{"id":12549,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12549"},"modified":"2024-04-08T01:06:12","modified_gmt":"2024-04-08T01:06:12","slug":"gorta-agus-ganntan","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/gorta-agus-ganntan\/","title":{"rendered":"Gorta agus ganntan"},"content":{"rendered":"<h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:24pt\">Ganntan agus Gorta<\/span><\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Gan bhr\u00e9ag ar domhan, t\u00e1 deireadh le laethe an T\u00edogair Cheiltigh, agus le laethe na Fl\u00fairse, in \u00e9ineacht leo. N\u00edl le d\u00e9anamh agat ach s\u00fail a chaitheamh ar na nuacht\u00e1in, n\u00f3 cluas a thabhairt do shaineolaithe na me\u00e1n, le f\u00e1il amach, go bhfuil Conch\u00far M\u00f3r sa Ch\u00fainne ag roinnt mhaith t\u00edortha, chomh maith leis an dt\u00edr\u00edn s\u2019againne, na laethe seo. Ar an drochuair, n\u00edl an ganntan c\u00e9anna sin teoranta do Mh\u00f3r Roinn amh\u00e1in, n\u00f3 do th\u00edr amh\u00e1in, mar t\u00e1 ganntan agus gorta ag imeacht ina loscadh sl\u00e9ibhe \u00f3 cheann ceann na cruinne, agus leis an sc\u00e9al a dh\u00e9anamh n\u00edos measa f\u00f3s, t\u00e1 na t\u00edortha a bh\u00edodh ar dhroim na muice, blianta \u00f3 shoin, t\u00e1 siadsan freisin ar an ngannchuid, na laethe seo. Bh\u00edodh an sc\u00e9al dona go leor sna blianta seo chuaigh tharainn, ach ar a laghad, bh\u00edodh a nd\u00f3thain mh\u00f3r, agus fu\u00edollach, ag roinnt \u00e1irithe t\u00edortha, sa chaoi go bhf\u00e9adfa\u00ed tarraingt ar na t\u00edortha sin le pingneacha a shaothr\u00fa iontu, pingneacha a chuirfeadh c\u00fal ar an ocras, agus a d\u2019fh\u00e1gfadh ar chumas an imircigh c\u00fanamh eic\u00ednt a sheoladh chuig a mhuintir sa bhaile. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Airgead Mheirice\u00e1<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Nach maith an cleachtadh a bh\u00edodh ag muintir na t\u00edre seo ar an gcleas c\u00e9anna sin thar bhlianta fada, nuair a choinn\u00edodh airgead Mheiricea goblach i mb\u00e9al na mhuintire sa bhaile. Ansin, chomh luath is a th\u00e1inig eacnama\u00edocht na t\u00edre seo chuige fh\u00e9in, ba ghearr an mhoill go raibh muintir na t\u00edre seo ar a m\u00edle dh\u00edcheall ag iarraidh c\u00fanamh a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh si\u00fad a bh\u00ed go g\u00e9ar ina gh\u00e1tar. N\u00edl le d\u00e9anamh agat, ach breathn\u00fa ar ch\u00farsa\u00ed, faoi mar at\u00e1 i l\u00e1thair na huaire seo, sa t\u00edr s\u2019againne. T\u00e1 m\u00e1m eagra\u00edochta\u00ed ar a m\u00edle dh\u00edcheall ag tarraingt as tobar \u00e1r bhf\u00e9ile, ag iarraidh freastal ar phobal ar bith a dteasta\u00edonn l\u00e1mh ch\u00fanta go g\u00e9ar uathu. Eagra\u00edochta\u00ed cos\u00fail le Tr\u00f3caire, Goal, Gorta, B\u00f3thar, An Chrois Dhearg, agus tuilleadh d\u00e1 leith\u00e9id. Agus nach bhfuil an St\u00e1t s\u2019againne fh\u00e9in p\u00e1irteach san obair iontach, carthannach, comharsan\u00fail seo, agus \u00e9 s\u00e1sta, agus r\u00e9idh, leis na milli\u00fain Euro a chaitheamh, ar mhaithe le lucht an gh\u00e1tair,  agus n\u00ed hamh\u00e1in anois is ar\u00eds, ach d\u00e9anann s\u00e9 an beart seo chuile bhliain, agus fi\u00fa sna laethe seo, nuair at\u00e1 Conch\u00far M\u00f3r fh\u00e9in ag bualadh ar an ndoras s\u2019acusan freisin. Is deacair locht a fh\u00e1il orthu as a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, n\u00f3 d\u2019fhoghlaim an n\u00e1isi\u00fan seo ceacht crua an ghanntain, tr\u00e1th th\u00e1inig an Gorta M\u00f3r ar chuairt chugainne, agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin freisin, n\u00f3, chomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa, lean an drochshaol in \u00e9int\u00edos linne isteach thar thairseach an fichi\u00fa haois fh\u00e9in, n\u00f3 is maith is cuimhin liom fh\u00e9in, go raibh bia an ghorta mh\u00f3ir \u00e1 \u00fas\u00e1id f\u00f3s, fan chosta thiar na t\u00edre seo, anuas go dt\u00ed triochaid\u00ed an ocrais, san aois seo chuaigh tharainn. C\u00e9n bia at\u00e1 i gceist agam, an ea? <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Steara\u00ed an Ghorta Mh\u00f3ir<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">An \u201cStirabout\u201d, n\u00f3 an \u201csteara\u00ed\u201d faoi mar a thugta\u00ed air i measc daoine ag an am, an leite \u00fad a d\u00e9anta\u00ed as an min bhu\u00ed, leite nach raibh r\u00f3-bhlasta, geallaimse dhuit \u00e9. Sea, is f\u00e9idir glacadh leis, go raibh ganntan agus gorta coitianta go maith i measc mhuintir an ch\u00f3sta thiar, i dt\u00fas r\u00e9 an St\u00e1it s\u2019againne, sea, agus b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir a r\u00e1, gur bheag n\u00ed, i bhfoirm ch\u00fanaimh, a caitheadh chucu \u00f3 chian, n\u00f3 \u00f3 ch\u00f3ngar, ag an am, agus chuile sheans nach mairfeadh na pobail scoite sin, murach go raibh ar a gcumas dul ar imirce, agus na puint, agus na dolair, a sheoladh abhaile, le c\u00edosanna a dh\u00edol, agus le goblach bia a chur i mb\u00e9al \u00f3g agus aosta sa bhaile. Ach, sin sc\u00e9al eile ar fad, agus nach bre\u00e1 an rud \u00e9, go bhfuil ar chumas shliocht na ndaoine sin anois c\u00fanamh agus cabhair a sheoladh chuig pobail scoite, i dt\u00edortha i bhfad \u00f3 bhaile, le deis a thabhairt d\u00f3ibhsean beatha daonna a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh fh\u00e9in is d\u00e1 sliocht, rud at\u00e1 tuillte ag an uile dhaonna\u00ed, a shaola\u00edtear i ndomhan seo na fl\u00fairse agus an ghanntain. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">N\u00ed tr\u00e1th cainte \u00e9 feasta!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">N\u00e1 b\u00edodh leisce orainn, mar sin, teacht i gcabhair ar lucht an gh\u00e1tair, cuma c\u00e1 gc\u00f3na\u00edonn siad, b\u00edodh siad i mb\u00e9al an dorais againn, n\u00f3 ar an dtaobh eile den chruinne, mar nach comharsa d\u00fainn chuile dhaonna\u00ed, cuma c\u00e1 gc\u00f3na\u00edonn s\u00e9, n\u00f3 s\u00ed, agus ba ch\u00f3ir d\u00fainn caitheamh leo, faoi mar ba mhaith linn go gcaithfeadh siadsan linne, n\u00f3 n\u00ed tr\u00e1th cainte feasta \u00e9, ach tr\u00e1th gn\u00edmh.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Ganntan agus Gorta . Gan bhr\u00e9ag ar domhan, t\u00e1 deireadh le laethe an T\u00edogair Cheiltigh, agus le laethe na Fl\u00fairse, in \u00e9ineacht leo. N\u00edl le d\u00e9anamh agat ach s\u00fail a chaitheamh ar na nuacht\u00e1in, n\u00f3 cluas a thabhairt do shaineolaithe na me\u00e1n, le f\u00e1il amach, go bhfuil Conch\u00far M\u00f3r sa Ch\u00fainne ag roinnt mhaith t\u00edortha, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12549","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12549","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12549"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12549\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12550,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12549\/revisions\/12550"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12549"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12549"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12549"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}