{"id":12617,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12617"},"modified":"2024-04-08T01:26:26","modified_gmt":"2024-04-08T01:26:26","slug":"i-mbeal-an-phobail-gerry-ryan","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-gerry-ryan\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail &#8230;&#8230;&#8230;Gerry Ryan."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Faraoir! T\u00e1 an \u2018Ryan Line\u2019 d\u00fanta <\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">D\u00e1 nd\u00e9arfadh duine ar bith liom, le tamall de bhlianta anuas, go mbeinn ag scr\u00edobh dr\u00e9acht molta anseo i mB\u00e9al an Phobail, inniu, faoi Gerry Ryan, n\u00ed chreidfinn \u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, n\u00ed chreidfinn \u00e9, toisc go mba fhear \u00f3g scaf\u00e1nta \u00e9 Gerry, agus chuile chos\u00falacht air go mairfeadh s\u00e9 i bhfad n\u00edos faide n\u00e1 mar a mhairfinnse, agus sa tsl\u00ed sin, n\u00ed bheadh deis ar bith agam m\u00e9ar\u00f3g mar seo a leagan ar a charn.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Agus sa dara h\u00e1it, n\u00ed \u00e1ireoinn Gerry i measc na gcairde \u00fad a spreagfadh m\u00e9 le dr\u00e9acht molta a scr\u00edobh f\u00fathu!<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u2018Tuige sin, an ea?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Bhail! Ba chraolt\u00f3ir \u00e9 an Rianach, a chuireadh le b\u00e1in\u00ed m\u00e9, go rialta, lena dhearcadh ar ch\u00farsa\u00ed n\u00e1isi\u00fanta, ar ch\u00farsa\u00ed creidimh, agus ar ch\u00farsa\u00ed polait\u00edochta, fi\u00fa. B\u2019fhear \u00e9, cheapf\u00e1, n\u00e1r chaith m\u00f3r\u00e1n ama ag gaibhni\u00fa a smaointe, n\u00f3 ag snas\u00fa a thuairim\u00ed, n\u00f3 ba dhuine \u00e9, a scaoilfeadh lena racht, agus a ligfeadh srian lena theanga, tr\u00e1th a cheapfainnse gur ch\u00f3ir d\u00f3 bheith i bhfad n\u00edos c\u00farama\u00ed, n\u00edos leochaill\u00ed, agus n\u00edos srianta, ina r\u00e1ite. D\u00e1 nd\u00e9arfadh an craolt\u00f3ir go raibh an t-am tagtha le h\u00e9ir\u00ed amach i gc<\/span><span style=\"font-size:14pt\">oinne an ch\u00f3ras rialaithe a bh\u00ed againn, i l\u00e1thair na huaire seo, n\u00ed fh\u00e9adfainnse teacht leis sa dearcadh sin, n\u00f3 d\u00e1r liomsa, ba <\/span><span style=\"font-size:14pt\">shaghdadh chun \u00e9ir\u00ed amach \u00e9 sin, rud n\u00e1r ch\u00f3ir a dh\u00e9anamh, agus rud freisin, a bheadh i gcoinne leas an  phobail. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Athsmaoineamh<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach, nuair a dh\u00e9anf\u00e1 athsmaoineamh ar a nd\u00fairt s\u00e9, thuigfe\u00e1 n\u00e1r shaghdadh a bh\u00ed i gceist aige, ach \u00e9 ar buile le bot\u00fain lucht rialaithe. Am eile, dh\u00e9anfadh s\u00e9 tagairt do \u2018Catholic mumbo jumbo\u2019 agus ar\u00eds, chuirfeadh caint d\u00e1 leith\u00e9id fonn fola ormsa, toisc go gceapfainnse n\u00e1r ch\u00f3ir a leith\u00e9id de mhasla a thabhairt d\u2019eagra\u00edocht ar bith, n\u00f3 d\u2019eaglais ar bith, ach nuair a dh\u00e9anf\u00e1 do mharana ar an sc\u00e9al, thuigfe\u00e1 gurbh \u00e9 a bh\u00ed a dh\u00e9anamh ag an gcraolt\u00f3ir n\u00f3 \u00e9 a bheith ag ionsa\u00ed eaglaiseach \u00e9igin, a bh\u00ed ag iarra<\/span><span style=\"font-size:14pt\">idh dallamull\u00f3g a chur ar a lucht \u00e9isteachta.  Ach ag an am, n\u00ed dh\u00e9anfainnse an t-athsmaoineamh sin, agus d\u00e1 bharr sin, n\u00ed m\u00f3 n\u00e1 s\u00e1sta a bh\u00ednn le Gerry bocht, corruair. Agus nach \u00e9 an rud a tharlal\u00edonn n\u00f3 gurb iad na ruda\u00ed a chuireann le b\u00e1in\u00ed th\u00fa a fhanann leat, agus a dhatha\u00edonn do dhearcadh ar dhuine, n\u00f3 ar rud. B\u2019in mar a bh\u00ed agamsa.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Drochsc\u00e9al<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach, ansin, chuala m\u00e9 an drochsc\u00e9al.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Cailleadh Gerry Ryan ar\u00e9ir, ad\u00faradh linn, agus th\u00e1ngthas ar a chorp ina aras\u00e1n, i l\u00e1<\/span><span style=\"font-size:14pt\">r an lae ghil, agus ba \u00ed a leann\u00e1n an ch\u00e9ad duine a th\u00e1inig ar an gcorp sin. T\u00e1\u2019s ag an saol go raibh an craolt\u00f3ir scartha lena ch\u00e9ile le cupla bliain anuas, ach m\u00e1 bh\u00ed fh\u00e9in, bh\u00ed an bheirt acu cairdi\u00fail, carthannach, lena ch\u00e9ile, agus iad ag comhoibri\u00fa lena ch\u00e9ile freisin i dt\u00f3g\u00e1il clainne.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur bhain a bh\u00e1s stangadh asam. Sea, faigheann daoine b\u00e1s. N\u00ed mhaireann \u00e9inne go deo, ach mar sin fh\u00e9in, cuireann tarl\u00faint d\u00e1 leith\u00e9id, go h\u00e1irithe nuair  is duine \u00f3g scaf\u00e1nta at\u00e1 i gceist, a bh\u00e1<\/span><span style=\"font-size:14pt\">smhaireacht fh\u00e9in i dtuiscint do dhuine, agus tugann s\u00e9 deis d\u00f3 freisin, athsmaoineamh a dh\u00e9anamh, agus b\u2019fh\u00e9idir athbhreithni\u00fa a dh\u00e9anamh ar charachtar, agus ar iompar, an t\u00e9 at\u00e1 imithe ar Shl\u00ed na F\u00edrinne. B\u2019in mar a tharla sa ch\u00e1s seo freisin. Rinne m\u00e9 athsmaoineamh, athsmaoineamh a chuir d\u2019fhiacha orm athbhreithni\u00fa a dh\u00e9anamh freisin. Tar \u00e9is dom \u00e9isteacht le daoine, a raibh aithne acu air, \u00e1 mholadh, agus \u00e1 mh\u00f3radh, as a dh\u00e1ir\u00edreacht, as a chomharsan\u00falacht, agus as a chomhbh\u00e1, tuigeadh dom ansin, go mba<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> dhuine \u00e9 a mhothaigh cruach\u00e1s a chomharsan, agus a lig a racht orthu si\u00fad, a rinne \u00e9ag\u00f3ir ar an gcosmhuintir. Nach minic a chuala muid \u00e9 ag sciolladh ar bhligeaird eic\u00ednt, a rinne leatrom orthu si\u00fad nach raibh ar a gcumas iad fh\u00e9in a chosaint, n\u00f3 ag feannadh orthu si\u00fad a bhris isteach i dtithe na sean, len iad a rob\u00e1il is a bhatr\u00e1il. N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur chuir eachtra\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id masmas agus d\u00e9istean air, agus chuir s\u00e9 an masmas agus an d\u00e9istean sin, in i\u00fal d\u00e1 \u00e9isteoir\u00ed.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Fuascailt faidhbe<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, bheadh Gerry s\u00e1sta roinnt mhaith ama a chaitheamh, ag pl\u00e9 le duine a raibh fadhb eic\u00ednt ag d\u00f3 na geirbe aige, ag an am. Thugadh s\u00e9 comhairle don duine sin, as a stuaim fh\u00e9in, d\u00e1 dtuigf\u00ed d\u00f3, go raibh s\u00e9 c\u00e1ilithe chuige, ach d\u00e1 gceapfadh s\u00e9 go raibh an fhadhb sin thar a chumas <\/span><span style=\"font-size:14pt\">fh\u00e9in, raghadh s\u00e9 ar th\u00f3ir chomhairle \u00f3 \u00fadar eic\u00ednt eile, agus dh\u00e9anfadh s\u00e9 chuile dh\u00edcheall le fuascailt na faidhbe a chur ar f\u00e1il don t\u00e9 sin a bh\u00ed ina gh\u00e1tar.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ba \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna \u00e9 i gc\u00e1s daoine, a raibh c\u00farsa\u00ed airgid, n\u00f3 c\u00farsa\u00ed dl\u00ed, n\u00f3 c\u00farsa\u00ed p\u00f3sta, ag cur as d\u00f3ibh. Bheadh an Rianach s\u00e1sta chuile iarracht a dh\u00e9anamh le cabhair agus c\u00fanamh a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh, fi\u00fa d\u00e1 mbeadh air dul i dteangmh\u00e1il le polaiteoir\u00ed, le dl\u00edod\u00f3ir\u00ed, n\u00f3 le daoine gairmi\u00fala eile, leis an gc\u00fanamh sin a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Craolt\u00f3ir gan s\u00e1r\u00fa!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Sea, n\u00edl dabht ar domhan, ach go moth\u00f3far uainn \u00e9 sna laethe at\u00e1 romhainn amach, ach n\u00e1r ch\u00f3ir \u00e1r gcomhbhr\u00f3n a chur in i\u00fal d\u00e1 chlann is d\u00e1 bhean, n\u00f3 n\u00e1r mhinic a chuir Gerry chuile dhuine acu sin  in aithne d\u00e1 lucht \u00e9isteachta. Ghlac s\u00e9 leis an \u00e9isteoir mar dhuine d\u00e1 chlann, agus d\u2019inis d\u00f3 faoi ch\u00farsa\u00ed baile, agus faoi ch\u00farsa\u00ed clainne. Nach raibh aithne ag chuile dhuine sa t\u00edr ar Mrs Ryan, agus ar chuile dhuine den \u00e1l? le cr\u00edoch a chur leis an bp\u00edosa seo, nach f\u00e9idir linn a dhearbh\u00fa, nach cos\u00fail go mbeidh <\/span><span style=\"font-size:14pt\">a leith\u00e9id ar\u00eds ann. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">S\u00f3l\u00e1s na bhFlaitheas, agus solas na soilse, d\u00e1 anam comharsan\u00fail, anois agus i dt\u00f3lamh.<\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Faraoir! T\u00e1 an \u2018Ryan Line\u2019 d\u00fanta D\u00e1 nd\u00e9arfadh duine ar bith liom, le tamall de bhlianta anuas, go mbeinn ag scr\u00edobh dr\u00e9acht molta anseo i mB\u00e9al an Phobail, inniu, faoi Gerry Ryan, n\u00ed chreidfinn \u00e9. Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, n\u00ed chreidfinn \u00e9, toisc go mba fhear \u00f3g scaf\u00e1nta [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12617","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12617","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12617"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12617\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12618,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12617\/revisions\/12618"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12617"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12617"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12617"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}