{"id":12521,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12521"},"modified":"2024-04-08T01:08:19","modified_gmt":"2024-04-08T01:08:19","slug":"g-l-e-a-n-n-s-c-a-t-h-a-n-b-h-a-i-s-copy","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/g-l-e-a-n-n-s-c-a-t-h-a-n-b-h-a-i-s-copy\/","title":{"rendered":"G l e a n n     S c a t h     A n     B h a i s &#8211; Copy"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:22pt\">I mB\u00e9al an Phobail<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">G l e a n n     S c \u00e1 t h     A n     B h \u00e1 i s .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cN\u00e1r scanr\u00fail, buartha, cr\u00e1ite, an tseachtain \u00ed?\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">arsa mo sheanchara, S\u00e9im\u00ed an Droichid, liom, nuair a casadh ar a ch\u00e9ile sinn, agus muid beirt suite ar \u00e1r s\u00e1imh\u00edn s\u00f3, istigh i bhfaiche an Chaisle\u00e1in, an l\u00e1 cheana.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cD\u2019fh\u00e9adf\u00e1 \u00e9 a r\u00e1, a mhac! ach nach dtarla\u00edonn seachtain d\u00e1 leith\u00e9id orainn, anois is ar\u00eds?\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in \u00e1 fhreagairt, gan a fhios agam f\u00f3s, c\u00e1 l\u00e9imfeadh cat a chomhr\u00e1, ach m\u00e9 ag iarraidh an d\u00e1 thr\u00e1 a fhreastal, mar ad\u00e9arf\u00e1.   <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cN\u00edl le d\u00e9anamh agat ach breathn\u00fa ar chogadh na Murascaille, at\u00e1 ag gle\u00e1radh leis ina loscadh sl\u00e9ibhe, tr\u00edd an Iar\u00e1ic, i l\u00e1thair na huaire seo.\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cAch, a Sh\u00e9im\u00ed, nach bhfuil fhios ag fia is ag fiolair, go mbeidh an cogadh c\u00e9anna sin thart, taobh istigh d\u2019achar an-ghearr anois, n\u00f3 n\u00edl cumhacht ar domhan a d\u2019fh\u00e9adfadh cur i gcoinne oll-chumhacht na St\u00e1t Aontaithe, i l\u00e1thair na huaire seo.\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in, agus m\u00e9 ag iarraidh fonn cainte a spreagadh i gcro\u00ed mo sheanchara, n\u00f3 bh\u00ed m\u00e9 ag iarraidh teacht ar \u00e1bhar, do chol\u00fan na seachtaine seo, le sibhse, a l\u00e9itheoir\u00ed, a sh\u00e1samh, faoi mar a dheinim, \u00f3 sheachtain go seachtain, c\u00e9 nach bhfuil s\u00e9 \u00e9asca a leith\u00e9i<\/span><span style=\"font-size:14pt\">d a dh\u00e9anamh!!<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201c\u00d3ra fuist!  Go bhf\u00e9acha Mac Mhuire anuas ar do chiall, agus nach bre\u00e1 bog a fh\u00e1sann an cl\u00famh ortsa, bheith ag ceapadh nach mbeadh na hIar\u00e1icigh in ann seasamh i gcoinne chumhacht Mheirice\u00e1.  Caithfidh t\u00fa a thuiscint, go bhfuil arm m\u00f3r, scili\u00fail, traen\u00e1ilte, ag an t\u00edr sin, agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach t\u00e1 cleachtadh faighte ag na saighdi\u00fair\u00ed c\u00e9anna sin, ar choga\u00edocht a dh\u00e9anamh sa timpeallacht sin, i dtimpeallacht na gainimhe.\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cD\u2019fh\u00e9adfadh an ceart a bheith agat sa mh\u00e9id sin, ach nach raibh s\u00e9 le l\u00e9amh ar chuile nuacht\u00e1n, geall leis, agus le clos ar, idir raidi\u00f3 agus theilif\u00eds, le s\u00e9 mh\u00ed roimhe sin, nach mbeadh seans d\u00e1 laghad ag na hIar\u00e1icigh, i gcogadh d\u00e1 leith\u00e9id.\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cB\u00ed cinnte de, go bhfuil an ceart agam, ach tagaim leat sa mh\u00e9id go raibh s\u00e9 ina sc\u00e9al i mb\u00e9al gach \u00e9inne, le roinnt m\u00edonna roimh th\u00fas an chogaidh, nach mbeadh ann ach an t-aon bhuille amh\u00e1in, agus go mbuailfeadh an Chomhghualla\u00edocht an buille sin, agus taobh istigh de sheachtain, bheadh an rud ar fad thart.  Bheadh an bua ag an gComhghualla\u00edocht, bheadh cosa Saddam Hussein nite, agus bhun\u00f3fa\u00ed daonlathas san Iar\u00e1ic, agus bheadh chuile dhuine bu\u00edoch den gComhghualla\u00edocht ch\u00e9anna sin!  Sea, mh\u2019anam, b\u2019in an <\/span><span style=\"font-size:14pt\">sc\u00e9al a bh\u00ed i mb\u00e9al gach \u00e9inne, gan aon ag\u00f3, ach n\u00ed hionann sin is a r\u00e1, gurbh \u00e9 sin an sc\u00e9al a chuir Rialtas agus Arm Mheirice\u00e1 amach, le haghaidh na me\u00e1n.  Is soil\u00e9ir anois, gurbh iad na me\u00e1in fh\u00e9in a leath an finsc\u00e9al sin imeasc an phobail, n\u00f3 n\u00e1rbh \u00e9 an Nollaig i l\u00e1r an tSamhraidh acusan \u00e9, sc\u00e9al d\u00e1 leith\u00e9id a leathadh, agus ag an am gc\u00e9anna, d\u2019fh\u00e9adfaid\u00eds cur s\u00edos a dh\u00e9anamh ar na hairm <\/span><span style=\"font-size:14pt\">dhra\u00edochta a bh\u00ed forbartha ag na Meirice\u00e1naigh, airm a bh\u00ed chomh cliste sin, go bhf\u00e9adfaid\u00eds dhul isteach i seomra, a<\/span><span style=\"font-size:14pt\">gus fear a th\u00f3g\u00e1il, agus fear eile a fh\u00e1g\u00e1il!  Conas a d\u2019fh\u00e9adfadh slua Arabach seasamh i gcoinne f\u00f3rsa d\u00e1 leith\u00e9id?\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cAch nach raibh an ceart ag na me\u00e1in ch\u00e9anna sin, nuair a chuir siad s\u00edos ar arm agus ar airm Mheirice\u00e1, ach go h\u00e1irithe, agus chomh nua-aoiseach is at\u00e1<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> siad, agus gan ag na hIar\u00e1icigh ach airm athl\u00e1imhe, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, airm nach seasfadh i bhfad i gcoinne na bPunc\u00e1n.\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cIs d\u00f3cha go raibh cuid eic\u00ednt den cheart acu, sa mh\u00e9id go bhfuil airm d\u00e1 leith\u00e9id ag an gComhghualla\u00edocht, ach t\u00e1 dearmad beag amh\u00e1in \u00e1 dh\u00e9anamh anseo, ag lucht na me\u00e1n, ach go h\u00e1irithe.  S\u00e9 sin, nach bhfuil na hairm smeart\u00e1ilte sin uilig in-\u00fas\u00e1idthe, i ngr\u00e1scar l\u00e1mh, ar shr\u00e1ideanna na gcathracha m\u00f3ra.\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">B\u2019in mar a chuaigh an comhra idir me fhein is mo Sheimi bhrea ag an am airithe sin, ach, ag breathnu siar duinn go fuarchuiseach anois, i ndiaidh an ghrascair, feictear duinn car luigh an fhirinne, agus ca raibh an fhinscealaiocht. Nil dabht ar domhan ach gur eirigh leis an gComhghuallaiocht bua a fhail ar arm na hIraice, ach ar failtiodh rompu, i ndeireadh na feide? No ar eirigh leo siochain agus daonlathas a leathadh i measc mhuintir na tire sin? Gan dabht ar domhan d\u2019eirigh leo cos i bpoll a chur le Sad<\/span><span style=\"font-size:14pt\">dam agus a reimeas, ach ni fheadfadh duine ar bith a mhaoimh go bhfuil smacht eifeachtach acu ar phobail na tire sin. Ceard ta i ndan dArm na Comhghuallaiochta san Iaraic, ma sea? Da luaithe a eirionn  <\/span><span style=\"font-size:14pt\">leo sleamhnu i ngan fhios amach thar chriocha na tire sin is ea is fearr don Chomhghuallaiocht cheanna sin, agus don Iaraic fhein freisin, is docha.   <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cAch cheap mise gur chuala m\u00e9 tr\u00e1chtaire eic\u00ednt, ar an teilif\u00eds, ag ma\u00edomh nach raibh tada ag na hIar\u00e1icigh len iad fh\u00e9in a chosaint ar na hairm iontacha cliste sin.\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cIs d\u00f3cha gur chuala, n\u00f3 nach bhfuil na saineolaithe uilig le f\u00e1il i measc lucht na me\u00e1n, na laethe seo!  Nach ar an gComhghualla\u00edocht a bh\u00ed an breall, nuair n\u00e1r th\u00e1inig siad chucu, a ch\u00e9aduair, le comhairle a fh\u00e1il uathu!  Ach is cuma faoi lucht na me\u00e1n, i nd\u00e1ir\u00edre, is f\u00e9idir a bheith cinnte de rud amh\u00e1in, agus sin, nach ng\u00e9illfidh na hIar\u00e1icigh go h\u00e9asca, sa choimheascar seo.  Agus t\u00e1 bunt\u00e1ist\u00ed <\/span><span style=\"font-size:14pt\">iomad\u00fala acusan sa choga\u00edocht seo.  Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, t\u00e1 mioneolas acusan ar chuile orlach d\u00e1 dt\u00edr fhein.  T\u00e1 cleachtadh acu ar an dtimpeallacht agus ar an aer\u00e1id, agus lena chois sin, t\u00e1 cleachtadh acu freisin ar theacht i dt\u00edr i dtimpeallacht d\u00e1 leith\u00e9id.\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cAch a Sh\u00e9im\u00ed, cheap mise nach mbeadh ach toradh amh\u00e1in ar an gcogadh seo, agus sin go mbeadh an bua ag an gComhghualla\u00edocht taobh istigh d\u2019achar gearr.  An amhlaidh at\u00e1 tusa \u00e1 r\u00e1 anois, nach mar sin a tharl\u00f3idh in aon chor, ach gurb amhlaidh a bhei<\/span><span style=\"font-size:14pt\">dh an bua ag na hIar\u00e1icigh?\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cN\u00ed h\u00e9 sin ata a r\u00e1 agam, in aon chor, ach is e at\u00e1 \u00e1 mha\u00edomh agam, n\u00f3 nach mbeidh s\u00e9 chomh h\u00e9asca sin ar fad bua a fh\u00e1il ar na hIar\u00e1icigh.\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch nach bhfuil s\u00e9 \u00e1 r\u00e1 anois, ag na me\u00e1in, go raibh breall, amach is amuigh, ar an gComhghualla\u00edocht, agus go mbeidh a nd\u00f3thain m\u00f3r le d\u00e9anamh ag saighdi\u00fair\u00ed na Comhghualla\u00edochta bua a bhaint sa chogadh seo.  Agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach nach bhfuil na Ceannair\u00ed M\u00edleata ag r\u00e1 freisin, agus ag admh\u00e1il, go mbeidh tuilleadh saighdi\u00fair\u00ed ag teast\u00e1il uathu, leis an mbeart a chur i gcr\u00edch, toisc go bhfuil na hIar\u00e1icigh ag cur chomh tr\u00e9an sin ina gcoinne.\u201d   <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1 dh\u00e1 rud le r\u00e1 agam faoin m\u00e9id sin.  Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, nach tapaidh a athra\u00edonn na me\u00e1in a bport?  T\u00e1 fait\u00edos orm, go bhfuil siad cos\u00fail leis an gcat, ina l\u00e1n slite, agus is f\u00e9idir a bheith cinnte, gur ar mhaithe leo fh\u00e9in a dh\u00e9anann siad cr\u00f3n\u00e1n, n\u00f3 ar mhaithe le nuacht\u00e1in a dh\u00edol, agus m\u00e1s g\u00e1 d\u00f3ibh port a athr\u00fa, le sin a dh\u00e9anamh, bhuel! ansin athr\u00f3idh siad a bport.  Ar an dara dul s\u00edos, nach raibh s\u00e9 deacair a chreidi\u00faint, go nd\u00e9arfadh Ginear\u00e1l Meirice\u00e1nach, gurbh \u00e9 a chuir an mhoill ar dhul chun cinn a bhf\u00f3rsa\u00ed-sean, n\u00f3 go raibh na hIar\u00e1icigh ag cur go tr\u00e9an ina gcoinne!\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch a Sh\u00e9im\u00ed, an gceapann t\u00fa go mb\u00e9arfaidh an Chomhghualla\u00edocht bua, i ndeireadh na d\u00e1la?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSea, t\u00e1 m\u00e9 cinnte go mb\u00e9arfaidh siad bua, luath n\u00f3 mall, ach ag an am gc\u00e9anna, t\u00e1 an oiread sin ruda\u00ed le d\u00e9anamh ag an gComhghualla\u00edocht leis an mbua sin a chinnti\u00fa, agus t\u00e1 an oireadh sin ruda\u00ed eile, a d\u2019fheadfadh teacht salach ar a bpleananna, cos\u00fail le gn\u00edomhartha th\u00edortha eile, agus meon an phobail, fi\u00fa, gan tr\u00e1cht in aon chor ar \u00f3glaigh Mhuslamacha \u00f3 th\u00edortha Arabacha eile\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAn \u00e9 at\u00e1 \u00e1 r\u00e1 agat, go bhfuil ar chumas an phobail stop a chur leis an gcoga\u00edocht, fi\u00fa ag an n\u00f3imead deireannach seo?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201c\u00d3ra! B\u00edodh tr\u00ed splaideog c\u00e9ille agat!  Is beag aird a thugtar ar mheon an phobail, faoin am seo, ach amh\u00e1in go mbaineann siad \u00fas\u00e1id as chuile chleas, ar a gcumas, a bport fh\u00e9in a sheinnt ar an meon c\u00e9anna sin.  Tabhair faoi deara freisin, go bhfuil meon an phobail tagtha isteach ar thaobh an Rialtais, faoin am seo, i Sasana agus sna St\u00e1it freisin, n\u00f3 chomh luath is a thosa\u00edonn a gcuid saighdi\u00fair\u00ed si\u00fad ag troid is ag coga\u00edocht, ansin, feictear don phobal, go mbeadh s\u00e9 m\u00eddh\u00edlis acu, gan a dtaca\u00edocht a thabhairt d\u00f3ibh.  Caithfear a chur san \u00e1ireamh freisin, go bhfuil an cleas c\u00e9anna \u00e1 imirt ag Saddam Hussein, n\u00f3 t\u00e1 seisean ag iarraidh seinnt ar th\u00e9ada an t\u00edrghr\u00e1 i dt\u00edr na hIar\u00e1ice, agus chuile chos\u00falacht ar an sc\u00e9al, go bhfuil ag \u00e9ir\u00ed thar cinn leis, sa bhfiontar c\u00e9anna sin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch c\u00e9ard faoi na l\u00e9irsithe at\u00e1 ar si\u00fal ag pobail an domhain i gcoinne an chogaidh Iar\u00e1icigh sin, i l\u00e1thair na huaire seo, agus fi\u00fa, nach bhfuil l\u00e9irsithe d\u00e1 leith\u00e9id ar si\u00fal anseo i dt\u00edr na h\u00c9ireann freisin?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, t\u00e1id ann ad\u00e9arfadh, go bhfuil tr\u00e1th na leirsithe thart, n\u00f3 t\u00e1 an cogadh tosaithe, cheana f\u00e9in, agus n\u00ed h\u00e9 mo thuairimse, go bhfuil seans d\u00e1 laghad ann anois, go nd\u00e9anfaidh f\u00f3rsa\u00ed na Comhghualla\u00edochta a n-aigne a athr\u00fa, faoin am seo.  C\u00e9 gur chuala m\u00e9 duine de pholaiteoir\u00ed na t\u00edre seo ag ma\u00edomh, go gcaithfear cr\u00edoch a chur leis an gcogadh seo, ar an d\u00e1 luathas!\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch nach bhfuil an ceart acu, bheith ag iarraidh ar an gComhghualla\u00edocht, \u00e9ir\u00ed as an gcoga\u00edocht, l\u00e1ithreach bonn.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1id ann ad\u00e9arfadh, go bhfuil, ach, im thuairimse, t\u00e1 a l\u00e1n daoine, i l\u00e1thair na huaire seo, ag iarraidh dul sa diallait ar chapall na poibl\u00edochta, agus na polait\u00edochta, ag s\u00fail go bhfuil a l\u00e1n daoine amuigh ansin i gcoinne an chogaidh, agus ar son na s\u00edochana.  Anois, t\u00e1 cuid \u00e1irithe de na daoine sin, agus gan ar a n-aird acu, ach b\u00e1idh an phobail a mhealladh ina dtreo fh\u00e9in, sa tsl\u00ed go mbeidh v\u00f3ta\u00ed le baint as acusan, sa ch\u00e9ad toghch\u00e1n eile, amach anseo.  Mar sin, caithfidh daoine bheith san airdeall, f\u00e9achaint c\u00e9n cine\u00e1l daoine at\u00e1 ag lorg a gcuid taca\u00edochta, sa bhfeachtas frithchoga\u00edochta at\u00e1 \u00e1 bheart\u00fa acu, i l\u00e1thair na huaire seo.  N\u00edl i gceist ag roinnt \u00e1irithe acu, ach polait\u00edocht sr\u00e1ide, agus iad ag iarraidh a chur ina lu\u00ed ar gach \u00e9inne, go bhfuil an-taca\u00edocht acu i measc an phobail, nuair is amhlaidh at\u00e1 slua \u00e1 fh\u00e1il ar iasacht acu, go sealadach, do ghn\u00edomh \u00e1irithe polait\u00edochta.  Ach caithfear a chur san \u00e1ireamh, gur dream scili\u00fail iad i mbun feachtais d\u00e1 leith\u00e9id\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch  c\u00e9ard faoin gcampa s\u00edoch\u00e1na \u00fad, a buna\u00edodh th\u00edos in aice le hAerfort na Sionainne? agus c\u00e9ard faoin chaoi ar ionsaigh siadsan ceann d\u2019eitle\u00e1in Mheirice\u00e1 le tua, th\u00edos ansin?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, im thuairimse, n\u00ed raibh ann ach iarracht eile ag mionlach, meon an mh\u00f3raimh a athr\u00fa, sa chaoi go gcuirf\u00ed laincis\u00ed ar chumhacht an Rialtais s\u2019againne, agus sa chaoi freisin, go gcuirf\u00ed iachall orthu, cearta turilingte, ag Aerfort na Sionainne a dhi\u00falt\u00fa d\u2019eitle\u00e1in Mheirice\u00e1.  Tabhair faoi deara freisin, gur ardghl\u00f3rach, neamhgh\u00e9illi\u00fail, aontreoch iad, cuid de na daoine, a mholann a leith\u00e9id de ch\u00farsa.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, f\u00e9ach, t\u00e1 s\u00e9 thar am agamsa bheith ag bogadh liom abhaile, n\u00f3 beidh imn\u00ed ar Naip\u00ed s\u2019againne, agus \u00ed ag ceapadh, an cr\u00e9at\u00far, gur deineadh m\u00e9 a mhug\u00e1il, n\u00f3 a rob\u00e1il, ar shr\u00e1ideanna mac\u00e1nta na cathrach \u00e1ille seo;   Sl\u00e1n tamall, mar sin.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cGo dtuga Dia sl\u00e1n abhaile th\u00fa,\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in  \u00e1 fhreagairt, ach chuile sheans n\u00e1r chuala s\u00e9 focal den bheannacht sin, n\u00f3 bh\u00ed se glanta leis as mo radharc, faoi mar ba chaor thine \u00e9.   Ach m\u00e1 d\u2019imigh fh\u00e9in, d\u2019fh\u00e1g s\u00e9 \u00e1bhar machtnaimh agamsa, agus \u00e1bhar d\u2019alt na seachtaine seo freisin, d\u00e1 nd\u00e9arfainn \u00e9.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">\u201cP e a i c \u00ed   D a\u201d    a r     l \u00e1 r .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a iarradh orainn gu\u00ed ar anam Patrick Jordan, th\u00edos anseo in Eaglais Fhiachra, ar na mallaibh, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit, n\u00e1r cheap m\u00e9 go raibh aithne n\u00f3 eolas agam fh\u00e9in ar an bhfear c\u00e9anna sin, ach ansin, nuair a mh\u00ednigh an sagart d\u00fainn, go mb\u2019fh\u00e9idir gurbh fhearr a bheadh aithne againn air, mar \u201cPheaic\u00ed Da\u201d, tuigeadh dom l\u00e1ithreach, go raibh crann ard eile i gcoill na gCainneach leagtha, agus go mba bhoiche \u00e1r n-oidhreacht dh\u00e1 uireasa.  Is beag duine sa chathair seo, n\u00f3 is beag duine a thug cuairt ar an gcathair seo le roinnt mhaith blianta anuas anois, nach raibh aithne s\u00fal, ar a laghad aige, ar an bhfear bre\u00e1 ard c\u00e9anna sin.  Minic a d\u2019fheicfe\u00e1 \u00e9 th\u00edos i l\u00e1r na cathrach, agus s\u00fail gh\u00e9ar \u00e1 choinne\u00e1il aige, ar a raibh ar si\u00fal ag daoine th\u00edos ansin.  Minic freisin, a d\u2019fheicfe\u00e1 \u00e9 ar shochraid\u00ed, sa chathair \u00e1lainn seo.  Sea, ba dhuine \u00e9 \u201cPeaic\u00ed Da\u201d a raibh aithne air, i bhfad agus i ngearr.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a bh\u00ed D\u00f3nall Mac Amhlaigh ag cur s\u00edos ar an gCathair s\u2019againne, ina \u00farsc\u00e9al, \u201c<strong>Deoraithe,<\/strong>\u201d chuir s\u00e9 s\u00edos ar dhream daoine, a bh\u00edodh le f\u00e1il, go rialta, thart ar l\u00e1r na Cathraach seo, daoine nach raibh r\u00f3-thugtha don obair, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1.  Anois, n\u2019fheadar an raibh D\u00f3nall c\u00f3ir ag smaoineamh ar \u201cPheaic\u00ed\u201d s\u2019againne, nuair a chuir s\u00e9 s\u00edos ar na daoine mac\u00e1nta sin, daoine a chaith roinnt \u00e1irithe ama, agus a ndroim le balla, ag c\u00fainne na Par\u00e1ide&#8230;..  F\u00e9ach mar a shn\u00edomhann s\u00e9 iad isteach i mbrat \u00e1r        n-oidhreachta&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cBh\u00edodar seo ag a bpost cheana f\u00e9in, Khyber \u00d3 Braon\u00e1in, Maidhc\u00f3 Lion\u00e1in, an Smaoiseach Deniffe, Mosc\u00f3 de Barra agus spreanglach\u00e1n caol ard d\u00e1rb ainm Peaic\u00ed Pugh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed bheadh fhios agat, ach nach bhfuil an chos\u00falacht ar an sc\u00e9al, gur leag D\u00f3nall a sh\u00fail ar an ndream sin, am eic\u00ednt, agus gur tuigeadh d\u00f3, go mb\u2019fhi\u00fa dh\u00f3 \u00e1it bhuan a bhronnadh orthu, taobh istigh de chl\u00fadaigh leabhair, n\u00f3 is d\u00f3cha gur tuigeadh d\u00f3, go mba chuid d\u2019anam agus de chorp na cathrach seo iad na carachtair ch\u00e9anna sin, agus ba charachtair iad, gan aon ag\u00f3.  Ba gheall le chuid do-dhearmadta de throsc\u00e1n na cathrach seo iad.  Agus gu\u00edmid go raibh \u00e1it bhuan ag Bord an Tiarna acu, anois agus i dt\u00f3lamh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">****************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail . G l e a n n S c \u00e1 t h A n B h \u00e1 i s . . \u201cN\u00e1r scanr\u00fail, buartha, cr\u00e1ite, an tseachtain \u00ed?\u201d arsa mo sheanchara, S\u00e9im\u00ed an Droichid, liom, nuair a casadh ar a ch\u00e9ile sinn, agus muid beirt suite ar \u00e1r s\u00e1imh\u00edn s\u00f3, istigh [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12521","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12521","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12521"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12521\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12522,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12521\/revisions\/12522"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12521"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12521"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12521"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}