{"id":12701,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12701"},"modified":"2024-04-08T01:25:43","modified_gmt":"2024-04-08T01:25:43","slug":"i-mbeal-an-phobail-saiceadach-agus-luaithreach","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-saiceadach-agus-luaithreach\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail Saiceadach agus Luaithreach"},"content":{"rendered":"<h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:22pt\">Saic\u00e9adach agus Luaithreach<\/span><\/h1><h2 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:12pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/h2><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Pion\u00f3s agus Aithr\u00ed<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Nach minic a l\u00e9itear sa tSean Tiomna faoi\u2019n n\u00f3s a bh\u00ed acu sna laethe \u00fad saic\u00e9adach agus luaithreach a \u00fas\u00e1id mar chomhartha aithr\u00ed. Chaithid\u00eds saic\u00e9adach, agus shu\u00edd\u00eds i luaithreach, le teasp\u00e1int don tsaol m\u00f3r, go raibh pion\u00f3s \u00e1 dh\u00e9anamh acu ina bpeaca\u00ed. Gan dabht, don t\u00e9 a raibh cleachtadh aige ar \u00e9adach bre\u00e1, bog, uasaicmeach, ba mh\u00f3r an gaisce spiorad\u00e1lta d\u00f3san \u00e9, an saic\u00e9adach garbh, gr\u00e1nna, m\u00edchomp\u00f3rdach, a chaitheamh lena chraiceann, agus nuair a chuireann t\u00fa le sin, go gcaithfeadh s\u00e9 a sheal ina shu\u00ed ar luaithreach shalach<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> agus \u00e9<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> c\u00e9asta, cr\u00e1ite, in ionad bheith suite ar a sh\u00e1imh\u00edn s\u00f3 ar tholg bog taitneamhach, faigheann muid l\u00e9argas eic\u00ednt ar an bpion\u00f3s a bh\u00ed \u00e1 dh\u00e9anamh aige, mar chomhartha aithr\u00ed ina pheaca\u00ed. Nach cuimhin le beagnach chuile dhuine againn l\u00e9amh faoi ghaisce \u00fad R\u00ed Nineveh, nuair a thug an F\u00e1idh Jonah cuairt ar an gcathair ollmh\u00f3r \u00e1rsa sin, agus nuair a thairngir s\u00e9 go scriosfa\u00ed Nineveh i gcionn daichead l\u00e1. Thug an R\u00ed cluas d\u00e1 thairngreacht, agus rinne rud air. Chuir s\u00e9 uaidh a r\u00f3ba\u00ed r\u00edoga agus shuigh s\u00e9 s\u00edos ar luaithreach, i saic\u00e9adach an aithr\u00edgh, agus n\u00edorbh \u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach chuir s\u00e9 iachall ar a mhuintir uilig an cleas c\u00e9anna a dh\u00e9anamh, agus d\u2019fh\u00f3gair troscadh do dhaoine agus do bheith\u00edgh, ar mhaithe le fearg D\u00e9 a mhaol\u00fa. Sh\u00e1saigh pion\u00f3s sin an R\u00ed \u00fad Dia, <\/span><span style=\"font-size:14pt\">agus n\u00edor agair Dia d\u00edoltas air fh\u00e9in, n\u00f3 ar a mhuintir. Agus \u00f3 tharla ag tochrais ar an gceirtl\u00edn seo muid, is d\u00f3cha gur ch\u00f3ir a lua, nach iad na gn\u00e1thdhaoine a dh\u00e9anadh an beart seo, de ghn\u00e1th, n\u00f3 nach mb\u00edodh an saol s\u00e1ch-dian orthusan, cheana f\u00e9in? n\u00edorbh iad a chaitheadh an saic\u00e9adach, n\u00f3 a shu\u00edodh ar an gcarn luaithrigh, ach oiread, n\u00edorbh iad muis! n\u00f3 b\u2019iad na r\u00edthe agus na boic mh\u00f3ra a theasp\u00e1infeadh go raibh aithr\u00ed \u00e1 dh\u00e9anamh acu tr\u00edna comhartha\u00ed sin, mar n\u00e1rbh iad ba mh\u00f3 a dh\u00e9anadh an \u00e9ag\u00f3ir, agus an slad, ar bhocht\u00e1in agus ar oibrithe, agus b\u2019iad freisin ba mh\u00f3 a dh\u00e9anadh Aitheanta an Tiarna a bhriseadh, agus sa tsl\u00ed sin, a tharraing\u00edodh fearg an Tiarna anuas ar an bpobal fr\u00ed ch\u00e9ile. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">B\u2019in iad na seanlaethe<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach b\u2019in iad na seanlaethe, b\u2019in iad na laethe, nuair a chreid daoine, go raibh Dia M\u00f3r na Gl\u00f3ire sna Flaithis thuas, a raibh s\u00fail gh\u00e9ar \u00e1 choinne\u00e1il aige ar ch\u00farsa\u00ed daonna, agus a d\u2019fh\u00e9adfadh d\u00edoltas a agairt ar phobal, mura nd\u00e9anfaid\u00eds si\u00fad a orduithe agus a aitheanta a choimhl\u00edonadh. Nach \u00e9asca a shleamhna\u00edonn Sodom agus Gomorrah chugainn mar shampla\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach n\u00ed chuige  sin at\u00e1 m\u00e9 an babhta seo, n\u00f3 ba \u00e9 a chuir ag tochrais ar an gceirtl\u00edn seo m\u00e9, n\u00f3 an chaoi a bhfuiltear ag iarraidh pion\u00f3s oiri\u00fanach a ghearradh ar an Eaglais Chaitliceach abhus, le scathamh de bhlianta anuas anois, i ngeall ar ar tharla sna Scoileanna Saothair agus sna Scoileanna Ceart\u00fach\u00e1in, a raibh siad ina mbun, faoi sti\u00fair an St\u00e1it, blianta \u00f3 shoin . T\u00e1 daoine ar aon fhocal anois gur ch\u00f3ir oiread \u00e1irithe airgead a bhaili\u00fa \u00f3 na hOird <\/span><span style=\"font-size:14pt\">agus \u00f3 na Cumainn Chr\u00e1bhaidh sin, a raibh roinnt d\u00e1 mbaill ciontach sa mh\u00ed-iompar sin uilig, agus a tharraing m\u00ed-chl\u00fa, agus n\u00e1ire, anuas orthu fh\u00e9in, ar a nOird, agus ar an Eaglais fr\u00ed ch\u00e9ile, agus go nd\u00e9anfa\u00ed an t-airgead sin a \u00fas\u00e1id, le chuile ch\u00fanamh a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh si\u00fad, ar deineadh an \u00e9ag\u00f3ir sin orthu. T\u00e1 daoine eile ann ad\u00e9arfadh, gur ch\u00f3ir an dl\u00ed a chur ar na baill ch\u00e9anna sin, agus iad a tharraingt tr\u00edd na c\u00fairteanna, len iad a ainmni\u00fa agus a n\u00e1iri\u00fa. Sea, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, go bhfuil a shocr\u00fa fh\u00e9in ag chuile dhuine ar an sc\u00e9al c\u00e9anna sin, ach, n\u00edl dabht ar domhan ach go gceapann chuile dhuine, geall leis, gur ch\u00f3ir go n-\u00edocfadh na hOird agus na Cumainn sin go daor as m\u00ed-iompar roinnt \u00e1irithe d\u00e1 mbaill, agus d\u00e1 dtarl\u00f3dh go bhf\u00e1gfa\u00ed gan sci\u00fart\u00f3g fh\u00e9in cuid acu, n\u00ed d\u00f3igh liom, go gcuirfeadh sin as go r\u00f3-mh\u00f3r do roinnt \u00e1irithe daoine.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Glanadh an Scl\u00e1ta<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach, fi\u00fa d\u00e1 nd\u00e9anfa\u00ed a leith\u00e9id, agus n\u00edl dabht ann ach gur ch\u00f3ir go nd\u00e9anfa\u00ed, n\u00ed d\u00f3igh lena l\u00e1n, go nglanfadh sin an scl\u00e1ta glan, amach is amuigh. Mar nach cuimhin le chuile dhuine againn go raibh m\u00ed-iompar agus m\u00ed-\u00fas\u00e1id eile i gceist freisin sios tr\u00edd na blianta, ag daoine a mbeife\u00e1 ag s\u00fail le dea-shampla agus ceannaireacht uathu san Eaglais ch\u00e9anna sin. Bh\u00ed m\u00e9 ag caint, ar na mallaibh, le mo sheanchara, S\u00e9im\u00ed c\u00f3ir an Droichid, agus th\u00e1inig seisean leis an socr\u00fa sin freisin, ach chuaigh s\u00e9 p\u00edosa n\u00edos fuide n\u00e1 sin leis an sc\u00e9al, n\u00f3 ba \u00e9 a dhearcadh si\u00fad n\u00f3 gur ch\u00f3ir don Eaglais Chaitliceach abhus, an bhliain seo chugainn, bliain \u00e1r dTiarna, 2010, a fh\u00f3gairt mar Bhliain Aithr\u00ed, le deimhin a dh\u00e9anamh <\/span><span style=\"font-size:14pt\">de, nach nd\u00e9anfa\u00ed dearmad go luath ar ar tharla anseo, i rith thr\u00e9imhse \u00fad an mh\u00ed-iompair agus na m\u00ed-\u00fas\u00e1ide do-thuigthe, do-chosanta sin. B\u2019fh\u00e9idir gur leag mo sheanchara S\u00e9im\u00ed a mh\u00e9ar ar an gcnaipe ceart an babhta seo. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:12pt\"><span style=\"font-size:14pt\">C\u00e9ard a cheapanns t\u00fa fh\u00e9in faoi?   <\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Saic\u00e9adach agus Luaithreach Peadar Bair\u00e9ad Pion\u00f3s agus Aithr\u00ed Nach minic a l\u00e9itear sa tSean Tiomna faoi\u2019n n\u00f3s a bh\u00ed acu sna laethe \u00fad saic\u00e9adach agus luaithreach a \u00fas\u00e1id mar chomhartha aithr\u00ed. Chaithid\u00eds saic\u00e9adach, agus shu\u00edd\u00eds i luaithreach, le teasp\u00e1int don tsaol m\u00f3r, go raibh pion\u00f3s \u00e1 dh\u00e9anamh acu ina bpeaca\u00ed. Gan dabht, don t\u00e9 a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12701","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12701","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12701"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12701\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12702,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12701\/revisions\/12702"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12701"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12701"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12701"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}