{"id":12519,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12519"},"modified":"2024-04-08T01:08:19","modified_gmt":"2024-04-08T01:08:19","slug":"g-a-e-l-s-c-o-i-l-o-s-r-a-i-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/g-a-e-l-s-c-o-i-l-o-s-r-a-i-2\/","title":{"rendered":"G A E L S C O I L     O S R A I  2 ."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong>G A E L S C O I L     O S R A \u00cd   .          <\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><strong>**************<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Thug m\u00e9 cuairt ar Ghaelscoil Osra\u00ed, ar na mallaibh, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit anseo, gur bheag n\u00e1r bhain an radharc an an\u00e1il d\u00edom, n\u00f3 san \u00e1it a raibh na seomra\u00ed beaga \u00edsle r\u00e9amhdh\u00e9anta ina seasamh, an uair dheiridh ar thug m\u00e9 cuairt orthu, bh\u00ed anois, foirgneamh bre\u00e1, aerach, nua-aoiseach, ina sheasamh, mar phirimid, le d\u00edon a chur ar f\u00e1il d\u2019fh\u00eds an oideachais l\u00e1nGhaeilge, a r\u00e9ala\u00edodh san ionad seo, m\u00e1m beag blianta \u00f3 shoin.   Seo mar a chuirtear s\u00edos ar bhun\u00fa na Gaelscoile, sa leabhr\u00e1n suimi\u00fail a cuireadh i gcl\u00f3 le hoscailt oifigi\u00fail na scoile nua, ar an 28 Me\u00e1n F\u00f3mhair 2000, a chom\u00f3radh \u2026.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">\u201cGairid roimh oscailt na scoile n\u00ed raibh c\u00f3ir\u00edocht chu\u00ed faighte.  In am an gh\u00e1tair th\u00e1inig C.L.G. Sh\u00e9amais Stiof\u00e1in i gcabhair orthu, nuair a d\u2019ofr\u00e1il siad a gclubtheach don scoil nua-shaolaithe, ar feadh bliana.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">Mar sin, I Me\u00e1n F\u00f3mhair 1984, thosaigh Gaelscoil Osra\u00ed, le 22 dhalta, agus M\u00fainteoir \u00f3g as an gCol\u00e1site Oili\u00fana, Gobnait N\u00ed Choitir, mar Phr\u00edomh Oide.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">Caitheadh bliain taitneamhach fi\u00fantach i nGort na Lear\u00f3g.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">Don Scoilbhliain 1985\/86, d\u2019aistrigh gach duine don tseanascoil i Sr\u00e1id Ph\u00e1draig, go gearr-th\u00e9armach.  I ndiaidh na Samhna  bogadh isteach go dt\u00ed seomra\u00ed r\u00e9amh-dh\u00e9anta, a bh\u00ed t\u00f3gtha ar shu\u00edomh a fuarthas \u00f3 Phar\u00f3iste Ph\u00e1draig sa Loch Bu\u00ed.  Um Nollaig 1986 bhog an Pr\u00edomhoide go Corcaigh agus bh\u00ed ar Phroinnsiasa N\u00ed Chathasaigh feidhmi\u00fa mar Phr\u00edomh Oide go dt\u00ed gur th\u00e1inig Miche\u00e1l M\u00e1irt\u00edn go dt\u00ed an scoil mar Phr\u00edomh Oide, I M\u00ed Aibre\u00e1in 1987<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">T\u00f3gadh c\u00faig aonad r\u00e9amh-dh\u00e9anta le 11 seomra ranga ar an su\u00edomh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Bhuel, b\u2019in mar a tharla, triocha bliain \u00f3 shoin anois, agus sin mar a tharla\u00edonn go bhfuil Gaelscoil den ch\u00e9adscoth againn anseo cois Feoire, um an dtaca seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 gur chuir m\u00e9 fh\u00e9in suim, agus dh\u00e1 shuim, sa Ghaelscoil ch\u00e9anna sin, \u00f3 buna\u00edodh \u00ed, agus is maith is cuimhin liom an l\u00e1 ar thug m\u00e9 cuairt ar an scoil ch\u00e9anna sin, agus \u00ed faoi l\u00e1n-tseol faoina Pr\u00edomh Oide, Gobnait N\u00ed Choitir, agus is cuimhin liom f\u00f3s an t-ionadh a bh\u00ed orm, nuair a chuala m\u00e9 na ch\u00e9ad-dalta\u00ed sin ag spalpadh Gaeilge go l\u00edofa, agus gan ach tamall gearr caite acu ag freastal ar an nGaelscoil an  t-am sin.  Chuireadar se\u00f3 ar si\u00fal dom, ar an toirt, c\u00e9 nach raibh fhios acu, roimh r\u00e9, go raibh m\u00e9 le bualadh isteach chucu, in aon chor.   B\u2019in mo ch\u00e9ad chuairt ar Ghaelscoil Osra\u00ed, ach \u00f3n l\u00e1 sin amach, bh\u00ed \u00e1it speisialta bainte amach ag an scoil sin im chro\u00ed istigh.  N\u00ed call dom a r\u00e1 gur thug m\u00e9 cuairt orthu, \u00f3 am go ham, san idirlinn, agus fi\u00fa nach raibh m\u00e9 im Dhaid\u00ed na Nollag acu, uair n\u00f3 dh\u00f3, freisin!  C\u00e9 nach raibh na seomra\u00ed r\u00e9amh-dh\u00e9anta c\u00e9anna sin thar mholadh beirte, ag an am gc\u00e9anna, bhain idir dhaltai agus oid\u00ed leas astu, nuair nach raibh a mhalairt ar f\u00e1il d\u00f3ibh, agus deineadh an Ghaeilge a mh\u00faineadh iontu chomh maith is a d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed \u00ed a mh\u00faineadh i bhfoirgneamh den scoth, sea, agus chuireadar dalta\u00ed den scoth ar f\u00e1il do Chol\u00e1iste Pobail Osra\u00ed, nuair a th\u00e1inig an scoil sin ar an saol, in am tr\u00e1th.  N\u00edl dabht ar domhan, ach go bhfuil ag \u00e9ir\u00ed thar na bearta le m\u00faineadh agus le coth\u00fa na Gaeilge, sa d\u00faiche seo, agus d\u00e9anann an Ghaelscoil s\u2019againne a cion fh\u00e9in den obair sin.  N\u00e1r laga an R\u00ed iad sna blianta at\u00e1 romhainn amach, agus gura seacht fearr a bheas siad sna blianta at\u00e1 le teacht.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Tharla \u00e1fach, gur tuigeadh, ar ball, do dhaoine \u00e1irithe, go raibh g\u00e1 i gCill Chainnigh le foirgneamh buan, le tinte\u00e1n d\u00e1 gcuid fh\u00e9in a chur ar f\u00e1il do lucht na scoile L\u00e1nGhaeilge sin, agus chuige sin, cuireadh feachtas ollmh\u00f3r ar si\u00fal, le su\u00edomh oiri\u00fanach a cheannacht agus le bunscoil L\u00e1nGhaeilge a th\u00f3gail ar an su\u00edomh sin.  Ar deireadh thiar, d\u2019\u00e9irigh le lucht an fheachtais sin su\u00edomh oiri\u00fanach a cheannacht \u00f3 Phar\u00f3iste Ph\u00e1draig, anseo ar an Loch Bu\u00ed, i mb\u00e9al an dorais ag seanscoil na seomra\u00ed r\u00e9amh-dh\u00e9anta.  Seo mar a chuirtear e sa leabhr\u00e1n a luaigh m\u00e9 thuas\u2026.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">\u201cChas an tAire Oideachais agus Eola\u00edochta, Miche\u00e1l \u00d3 M\u00e1irt\u00edn, an Ch\u00e9ad Fh\u00f3d i mBealtaine 1998.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">Don Scoilbhliain 1998\/99 bh\u00ed orainn bogadh go dt\u00ed Aonad na nGas\u00f3g ar Bh\u00f3thar Dhroichead Bhin\u00e9id, fad a bh\u00ed t\u00f3g\u00e1il an fhoirgnimh nua ar si\u00fal.  I Me\u00e1n F\u00f3mhair 1999,  bhogamar isteach san fhoirgneamh \u00e1lainn, nua.  Is l\u00e1 an-stairi\u00fail \u00e9 inniu i saol na Gaeilge, agus i saol oideachas L\u00e1nGhaeilge i gCill Chainnigh.  T\u00e1 br\u00f3d orainn ar fad go bhfuil an l\u00e1 seo sroichte againn.  Bu\u00edochas do chuile dhuine a chabhraigh linn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\">\u201cBeatha teanga \u00ed labhairt\u201d, agus cinnte t\u00e1 an Ghaeilge beo beathaithe i nGaelscoil Osra\u00ed.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Fair play dh\u00f3ibh uilig, a chon\u00e1ch sin orthu, agus go maire siad uilig a nua\u00edocht.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Ach le filleadh ar an gcuairt \u00fad a thug m\u00e9 ar an nGaelscoil nua, ar na mallaibh\u2026D\u2019fh\u00e1iltigh an Pr\u00edomh Oide, Miche\u00e1l M\u00e1irt\u00edn, go Ceallach romham  Shu\u00edomar tamall, ar dt\u00fas ina oifig n\u00e9ata, fhairsing, agus  nuair a bh\u00ed \u00e1r gcomhr\u00e1 d\u00e9anta againn, thug an Pr\u00edomh Oide ar chuairt na scoile m\u00e9.  \u00d3, a Thiarna! nach m\u00f3r idir scoil \u00e1lainn an lae inniu, agus seanscoil \u00fad na seomra\u00ed r\u00e9amh-dh\u00e9anta?  Bh\u00ed an foirgneamh dea-dheartha, dea-dh\u00e9anta, dea-mhaisithe seo, l\u00e1n d\u2019atmosf\u00e9ar Gaelach, n\u00f3 bh\u00ed idir phicti\u00fair agus fh\u00f3gra\u00ed, a bh\u00ed crochta go fl\u00fairseach ar bhalla\u00ed agus ar chl\u00e1ir, ag f\u00f3gairt do ch\u00e1ch, go raibh meas ar an gc\u00e9ad teanga oifigi\u00fail, sna b\u00f3la\u00ed sin.  Bh\u00ed an scoil leagtha amach mar a d\u2019iarrfadh do bh\u00e9al fh\u00e9in \u00ed a bheith, s\u00e9 sheomra ranga ar \u2018chaon taobh, agus halla bre\u00e1 fairsing istigh i l\u00e1r baill, \u00e1it a d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed an scoil a chruinni\u00fa, ar \u00f3c\u00e1id\u00ed speisialta.  I gc\u00e1s na seomra\u00ed ranga, bh\u00ed a ainm fh\u00e9in ar chuile cheann acu, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, go bhfuil siad ainmhnithe as seanr\u00edochta\u00ed agus as sean-ionaid t\u00e1bhachtacha i dt\u00edr seo na h\u00c9ireann fad\u00f3.  T\u00e1 le f\u00e1il ansin, istigh i l\u00e1r baill, Osra\u00ed, agus taobh lei, t\u00e1 Caiseal.  Ansin t\u00e1 seomra\u00ed ainmnithe as Cruachan, Dal gCais, Corca Dhuibhne, Sceilig, T\u00edr Chonaill, agus Breifne, agus ar an dtaobh eile den teach, t\u00e1 Fotharta, Teamhair, Uisneach, Oirial, Dal Riada, Aileach agus Eamhain Mhacha.  T\u00e1 seomra\u00ed eile, a bhfuil M\u00fascraighe, D\u00e9ise, agus Cairbre, orthu.  Bh\u00ed seomra\u00ed beaga ansin freisin, le freastal ar ghr\u00fapa\u00ed beaga, agus le deis a thabhairt do na m\u00fainteoir\u00ed feabhais a gceird fh\u00e9in a chleachtadh iontu.  Istigh i l\u00e1r baill, t\u00e1 cl\u00f3s speisialta, mar a raibh an ghrian gheal ag spalpadh anuas orainn, cl\u00f3s \u00e9 sin a thug sp\u00e1s oscailte isteach i gcro\u00edl\u00e1r \u201cScoil na Gr\u00e9ine Gile\u201d, mar ad\u00e9arf\u00e1.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Amuigh ar ch\u00fal, bh\u00ed sp\u00e1s le cluich\u00ed a imirt, cluich\u00ed ar n\u00f3s lead\u00f3ige, agus ar thaobh na scoile, t\u00e1 faiche imeartha, mar a bhfuil sp\u00e1s leibh\u00e9alta, r\u00e9idh, le deis a thabhairt do chuile rang sa scoil ionad imeartha a bheith in \u00e1irithe d\u00f3ibhsean amh\u00e1in.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur chuir an leagan amach sin uilig \u00e1thas ar mo chro\u00ed, n\u00f3 t\u00e1 deiseanna curtha ar f\u00e1il i nGaelscoil Osra\u00ed, do lucht foghlamtha tr\u00ed Gaeilge, at\u00e1 ar aon leibh\u00e9al, n\u00f3 inchom\u00f3rtais le haon rud at\u00e1 curtha ar f\u00e1il d\u00f3ibh si\u00fad a dh\u00e9anann a gcuid foghlama tr\u00ed Bh\u00e9arla, agus nach c\u00fais \u00e1thais agus m\u00f3rtais d\u00fainn, a leith\u00e9id a fheice\u00e1il anseo in \u00e1r measc, sa Loch Bu\u00ed?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Anois, n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1 nach bhfuil an sc\u00e9al ar fad inste agam anseo, I nd\u00e1ir\u00edre, n\u00edl ach f\u00edorbheag\u00e1n de sc\u00e9al na scoile sin inste anseo agam daoibh, ach n\u00ed f\u00e1l go haer \u00e9 sin, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, n\u00f3 nach bhfuil a su\u00edomh fh\u00e9in ar an idirl\u00edon faighte anois ag Gaelscoil Osra\u00ed, sa chaoi go bhfuil ar chumas duine ar bith anois, chuile eolas faoin scoil fh\u00e9in, agus faoi dh\u00faiche seo Osra\u00ed, a fh\u00e1il amach tr\u00ed bhualadh isteach chucu, ag <a href=\"http:\/\/homepage.eircom,net\/~osrai\"><em>http:\/\/homepage.eircom,net\/~osrai<\/em><\/a><em>&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/em><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Le cr\u00edoch a chur leis an bp\u00edosa seo, d\u00e9anfaidh m\u00e9 tagairt amh\u00e1in eile don leahr\u00e1n \u00e1lainn sin, a chuir an scoil ar f\u00e1il anuraidh agus oscailt oifigi\u00fail na scoile nua \u00e1 com\u00f3radh acu, n\u00f3 ar chl\u00fadach c\u00fail an leabhr\u00e1in sin, t\u00e1&#8230;<strong>Rosc na Gaelscoile<\/strong>, mar at\u00e1\u2026.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:36pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">G a e l s c o i l    O s r a \u00ed.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:180pt\">Gaelscoil Osra\u00ed, Gaelscoil Osra\u00ed,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:180pt\">Scoil na gr\u00e9ine gile.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:180pt\">Gaelscoil Osra\u00ed, Gaelscoil Osra\u00ed,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:180pt\">Gr\u00e1 mo chro\u00ed go huile.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:180pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:180pt\">N\u00edl \u00e1r s\u00e1r\u00fa mar dhalta\u00ed le f\u00e1il<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:180pt\">In Osra\u00ed na sc\u00e9al is na nd\u00e1n.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:180pt\">N\u00ed bh\u00edmidne crosta gan chiall,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt;margin-left:180pt\">Ach muid d\u00edlis don scoil is d\u00e1 riail.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">T\u00e1 dh\u00e1 v\u00e9arsa eile sa Rosc sin, agus is d\u00f3cha gurb \u00e9 f\u00e1th a bhfuil an oiread sin suime agam fh\u00e9in ann, n\u00f3 toisc gur mise a cheap is a chum an Rosc c\u00e9anna sin, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go gcuireann s\u00e9 an-\u00e1thas orm a chlos, go gcantar an Rosc sin go rialta,   murab ionann is an Rosc a chum m\u00e9 do Chol\u00e1iste c\u00e1ili\u00fail \u00e1irithe sa Chathair \u00c1lainn seo \u2018gainne!  Ach sin sc\u00e9al eile, do l\u00e1 eic\u00ednt eile.  An turas seo \u00e1fach, molaimse Gaelscoil Osra\u00ed,  maraon lena foireann agus lena dalta\u00ed.  Rath D\u00e9 orthu uilig, sna blianta at\u00e1 romhainn amach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">*************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\">*************<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>G A E L S C O I L O S R A \u00cd . ************** Thug m\u00e9 cuairt ar Ghaelscoil Osra\u00ed, ar na mallaibh, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit anseo, gur bheag n\u00e1r bhain an radharc an an\u00e1il d\u00edom, n\u00f3 san \u00e1it a raibh na seomra\u00ed beaga \u00edsle r\u00e9amhdh\u00e9anta ina seasamh, an uair [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12519","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12519","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12519"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12519\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12520,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12519\/revisions\/12520"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12519"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12519"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12519"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}