{"id":12495,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12495"},"modified":"2024-04-08T01:27:01","modified_gmt":"2024-04-08T01:27:01","slug":"from-virginia-to-nebraska","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/from-virginia-to-nebraska\/","title":{"rendered":"From  Virginia  to  Nebraska"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:20pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:18pt\">My  \u00c1ntonia<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">by <\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Willa Cather<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\">\u00d3  Virginia  go  Nebraska<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cNach f\u00e1nach an \u00e1it a bhfaighfe\u00e1 breac\u201d, faoi mar adeireadh an tseandream fad\u00f3, ach tharla, ar na mallaibh, go raibh m\u00e9 ag cuart\u00fa i measc mo leabhar, agus th\u00e1inig m\u00e9 ar an leabhar seo, \u201cMy \u00c1ntonia,\u201d le Willa Cather. D\u00fais\u00edodh fiosracht mhallaithe ionnam l\u00e1ithreach, \u00f3 tharla n\u00e1r chuimhin liom tada faoin leabhar fh\u00e9in, n\u00f3 faoina \u00fadar, ach oiread. Shocraigh m\u00e9 l\u00e1ithreach, an leabhar sin a l\u00e9amh, chomh luath is a gheobhainn an deis chuige, agus b\u00edodh go raibh orm fanacht tamall, ar deireadh thiar, th\u00e1inig an l\u00e1, agus thosaigh m\u00e9 ag l\u00e9amh an leabhair seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, caithfear a r\u00e1, i dtosach b\u00e1ire, nach inniu na inn\u00e9 a chonaic an leabhar seo solas an lae a ch\u00e9aduair, mar cuireadh i gcl\u00f3 den ch\u00e9ad uair \u00e9 sa bhliain 1918, agus \u00f3 tharla gur leabhar d\u00edrbheathaisn\u00e9iseach \u00e9, caithfidh go bhfuil muid ag cur s\u00edos ar Mheirice\u00e1, faoi mar a bh\u00ed s\u00ed, le linn \u00f3ige an \u00fadair, \u00f3 1881 go dt\u00ed t\u00fas an ch\u00e9ad chogaidh domhanda, saol at\u00e1 imithe as radharc orainn leis na cianta anois.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Feirm nua<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rugadh agus t\u00f3gadh an t-\u00fadar, Willa Cather, i Virginia sa bhliain 1873, ach nuair a bh\u00ed Willa ocht mbliana d\u2019aois, d\u2019athraigh a muintir \u00f3n St\u00e1t sin Virginia, agus chuaigh chun c\u00f3naithe ar fheirm \u00far a athar i Nebraska. Thug an t-athr\u00fa c\u00e9anna sin deis di, spl\u00e9achadh a fh\u00e1il ar an gcine\u00e1l saoil a bh\u00ed \u00e1 chaitheamh ag na himircigh, a th\u00e1inig chun na St\u00e1t \u00f3 Oirthear na hEorpa, an tr\u00e1th sin, le cur f\u00fathu, agus le saol nua a mh\u00fanl\u00fa d\u00f3ibh fh\u00e9in is d\u00e1 gclann, i gCr\u00edoch nach raibh ceannsaithe f\u00f3s ag saothar n\u00f3 ag samhla\u00edocht an daonna\u00ed. T\u00edr fhi\u00e1in, neamhfhorbartha, scoite, a bh\u00ed inti, an tr\u00e1th \u00fad. <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Ag f\u00e1s suas i Nebraska<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019fh\u00e1s an t-\u00fadar suas sa thimpeallacht sin, agus d\u2019fhorbair an t\u00edr, c\u00e9im ar ch\u00e9im lei, agus nuair a bh\u00ed a c\u00e9im bainte amach aice in Ollscoil Nebraska, chuaigh s\u00ed i dtosach le m\u00fainteoireacht, agus ansin le hiriseoireacht, ach faoin mbliain 1912, thr\u00e9ig s\u00ed an iriseoireacht freisin, lena d\u00fathracht ar fad a dh\u00edri\u00fa ar scr\u00edobh go l\u00e1naimseartha. Chuaigh a c\u00e1il mar scribhneoir i bhfad agus i ngearr, as a st\u00edl, as a leagan amach, agus as a tuiscint ar fh\u00e1s agus ar fhorbairt na St\u00e1t Aontaithe. Le linn di bheith ag f\u00e1s an\u00edos i Nebraska, chuir s\u00ed aithne ar Bhoh\u00e9imeach mn\u00e1, Annie Pavelka. D\u2019fh\u00e1s cairdeas eatarthu, cairdeas a mhair, agus ar ball, nuair a theastaigh \u00f3 Willa, an bhean sin, agus a gcairdeas a fh\u00ed isteach ina sc\u00e9al d\u00edrbheathaisn\u00e9iseach, rinne s\u00ed \u00ed a athbhaisteadh mar \u00c1ntonia, (t\u00e1 an bh\u00e9im ar an gc\u00e9ad siolla, faoi mar a deintear le \u201cAn\u201d san ainm Anthony, i mB\u00e9arla, agus fuaimitear an \u201ci\u201d faoi mar ba \u201c\u00ed\u201d na Gaeilge \u00e9) agus in \u00e1it \u00ed fh\u00e9in a tharraingt isteach sa sc\u00e9al, mar sc\u00e9ala\u00ed, chruthaigh s\u00ed carachtar fir, n\u00f3 mar adeir s\u00ed fh\u00e9in, ba \u00f3 fhir a fuair s\u00ed chuile eolas faoi \u00c1ntonia. Jim Burden a bhaist s\u00ed ar an gcarachtar sin. Cuireadh Jim go Nebraska, chuig a dhaideo agus a mham\u00f3, tar \u00e9is bh\u00e1s a thuismitheoir\u00ed, agus gan ann ach deich mbliana d\u2019aois ag an am. <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">T\u00edr aduain<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cuireann Willa Cather s\u00edos ar Nebraska, faoi mar a chonacthas do Jim \u00e9. B\u2019aisteach agus b\u2019ait an t\u00edr \u00ed, d\u00e1r leis. I nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edor th\u00edr in aon chor \u00ed, ach \u00e1it a bhfeadfa\u00ed t\u00edr a dh\u00e9anamh aisti, \u00e1bhar t\u00edre a bh\u00ed inti, d\u00e1r leis. Cuireann s\u00e9 s\u00edos ar fhostrucht\u00far na d\u00faiche, ar na tithe bun\u00fasacha a bh\u00ed ag daoine \u00e1irithe, go h\u00e1irithe na daoine a th\u00e1inig go Meirice\u00e1 \u00f3 Oirthear na hEorpa. Bh\u00ed l\u00edon t\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id ina gc\u00f3na\u00ed c\u00f3ngarach go leor do mhuintir Burden. B\u2019as an Bhoth\u00e9im d\u00f3ibh agus \u201cShimerda\u201d ba shloinne d\u00f3ibh. Ba dhuine den chlann sin \u00ed \u00c1ntonia, cail\u00edn deas \u00f3g a bh\u00ed roinnt bheag blianta n\u00edos sine n\u00e1 Jim Burden.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00ed ag caint ar \u00e1it iarg\u00falta! bh\u00ed an \u00e1it sin, mar a raibh c\u00f3na\u00ed ar mhuintir Bhurden, n\u00edos iarg\u00falta n\u00e1 an taobh t\u00edre in\u00e1r fh\u00e1s roinnt mhaith againne suas, nuair a bh\u00ed an aois seo caite ina st\u00f3cach. N\u00ed tithe a bh\u00ed ag cuid acu ach proch\u00f3ga tochailte faoi thalamh, maraon le cupla seomra os cionn talaimh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cOur neighbours lived in sod houses and dugouts \u2013 comfortable but not very roomy\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Ach, ba chomharsan\u00fail an dream iad, dream a bh\u00ed r\u00e9idh teacht i gcabhair ar a ch\u00e9ile, in am an gh\u00e1tair.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019fh\u00e1s Jim suas, agus d\u2019fh\u00e1s \u00c1ntonia suas freisin, agus bheadh an l\u00e9itheoir ag s\u00fail go n-\u00e9ireodh siad m\u00f3r le ch\u00e9ile, ach, b\u00edodh go raibh snaidhm daingean caradais, eatarthu, agus b\u00edodh go raibh an-mheas acu ar a ch\u00e9ile, ag an am gc\u00e9anna, n\u00edor \u00e9irigh le Cupid ga a chur i gcro\u00ed na beirte c\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuaigh Jim chun na hOllscoile, agus bhailigh an l\u00e9ann go tiubh. Chuaigh \u00c1ntonia amach in aimsir, agus scaradh an bheirt \u00f3na ch\u00e9ile. Ar ball, ph\u00f3s \u00c1ntonia, agus bh\u00ed l\u00e1n-t\u00ed de ph\u00e1ist\u00ed aice, agus ag an am gc\u00e9anna, d\u2019\u00e9irigh go cumasach le Jim, agus bhain post m\u00f3r t\u00e1bhachtach amach d\u00f3 fh\u00e9in. <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Cuairt ghearr!<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ansin, ar deireadh thiar, th\u00e1inig Jim ar chuairt ar \u00c1ntonia. Chuir Jim aithne ar a clann, agus chonacthas d\u00f3, go mba chlann dea-th\u00f3gtha, dea-bh\u00e9asach, dea-iompair, a bh\u00ed iontu.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">It was no wonder that her sons stood tall and straight. She was a rich mine of life, like the founders of early races.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u2019in mar a chonacthas do Jim \u00ed, agus n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go raibh a chomh-mhaith de mheas ag \u00c1ntonia ar Jim. Ach d\u2019fh\u00e1gadar sl\u00e1n ag a ch\u00e9ile, agus chuile dhuine acu br\u00f3d\u00fail as an nduine eile, ach gheall Jim go bhfillfeadh s\u00e9 ar\u00eds, an bhliain d\u00e1r gcionn, le saoire iascaireachta a chaitheamh le duine de chlann \u00c1ntonia. F\u00e1gtar an l\u00e9itheoir ina staic ansin, ag smaoineamh ar an gcine\u00e1l saoil a bh\u00ed i dtreis i Nebraska agus Willa Cather ag f\u00e1s suas ann, ach n\u00ed smaoin\u00edonn s\u00e9 ar chr\u00edoch ar bith eile a chur ar sc\u00e9al Jim agus \u00c1ntonia, n\u00f3 s\u00edlim gur \u00e9irigh leis an \u00fadar a chur ina lu\u00ed orainn, nach mar a sh\u00edltear a bh\u00edtear, go minic.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An-sc\u00e9al, an-st\u00edl, an-\u00fadar. Bain triall as, n\u00ed bheidh a chath\u00fa ort&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;     <\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad . My \u00c1ntonia by Willa Cather . \u00d3 Virginia go Nebraska . \u201cNach f\u00e1nach an \u00e1it a bhfaighfe\u00e1 breac\u201d, faoi mar adeireadh an tseandream fad\u00f3, ach tharla, ar na mallaibh, go raibh m\u00e9 ag cuart\u00fa i measc mo leabhar, agus th\u00e1inig m\u00e9 ar an leabhar seo, \u201cMy \u00c1ntonia,\u201d le [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12495","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12495","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12495"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12495\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12496,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12495\/revisions\/12496"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12495"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12495"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12495"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}