{"id":12565,"date":"2017-04-09T20:58:34","date_gmt":"2017-04-09T20:58:34","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12565"},"modified":"2017-04-09T23:02:16","modified_gmt":"2017-04-09T23:02:16","slug":"i-m-b-e-a-l-a-n-p-h-o-b-a-i-l-rtfbrian-d_arcy","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-m-b-e-a-l-a-n-p-h-o-b-a-i-l-rtfbrian-d_arcy\/","title":{"rendered":"I   m B \u00e9 a l    a n    P h o b a i l.rtfBrian D_Arcy"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">I   m B \u00e9 a l    a n    P h o b a i l<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\"><strong><span style=\"font-size:20pt\">\u201ca Different journey\u201d<\/span><span style=\"font-size:16pt\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/span><\/strong>by<strong>&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"font-size:16pt\">Brian D\u2019Arcy<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">You go your way&#8230;&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\">Mar adeir an t-\u00fadar fh\u00e9in linn, n\u00ed Gn\u00e1thDh\u00edrbheathaisn\u00e9is at\u00e1 anseo againn, is c\u00f3ngara\u00ed, i nd\u00e1ir\u00edre, do Chuimhn\u00ed Cinn \u00e9. De thaisme a th\u00e1inig m\u00e9 ar an leabhar seo, n\u00f3, c\u00e9 go raibh m\u00e9 ag tn\u00fath lena fh\u00e1il, le tamall, nuair a th\u00e1inig m\u00e9 air, th\u00edos i Leabharlann an Locha Bhu\u00ed, anseo i gCill Chainnigh, shocraigh m\u00e9 l\u00e1ithreach ar \u00e9 a thabhairt liom, n\u00f3 is leabhar \u00e9 at\u00e1 i mb\u00e9al an phobail, le scathamh anois, b\u00edodh n\u00e1r cuireadh cl\u00f3 air go dt\u00ed an bhliain seo caite. N\u00ed d\u00f3igh liom go bhfuil g\u00e1 ar bith agam leis an \u00fadar c\u00e1ili\u00fail seo a chur in aithne dhaoibh, n\u00f3 d\u00e9arfainn gur beag duine sa t\u00edr nach bhfuil aithne, agus aithne mhaith, aige ar an \u00fadar c\u00e9anna seo, n\u00f3 is fear \u00e9, a bhfuil col\u00fan rialta i gcl\u00f3 uaidh, ar an Sunday World, le thart ar thriocha bliain anois, agus is d\u00f3cha go bhfuil muid ag breathn\u00fa ar a aghaidh ghealgh\u00e1ireach, ar \u00e1r sc\u00e1ile\u00e1in leis an achar c\u00e9anna, geall leis. Is duine \u00e9, a bhfuil a dhearcadh fh\u00e9in aige ar chuile fhadhb a chr\u00e1nn \u00e1r bpobal, agus c\u00e9 gur Eaglaiseach gradamach den scoth \u00e9, n\u00ed i gc\u00f3na\u00ed a bhuaileann s\u00e9 an cas\u00e1n ceartchreidmheach, ach \u00e9 s\u00e1sta, chuile bhabhta, fuascailt na bhfadhbanna sin a mholadh, de r\u00e9ir mar a fheictear d\u00f3san iad. Ba ch\u00f3ir a lua anseo, nach guth aonair sa bhf\u00e1sach \u00e9 sa dhearcadh seo, ach oiread. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\">Tuaisceartach \u00e9 an tAthair Brian, a rugadh i mbaile beag i gContae Fhear Manach. F\u00e9ach mar a chuireann s\u00e9 t\u00fas lena sc\u00e9al, ar leathanach a 17.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;margin-left:36pt\">\u201cMy family is an ordinary working-class family. We lived in the village of Bellanaleck (which means \u2018the town of the flagstones\u2019) about five miles from Enniskillen in County Fermanagh. I lived there with my father, Hugh, my mother, Ellie, my sisters, Marie and Joan, and my only brother, Gaby, in a nice cosy little house. Our house was beside the road and everybody who walked up and down dropped in.\u201d <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">One of Us<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Duine d\u00ednn fh\u00e9in isea an sagart seo, duine den chosmhuintir, ach ag an am gc\u00e9anna, is duine neamhghn\u00e1ch, amach is amuigh \u00e9, an Brian c\u00e9anna seo, fear ild\u00e1nach; eaglaiseach cumasach; iriseoir d\u00e9anta; aithriseoir n\u00e1d\u00fartha; agus cr\u00edosta\u00ed nach bhfuil aon rian den Tadhg-an-d\u00e1-Thaobhachas ag baint leis. Sea, fear a dh\u00e9anfadh a chion fh\u00e9in, cuma c\u00e9ard a d\u00e9arfa\u00ed faoi. F\u00e9ach mar a scr\u00edobh s\u00e9 i Sunday World an 11\u00fa  M\u00e1rta 2007, agus \u00e9 ag tagairt don sagart \u00fad, Kieran Creagh, a scaoileadh san Aifric Theas, ar na mallaibh, deir s\u00e9 go bhfuil an baol ann, go gceapfadh sagairt nach bhfuil g\u00e1 leo i saol achrannach an lae inniu&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cIt\u2019s easy to wonder late at night if we make a difference at all.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Well, people like Kieran Creagh do&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Good priests who are different, will always make a difference.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuaigh Brian le sagartacht agus \u00e9 ina dh\u00e9agoir, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, n\u00edor roghnaigh s\u00e9 aon rib\u00edn r\u00e9idh d\u00f3 fh\u00e9in nuair a chinn s\u00e9 ar dhul isteach sna Paisead\u00f3ir\u00ed, Comhthion\u00f3l Cr\u00e1bhaidh, a chleachta\u00edonn riail dian an mhanachais, ach ag an am gc\u00e9anna, d\u2019\u00e9irigh leis, ar bhealach amh\u00e1in, n\u00f3 ar bhealach eile, a bheith p\u00e1irteach i saol an iriseora, agus i saol lucht na se\u00f3bhanna\u00ed; i saol na n-aisteoir\u00ed agus i saol na n-amhr\u00e1naithe, n\u00f3 glacadh leis mar sh\u00e9ipl\u00edneach ag lucht Amharclainne agus Ceoil, mar ar \u00e9irigh leis \u00e9acht oibre a dh\u00e9anamh, agus ag an am gc\u00e9anna, ceirdeanna a bh\u00ed gar d\u00e1 chro\u00ed fh\u00e9in a chleachtadh agus a thuiscint. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">A Chaplain Extraordinary<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chomh maith le sin, d\u2019\u00e9irigh leis aithne a chur ar aisteoir\u00ed an tsaoil mh\u00f3ir, agus ar She\u00f3-bhanna\u00ed, ar amhr\u00e1naithe, agus ar cheolt\u00f3ir\u00ed, \u00f3 chuile cheard, agus ag an am gc\u00e9anna, bh\u00ed ar a chumas, dualgais\u00ed a shagartachta a choimhl\u00edonadh. N\u00ed br\u00e9ag ar bith a r\u00e1, go raibh ar chumas an \u00fadair ild\u00e1naigh seo, beara iomad\u00fala a choinne\u00e1il sa ghr\u00edosach, ag an am gc\u00e9anna, agus \u00fas\u00e1id a bhaint as na beara c\u00e9anna sin, ar a seal. Chuir an teilif\u00eds ar a chumas freisin f\u00e1il isteach i gcistineacha agus i bparl\u00fais na t\u00edre seo, \u00f3 Thigh Mh\u00f3ire go Donncha D\u00ed, n\u00f3 mhair s\u00e9 i r\u00e9 na sagart, tr\u00e1th a raibh meas ag an bpobal ar an t\u00e9 a bh\u00ed i bhfeisteas an tsagairt, agus \u00f3m\u00f3s, nach raibh tuillte, uaireanta, ag dul d\u00f3ibh freisin. T\u00e1\u2019s ag an saol, go raibh s\u00e9 fh\u00e9in agus an tAthair Michael Cleary an-mh\u00f3r lena ch\u00e9ile, thar na blianta, agus chuir sc\u00e9al an tsagairt sin an-d\u00edom\u00e1, amach is amuigh air, agus ba dheacair d\u00f3 muin\u00edn a bheith aige as duine ar bith uaidh sin amach, no nior lig Micheal, n\u00f3 a leann\u00e1n Phyllis tada orthu thar thr\u00e9imhse fhada, ach iad ag cur ar a sh\u00faile do Bhrian nach raibh tada m\u00edchu\u00edosach ag tarl\u00fa eatarthu. N\u00edor chabhraigh Dermot Morgan leis, ach oiread, nuair a bhaist s\u00e9, Father Brian Trendy, ar charachtar eaglasta, a bh\u00ed \u00e1 chruth\u00fa aige, le mugadh magadh a dh\u00e9anamh den chl\u00e9ir, charachtar ar deineadh Fr.Ted de, i ndeireadh na d\u00e1la. Ar bhealach, deineadh staic\u00edn \u00e1if\u00e9ise den Athair Brian, tr\u00edd an gcarachtar c\u00e9anna sin. Ach le filleadh ar Fr. Michael Cleary, nuair a tuigeadh don \u00fadar, iar bh\u00e1s dn Athar Michael, go raibh saol an fhir ph\u00f3sta a chaitheamh aige, agus nuair a cuireadh sc\u00e9al an Easpaig U\u00ed Chathasaigh taobh le taobh leis an sc\u00e9al sin, tuigeadh do dhaoine \u00e1irithe, agus an tAth Brian ina measc, gur ch\u00f3ir deireadh a chur leis an aontumhacht, mar ghn\u00e9 riachtanach den tsagartacht, b\u00edodh nach bhfuil \u00e1r bP\u00e1pa Benedict XVI, s\u00e1sta dul s\u00edos an b\u00f3thar sin, de r\u00e9ir an r\u00e1iteas is d\u00e9ana\u00ed uaidh.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">In the public eye<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 p\u00edosa bre\u00e1 sp\u00e9isi\u00fail le l\u00e9amh freisin, faoi fhuadach John O\u2019 Grady ag Dessie O\u2019Hare, agus an ph\u00e1irt a d\u2019imir Brian san eachtra uaf\u00e1sach, scanr\u00fail, sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1 go raibh tionchar an-mh\u00f3r ag daoine \u00e1irithe air, agus \u00e9 ar thuras a oilithreachta, tr\u00ed chora\u00ed crua an tsaoil, agus b\u2019in iad, \u201cPoor old Charlie\u201d faoi mar a thugadh Father Charles of Mount Argus air fh\u00e9in, an fear \u00fad at\u00e1 le fh\u00f3gairt ina naomh, amach anseo. Sea, agus duine eile a bhfuil a thionchar le tabhairt faoi deara ag dul tr\u00edd an sc\u00e9al seo, \u00f3 th\u00fas deireadh, faoi mar ba shn\u00e1ith i mbraisl\u00e9ad br\u00e1d \u00e9, agus sin an scr\u00edbhneoir c\u00e1ili\u00fail, ild\u00e1nach, Trapach, \u00fad, Thomas Merton.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">A special Journey<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, is spreag\u00fail, sp\u00e9isi\u00fail, suimi\u00fail, an leahar \u00e9, \u201ca Different journey\u201d, s\u00e9 sin, turas Bhriain. N\u00ed thiocfainn leis i ngach a ndeir s\u00e9 sa leabhar seo, ach, ag an am gc\u00e9anna, chuirfeadh s\u00e9 duine ag smaoineamh, agus nach bre\u00e1 an phaidir a \u00fas\u00e1ideann s\u00e9, le cr\u00edoch a chur lena sc\u00e9al anseo, paidir le Thomas Merton&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;margin-left:72pt\">I will not fear, for You are ever with me,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;margin-left:72pt\">and You will never leave me to face my perils alone.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\">T\u00e1 s\u00fail agam, go n-\u00e9istfidh Dia leis an bpaidir ch\u00e9anna sin i gc\u00e1s chuile dhuine againn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\">An-leabhar, an-sc\u00e9al, an-fhear, l\u00e9itheoireacht \u00e9igeantach do chuile dhuine a bhfuil sp\u00e9is aige i stair chomhaimseartha na t\u00edre seo. Bain taitneamh agus toit as!<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>. I m B \u00e9 a l a n P h o b a i l Peadar Bair\u00e9ad . \u201ca Different journey\u201d&nbsp;&nbsp;&nbsp;by&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;Brian D\u2019Arcy . You go your way&#8230;&#8230;. Mar adeir an t-\u00fadar fh\u00e9in linn, n\u00ed Gn\u00e1thDh\u00edrbheathaisn\u00e9is at\u00e1 anseo againn, is c\u00f3ngara\u00ed, i nd\u00e1ir\u00edre, do Chuimhn\u00ed Cinn \u00e9. De thaisme a th\u00e1inig m\u00e9 ar an leabhar [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12565","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12565","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12565"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12565\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12566,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12565\/revisions\/12566"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12565"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12565"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12565"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}