{"id":12527,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12527"},"modified":"2024-04-08T01:14:36","modified_gmt":"2024-04-08T01:14:36","slug":"gaelscoil-osrai","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/gaelscoil-osrai\/","title":{"rendered":"Gaelscoil Osra\u00ed"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:12pt\">r\u00e1ithe<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, three months;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">cuireadh<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, invitation;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">a athbheochan<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, to revive;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">d\u2019\u00e9irigh eatarthu<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, the fell out (quarrelled);  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">me\u00e1naoiseach<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, mediaeval;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">murab ionann is<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, unlike;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">geansa\u00ed<\/span><span style=\"font-size:12pt\"> baile<\/span><span style=\"font-size:12pt\">, homeknit jumper;  <\/span><span style=\"font-size:12pt\">Nach m\u00e9anar d\u00f3<\/span><span style=\"font-size:12pt\">?  isn\u2019t it happy for him?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">I     m B \u00e9 a l    a n    P h o b a i l<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Gaelscoil Osra\u00ed<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"text-decoration:underline\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:14pt\">Seachtain  na   Gaeilge  2005<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2;font-weight:bold;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is beag rud is m\u00f3 a th\u00f3gann mo chro\u00ed, n\u00e1 bheith suite s\u00edos i measc daoine \u00f3ga, go h\u00e1irithe, nuair is \u00ed an Ghaeilge a bh\u00edonn idir cham\u00e1in acu, d\u00edreach faoi mar a tharla dom ar an M\u00e1irt, an 15\u00fa M\u00e1rta, 2005, i nGaelscoil Osra\u00ed anseo sa Chathair \u00c1lainn, nuair a tugadh cuireadh dom bheith ar an bhf\u00f3d, ag a deich a chlog ar maidin, sa Ghaelscoil ch\u00e9anna sin.  Mar is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, go bhfuil mo shaol caite agamsa, ag gabh\u00e1il don teanga ch\u00e9anna sin, \u00f3 laethe m\u2019\u00f3ige i leith. Bh\u00ed an Ghaeilge thart ormsa agus m\u00e9 ag f\u00e1s suas in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, blianta fada \u00f3 shoin anois. Ba mh\u00f3r go deo againne an Ghaeilge ch\u00e9anna, an t-am sin, agus theastaigh uainn an teanga a athbheochan, agus a chur \u00e1 labhairt ar\u00eds i measc mhuintir na t\u00edre seo.   <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Young again<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ritheann l\u00ednte Raifteir\u00ed liom, ar \u00f3c\u00e1id mar seo.  Is cuimhin libh, gur fh\u00e1g an file sin, a bhaile dh\u00fachais i gContae Mhaigh Eo, agus go ndeachaigh s\u00e9 \u00f3 dheas, ar deora\u00edocht, go Contae na Gaillimhe, nuair a d\u2019\u00e9irigh idir \u00e9 fh\u00e9in agus Frank Taffe, an Tiarna Talaimh \u00e1iti\u00fail, ach chuile bhliain, ar theacht an Earraigh, thosa\u00edodh s\u00e9 ag smaoineamh ar dhul ar ais, ar chuairt, chuig a bhaile dh\u00fachais fh\u00e9in, chuig Cill Aod\u00e1in, agus f\u00e9ach mar a chuir s\u00e9 s\u00edos ar an tionchar a bheadh ag cuairt d\u00e1 leith\u00e9id air&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Cill Aod\u00e1in an baile a bhf\u00e1sann gach n\u00ed ann,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">T\u00e1 sm\u00e9ara is s\u00fa craobh ann is meas ar gach s\u00f3rt,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Is d\u00e1 mbeinnse \u2019mo sheasamh i gceartl\u00e1r mo dhaoine<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">D\u2019imeodh an aois d\u00edom is bheinn ar\u00eds \u00f3g.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">In the Assembly Hall<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">F\u00e1ilt\u00edodh romham go cro\u00ed\u00fail nuair a seoladh isteach i Halla an Tion\u00f3il m\u00e9, an mhaidin sin, n\u00f3 bh\u00ed scol\u00e1ir\u00ed na Gaelscoile uilig bailithe le ch\u00e9ile ansin, mar chuid de cheili\u00faradh Sheachtain na Gaeilge, agus le Coirn a bhronnadh, ar na dalta\u00ed a rinne an dul chun cinn ba m\u00f3, i rith na seachtaine roimhe sin. B\u2019in an gn\u00f3 faoi leith a bh\u00ed le d\u00e9anamh agamsa, s\u00e9 sin, na Coirn a bhronnadh.  N\u00ed call dom a r\u00e1, gur bhain m\u00e9 ard-taitneamh as an ngn\u00f3 agus as an \u00f3c\u00e1id sin.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Changed Times<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3 sea.  Ach ag caint ar an \u00f3ige&#8230;&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3! a Thiarna! nach m\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu!  N\u00f3 bh\u00ed saol eile ar fad, i dtreis, nuair a bh\u00ed mise ag f\u00e1s an\u00edos, thiar in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, blianta fada \u00f3 shoin anois. Saol me\u00e1naoiseach a bh\u00ed i r\u00e9im, in \u00e1r measc, an tr\u00e1th \u00fad, murab ionann is an cine\u00e1l saoil at\u00e1 i dtreis sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.  N\u00ed raibh raidi\u00f3 n\u00f3 teilif\u00eds againn, nuacht\u00e1in n\u00f3 greann\u00e1in, r\u00edomhair\u00ed n\u00f3 play stations, sp\u00e1staisteal n\u00f3 roic\u00e9id, ach n\u00e1r chuma faoi na c\u00farsa\u00ed sin, i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00f3 mhaireamarna, go comharsan\u00fail, carthannach, s\u00e1sta, ar sc\u00e1th a ch\u00e9ile, mar is dual do dhaoine a dh\u00e9anamh, agus faoi mar a dhein na gl\u00fanta a th\u00e1inig romhainne, le sinsearacht. Sin an cine\u00e1l saoil a l\u00e9ir\u00edtear i leabhair cos\u00fail le Peig Sayers agus Fiche Bliain ag F\u00e1s, agus tuilleadh, a dh\u00e9anann tochrais ar an gceirtl\u00edn c\u00e9anna sin.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">The New and the Old<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus i gc\u00e1s \u00e9adaigh de, n\u00ed bh\u00edodh t\u00f3ir ar bith ar \u201cBrand Names\u201d, n\u00f3 a leith\u00e9id d\u2019\u00e9adaigh ghal\u00e1nta sp\u00f3irt, d\u00e1 mbeadh f\u00e1il fi\u00fa, ar a leith\u00e9id, ag an am, agus fi\u00fa d\u00e1 mbeadh, n\u00ed bheadh ar \u00e1r gcumasna iad a cheannacht.  Ina n-\u00e1it, is amhlaidh a dh\u00e9anadh Mam geansa\u00ed a chniot\u00e1il d\u00fainn, agus ar deireadh thiar, nach orainne a bh\u00edodh an br\u00f3d, agus geansa\u00ed nua baile d\u00e1r gcuid fh\u00e9in againn!  B\u00ed ag caint ar \u00e9adaigh ghal\u00e1nta! tabhair domsa an geansa\u00ed \u00e1lainn, olla, cniot\u00e1ilte ag mo Mham, bh\u00edodh s\u00e9 cos\u00fail le brat a gr\u00e1 thart orm, le fuacht, fearthainn agus buaireamh an tsaoil fhiochmhair seo a choinne\u00e1il \u00f3 dhoras dom.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00e1 ceapadh \u00e9inne anois, go bhfuilimse ag gear\u00e1n toisc nach raibh deasa deasa shaol an lae inniu againne an tr\u00e1th \u00fad, mar n\u00ed mar sin at\u00e1, bhaineamar an oiread sp\u00f3irt agus spraoi as a raibh againne, an tr\u00e1th sin, is a bhaineann gas\u00fair an lae inniu, as a bhfuil ar f\u00e1il acusan, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Encouragement<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed Gaeilge ag beagnach chuile dhuine ar an mbaile, agus ba uathusan a fuair m\u00e9, le huacht, an meas agus an cion, at\u00e1 agam f\u00f3s ar theanga agus ar litr\u00edocht na Gaeilge.  Nach m\u00e9anar do scolairi Ghaelscoil Osra\u00ed, mar a mbronntar Corn Ranga, chuile sheachtain, ar an ndalta is mo a dheanann dul chun cinn, ina rang, i rith na seachtaine sin. Spreagann a leith\u00e9id gas\u00fair chun oibre, agus n\u00ed call go mbeadh \u00e9ad ar dhuine ar bith, leis an t\u00e9 a bhuann Corn na seachtaine seo, n\u00f3 nach bhfuil chuile sheans ann, gur airsean n\u00f3 uirthisi, a bhronnfa\u00ed Corn na seachtaine seo chugainn.  Molaim buaiteoir\u00ed na seachtaine \u00e1irithe sin, Seachtain na Gaeilge 2005, n\u00f3 bh\u00ed de phribhl\u00e9id agamsa na Coirn sin a bhronnadh orthusan.  N\u00e1r laga Dia iad, agus gura seacht fearr a bh\u00e9as chuile mhac a\u2019 pheata acu, bliain \u00f3 inniu.<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">A Memorable Occasion<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, n\u00ed baol go nd\u00e9anfaidh mise dearmad go luath ar an l\u00e1 iontach sin ar iarradh ormsa bheith i l\u00e1thair sa Ghaelscoil, le Coirn a bhronnadh, agus le cupla focal misnithe a labhairt le Tion\u00f3l na Scoile sin, n\u00f3 mar is eol do roinnt \u00e1irithe daoine, t\u00e1imse ag dul ar chuairt chuig an Scoil ch\u00e9anna sin \u00f3 buna\u00edodh \u00ed.  I nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed raibh an scoil seolta ach r\u00e1ithe, nuair a thug an Ardmh\u00e1istre\u00e1s, Gobnait N\u00ed Choitir, cuireadh chun na scoile dom. Ghlac m\u00e9 lena cuireadh agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go raibh ionadh an domhain orm, nuair a chonaic m\u00e9 an l\u00edofacht do-chreidte sa Ghaeilge a bh\u00ed ag a dalta\u00ed, tar \u00e9is na r\u00e1ithe sin.  Sea, agus nach  minic mo chuairt ar an Scoil sin, san idirlinn, agus motha\u00edm i gc\u00f3na\u00ed go bhfuil gaol, n\u00f3 ceangal speisialta, agam leis an Scoil seo, agus tugaim faoi deara freisin, go mbeadh s\u00e9 deacair an fh\u00e1ilte chro\u00ed\u00fail, d\u00e1ir\u00edreach, a chuirtear romhamsa ansin, a sh\u00e1r\u00fa, fi\u00fa thiar im \u00e1it dh\u00fachais fh\u00e9in i gContae Mhaigh Eo!! Agus n\u00ed focal beag n\u00f3 suarach \u00e9 sin i dteanga ar bith.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3 sea! agus chan na dalta\u00ed Amhr\u00e1n Ghaelscoil Osra\u00ed dom freisin, Amhr\u00e1n, a raibh s\u00e9 de phribhl\u00e9id agamsa a chumadh d\u00f3ibh. Chan siad freisin, cupla v\u00e9arsa as Cill Aod\u00e1in, agus D\u00f3chas Linn Naomh P\u00e1draig.  Geallaimse dhuit \u00e9, gur thaitin mo chuairt ar an nGaelscoil go m\u00f3r ar fad liom.<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>r\u00e1ithe, three months; cuireadh, invitation; a athbheochan, to revive; d\u2019\u00e9irigh eatarthu, the fell out (quarrelled); me\u00e1naoiseach, mediaeval; murab ionann is, unlike; geansa\u00ed baile, homeknit jumper; Nach m\u00e9anar d\u00f3? isn\u2019t it happy for him? . I m B \u00e9 a l a n P h o b a i l . Gaelscoil Osra\u00ed Peadar Bair\u00e9ad . [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12527","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12527","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12527"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12527\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12528,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12527\/revisions\/12528"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12527"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12527"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12527"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}