{"id":12497,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12497"},"modified":"2024-04-08T01:27:01","modified_gmt":"2024-04-08T01:27:01","slug":"from-the-bookshelf","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/from-the-bookshelf\/","title":{"rendered":"From the Bookshelf."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>triol\u00f3g<\/strong>, trilogy;  <strong>\u00f3 theach an diabhail go teach an deamhain<\/strong>, from the frying pan into the fire;  <strong>aoire<\/strong>, minder;  <strong>ar a gcoime\u00e1d<\/strong>, on the run;  <strong>meath tr\u00e1chta<\/strong>, the depression (economic);  <strong>si\u00far<\/strong>, Sister (religious);  <strong>ina gc\u00edor thuathail<\/strong>, in confusion. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">I     m B \u00e9 a l     a n     P h o b a i l <\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">From the Bookshelf<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">L\u00e9igh m\u00e9 roinnt leabhar, ar na mallaibh, agus b\u00edodh n\u00e1r scr\u00edobh m\u00e9 aon l\u00e9irmheas orthu, tuigeadh dom n\u00e1rbh olc an smaoineamh \u00e9, tagairt a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh, anseo i mb\u00e9al an phobail. Agus ba \u00e9 a shocraigh m\u00e9 a dh\u00e9anamh, i ndeireadh na feide, n\u00f3 p\u00edosa a scr\u00edobh faoi chupla ceann acu, d\u2019aon iarracht, agus sa tsl\u00ed sin, n\u00ed ligfinn i ndearmad ar fad iad, agus bheadh tagairt d\u00f3ibh fagtha ar an taifead, mar ad\u00e9arf\u00e1.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is \u00e9 an ch\u00e9ad leabhar a nd\u00e9anfaidh m\u00e9 tagairt d\u00f3, an tseachtain seo, n\u00f3:-<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">\u201cOh  Play  that Thing\u201d  by  Roddy Doyle<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 dhomsa m\u00f3r\u00e1n a r\u00e1 faoi Roddy Doyle, n\u00f3 t\u00e1 an t-\u00fadar c\u00e9anna i mb\u00e9al gach \u00e9inne.  T\u00e1 cl\u00fa agus c\u00e1il idirn\u00e1isi\u00fanta bainte amach cheana f\u00e9in aige. agus nach bhfuil scann\u00e1in bunaithe ar sc\u00e9alta \u00e1irithe d\u00e1 chuid. N\u00ed gn\u00e1th \u00farsc\u00e9al at\u00e1 i gceist anseo, ach an leabhar l\u00e1ir, de thriol\u00f3g d\u00e1 chuid.  Is \u00e9 \u201cA  Star  Called  Henry\u201d an ch\u00e9ad leabhar den tsraith ild\u00e1nach seo.  Agus n\u00ed call dom a r\u00e1, go leanann an t-\u00fadar leis, ag t\u00f3gail, ag forbairt, agus ag cruth\u00fa, idir atmosf\u00e9ar agus carachtair a sc\u00e9il, \u00f3 cheann ceann na triol\u00f3ige sp\u00e9isi\u00fala seo. Tosa\u00edonn s\u00e9 sa ch\u00e9ad chuid den ollsaothar seo, ag cur Henry Smart in aithne d\u00e1 l\u00e9itheoir\u00ed.  Ghlac an Henry c\u00e9anna sin p\u00e1irt sna \u201cTriobl\u00f3id\u00ed\u201d anseo in \u00c9irinn, agus throid s\u00e9, agus mharaigh s\u00e9, de r\u00e9ir mar a orda\u00edodh d\u00f3 a dh\u00e9anamh, ach i ndeireadh na d\u00e1la, b\u2019\u00e9igean d\u00f3 a sheolta a ard\u00fa, agus na St\u00e1it Aontaithe agus Ellis Island a thabhairt air fh\u00e9in, i ngeall ar a ph\u00e1irt sna Triobl\u00f3id\u00ed c\u00e9anna sin, ach ar bhealach, ba thuras \u00f3 theach an diabhail go teach an deamhain aige \u00e9, n\u00f3 chuir coirpigh thall sp\u00e9is ann, sp\u00e9is n\u00e1r chun a leasa \u00e9! agus b\u2019\u00e9igean d\u00f3 imeacht \u00f3 dheas.  D\u2019\u00e9irigh leis tamall a chaitheamh ansin, agus le linn na tr\u00e9imhse sin, chuir s\u00e9 aithne ar Louis Armstrong, an ceolt\u00f3ir, agus an t-amhr\u00e1na\u00ed c\u00e1ili\u00fail, agus bh\u00ed s\u00e9 ina chine\u00e1l aoire aige, ar feadh scathaimh, ach ar deireadh, th\u00e1inig na coirpigh sa t\u00f3ir ar\u00eds air. Casadh a bhean agus a in\u00edon \u00f3g air, sa tr\u00e9imhse sin freisin, n\u00f3 leanadar \u00f3 \u00c9irinn \u00e9, agus ba \u00e9 deireadh an sc\u00e9il sin \u00e9, n\u00f3 go ndeachaigh an chlann uilig ar a gcoime\u00e1d, agus sa chuid deiridh sin den leabhar, \u201cOh Play That Thing\u201d, \u00e9irionn le Roddy Doyle an-chur s\u00edos a chur in \u00e1r l\u00e1thair ar an gcine\u00e1l saoil a bh\u00ed ag bocht\u00e1in Mheirice\u00e1, le linn an Mheath Tr\u00e1chta, a tharla thall, i ndeireadh na bhfichid\u00ed.  An-ph\u00edosa scr\u00edbhneoireachta againn anseo, \u00f3n \u00fadar scili\u00fail, sc\u00e9alach, saineolach seo.  I ndeireadh an sc\u00e9il thiar, tugann s\u00e9 leide d\u00fainn faoin tr\u00ed\u00fa chuid den triol\u00f3g, nuair a chuireann s\u00e9 in i\u00fal d\u00fainn, go bhfuil socraithe ag Henry, aghaidh a thabhairt ar an tseanfh\u00f3d ar\u00eds, le deireadh a laethe a chaitheamh ansin, agus breathn\u00fa ar an dt\u00edr s\u2019againne, tr\u00ed sh\u00faile an Phunc\u00e1in a d\u2019fhill.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An-leabhar, an-sc\u00e9al, an-ph\u00edosa scr\u00edbhneoirachta.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Leabhar eile ar mhaith liom tagairt a dh\u00e9anamh d\u00f3 anseo isea beathaisn\u00e9is na Si\u00farach Genevieve, n\u00f3 is leabhar \u00e9 a raghadh i gcionn ar dhuine ar bith, a bhfuil suim aige i gc\u00farsa\u00ed an Tuaiscirt le suim de bhlianta anuas.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">\u201cSister  Genevieve\u201d. by. John Rae<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sa bhliain 1923, ar an dara l\u00e1 fichead de Mh\u00e1rta, sa Tulach Mh\u00f3r i gContae Ua bhF\u00e1il\u00ed, isea a rugadh Mary O Farrell.  Bh\u00ed an Saorst\u00e1t d\u00edreach tar \u00e9is a bhunaithe, anseo againne, agus n\u00ed call a r\u00e1, go raibh an saol corraithe go maith in \u00c9irinn na linne sin&#8230;&#8230;.an tr\u00e1th c\u00e9anna a raibh Henry Smart ag baint cl\u00fa agus c\u00e1il, de chine\u00e1l amh\u00e1in n\u00f3 de chine\u00e1l eile, amach d\u00f3 fh\u00e9in, i gCuid a hAon, de thriol\u00f3g \u00fad Roddy Doyle&#8230;&#8230;. Bh\u00ed athair Mh\u00e1ire ina St\u00edobhard ar fheirm, agus ar gharraithe, Chlochar an Chro\u00ed R\u00f3-Naofa, ar le Si\u00faracha na Carthannachta iad, ar imeall an bhaile sin.  Ba \u00ed M\u00e1ire an c\u00faigi\u00fa, agus an duine ab \u00f3ige, sa chlann sin.  N\u00ed call dom a r\u00e1, go mba Chaitlicigh dh\u00edograiseacha iad a muintir, ach mar sin fh\u00e9in, n\u00edor sp\u00e9is le M\u00e1ire saol mhn\u00e1 rialta, olc, maith, n\u00f3 dona. N\u00ed mar a sh\u00edltear a bh\u00edtear, go minic, ar an saol seo, ach mar a chinnt\u00edtear, agus do bhar\u00fail, n\u00e1r chr\u00edochnaigh M\u00e1ire s\u2019againne ina si\u00far, in In\u00edonacha na Carthannachta, Seirbhisigh na nOthar Bocht.  F\u00e9ach mar a chuireann an t-\u00fadar \u00e9&#8230;&#8230;&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">The Daughters of Charity, Servants of the Sick Poor, was a company of \u2018sisters\u2019 founded in Paris in 1633 by Vincent de Paul&#8230;&#8230;Their innovation was to found a religious organisation of women who would serve their vocation on the streets, in the hospitals and in the homes of the poor, not in a convent.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">A Difficult Vocation<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Glaoch an-chrua ba ea an glaoch a fuair Mary, ach chuir s\u00ed chun oibre l\u00e1ithreach len \u00ed fh\u00e9in a ullmh\u00fa, agus a oili\u00faint, don saol a chuirfeadh an glaoch c\u00e9anna sin in \u00e1irithe di.  Bean bhre\u00e1, dhath\u00fail, ba ea an tSi\u00far Genevieve, agus bean a chaith a d\u00fathracht ar fad i mbun na hoibre a tugadh di.  Sa bhliain 1956, cuireadh go hIarthar Bh\u00e9al Feirste \u00ed, le dul i mbun oibre scoile, i gceantar na bhF\u00e1l.  Cupla bliain ina dhiaidh sin, t\u00f3gadh Me\u00e1nscoil nua ansin, le freastal ar chail\u00edn\u00ed cheantar na bhF\u00e1l, agus ba iad In\u00edonacha na Carthannachta a cuireadh i mbun na Me\u00e1nscoile sin, ach b\u00edodh gur iarr na h\u00dadar\u00e1is Eaglasta ar na si\u00faracha c\u00e9anna sin dul i mbun na Me\u00e1nscoile nua, n\u00edor tugadh cead d\u00f3ibh tada a dh\u00e9anamh, taobh amuigh den Scoil a bhaisteadh, agus Pr\u00edomhoide agus LeasPhr\u00edomhoide a roghn\u00fa, agus a ainmni\u00fa. ba iad na h\u00dadar\u00e1is thuasluaite a rinne an Foirgneamh a phlean\u00e1il agus a th\u00f3gail, agus ba iad freisin a roghnaigh na m\u00fainteoir\u00ed!  N\u00ed haon ionadh, nach m\u00f3 n\u00e1 s\u00e1sta a bh\u00ed na Si\u00faracha leis na c\u00farsa\u00ed sin uilig. Ba \u00e9 a bhaist siad mar ainm ar an Scoil nua n\u00e1&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">St. Louise\u2019s Girls Secondary Intermediate School and St Louise\u2019s Comprehensive College.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach n\u00edor tugadh riamh d\u2019ainm air, i measc na cosmhuintire, ach \u201cSt. Louise\u2019s\u201d.  T\u00f3gadh an scoil le freastal ar thart ar 740 dalta, ach nuair a oscla\u00edodh an scoil sin, ar an 8\u00fa Eanair, sa bhliain 1958, tharla go raibh 850 dalta ar an bhf\u00f3d le tos\u00fa ar a gc\u00farsa\u00ed l\u00e9inn, sa scoil nua.  Trua n\u00e1r f\u00e1gadh plean\u00e1il na scoile, agus na hullmh\u00fach\u00e1in, i l\u00e1mha na Si\u00faracha.  <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">A  Worthy  Headmistress<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar aon chuma, deineadh a raibh le d\u00e9anamh, agus i gceann roinnt blianta, sa bhliain 1963, ainmn\u00edodh an tSi\u00far Genevieve mar ardmh\u00e1istreas ar St. Louise\u2019s, agus uaidh sin amach, chaith s\u00ed a saol agus a d\u00fathracht ar son na ndalta\u00ed uilig a th\u00e1inig faoina c\u00faram, b\u00edodh go raibh uirthi troid go dian ar a son, n\u00f3 bh\u00ed an Tuaisceart, agus go h\u00e1irithe an ceantar ina raibh St. Louise\u2019s suite, ina gc\u00edor thuathail an tr\u00e1th sin, toisc na dTriobl\u00f3id\u00ed bheith in ard a r\u00e9ime ag an am. Ach n\u00edor gh\u00e9ill an tSi\u00far Genevieve do cheann ar bith de na f\u00f3rsa\u00ed, a rinne iarracht ar bith aon chur isteach a dh\u00e9anamh ar an scoil, n\u00f3 ar a dalta\u00ed. D\u2019\u00e9irigh s\u00ed as a post, ag deireadh na scoilbhliana 1987-\u201988, agus s\u00e9 bliana ina dhiaidh sin, d\u2019fh\u00e1g str\u00f3c gan l\u00fath na ng\u00e9ag agus gan urlabhra \u00ed, rud a chuir cr\u00edoch lena cuid oibre, n\u00f3 b\u00edodh go raibh s\u00ed s\u00e9 bliana ar scor, lean s\u00ed lei, ag obair go dian, d\u00edcheallach, d\u00fathrachtach, i rith an ama sin.  An-sc\u00e9al don t\u00e9 a bhfuil sp\u00e9is aige, n\u00f3 aice, i gc\u00farsa\u00ed oideachais, agus spiorad\u00e1lta, gan tr\u00e1cht in aon chor ar thioncar na dtriobl\u00f3id\u00ed ar na c\u00farsa\u00ed c\u00e9anna sin.  An-l\u00e9amh, an-sc\u00e9al, an-bheathaisn\u00e9is.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>triol\u00f3g, trilogy; \u00f3 theach an diabhail go teach an deamhain, from the frying pan into the fire; aoire, minder; ar a gcoime\u00e1d, on the run; meath tr\u00e1chta, the depression (economic); si\u00far, Sister (religious); ina gc\u00edor thuathail, in confusion. . I m B \u00e9 a l a n P h o b a i l Peadar [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12497","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12497","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12497"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12497\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12498,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12497\/revisions\/12498"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12497"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12497"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12497"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}