{"id":12593,"date":"2017-04-09T20:58:52","date_gmt":"2017-04-09T20:58:52","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12593"},"modified":"2017-04-09T23:02:06","modified_gmt":"2017-04-09T23:02:06","slug":"i-mbeal-an-phobail-triocha-bliain-ag-scriobh","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-triocha-bliain-ag-scriobh\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail   Triocha bliain ag scriobh"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Triocha Bliain ag Scr\u00edobh<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Mar a mh\u00ednigh m\u00e9, cupla seachtain \u00f3 shin anois, seo an triochad\u00fa<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> bliain agam i mbun an Chol\u00fain seo, Col\u00fan a thosaigh m\u00e9 i mbliain an Ph\u00e1pa fh\u00e9in, i 1979. N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, go mba mh\u00f3r an on\u00f3ir domsa \u00e9, go raibh Eagarth\u00f3ir\u00ed an Nuacht\u00e1in ch\u00e1ili\u00fail seo, ar a seal, s\u00e1sta sp\u00e1s a chur ar f\u00e1il dom, chuile sheachtain, geall leis, le mo smaointe, mo dhearcadh, agus mo dh\u00f3chas sa todhcha\u00ed, a bhreacadh ar ph\u00e1r agus a leagan os comhair an phobail. Ba \u00e9 a chuir m\u00e9 romham, \u00f3 th\u00fas, n\u00f3 col\u00fan Gaeilge a chur ar f\u00e1il, sa tsl\u00ed go mbeadh deis ag daoine p\u00edosa Gaeilge a l\u00e9amh ar bhonn rialta, <\/span><span style=\"font-size:14pt\">agus chomh maith le sin, theastaigh uaim cur s\u00edos a dh\u00e9anamh ar Imeachta\u00ed Gaelacha na d\u00faiche seo. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">An \u2018Cupla Focal\u2019 sin!<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ar \u00e9irigh liom na haidhmeanna sin a chur i gcr\u00edch? Bhuel, d\u2019\u00e9righ liom p\u00edosa Gaeilge a chur ar f\u00e1il go rialta d\u00e1r l\u00e9theoir\u00ed agus chuir m\u00e9 s\u00edos freisin, ar imeachta\u00ed Gaelacha na d\u00faiche seo, tr\u00e1th ar bith a raibh an t-eolas cu\u00ed agam chuige. Ar \u00e9irigh leis an gcol\u00fan seo dul i gcionn ar an bpobal le Gaeilge? F\u00e1gfaidh m\u00e9 freagra na ceiste sin f\u00faibhse, ach ar a laghad, d\u2019\u00e9irigh leis, an \u201cCupla Focal\u201d, a choinne\u00e1il os comhair an phobail, agus i mB\u00e9al an Phobail corruair, freisin. Nach orm a bh\u00edodh an br\u00f3d nuair a<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> chloisinn go raibh daoine <\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u00e1irithe ag baint taitnimh agus tairbhe as an gCol\u00fan seo, agus n\u00e1r bhre\u00e1 liom freisin, sc\u00e9ala a fh\u00e1il, anois is ar\u00eds, \u00f3 th\u00edortha i bhfad i gc\u00e9in, go raibh l\u00e9itheoir ansin ag f\u00e1il greim go rialta ar \u201cI mB\u00e9al an Phobail.\u201d<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">S\u00fail Siar<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Thug an Col\u00fan deis dom n\u00f3ta\u00ed d\u00edrbheathaisn\u00e9ise a chur in bhur l\u00e1thair go rialta freisin, sea, agus n\u00f3ta\u00ed, chomh maith, ar an gcine\u00e1l saoil a bh\u00ed sa treis, agus mise ag f\u00e1s an\u00edos in Iorras na nIonas, tarraingt ar cheithre sc\u00f3r bliain \u00f3 shoin. T\u00e1 m\u00e9 thar a bheith bu\u00edoch, i dtosach do na hEagarth\u00f3ir\u00ed \u00fad, a thug \u2018bheith istigh\u2019 dom, thar na blianta fada sin, agus ar an dara dul s\u00edos, daoibhse, a l\u00e9itheoir\u00ed d\u00edlse, as an gcol\u00fan a l\u00e9amh, anois is ar\u00eds, fi\u00fa! Mar t\u00e1\u2019s agam fh\u00e9in chomh deacair is at\u00e1 s\u00e9, d\u00edri\u00fa ar ch<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ol\u00fan d\u00e1 leith\u00e9id a l\u00e9amh, nuair at\u00e1 an teanga beagnach caillte agat, ach t\u00e1 m\u00e9 cinnte, gur chabhraigh an col\u00fan le roinnt mhaith daoine greim d\u00f3ide a choinne\u00e1il ar an dteanga ch\u00e9anna sin, a d\u2019fhoghlaim siad, le linn d\u00f3ibh bheith ina ngas\u00fair scoile fad\u00f3! Ach leor sin faoin \u00e1bhar sin, do thuras na huaire seo, mar anois, t\u00e1 s\u00e9 in am dom, l\u00e9argas eic\u00ednt a thabhairt daoibh, ar na pleananna at\u00e1 agam, le triochad\u00fa bliain an chol\u00fain seo a cheili\u00faradh.  <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Mar a mhaireamar \u00e9<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Bh\u00ed m\u00e9 ag ceapadh, n\u00e1rbh olc an tseift \u00ed, dul siar thar na p\u00edosa\u00ed uilig a scr\u00edobh m\u00e9 anseo, thar na blianta fada sin, agus b\u2019fh\u00e9idir, p\u00edosa anseo is ansi\u00fad a roghn\u00fa, agus athchl\u00f3 a chur air anseo, le blas a thabhairt daoibh ar imeachta\u00ed, agus ar eachtra\u00ed, na laethe \u00fad, agus nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa go bhfuil thart ar <\/span><span style=\"font-size:14pt\">mh\u00edle, c\u00faig ch\u00e9ad, de na hAist\u00ed c\u00e9anna sin curtha ar f\u00e1il agam sa chol\u00fan seo, san idirlinn. Sea, agus go bhfuil thart ar Mhilli\u00fan go leith focal! sna haist\u00ed c\u00e9anna sin, tuigfidh t\u00fa ansin nach mbeidh i gceist ach ceann a phiocadh, anseo is ansi\u00fad, n\u00f3 n\u00ed bheadh s\u00e9 ind\u00e9anta agam, chuile cheann acu a l\u00e9amh, d\u2019fhonn na cinn is fearr a athfhoilsi\u00fa. Ach, ag an am gc\u00e9anna, t\u00e1 m\u00e9 ag s\u00fail, go mbainfear taitneamh as na cinn a roghn\u00f3idh m\u00e9.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">N\u00e1 ceaptar anois, nach mbeidh ar si\u00fal agam i rith na bliana seo, ach sean-aist\u00ed<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> a roghn\u00fa, agus a chur i gcl\u00f3 dhaoibh, n\u00f3 n\u00ed bheadh sin r\u00f3-shuimi\u00fail, ach chomh maith leis na sean-aist\u00ed, beidh aist\u00ed tr\u00e1th\u00fala \u00e1 scr\u00edobh agam freisin, le blas comhaimseartha a choinne\u00e1il ar an gcol\u00fan. Mar sin, t\u00e1 m\u00e9 ag s\u00fail, go mbeidh col\u00fan suimi\u00fail, comhaimseartha, tr\u00e1th\u00fail, corraitheach, le l\u00e9amh agaibh anseo, chuile sheachtain, idir seo agus O\u00edche Chinn Bliana.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Gu\u00edm chuile bheannacht oraibh uilig i rith na tr\u00e9imhse sin, agus gura seacht fearr a bheas chuile dhuine againn, teacht na hO\u00edche ch\u00e9anna sin, in<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> eireaball na bliana seo.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">John Collins ar l\u00e1r<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Fear bre\u00e1 eile sciobtha uainn ag an mb\u00e1s, ar na mallaibh. Se\u00e1n uasal \u00d3 Coile\u00e1in, n\u00f3 <strong>John Collins<\/strong>, mar ab fhearr aithne air, an t\u00e9 \u00fad a chaith blianta fada mar mh\u00fainteoir i gCol\u00e1iste Chiar\u00e1in, anseo sa Chathair \u00c1lainn. Fear ba \u00e9, a raibh ardmheas air mar dhuine agus mar mh\u00fainteoir, agus fear a thuill an meas c\u00e9anna sin, n\u00f3 ba dhuine s\u00e9imh, uasal, mac\u00e1nta, d\u00e1ir\u00edreach, \u00e9. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ba mhaith liom an deis seo a th\u00f3g\u00e1il, le comhbhr\u00f3n a dh\u00e9anamh lena bhean, lena chlann, agus lena mhuintir; agus ba mhaith liom freisin, Soilse na bhFlaitheas, agus \u00e1it ag Bord an Tiarna, a ghu\u00ed ar She\u00e1n fh\u00e9in, anocht agus i dt\u00f3lamh.<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Triocha Bliain ag Scr\u00edobh Mar a mh\u00ednigh m\u00e9, cupla seachtain \u00f3 shin anois, seo an triochad\u00fa bliain agam i mbun an Chol\u00fain seo, Col\u00fan a thosaigh m\u00e9 i mbliain an Ph\u00e1pa fh\u00e9in, i 1979. N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, go mba mh\u00f3r an on\u00f3ir domsa \u00e9, go raibh Eagarth\u00f3ir\u00ed [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12593","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12593","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12593"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12593\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12594,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12593\/revisions\/12594"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12593"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12593"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12593"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}