{"id":12485,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12485"},"modified":"2024-04-08T01:12:26","modified_gmt":"2024-04-08T01:12:26","slug":"fis-dearmadta","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/fis-dearmadta\/","title":{"rendered":"Fis Dearmadta"},"content":{"rendered":"<h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:24pt\">F\u00eds Dhearmadta<\/span><\/h1><h2 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">Peadar Bair\u00e9ad<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, gur t\u00f3gadh an St\u00e1t s\u2019againne thart ar fh\u00eds na saoirse agus an n\u00e1isi\u00fanachais. N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, nach bhfuil tada faoin ngr\u00e9in chomh riachtanach i mbun\u00fa St\u00e1it leis an bhf\u00eds ch\u00e9anna sin, go h\u00e1irithe, nuair is f\u00eds \u00ed a chora\u00edonn agus a acla\u00edonn chuile chro\u00ed ag an am gc\u00e9anna. N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, ach oiread, nach f\u00e1s aon o\u00edche a bh\u00ed sa bfh\u00eds uil\u00edoch sin, i gc\u00e1s na t\u00edre seo. N\u00edorbh ea, in aon chor, n\u00f3 caitheadh blianta fada ag gaibhni\u00fa agus ag dealbh\u00fa an earra ch\u00e9anna sin. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Gaibhni\u00fa agus dealbh\u00fa<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Conas a deineadh beart d\u00e1 leith\u00e9id, an ea? <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Bhuel, tharla, go h\u00e1irithe i dt\u00fas na haoise seo caite agus i ndeireadh na haoise roimhe sin, gur th\u00e1inig dreamanna \u00e1irithe \u00e9ags\u00fala ar an dtuairim, gurbh \u00e9 a leas \u00e9, agus leas a bpobail freisin, saothr\u00fa ar son saoirse agus leithleachais n\u00e1isi\u00fanta feasta. Tugann muid faoi deara, bun\u00fa Chumann L\u00fathchleas Gael, i ndeireadh an nao\u00fa haois d\u00e9ag, agus \u00e9 d\u2019aidhm acusan na cluich\u00ed n\u00e1isi\u00fanta a fhorbairt, agus a chur chun cinn. Thart ar an am gc\u00e9anna, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, bh\u00ed Conradh na Gaeilge ar a dh\u00edcheall, ag iarraidh an teanga n\u00e1isi\u00fanta a athbheochan. Bh\u00ed f\u00f3rsa\u00ed eile freisin i mbun oibre, f\u00f3rsa\u00ed cos\u00fail le Sinn F\u00e9in, na F\u00edn\u00edn\u00ed, agus tuilleadh. D\u2019\u00e9irigh le cinnir\u00ed \u00e1irithe na sn\u00e1itheanna \u00e9ags\u00fala n\u00e1isi\u00fanta sin a shnadhmadh, agus a fh\u00ed in aon t\u00e9ad ioldhualach amh\u00e1in. Daoine cos\u00fail leis an bPiarsach, daoine a raibh ar a gcumas, f\u00eds a fh\u00ed as na sn\u00e1itheanna c\u00e9anna sin a chuir dreamanna \u00e1irithe den n\u00e1isi\u00fan ar f\u00e1il, f\u00eds a sh\u00e1saigh, agus a mheall, baill an n\u00e1isi\u00fain, glacadh leis mar aidhm on\u00f3rach, inmhianaithe, inshroichte. I rith an ama \u00e1irithe sin freisin, th\u00e1inig \u00d3glaigh na h\u00c9ireann ar an bhf\u00f3d, dream a raibh ar a gcumas f\u00eds an n\u00e1isi\u00fain a ghlacadh chucu fh\u00e9in, a fhorbairt, agus a chur chun cinn, i measc an phobail. Anois, b\u00edodh go raibh na f\u00f3rsa\u00ed \u00e1irithe sin \u00e1 bhforbairt agus \u00e1 leathadh i measc an phobail, ag an am gc\u00e9anna, n\u00edor ghluaiseacht n\u00e1isi\u00fanta f\u00f3s iad, ach bh\u00ed an mianach sin iontu, as a bhf\u00e9adfa\u00ed gluaiseacht d\u00e1 leith\u00e9id a chumadh. Caithfear a thabhairt faoi deara freisin, nach dtiocfadh chuile bhall den n\u00e1isi\u00fan isteach faoi bhratach na f\u00edse c\u00e9anna sin, ach bh\u00ed seans maith ann, go bhf\u00e9adfa\u00ed M\u00f3ramh Mor\u00e1lta a mhealladh ar thaobh na f\u00edse sin, agus b\u2019in mar a tharla, i ndeireadh na feide.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Tr\u00ed bhriseadh is tr\u00ed bhua<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">B\u2019in cuid de na f\u00f3rsa\u00ed a bh\u00ed gn\u00edomhach i measc daoine, i dt\u00fas na haoise seo caite, agus de r\u00e9ir a ch\u00e9ile, tr\u00ed bhriseadh agus tr\u00ed bhua, deineadh gn\u00e9ithe \u00e9ags\u00fala na f\u00edse sin a shoil\u00e9iri\u00fa don phobal. Nuair a deineadh an fh\u00eds sin a phars\u00e1il, agus a ini\u00fachadh, tuigeadh gurbh iad na gn\u00e9ithe ba th\u00e1bhachta\u00ed a bh\u00ed uathu n\u00f3, go mbeadh an pobal a bhun\u00f3fa\u00ed, Gaelach, Aontaithe, agus Saor. B\u2019in \u00ed f\u00eds an Phiarsaigh. B\u2019in \u00ed f\u00eds na n\u00d3glach, agus b\u2019in \u00ed an fh\u00eds a spreag agus a mhisnigh na Gaeil a d\u2019\u00e9irigh amach, leis an bPoblacht a bhun\u00fa, agus a bhuan\u00fa, anseo in \u00c9irinn iathghlas oile\u00e1nach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">De r\u00e9ir mar a chuaigh c\u00farsa\u00ed ar aghaidh \u00e1fach, agus de r\u00e9ir a ch\u00e9ile, cailleadh roinnt mhaith den bhf\u00eds ch\u00e9anna sin. Bh\u00ed daoine anseo, agus d\u00e1r leosan go bhf\u00e9adfa\u00ed an fh\u00eds a choimhl\u00edonadh, gan bacaint leis an dTeanga, daoine eile den tuairim, go bhf\u00e9adfadh an n\u00e1isi\u00fan teacht i dt\u00edr, gan bacaint leis an aontacht, sea, agus tuilleadh f\u00f3s den tuairim, n\u00e1rbh fh\u00e1l go haer \u00e9, mura mbeadh an tsaoirse fh\u00e9in againn, mar n\u00e1isi\u00fan. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Agus anois, agus muid ag druidim c\u00f3ngarach do cheili\u00faradh c\u00e9ad an \u00c9ir\u00ed Amach c\u00e9anna sin, nach bhfuil s\u00e9 thar am againn su\u00ed s\u00edos agus scr\u00fad\u00fa a dh\u00e9anamh ar a bhfuil curtha i gcr\u00edch againn den bhf\u00eds sin. Ar dheineamar an teanga a aithbheochan? Ar dheineamar an t\u00edr a aont\u00fa? Ar baineadh saoirse amach don Phoblacht a buna\u00edodh? N\u00f3 an f\u00e9idir teacht i dt\u00edr d\u00e1 n-\u00e9agmais? N\u00f3 an bhfuil, fi\u00fa, t\u00fas curtha againn le f\u00edoradh na n-aidhmeanna  inmhianaithe sin?<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Ceisteanna le freagairt<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">N\u00edl f\u00fam na ceisteanna sin a fhreagairt, ach f\u00e1gfaidh m\u00e9 f\u00fat fh\u00e9in \u00e9 sin a dh\u00e9anamh. Ach t\u00e1 s\u00e9 soil\u00e9ir, nach bhfuil an fh\u00eds ch\u00e9anna sin ag spreagadh an phobail s\u2019againne anois, faoi mar a dhein s\u00ed, blianta fada \u00f3 shoin. N\u00ed hionann sin is a r\u00e1, go bhfuil an fh\u00eds sin caillte, amach is amuigh. D\u00e9arfainn go bhfuil deis ag an n\u00e1isi\u00fan s\u2019againne anois, agus an c\u00fal\u00fa eacnama\u00edochta ina loscadh sl\u00e9ibhe timpeall orainn, a chruth\u00fa don tsaol m\u00f3r, nach gan ch\u00fais a bronnadh bua na saoirse orainn mar n\u00e1isi\u00fan. Sea, caithfimid a chruth\u00fa d\u00f3ibh go bhfuil muid s\u00e1sta, anois fh\u00e9in, \u00e1r gc\u00f3ta\u00ed a bhaint d\u00ednn, agus tabhairt faoi fh\u00edor\u00fa na f\u00edse dearmadta sin. Is soil\u00e9ir gur chailleamar \u00e1r sl\u00ed, agus gur thugamar b\u00f3ithr\u00edn na sainte, in \u00e1it b\u00f3ithr\u00edn na saoirse, orainn fh\u00e9in mar phobal, ach anois, t\u00e1 s\u00e9 soil\u00e9ir, n\u00e1r chuir sin aon \u00dat\u00f3ipe ar f\u00e1il d\u00fainn, n\u00f3 cailleamar an saibhreas br\u00e9ige faoi mar ba ch\u00far na habhann \u00e9. Mar sin, n\u00edl an dara rogha againn anois, ach dul siar go foinse na saoirse ar\u00eds, agus an babhta seo, caithfimid tabhairt faoi phoblacht cheart ch\u00f3ir, chothrom, a dhealbh\u00fa. Poblacht a th\u00e1lfaidh ar \u00e1l uile an n\u00e1isi\u00fain. Poblacht nach mbronnfaidh bun\u00fas shaibhreas an phobail ar ch\u00e9atad\u00e1n an-bheag d\u00e1r ndaoine, agus poblacht nach bhf\u00e1gfaidh dream ar bith ar an mbl\u00e1r fholaimh, sea, agus poblacht ina mbeidh muintir na t\u00edre s\u00e1sta saothr\u00fa ar a son. B\u2019fh\u00e9idir gur leor sin do thuras na huaire seo&#8230;..    <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>F\u00eds Dhearmadta Peadar Bair\u00e9ad . Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, gur t\u00f3gadh an St\u00e1t s\u2019againne thart ar fh\u00eds na saoirse agus an n\u00e1isi\u00fanachais. N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, nach bhfuil tada faoin ngr\u00e9in chomh riachtanach i mbun\u00fa St\u00e1it leis an bhf\u00eds ch\u00e9anna sin, go h\u00e1irithe, nuair is f\u00eds \u00ed a chora\u00edonn agus a acla\u00edonn chuile [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12485","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12485","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12485"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12485\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12486,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12485\/revisions\/12486"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12485"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12485"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12485"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}