{"id":12605,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12605"},"modified":"2024-04-08T01:12:26","modified_gmt":"2024-04-08T01:12:26","slug":"i-mbeal-an-phobail-is-buaine-gach-rud-na-an-duine","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-is-buaine-gach-rud-na-an-duine\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail  Is buaine gach rud na an duine."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">&#8230;Is buaine gach rud n\u00e1 an duine&#8230;<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">B\u2019in an seanfhocal a rith liom, an l\u00e1 cheana, agus m\u00e9<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> ag smaoineamh ar shaol agus ar shaothar Dh\u00f3naill Mhic Amhlaigh. Tharla go raibh m\u00e9 ag l\u00e9amh siar thar roinnt \u00e1irithe de na p\u00edosa\u00ed a scr\u00edobh m\u00e9 sa Chol\u00fan seo, thar na blianta, agus th\u00e1inig m\u00e9 ar ph\u00edosa a scr\u00edobh m\u00e9 anseo, in eireaball na bliana 1986, sin breis is ceithre bliana fichead anois. Thosaigh m\u00e9 ag smaoineamh ar Dh\u00f3nall, agus ar an gcl\u00fa, agus ar an gc\u00e1il, a bhain s\u00e9 amach d\u00f3 fh\u00e9in, ina l\u00e1, i litr\u00edocht na Gaeilge, lena leabhair iontacha, agus lena iriseoireacht chiallmhar, thuisceanach, g\u00e9arch\u00faiseac<\/span><span style=\"font-size:14pt\">h. An tr\u00e1th \u00e1irithe \u00fad, bh\u00ed a ainm i mb\u00e9al gach \u00e9inne, agus a fhios ag madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, go mba dheachair a sh\u00e1r\u00fa a fh\u00e1il i measc \u00fadair scili\u00fala na Gaeilge. Sea, agus f\u00e9ach ar ch\u00farsa\u00ed faoi mar at\u00e1 inniu. Nach annamh a chloisteaar a ainm luaite i l\u00fab chruinnithe Gaelacha? Sea, mh\u2019anam! Is buaine gach rud n\u00e1 an duine, adeir an seanfhocal. Ach, t\u00e1 seanfhocal eile ann adeir go maireann an chraobh ar an bhf\u00e1l, ach nach maireann an l\u00e1mh a chuir. Cheapf\u00e1 gurb \u00e9 an d\u00e1 mhar a ch\u00e9ile iad na seanfhocail sin, ach<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> n\u00ed mar a sh\u00edltear a bh\u00edtear, go minic, n\u00f3 sa dara ch\u00e1s, dearbha\u00edtear go maireann saothar an duine n\u00edos faide n\u00e1 an duine fh\u00e9in. Saothar Dh\u00f3naill Mhic Amhlaigh a mheall mo smaointe fan bh\u00f3thar sin na smaointe.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Seoladh \u201cDeoraithe\u201d<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ba \u00e9 an rud a tharla, n\u00f3 go raibh m\u00e9 ag l\u00e9amh p\u00edosa a scr\u00edobh m\u00e9, sa bhliain \u00fad 1986, faoi sheoladh leabhar le D\u00f3nall, ag Scoil Mherriman, a tion\u00f3ladh anseo sa Chathair \u00c1lainn, an bhliain \u00e1irithe \u00fad. Bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in ar an bhf\u00f3d an l\u00e1 sin, agus i l\u00e1thair ansin, bh\u00ed daoine ar n\u00f3s, Proinsias Mac Aonghusa, Se\u00e1n Mac R\u00e9amainn agus Leon \u00d3 Broin, agus d\u00e1r nd\u00f3igh bh\u00ed D\u00f3nall fh\u00e9in linn an l\u00e1 sin freisin. Ba \u00e9 an leabhar a bh\u00ed \u00e1 sheoladh n\u00e1 \u201cDeoraithe\u201d le D\u00f3nall Mac Amhlaigh. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Anseo th\u00edos beidh deis agat cuid d\u00e1r scr\u00edobh m\u00e9, faoin \u00f3c\u00e1id sin, a l\u00e9amh. Bhuel, seo chugat \u00e9&#8230;&#8230;&#8230;..<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt;margin-left:36pt\">Chomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa, n\u00edl scr\u00edbhneoir sa t\u00edr chomh sp\u00e9isi\u00fail, n\u00e1d\u00fartha, corraitheach, le D\u00f3nall na sc\u00e9alta Mac Amhlaigh. Bh\u00ed \u2018Schnitzer O Shea\u2019 cr\u00edoichnaithe agam. Sea, agus l\u00e9irmheas ar an \u00farsc\u00e9al sin scr\u00edofa, agus curtha chun bealaigh agam, cheana f\u00e9in. T\u00e1 an t-\u00fadar seo tagtha chun foirfeachta go m\u00f3r le scathamh anuas. Tuigeann s\u00e9 anois an difir at\u00e1 idir iriseoireacht agus scr\u00edbhneoireacht chrutha\u00edoch. N\u00ed haon ionadh, mar sin, gurbh fhada liom go mbeinn ag l\u00e9amh leabhar Dh\u00f3naill, le go ndi\u00fagfainn s\u00fa na beatha as, le go mbainfinn pl\u00e9isi\u00far as, mar tuigeadh dom go raibh a leith\u00e9id folaithe i dtobar doimhin na bhfocal ann. Luigh m\u00e9 isteach ar an obair, an o\u00edche sin. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt;margin-left:36pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Tr\u00ed Shn\u00e1ithe<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt;margin-left:36pt\">Cuireann an t-\u00fadar duine d\u00e1 phr\u00edomhcharachtair in aithne d\u00fainn sa ch\u00e9ad leathanach. Luaitear a ainm c\u00faig huaire sa leathanach tosaigh sin. Niall \u00d3 Conaill, iarshaidhdi\u00fair \u00f3n Rinn Mh\u00f3r, an ch\u00e9ad charachtar a chuirtear in aithne d\u00fainn. Tr\u00ed shn\u00e1ithe a \u00fas\u00e1ideann D\u00f3nall sa sc\u00e9al seo, le taip\u00e9is ildathach a sc\u00e9il a shn\u00edomh astu. Ceann de na sn\u00e1itheanna sin is ea Niall. Luafaidh m\u00e9 an p\u00e9ire eile, ar ball.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Is \u00e9 bun agus barr an tsaothair seo n\u00f3 an t-\u00fadar ar iarraidh sc\u00e9al a shnn\u00edomh as tubaiste eacnama\u00edoch na gcaogaid\u00ed. Cad a tha<\/span><span style=\"font-size:14pt\">rla don phobal thiar nuair a thit an t\u00f3in as an saol thiar? An Niall seo, a luaigh m\u00e9 thuas, n\u00ed ar an mb\u00e1d b\u00e1n a bh\u00ed a thriall, n\u00edorbh ea mh\u2019anam, ach ar Chathair Chainnigh cois Feoiree. \u00c1it a maol\u00f3fa\u00ed, de r\u00e9ir a ch\u00e9ile, ar a dh\u00edograis agus ar a mhisneach. Tharraing s\u00e9 ar Chill Chainnigh, mar bh\u00ed beartaithe aige fh\u00e9in agus ag a ph\u00e1irt\u00ed, Ciar\u00e1n Buitl\u00e9ar, dul i bp\u00e1irt le ch\u00e9ile, le gn\u00f3 beag a bhun\u00fa d\u00f3ibh fh\u00e9in. Tr\u00ed sc\u00e9al N\u00e9ill a lean\u00faint, t\u00e1 an t-\u00fadar \u00e1balta an d\u00e1 thr\u00e1 a fhreastal, tr\u00ed bhreathn\u00fa ar ch\u00farsa\u00ed an<\/span><span style=\"font-size:14pt\">seo in \u00c9irinn, agus ag an am gc\u00e9anna, ar ch\u00farsa\u00ed thall. <\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt;margin-left:36pt\">Nan\u00f3 Mh\u00e1ire Choilm<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Tarraing\u00edonn D\u00f3nall sn\u00e1ithe eile chuige, sa dara caibidil. Bean \u00f3g a thug an b\u00e1d b\u00e1n uirthi fh\u00e9in an l\u00e1 c\u00e9anna sin ba ea Nan\u00f3 N\u00ed Chath\u00e1in, n\u00f3 Nan\u00f3 Mh\u00e1ire Choilm, mar a thugta\u00ed uirthi thiar.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Bh\u00ed Nan\u00f3 m\u00f3r le M\u00e1irt\u00edn Bhid Antaine, agus \u00f3 tharla nach raibh M\u00e1irt\u00edn ag cur cuma ar bith p\u00f3sta air fh\u00e9in, bheartaigh Nan\u00f3 ge\u00e1bh a thabhairt ar an dt\u00edr thall, \u00f3 tharla go raibh s\u00ed sa bhealach ar a dearth\u00e1ir abhus. Fuair s\u00ed post mar bhanaltra neamhoilte, in Ospid\u00e9al Norwold. Is ioma\u00ed sin \u00f3igbhean d\u00e1 leith\u00e9id a thr\u00e9ig an Ghaeltacht, thart faoin am sin, agus b\u2019ioma\u00ed duine acu si\u00fad a chuaigh le banaltracht. Mar sin, is sn\u00e1ithe f\u00edrinneach, inchreidthe, at\u00e1 \u00e1 sn\u00edoimh anseo ag an \u00fadar. T\u00f3gann Nan\u00f3 lei anonn go S<\/span><span style=\"font-size:14pt\">asana, tr\u00e9ithe an tsaoil thiar, d\u00edlseacht d\u00e1 creideamh, d\u00e1 tir, agus d\u00e1 buachaill b\u00e1n fh\u00e9in, M\u00e1irt\u00edn Bhid Antaine. N\u00edorbh aon Romeo ar rotha\u00ed \u00e9 an M\u00e1irt\u00edn c\u00e9anna sin, mar gan dabht ar domhan, ba \u00e9 peata a Mhama\u00ed \u00e9.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Oibr\u00edonn an t-\u00fadar ar chruach\u00e1s seo Nan\u00f3. Ar ch\u00f3ir di fanacht d\u00edlis d\u00e1 M\u00e1irt\u00edn? N\u00f3 ar ch\u00f3ir di saol nua a mh\u00fanl\u00fa di fh\u00e9in thall? Is g\u00e9ar agus is f\u00edochmhar mar a throideann Nan\u00f3 chuile chath\u00fa a thagann ina treo, ach timpeall uirthi, bh\u00ed a l\u00e1n eile n\u00e1r throid chomh d\u00edograiseach c\u00e9anna, n\u00e1 chomh min<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ic c\u00e9anna, ach a ghlac le n\u00f3sanna an tsaoil thall, ach tr\u00edd is tr\u00edd, bheadh trua agat do Nan\u00f3 bhocht, cail\u00edn a bh\u00ed \u00e1 tarraingt idir dh\u00e1 chult\u00far. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Curadh Chonamara<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\"><span style=\"font-size:14pt\">I gCaibidil a Tr\u00ed, l\u00e9ir\u00edonn an t-\u00fadar an tr\u00ed\u00fa sn\u00e1ithe d\u00fainn. Treabhar Bheartla Bhill\u00ed at\u00e1 air, agus c\u00e9 go mba churadh Chonamara \u00e9 an Treabhar <\/span><span style=\"font-size:14pt\">c\u00e9anna sin, ar\u00eds, seo ag saothr\u00fa a choda ar shr\u00e1ideanna Londain \u00e9. An-chreidi\u00faint ag dul do Chl\u00f3chamoar Teoranta, a chuir cl\u00f3 so-l\u00e9ite, eala\u00edonta, ar an leabhar bre\u00e1 seo. \u00c1r mbu\u00edochas tuillte ag an gComhairle Eala\u00edon, as ucht an deontais a chuir siad ar f\u00e1il d\u00f3. Rud eile a sh\u00e1sa\u00edonn go m\u00f3r m\u00e9, n\u00f3 gurb \u00e9 seo an ch\u00e9ad gh\u00e1la de thriol\u00f3g at\u00e1 idir cham\u00e1in ag an \u00fadar ild\u00e1nach seo. Sladmhargadh ar \u00a34.00.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Iarscr\u00edbhinn&#8230;<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Faraoir! n\u00edor mhair D\u00f3nall leis an dTriol\u00f3g sin a chur ar f\u00e1il d\u00fainn, agus fi\u00fa d\u00e1 mairfeadh, n\u00ed d\u00f3igh liom go dtabharfadh s\u00e9 faoi\u2019n chuid eile den triol\u00f3g a chur ar f\u00e1il don saol Gaelach, n\u00f3 tuigeadh d\u00f3, go mba bheag meas a bh\u00ed ag saineolaithe na litr\u00edochta Gaeilge ar an gc\u00e9ad gh\u00e1la sin d\u00e1 shaothar, \u201cDeoraithe\u201d, a seoladh anseo sa Chathair \u00c1lainn, ag Merriman na bliana 1986.<\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad &#8230;Is buaine gach rud n\u00e1 an duine&#8230; B\u2019in an seanfhocal a rith liom, an l\u00e1 cheana, agus m\u00e9 ag smaoineamh ar shaol agus ar shaothar Dh\u00f3naill Mhic Amhlaigh. Tharla go raibh m\u00e9 ag l\u00e9amh siar thar roinnt \u00e1irithe de na p\u00edosa\u00ed a scr\u00edobh m\u00e9 sa Chol\u00fan seo, thar na [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12605","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12605","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12605"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12605\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12606,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12605\/revisions\/12606"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12605"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12605"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12605"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}