{"id":12607,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12607"},"modified":"2024-04-08T01:12:26","modified_gmt":"2024-04-08T01:12:26","slug":"i-mbeal-an-phobail-leigheas-an-ghalair","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-leigheas-an-ghalair\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail  Leigheas an Ghalair"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:24pt\">An R\u00f3d seo romhainn<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Leigheas  ar  Choiri\u00falacht<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Dh\u00edrigh m\u00e9, sa chol\u00fan seo, an tseachtain seo caite, ar dheighle\u00e1il le coiri\u00falacht, agus le m\u00ed-iompar, bhaill \u00e1irithe d\u00e1r bpobal. Sea, agus ar an \u00f3c\u00e1id sin, gheall m\u00e9 dhaoibh, go bhfillfinn ar an \u00e1bhar sin, go luath, le leigheas eic\u00ednt ar an nghalar crapallach sin a mholadh. Bhuel, seo chugaibh m\u00e9 ar\u00eds, an tseachtain seo, agus m\u00e9 ag iarraidh an gheall\u00faint sin a choimhl\u00edonadh. Caithfear a admh\u00e1il anois, nach bhfuil s\u00e9 \u00e9asca, n\u00f3 simpl\u00ed, a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, n\u00f3 d\u00e1 mbeadh luibh ag na h\u00fadar\u00e1is s\u2019againne, bheadh leigheas faighte acu, cheana f\u00e9in, ach n\u00ed haon leithsc\u00e9al \u00e9 sin ar fhallsacht, n\u00f3 ar leisce, sa ch\u00e1s seo. Ach nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa air, feicfidh t\u00fa nach bhfuil an dara rogha againn ach tabhairt faoi fhuascailt \u00e1r bhfaidhbe, n\u00f3 mura n-eir\u00edonn linn sin a dh\u00e9anamh, ar an d\u00e1 luathas, bheadh s\u00e9 chomh maith againn dul ag feada\u00edl, n\u00f3 n\u00ed bheidh ar chumas duine ar bith againn buaileadh amach ar \u00e1r mb\u00f3ithre, n\u00f3 ar \u00e1r sr\u00e1ideanna, feasta, n\u00f3 beidh deireadh le dl\u00ed is le reacht, agus n\u00ed bheidh ceart ag \u00e9inne, mura bhfuil an neart cu\u00ed aige, le sin a chur in \u00e1irithe d\u00f3.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">C\u00fal\u00fa ar Chlaonta<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ach c\u00e9ard is f\u00e9idir linn a dh\u00e9anamh, le cumhacht na ndronganna coirpeach, idir \u00f3g agus f\u00e1sta, at\u00e1 ag iarraidh smacht a fh\u00e1il ar \u00e1r bpobal, a shrian\u00fa. Mar th\u00fas, caithfear dearcadh an phobail s\u2019againne a athr\u00fa \u00f3 bhonn, agus chuige sin, caithfidh chuile dhream den bpobal a chion fh\u00e9in a dh\u00e9anamh, le saol \u00e1r linne a dh\u00e9anamh n\u00edos sibhialta, agus n\u00edos sl\u00e1ine. Agus an babhta seo, n\u00ed haon mhaith bheith ag iarraidh an t-ualach uilig a fh\u00e1g\u00e1il ar an lucht l\u00e9inn, tr\u00edna r\u00e1, gur ch\u00f3ir d\u00fainn c\u00farsa\u00ed nua a chur \u00e1 m\u00faineadh sna scoileanna, agus d\u00e1 nd\u00e9anfa\u00ed a leith\u00e9id, ansin ar ball, go nd\u00e9anfadh sin an pobal s\u2019againne a shl\u00e1n\u00fa. Faraoir! t\u00e1 a fhios againn go maith, nach bhfuil ansin ach briongl\u00f3id\u00ed breall\u00e1nta. An turas seo, caithfidh muid tos\u00fa leis na daoine f\u00e1sta, na daoine a bhfuil tuiscint acu ar an saol. Sea, caithfidh col\u00fana ciallmhara an phobail iarracht a dh\u00e9anamh ar an\u00e1il na beatha a sh\u00e9ideadh i bhf\u00eds seo \u00e1r sl\u00e1naithe. N\u00ed f\u00e9idir linn cead a thabhairt do dhream ar bith fanacht ar an dtaobh amuigh, an turas seo. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Deireadh an Chluiche<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Beifear ag brath ar lucht na D\u00e1la, agus ar an lucht Dl\u00ed, ar \u00e1r bhf\u00f3rsa\u00ed Sl\u00e1nd\u00e1la, agus ar \u00e1r lucht sp\u00f3irt, ar mh\u00fainteoir\u00ed, ar shiopad\u00f3ir\u00ed, agus ar an gcosmhuintir fr\u00ed ch\u00e9ile, mar caithfidh siad uilig chuile iarracht a dh\u00e9anamh ar a chur ina lu\u00ed ar \u00e1r gcoirpigh, go bhfuil deireadh lena gcluiche feasta. C\u00e9ard t\u00e1 i gceist agam, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">M\u00e1 chruthu\u00edtear i gc\u00fairt, gur bhris saoranach eic\u00ednt an dl\u00ed, bhuel, caithfear glacadh leis, gur dhein s\u00e9 a chontr\u00e1il, agus go gcaithfeadh s\u00e9 \u00edoc as. Sin an cine\u00e1l ruda at\u00e1 i gceist agam, nuair adeirim, go gcaithfidh an socha\u00ed s\u2019againne a ndearcadh, agus a n-iompar, a athr\u00fa \u00f3 bhonn, leis an ngalar crapallach seo at\u00e1 \u00e1 gc\u00e9asadh, a chur ar gc\u00fal.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Ach c\u00e9ard a tharl\u00f3dh d\u00e1\u2026.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ach, c\u00e9ard a tharl\u00f3dh, d\u00e1 mbeadh daoine ann, a d\u00e9arfadh linn dul ag feada\u00edl, agus nach raibh f\u00fathusan polasa\u00ed \u201cgoodie two shoes\u201d d\u00e1 leith\u00e9id a lean\u00faint. Raghaid\u00eds a mbealach fh\u00e9in, beag beann ar dhearcadh dhaoine eile, d\u00edreach faoi mar at\u00e1 \u00e1 dh\u00e9anamh acu, i l\u00e1thair na huaire seo.  Bhuel! nach bhfuil ualach asail de dhlithe againn, le m\u00faineadh a chur ar a leith\u00e9id\u00ed. Sea! ach i ndiaidh d\u00fainn \u00fas\u00e1id a bhaint as na dlithe sin, le fios a  mb\u00e9as a mh\u00faineadh d\u00f3ibh, m\u00e1 tharla\u00edonn, go bhfuil siad me\u00e1ite f\u00f3s ar neamhaird a thabhairt ar leas an phobail, c\u00e9ard is f\u00e9idir linn a dh\u00e9anamh ansin? Tabhair seans eile d\u00f3ibh, agus mura n-athra\u00edonn siad a n-iompar ansin, ba ch\u00f3ir don St\u00e1t iad a chur isteach in Institi\u00fad Speisialta Cheart\u00fach\u00e1in, gan a thuilleadh moille. Faoi mar adeirtear thall, \u201cTwo Strikes and You\u2019re Out!\u201d <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"> Agus an ligf\u00ed amach an an Institi\u00fad Speisialta sin ar\u00eds iad? Ligf\u00ed, d\u00e1 n-\u00e9ireodh leo a chruth\u00fa, go raibh a gceacht foghlamtha acu, agus nach raibh f\u00fathu feasta, feidhmi\u00fa i gcoinne leas an phobail. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Due Process, an ea?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Anois, is f\u00e9idir leat a bheith cinnte, go mbeadh daoine ann, a bheadh glan in aghaidh polasa\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id. C\u00e9ard faoina gcearta daonna, agus c\u00e9ard faoi \u201cDue Process\u201d agus chuile sh\u00f3rt d\u00e1 leith\u00e9id, ad\u00e9arfadh siad, b\u2019fh\u00e9idir? Sea, ach c\u00e9ard faoi chearta daonna na ndaoine ar dhein siad dochar d\u00f3ibh? agus c\u00e9ard faoi leas an phobail i gcoitinne? Mura bhfuil St\u00e1t in ann cearta a shaor\u00e1nach a chosaint, agus leas an phobail, fr\u00ed ch\u00e9ile, a chur chun cinn, bhuel! t\u00e1 teipthe air mar St\u00e1t, agus t\u00e1 an \u201cConradh S\u00f3isialta\u201d briste acu.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ach, faoi mar a d\u00fairt m\u00e9 thuas, caithfidh baill uilig an St\u00e1it teacht taobh thiar den pholasa\u00ed seo, m\u00e1 theasta\u00edonn uathu an l\u00e1mh in uachtar a fh\u00e1il ar na dronganna coirpeach at\u00e1 teacht i dt\u00edr ar shaothar, agus ar dh\u00fashaothar, dhaoine eile. Mar, cos\u00fail lena l\u00e1n bu\u00edonta eile, n\u00ed fh\u00e9adfaid\u00eds teacht i dt\u00edr, in aon chor, mura mbeadh tr\u00e9ad ansin lena \u201cdue process\u201d, le chuile bhunt\u00e1iste a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh lena gcoirpeacht a chleachtadh, faoi mar ba Ghairmeacha Uaisle iad, an rob\u00e1il, an mar\u00fa, an t-\u00e9igni\u00fa, agus an bualadh. D\u00e9arfainn go bhfuil s\u00e9 thar am ag an St\u00e1t s\u2019againne seasamh le leas an phobail, feasta. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>An R\u00f3d seo romhainn . Leigheas ar Choiri\u00falacht Dh\u00edrigh m\u00e9, sa chol\u00fan seo, an tseachtain seo caite, ar dheighle\u00e1il le coiri\u00falacht, agus le m\u00ed-iompar, bhaill \u00e1irithe d\u00e1r bpobal. Sea, agus ar an \u00f3c\u00e1id sin, gheall m\u00e9 dhaoibh, go bhfillfinn ar an \u00e1bhar sin, go luath, le leigheas eic\u00ednt ar an nghalar crapallach sin a mholadh. [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12607","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12607","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12607"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12607\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12608,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12607\/revisions\/12608"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12607"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12607"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12607"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}