{"id":12553,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12553"},"modified":"2024-04-08T01:06:12","modified_gmt":"2024-04-08T01:06:12","slug":"gualainn-gan-bhrathair","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/gualainn-gan-bhrathair\/","title":{"rendered":"Gualainn gan Bhr\u00e1thair"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Gualainn gan Bhr\u00e1thair<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\"><span style=\"text-decoration:underline;font-size:14pt\">S\u00e9im\u00ed an Droichid agus na garda\u00ed c\u00fanta<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">\u201cSea, mh\u2019anam! nach minic a chualamar uilig an nath, i mb\u00e9al daoine, gur maol gualainn gan bhr\u00e1thair, agus c\u00e9 d\u00e9arfadh go raibh dul am\u00fa ar bith ar an t\u00e9 a ch\u00e9adchum an leagan cainte c\u00e9anna sin?  Mar nach bre\u00e1 linn uilig comr\u00e1da\u00ed len\u00e1r      n-ais, agus muid ar \u00e1r mbealach isteach i mbearna an bhaoil?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">B\u2019in mar ad\u00fairt \u00e1r seanchara, S\u00e9im\u00ed an Droichid, liom an o\u00edche cheana, agus muid beirt s\u00e1ite, ar \u00e1r s\u00e1imh\u00edn s\u00f3, th\u00edos sa Smugairle R\u00f3in, agus P\u00f3il\u00ed m\u00f3r gro\u00ed, duine de cheannair\u00ed cheardchumann na ngarda\u00ed ag labhairt linn amach as an mbosca sa ch\u00fainne, agus \u00e9 ag tabhairt \u00edde na muc is na madra\u00ed d\u00f3ibh si\u00fad, a bheadh toilteanach seasamh taobh leo, ina n-iarrachta\u00ed le dl\u00ed na t\u00edre seo a chur i bhfeidhm. Agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach dhearbhaigh s\u00e9 freisin, nach mbeadh baint n\u00f3 p\u00e1irt ar bith acusan le daoine d\u00e1 leith\u00e9id, i mbun  p\u00f3il\u00ednteachta, sa todhcha\u00ed. N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go raibh fonn cainte ar mo Sh\u00e9im\u00ed bre\u00e1, agus thuig m\u00e9 ar an bpointe boise, go raibh rud eic\u00ednt ag d\u00f3 na geirbe ag an bhfear bocht, agus go raibh fonn air an sc\u00e9al sin a chur i mb\u00e9al an phobail.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\"><span style=\"font-size:14pt\">Right call?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">\u201cAch a Sh\u00e9im\u00ed,\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in, \u201cb\u2019fh\u00e9idir go bhfuil an ceart ag an bP\u00f3il\u00ed m\u00f3r c\u00e9anna sin, nuair a chuireann s\u00e9 in i\u00fal don Aire, nach mbeadh siadsan s\u00e1sta glacadh le socr\u00fa d\u00e1 leith\u00e9id.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">\u201cIs d\u00f3cha go bhfuil fhios ag madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, faoin am seo, faoin socr\u00fa at\u00e1 d\u00e9anta ag an Aire Dl\u00ed agus Cirt, glacadh le daoine tofa mar ch\u00fant\u00f3ir\u00ed don Gharda S\u00edoch\u00e1na. Daoine meas\u00fala, creidi\u00fanacha, a bheadh toilteanach roinnt \u00e1irithe ama a chaitheamh, chuile sheachtain, i mbun na hoibre sin, ar bhonn deonach, d\u00e1r nd\u00f3igh. N\u00ed bheadh ar na daoine seo traen\u00e1il ioml\u00e1n an Gharda a fh\u00e1il, ach bheadh orthu roinnt \u00e1irithe ama a chaitheamh ag foghlaim conas na dualgaisi a bheadh le d\u00e9anamh acusan a choimhl\u00edonadh, mar n\u00ed garda\u00ed d\u00e9anta, amach is amuigh, a bheadh iontu, ach daoine a bheadh s\u00e1sta dul amach ag cabhr\u00fa leis na garda\u00ed, nuair a bheadh g\u00e1 lena gc\u00fanamh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">\u201cAch, a Sh\u00e9im\u00ed, mar adeir t\u00fa, n\u00ed garda\u00ed d\u00e9anta a bheadh iontu, agus ar an \u00e1bhar sin, b\u2019fh\u00e9idir go mbeadh siad ag teacht sa mbealach ar na garda\u00ed gairmi\u00fala, agus iadsan i mbun a ndualgais\u00ed casta, reacht\u00fala, deacra.\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\"><span style=\"font-size:14pt\">Not acceptable?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">\u201cIm thuairimse,\u201d arsa Seimi, \u201cbheadh bu\u00edon gairmi\u00fail ar bith thar a bheith s\u00e1sta c\u00fant\u00f3ir\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id a fh\u00e1il, le gn\u00e9ithe \u00e1irithe d\u00e1 ndualgais\u00ed a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh. Nach bhfuil s\u00e9 deacair, mar sin, dearcadh cheardchumann na ngarda\u00ed a thuiscint, nuair a dhi\u00falta\u00edonn siad, scun scan, do ch\u00fant\u00f3ir\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id, go h\u00e1irithe nuair nach bhfuil baol ar bith ann, go dtos\u00f3dh na c\u00fant\u00f3ir\u00ed c\u00e9anna seo ag d\u00e9anamh obair dh\u00edlis an Gharda. N\u00ed bheadh baol ar bith ann, go nd\u00e9anfadh na c\u00fant\u00f3ir\u00ed seo praiseach den obair ghairmi\u00fail is dual don gharda a dh\u00e9anamh. Sea, agus smaoinigh ar na bunt\u00e1ist\u00ed a d\u2019fh\u00e9adfadh bu\u00edon d\u00e1 leith\u00e9id a chur ar f\u00e1il don nGarda S\u00edoch\u00e1na?  Bheadh na daoine seo ag obair, agus ina gc\u00f3na\u00ed, i measc an phobail, agus bheadh siad i dteangmh\u00e1il laeth\u00fail le baill an phobail ch\u00e9anna sin, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, bheadh tuiscint agus fios acusan, nach mbeadh teacht ag an nGarda orthu, de ghn\u00e1th.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">\u201cAch tuigtear do cheannair\u00ed sin cheardchumann na ngarda\u00ed, go mbeadh s\u00e9 i bhfad n\u00edos fearr, d\u00e1 gcuirfeadh an tAire tuilleadh garda\u00ed oilte, traen\u00e1ilte, ar f\u00e1il d\u00f3ibh, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas ansin, seirbh\u00eds s\u00e1s\u00fail, gairmi\u00fail, \u00e9ifeachtach, a chur ar f\u00e1il do phobal na t\u00edre seo, mar, d\u00e1r leosan, t\u00e1 dul am\u00fa ar an Aire, agus tuigtear d\u00f3ibh gur ch\u00f3ir d\u00f3ibhsean a chur ina lu\u00ed ar an aire go raibh an dl\u00ed sin ar leathsciath\u00e1n\u201d <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\"><span style=\"font-size:14pt\">Who Rules ?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">\u201cAch, nach bhfuil a fhios ag madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in nach \u00e9 dualgas na ngarda\u00ed polasa\u00ed p\u00f3il\u00ednteachta a dhr\u00e9achtadh, is \u00e9 an dualgas a leagann an St\u00e1t daonlathach, go reacht\u00fail, orthusan, agus an dualgas a bhfuil siadsan faoi mh\u00f3id a chur i bhfeidhm, n\u00f3 an dl\u00ed a dhr\u00e9achtann an Rialtas tofa, a choimhl\u00edonadh, agus a chur i bhfeidhm, gan eagla gan f\u00e1bhar. N\u00ed fh\u00e9adfadh St\u00e1t ar bith cumhacht dr\u00e9achtadh dlithe a thabhairt d\u00e1 bP\u00f3il\u00edn\u00ed, n\u00f3 d\u00e1 dtabharfadh, n\u00ed St\u00e1t daonlathach a bheadh acu a thuilleadh. Sea, agus in \u00e1it iad P\u00f3il\u00edn\u00ed C\u00fantacha a mhealladh isteach sa bhF\u00f3rsa, mar thaca d\u00f3ibh, cad a dh\u00e9anann ceannair\u00ed Cheardchumann na ngarda\u00ed? Is amhlaidh a thugann siad \u00edde na muc is na madra\u00ed d\u00f3ibh, tri mhasla de chuile shaghas a thabhairt d\u00f3ibh.  N\u00ed bheife\u00e1 ag s\u00fail go nglaofadh na ceannair\u00ed thuasluaite ainmneacha ar n\u00f3s, <em>nosey parkers, do-gooders, vigilantes, n\u00f3 busybodies,<\/em> ar dhaoine a bheadh s\u00e1sta teacht i gcabhair orthu, n\u00f3 an amhlaidh nach dteasta\u00edonn c\u00fanamh an phobail uathu in aon chor?\u201d <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">\u201cD\u00e9arfainn nach \u00e9 sin at\u00e1 i gceist acu, in aon chor, a Sh\u00e9im\u00ed, cinnte bheadh c\u00fanamh an phobail uathu, ach, theast\u00f3dh uathu go dtabharfadh baill an phobail an c\u00fanamh sin d\u00f3ibh mar shaor\u00e1naigh stuama, freagracha, agus n\u00ed mar bhaill ch\u00fantacha den Gharda S\u00edoch\u00e1na, n\u00f3 mar gharda\u00ed c\u00fantacha, mar a thabharfar orthu feasta.\u201d <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">\u201cBhuel, tar \u00e9is na c\u00e9apair sin uilig, n\u00ed chuirfeadh s\u00e9 l\u00e1 iontais ormsa, d\u00e1 socr\u00f3dh na daoine sin, a bh\u00ed s\u00e1sta cabhr\u00fa leo, iad a fh\u00e1gail san fhaopach, gan chabhair, gan ch\u00fanamh, gan chomhoibri\u00fa d\u00e1 laghad a thairscint d\u00f3ibh feasta. I bhfianaise dhearcadh na gceannair\u00ed sin, c\u00e9 th\u00f3gfadh orthu \u00e9, a gc\u00fanamh a dhi\u00falt\u00fa d\u00f3ibh feasta? Ach, anois, d\u2019fh\u00e9adfadh dul am\u00fa a bheith ormsa, agus d\u2019fh\u00e9adfadh s\u00e9 go gcuireann, agus go gcuirfeadh an Garda S\u00edoch\u00e1na f\u00e1ilte is fiche roimh bhaill an phobail a bheadh s\u00e1sta a gcabhair is a gc\u00fanamh a chur ar f\u00e1il, saor in aisce, d\u00f3ibh. Agus nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa air, d\u2019fh\u00e9adfadh siad thart ar cheithre mh\u00edle garda c\u00fantach a fh\u00e1il do ghn\u00f3 d\u00e1 leith\u00e9id. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cGarda\u00ed C\u00fanta\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">Nach ioma\u00ed gar a d\u2019fh\u00e9adfadh uimhir d\u00e1 leith\u00e9id a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh, agus lena chois sin, bheadh ar chumas an Gharda S\u00edoch\u00e1na, feasta, bheith ag brath ar chomhoibri\u00fa an phobail agus iad i mbun smacht a choinne\u00e1il ar na sluaite, a bheadhh p\u00e1irteach i l\u00e9irsithe, n\u00f3 i l\u00e1thair ag cluich\u00ed, n\u00f3 se\u00f3nna, n\u00f3 fi\u00fa ag na m\u00f3rshi\u00falta a thion\u00f3ltar ar fh\u00e9ilte \u00e1irithe, \u00f3 cheann ceann na bliana.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">Ag an bpointe sin, scaoil S\u00e9im\u00ed siar a raibh fanta ina ghloine,  chimil a mhainchille d\u00e1 phus, d\u2019fh\u00e1g sl\u00e1n deirfeach agam, agus thug an doras amach air fh\u00e9in, ar n\u00f3s chait scolta. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">Ach cathfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur fh\u00e1g s\u00e9 \u00e1bhar smaointe agam fh\u00e9in, agus n\u00ed fh\u00e9adfainn a r\u00e1, nach raibh sl\u00e1im\u00edn eic\u00ednt den bhf\u00edrinne ag an bhfear buile bocht c\u00e9anna sin!!! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">Iarscr\u00edbhinn&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">Fuair m\u00e9 glaoch telef\u00f3in, anois d\u00edreach, \u00f3 mo Sh\u00e9im\u00ed buile, ag cur ar mo sh\u00faile dom, gur chuala s\u00e9 ar an Wireless, anois beag, go raibh Ceannfoirt na ngarda\u00ed tar \u00e9is a dtaca\u00edocht si\u00fad a thabhairt do ch\u00f3ras na ngarda\u00ed c\u00fanta. F\u00e9ach anois, ar seisean, go n-aonta\u00edonn na Ceannfoirt fh\u00e9in liom, sa sc\u00e9al seo!&nbsp;&nbsp;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">\u201cFair Play\u201d dhuit a Sh\u00e9im\u00ed !<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Gualainn gan Bhr\u00e1thair Peadar Bair\u00e9ad . S\u00e9im\u00ed an Droichid agus na garda\u00ed c\u00fanta \u201cSea, mh\u2019anam! nach minic a chualamar uilig an nath, i mb\u00e9al daoine, gur maol gualainn gan bhr\u00e1thair, agus c\u00e9 d\u00e9arfadh go raibh dul am\u00fa ar bith ar an t\u00e9 a ch\u00e9adchum an leagan cainte c\u00e9anna sin? Mar nach bre\u00e1 linn uilig comr\u00e1da\u00ed [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12553","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12553","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12553"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12553\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12554,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12553\/revisions\/12554"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12553"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12553"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12553"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}