{"id":12685,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12685"},"modified":"2024-04-08T01:17:08","modified_gmt":"2024-04-08T01:17:08","slug":"i-mbeal-an-phobail-new-year-resolutions-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-new-year-resolutions-2\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail New Year Resolutions (2)"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">New Year Resolutions&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">T\u00e1 an tr\u00e1th sin bliana an doras isteach chugainn ar\u00eds! Gearr\u00f3<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ga Dubha an Gheimhridh curtha d\u00ednn againn, agus muid ag druidim linn go r\u00e9idh, c\u00faramach, i dtreo na F\u00e9ile Br\u00edde. Fad ag teacht sna laethe, agus tugann chuile dhuine againn faoi deara an fad choisc\u00e9im choiligh sin tagtha sna laethanta, cheana f\u00e9in; lusa an chromcinn, lena gcorn ardaithe, ag adhaint d\u00f3chais i gcro\u00ed an d\u00falra, anam ag t\u00edocht i gceol na spideoige is an loin. Sea, seo an t-am le r\u00fain athbhliana a dh\u00e9anamh.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Seolta \u00e1 ard\u00fa<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Seo an t-am le seolta a ard\u00fa ar\u00eds, le d\u00fashl\u00e1n na mara m\u00f3ire moingscaoilte a thabhairt. Seo an tr\u00e1th den bhliain le soithigh \u00e1r mbeatha a thabhairt i dt\u00edr, len iad a ghlanadh, is a sci\u00faradh, agus d\u00edon a chur orthu in aghaidh doineann na d\u00faluachra. Gan dabht ar domhan, seo an t-am le cla\u00edocha bearnaiathe na beatha a dheisi\u00fa, agus le gortghlanadh \u00e9ifeachtach a dh\u00e9anamah ar fhiaile shantach, bharrphl\u00fachtach \u00e1r laethe. Seo an tr\u00e1th den bhliain, nuair a dh\u00edr\u00edm fh\u00e9in ar alt a scr\u00edobh faoain \u00e1bhar thuasluaite.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ba bhliain faoi leith \u00ed an bhliain seo caite, an bhliain \u00fad 2009, n\u00f3 tharla go raibh a thriochad\u00fa bliain \u00e1 cheili\u00faradh ag an gcol\u00fain\u00edn bocht s\u2019againne, agus le bliain anuas, bh\u00ed de n\u00f3s agam, ge\u00e1bh a thabhairt siar thar na haltanna uilig a scr\u00edobh <\/span><span style=\"font-size:14pt\">m\u00e9 le triocha bliain anuas, agus an corrcheann acu sin a roghn\u00fa, le cur os bhur gcomhair ar\u00eds. Bhuel, anois, \u00f3 tharla go bhfuil an col\u00fan seo ag seoladh isteach san aon\u00fa bliain triochad, t\u00e1 socraithe agam lean\u00faint den n\u00f3s c\u00e9anna sin, agus an corrph\u00edosa, anseo is ansi\u00fad, a roghn\u00fa le hathchl\u00f3 a chur air. Tuigtear dom nach r\u00f3-olc an tseift \u00ed sin, do chol\u00fan cos\u00fail le&#8230;I mB\u00e9al an Phobail&#8230;<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Triocha bliain i mbun pinn<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Nach fada an t-achar \u00e9 triocha bliain? Sea, agus i rith na mblianta fada sin uilig, bh\u00ed alt r\u00e9idh agam le cur i gcl\u00f3 sa ph\u00e1ip\u00e9ar seo, sa Kilkenny People s\u2019againne, chuile sheachtain. Nach  ioma\u00ed focal a ghaibhnigh m\u00e9 ar inneoin na haigne i rith an achair sin? Is d\u00f3cha gur chuir m\u00e9 thart ar mhilli\u00fan go leith focal ar ph\u00e1r don nuacht\u00e1n seo i rith an ama sin. Ba ch\u00f3ir dom mo bhu\u00edochas a ghabh\u00e1il le heagarth\u00f3ir\u00ed an ph\u00e1ip\u00e9ir seo, i rith an ama sin, daoine a bh\u00ed s\u00e1sta glacadh, gan cheist, gan triobl\u00f3id, lem shao<\/span><span style=\"font-size:14pt\">thar. Caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, go raibh cupla babhta, san idirlinn, nuair a cheap m\u00e9 go gcuirf\u00ed deireadh leis an gcol\u00fan seo, ach ar ch\u00fais amh\u00e1in, n\u00f3 ar ch\u00fais eile, th\u00e1inig s\u00e9 sl\u00e1n, agus t\u00e1 s\u00e9 le l\u00e9amh, beo, beatha\u00edoch, ar leathanaigh an nuacht\u00e1in ch\u00e1ili\u00fail seo f\u00f3s. Agus chomh maith leis na heagarth\u00f3ir\u00ed sin, n\u00edor ch\u00f3ir dom dearmad a dh\u00e9anamh ar mo l\u00e9itheoir\u00ed d\u00edlse, ach oiread, n\u00f3 fanann siadsan d\u00edlis dom, \u00f3 sheachtain go seachtain, agus \u00f3 bhliain go bliain, cuid acu i ngar don bhaile anseo, agus cuid acu freisin i<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> bhfad i gc\u00e9in. Gu\u00edm rath D\u00e9, agus cosaint na Maighdine, ar chuile dhuine acu, agus gura seacht fearr a bheas siad bliain \u00f3 inniu. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach le filleadh ar an \u00e1bhar ar ar tharraing m\u00e9 an sc\u00e9al, an tseachtain seo, s\u00e9 sin, ceist na R\u00fain Athbhliana. Tuigfidh t\u00fa fh\u00e9in, go bhfuil s\u00e9 beagnach tar am agamsa \u00e9ir\u00ed as an n\u00f3s seo anois, n\u00f3 mura bhfuil mo leas d\u00e9anta agam faoin am seo, t\u00e1 s\u00e9 ag \u00e9ir\u00ed d\u00e9anach do na r\u00fain athbhliana, ach, mar sin fh\u00e9in, faoi mar adeir lucht an Bh\u00e9arla, \u201cHope springs eternal in the human breast.<\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u201d Sea, is deacair tine an d\u00f3chais a mh\u00fachadh i gcro\u00ed an daonna\u00ed, agus mar sin, seo chugaibh m\u00e9 ar\u00eds le mo chupla r\u00fan&#8230;.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Geallaim dhaoibh!<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, geallaim dhaoibh, go bhfuil f\u00fam col\u00fan suimi\u00fail, spreag\u00fail, tairbheach, a chur ar f\u00e1il dom l\u00e9itheoir\u00ed, chuile sheachtain, agus a bhu\u00edochas sin freisin don Eagarth\u00f3ir, nach nd\u00e9anann dearmad ar \u201cI mB\u00e9al an Phobail\u201d a chur i gcl\u00f3, chuile sheachtain.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ar an dara dul s\u00edos, t\u00e1 m\u00e9 me\u00e1<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ite ar mhisneach a mh\u00fascailt sa chro\u00ed istigh ionnam, i rith na bliana \u00faire seo, agus glacadh leis, go dtiocfaidh an t\u00edr s\u2019againne i dt\u00edr, agus go mb\u00e9arfaidh s\u00ed bua ar na deacrachta\u00ed iomad\u00fala, at\u00e1 ag bagairt go g\u00e9ar orainn, na laethe seo. Agus go mba l\u00e1idre, agus go mba dh\u00edlse an pobal seo, tar \u00e9is d\u00f3 an C\u00fal\u00fa Eacnama\u00edochta a sh\u00e1r\u00fa.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Mar bhuille scoir, t\u00e1 socraithe agam freisin, s\u00fail an tseabhaic a choinne\u00e1il ar an saol thart orm, sea, agus ar dhaoine freisin, go h\u00e1irithe orthu si\u00fad a bhfuil greim acu ar roth <\/span><span style=\"font-size:14pt\">sti\u00fartha na cumhachta, le bheith cinnte de, go bhfuil siad ag saothr\u00fa na cumhachta c\u00e9anna sin ar mhaithe le leas an phobail, n\u00f3 t\u00e1 s\u00fail agam, go <\/span><span style=\"font-size:14pt\">mbeidh chuile dhuine againn san airdeall feasta, le f\u00e9achaint chuige, nach n-\u00fas\u00e1idfear cumhacht, faoi mar a \u00fas\u00e1ideann  an cat a chr\u00f3n\u00e1n! Agus chomh maith le sin, t\u00e1 f\u00fam tabhairt faoi \u00e1bhar ar bith a bheidh i mb\u00e9al an phobail ag an am, Cuma faoi cheart na polait\u00edochta, n\u00f3 c\u00fais ar bith eile, ach oiread!  An bhfuil r\u00fain athbhliana d\u00e9anta agat fh\u00e9in? B\u2019fh\u00e9idir n\u00e1rbh ol<\/span><span style=\"font-size:14pt\">c an smaoineamh \u00e9 cupla ceann acu a dh\u00e9anamh! <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Athbhliain faoi mhaise dhaoibh uilig!      <\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad New Year Resolutions&#8230;. T\u00e1 an tr\u00e1th sin bliana an doras isteach chugainn ar\u00eds! Gearr\u00f3ga Dubha an Gheimhridh curtha d\u00ednn againn, agus muid ag druidim linn go r\u00e9idh, c\u00faramach, i dtreo na F\u00e9ile Br\u00edde. Fad ag teacht sna laethe, agus tugann chuile dhuine againn faoi deara an fad choisc\u00e9im choiligh [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12685","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12685","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12685"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12685\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12686,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12685\/revisions\/12686"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12685"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12685"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12685"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}