pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt;font-size:14pt\"><span style=\"position:absolute;top:-0.34em;left:0;font-size:2em\">\u2022<\/span>&nbsp;<\/span><span style=\"font-size:14pt\">F\u00e9ach freisin, mar a ghl\u00f3irtear gn\u00e9as, for\u00e9igean, agus p\u00f3it, ar na me\u00e1in, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, go h\u00e1irithe ar an teilif\u00eds, agus nach m\u00fascla\u00edonn na scann\u00e1in agus na f\u00edse\u00e1in sin fiosracht na h\u00f3ige, sa chaoi go mb\u00edonn fonn orthu aithris a dh\u00e9anamh ar laochra na scann\u00e1n.<\/span><\/div><\/div><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:51.7pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt;font-size:14pt\"><span style=\"position:absolute;top:-0.34em;left:0;font-size:2em\">\u2022<\/span>&nbsp;<\/span><span style=\"font-size:14pt\">Is d\u00f3cha, chomh maith le sin, go raibh tionchar eic\u00ednt ag na triobl\u00f3id\u00ed a r\u00e9ab leo i dTuaisceart na t\u00edre seo ar feadh thart ar thriocha bliain, agus a chuir thar maoil thr\u00ed Dheisceart na t\u00edre seo freisin, is d\u00f3cha gur dhein siadsan a gcion fh\u00e9in le for\u00e9igean a choth\u00fa agus le mor\u00e1ltacht a lag\u00fa in\u00e1r measc.<\/span><\/div><\/div><div class=\"li\" style=\"margin-top:0;margin-bottom:0;margin-left:0;margin-right:0\"><div style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:51.7pt\"><span style=\"position:relative;text-indent:-18pt;font-size:14pt\"><span style=\"position:absolute;top:-0.34em;left:0;font-size:2em\">\u2022<\/span>&nbsp;<\/span><span style=\"font-size:14pt\">N\u00edl dabht ach gur chuir na c\u00faiseanna uilig sin le ch\u00e9ile, le cumas comhth\u00e1ite an phobail a fheo, agus a mhilleadh, agus mura bhfuil pobal comhth\u00e1ite agat, f\u00e1sann leithleachas agus m\u00e9-f\u00e9ineachas ina measc, sa chaoi nach bhfuil pobal feasta agat, ach tr\u00e9ad de dhaoine aonaracha, gan chonradh s\u00f3isialta ar bith eatarthu.  F\u00e1sann for\u00e9igean in ithir d\u00e1 leith\u00e9id. <\/span><\/div><\/div><\/div><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:33.7pt\"><span style=\"font-size:14pt\">T\u00e1 m\u00e9 cinnte, go bhfuil c\u00faiseanna eile leis an gclaonadh chun an fhor\u00e9igin at\u00e1 le sonr\u00fa in \u00f3ige an lae inniu freisin, agus m\u00e1s uainn an claonadh sin a chur ar ceal, caithfear srian agus smacht a chur ar na f\u00f3rsa\u00ed at\u00e1 cionntach i bhfor\u00e9igean agus i ndrochbh\u00e9asa an lae inniu.  B\u2019fh\u00e9idir fi\u00fa, go mbeadh orainn dul siar ar na dlithe a ritheadh, ar na mallaibh, ag cur faid le huaireannta oscailte na dtithe \u00f3sta, agus b\u2019fh\u00e9idir, n\u00e1rbh olc an smaoineamah \u00e9 freisin, iachall a chur ar thithe mear-bhianna a ndoirse a dh\u00fanadh n\u00edos luaithe san o\u00edche, n\u00f3 n\u00edl dabht ar domhan ach go dtosa\u00edonn troid agus scli\u00fachas, go minic, thart ar na tithe c\u00e9anna sin.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:33.7pt\"><span style=\"font-size:14pt\">D\u00e9arfainn go bhfuil an iomarca r\u00e1ite agam faoin \u00e1bhar seo, ach ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile, caithfear srian a chur leis an bhfor\u00e9igean seo a tharla\u00edonn ar shr\u00e1ideanna \u00e1r mbailte, agus ar gcathracha, n\u00f3 mura nd\u00e9anann, bhuel, ansin, millfear agus bascfar an tsibhialtacht seo, ar caitheadh na m\u00edlte agus na m\u00edlte bliain \u00e1 t\u00f3gail, agus \u00e1 coth\u00fa, agus gan de rogha f\u00e1gtha againn ansin ach filleadh ar an mbarbarthacht.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:33.7pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Go dt\u00ed an ch\u00e9ad uair eile&#8230;..<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:33.7pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Sl\u00e1n&#8230;&#8230;&#8230;<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:33.7pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:33.7pt\"><span style=\"font-size:14pt\">******************<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:33.7pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Peadar  Bair\u00e9ad.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:33.7pt\"><span style=\"font-size:14pt\">******************<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-size:12pt;margin-left:33.7pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:33.7pt\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Sceanadh, mug\u00e1il, agus mar\u00fa 1 Peadar Bair\u00e9ad (This week we take a look at violent behaviour) \u00c9igean agus Slad! Is d\u00f3cha gur thug t\u00fa faoi deara, ar na mallaibh, go bhfuil an focal \u201c\u00e9igean\u201d i mb\u00e9al gach \u00e9inne, i bhfad \u00c9ireann n\u00edos minic\u00ed n\u00e1 mar a bh\u00edodh. N\u00ed hionann sin is a r\u00e1, nach raibh [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12467","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12467","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12467"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12467\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12468,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12467\/revisions\/12468"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12467"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12467"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12467"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}