{"id":12741,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12741"},"modified":"2024-04-08T01:12:18","modified_gmt":"2024-04-08T01:12:18","slug":"i-mbeal-an-phobail-titles-of-honour","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-titles-of-honour\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail Titles of Honour."},"content":{"rendered":"<h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:22pt\">Teidil  On\u00f3ra?  Adeir  t\u00fa ! <\/span><\/h2><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:16pt\">Is d\u00f3cha gur chuala muid uilig an seanfhocal \u00fad i nGaeilge, adeir, nach nd\u00e9anfadh an saol capall r\u00e1sa d\u2019asal, agus c\u00e9 d\u00e9arfadh nach bhfuil loml\u00e1n na f\u00edrinne sa tseanfhocal c\u00e9anna sin. Ag cur madra\u00ed i bhfuinnoega! ad\u00e9arfadh duine eile, b\u2019fh\u00e9idir?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:16pt\">\u2026 Ba \u00e9 a chuir ag tochrais ar an gceirtl\u00edn sin m\u00e9, an babhta seo, n\u00f3 an chaint uilig \u00fad a bh\u00ed acu i nD\u00e1il \u00c9ireann, ar na mallaibh, faoi theidil uaisleachta a bhronnadh ar dhaoine \u00e1irithe, sa St\u00e1t s\u2019againne.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:16pt\">Tuige, ad\u00e9arfadh duine, a\u2019 gcuireann siad a gcuid ama am\u00fa ag cur c\u00farsa\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id i mb\u00e9al an phobail, n\u00f3, ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, Poblacht at\u00e1 againne anseo, agus nach bhfuil a fhios ag madra\u00ed an bhaile fi\u00fa, nach mbronntar teidil d\u00e1 leith\u00e9id ar shaor\u00e1naigh Poblachta, mar nach \u00e9 bunphrionsabal an phoblachtachais gurb ionann c\u00e9imiocht do chuile shaor\u00e1nach, os comhair an St\u00e1it, agus os comhair an dl\u00ed.  <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Ag coinne\u00e1il suas leis na\u2026\u2026.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:16pt\">S\u00e1ch fada a chaith cuid \u00e1irithe d\u00e1r muintir, ag sodar i ndiaidh na n-uasal, ag umhl\u00fa rompu, agus ag iarraidh coinne\u00e1il suas leo! T\u00e1 c\u00f3ras d\u00e1 leith\u00e9id f\u00f3irstineach go maith do th\u00edr a bhfuil r\u00ed n\u00f3 banr\u00edon neadaithe sa ch\u00f3ras rialaithe <\/span><span style=\"font-size:16pt\">acu, n\u00f3 b\u00edonn g\u00e1 i gc\u00f3na\u00ed acusan, i leagan amach d\u00e1 leith\u00e9id, le scaoth uaisle le freastal orthu, agus le dallamull\u00f3g a chur ar an bpobal, fr\u00ed ch\u00e9ile, go bhfuil na huaisle seo ar ch\u00e9im beatha n\u00edos airde n\u00e1 an gn\u00e1thdhuine. <\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Conas a deintear a leith\u00e9id, an ea? <\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:16pt\">Tr\u00ed theidil a bhronnadh orthu! agus tr\u00ed chur ina lu\u00ed ansin ar bhaill an phobail \u00fas\u00e1id a bhaint as na teidil sin, agus iad ag dul i dteangmh\u00e1il leis na daoine c\u00e9imi\u00fala sin. N\u00edl le d\u00e9anamh agat ach breathn\u00fa ar an gc\u00f3ras on\u00f3ra at\u00e1 oibrithe amach ag \u00e1r gcomharsain bh\u00e9al dorais, agus tuigfidh t\u00fa c\u00e9ard t\u00e1 idir cham\u00e1in agam. M\u00e1 ghlaonn t\u00fa Di\u00fac, n\u00f3 Iarla, n\u00f3 Bar\u00fan, ar dhuine, caithfidh t\u00fa glacadh leis, go bhfuil c\u00e9im\u00edocht no fola\u00edocht uasal eic\u00ednt ag baint leis. Sea, agus nuair a bhaineann t\u00fa \u00fas\u00e1id as t\u00e9arma cos\u00fai<\/span><span style=\"font-size:16pt\">l le, A Thiarna! n\u00f3 Sir! agus t\u00fa ag dul \u2018un cainte le duine acu sin, nach beag nach gceapf\u00e1 gurb \u00e9 Dia fh\u00e9in a bh\u00ed os do chomhair amach, bhuel, dia beag, ar a laghad b\u2019fh\u00e9idir!<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:16pt\">Anois, t\u00e1 Poblachta\u00ed ann, a bhfuil teidil on\u00f3ra \u00e1 n-\u00fas\u00e1id acu, le blianta fada, ach, n\u00ed bh\u00edonn i gceist sna teidil sin, ach go mbronntar bonn, n\u00f3 rib\u00edn, n\u00f3 a leith\u00e9id d\u2019\u00e1illeag\u00e1n, ar dhuine, le teasp\u00e1int don tsaol m\u00f3r, go ndearna mo dhuine \u00e9acht, n\u00f3 gaisce de chine\u00e1l eic\u00ednt, a chruthaigh don phobal, gurbh fhi\u00fa a leith\u00e9id a bhronnadh <\/span><span style=\"font-size:16pt\">air, ach n\u00ed d\u00f3igh liom, go dt\u00e9ann daoine timpeall ag bronnadh teidil orthu, ina saol laeth\u00fail. Sampla maith den chine\u00e1l sin ruda isea an Fhrainc, mar a <\/span><span style=\"font-size:16pt\">bhronntar an L\u00e9gion d\u2019Honneur, ar dhaoine a dh\u00e9anann seirbh\u00eds luachmhar don St\u00e1t Francach. Sea, agus bronntar an on\u00f3ir sin ar lear m\u00f3r daoine ansin, idir Fhrancaigh agus Eachtrannaigh.<\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Liberty, Equality\u2026\u2026\u2026\u2026<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:16pt\">N\u00edor ch\u00f3ir d\u00fainn, ach oiread, dearmad a dh\u00e9anamh ar na St\u00e1it \u00fad, a rinne chuile iarracht ar ionannas a choth\u00fa i measc daoine, agus an chaoi ar shocraigh siadsan an cheist sin. Smaoinigh ar\u00eds ar an bhFrainc i ndiaidh na R\u00e9abhl\u00f3ide. Ba \u00e9 a ghair siadsan ar ghnath-shaor\u00e1naigh n\u00f3 Citoyen, n\u00f3 cathr\u00f3ir, chuireaedarsan cr\u00edoch le teidil uaisleachta don uasaicme, agus chuireadar t\u00fas le teidil \u00farnua, teidil a bhronnfa\u00ed feasta ar shaor\u00e1nach, n\u00f3 ar eachtrannach, ar bith, a shaothr\u00f3dh a leith\u00e9id. Agus ar\u00eds breathnaigh <\/span><span style=\"font-size:16pt\">ar an R\u00fais, i ndiaidh a r\u00e9abhl\u00f3ide-sean. Ba \u00e9 an teideal a bhronn siadsan ar chuile shaor\u00e1nach n\u00f3 Comr\u00e1da\u00ed, n\u00f3 teideal eic\u00ednt d\u00e1 leith\u00e9id. chuireadarsan cr\u00edoch freisin le teidil uaisleachta nach mbronnfa\u00ed roimhe sin ach ar an uasaicme. Is d\u00f3cha go raibh cuid mhaith den cheart ag na R\u00e9abhl\u00f3idigh ch\u00e9anna sin.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">C\u00e9ard f\u00fainne?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:16pt\">Ach, c\u00e9ard f\u00fainne anseo i bPoblacht seo na h\u00c9ireann?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:16pt\">Is d\u00f3<\/span><span style=\"font-size:16pt\">cha go bhfuil a chuma ar an sc\u00e9al go bhfuil polaiteoir\u00ed in\u00e1r measc, ar mhaith leo c\u00f3ras On\u00f3ra d\u00e1 leith\u00e9id a bheith againn anseo. D\u00e1 mbeadh, bhuel! ansin <\/span><span style=\"font-size:16pt\">d\u2019fh\u00e9adfaid\u00eds teidil d\u00e1 leith\u00e9id a bhronnadh ar an gcairde, n\u00f3 n\u00edos measa f\u00f3s, ar a ch\u00e9ile, n\u00f3 fi\u00fa orthu fh\u00e9in! mar is d\u00f3cha gurb \u00e9 an Rialtas a bheadh i mbun na dteideal on\u00f3ra \u00fad a bhronnadh!<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:16pt\">N\u00ed d\u00f3igh liom, gur ch\u00f3ir d\u00fainn baint d\u00e1 laghad a bheith againn le c\u00f3ras on\u00f3ra, n\u00f3 uaisleachta, d\u00e1 leith\u00e9id, olc, maith, n\u00f3 dona. Ach, ad\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir, gur <\/span><span style=\"font-size:16pt\">maith an rud \u00e9, d\u00e1 mbeadh teideal on\u00f3ra againn, le bronnadh ar eachtrannach ar bith a dh\u00e9anfadh \u00e9acht, n\u00f3 gaisce, don St\u00e1t s\u2019againne. Bhuel! nach f\u00e9idir linn C\u00e9im On\u00f3rach, \u00f3 Ollscail eic\u00ednt, a bhronnadh air, n\u00f3 nach f\u00e9idir linn saoirse cathrach, n\u00f3 contae faoi leith, a bhronnadh air, agus nach fearr sin i bhfad \u00c9ireann n\u00f3 bheith ag bronnadh teideal gan chiall air. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Leor sin !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:16pt\">Caithimis uainn \u201cna hAindri\u00fa Martins\u201d sin uilig, agus b\u00edodh tr\u00ed splaideog c\u00e9ille againn, mar nuair a chuireann t\u00fa chuile sh\u00f3rt san \u00e1ireamh, feicfidh t\u00fa nach bhfuil maitheas an diabhail i dteidil fholmha on\u00f3ra d\u00e1 leith\u00e9id. M\u00e1 t\u00e1 gaisce, n\u00f3 \u00e9acht, d\u00e9anta ag saor\u00e1nach ar bith, bhuel, beidh meas ag a phobal air, agus  beidh urraim acu d\u00f3. Sin an on\u00f3ir is m\u00f3 a d\u2019fh\u00e9adfadh duine ar bith a fh\u00e1il \u00f3na phobal, n\u00f3 t\u00e1 d\u00e1ir\u00edreacht agus mac\u00e1ntacht, i gceist, agus n\u00ed bh\u00edonn aon chur i gc\u00e9ill, n\u00f3 plam\u00e1s, ag baint leis. Ma<\/span><span style=\"font-size:16pt\">r sin, na bronnaimis ar shaor\u00e1nach ar bith ach an on\u00f3ir a thuilleann s\u00e9 as a chonl\u00e1n fh\u00e9in, agus di\u00faltaimis glan d\u00f3ibh si\u00fad a chreideann, <\/span><span style=\"font-size:16pt\">gurbh fhearrde sinn, teidil mar Di\u00fac, n\u00f3 Iarla, n\u00f3 Ridire Ph\u00e1draig fi\u00fa, a bheith bronnta orainn ag an St\u00e1t. Nach leor mar \u00edoca\u00edocht do dhuine ar bith, a fhios a bheith aige, go ndearna s\u00e9 \u00e9acht, n\u00f3 gaisce, ar son a phobail, agus go n-admha\u00edonn an pobal \u00e9 sin. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:20pt\">D\u00fairt an Cinn\u00e9ideach \u00e9!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:16pt\">Is d\u00f3cha go raibh an ceart ag an Uachtar\u00e1n, J.F. Kennedy, nuair ad\u00fairt s\u00e9:-<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:16pt;margin-left:72pt\">Ask not what your country can do for you,<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><span style=\"font-size:16pt\">But ask rather what you can do for your country.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:16pt\">Sea, agus sin i dt\u00edr nach ngairtear Sir n\u00f3 Iarla ar shaor\u00e1nach ar bith d\u00e1 gcuid. Agus b\u00edodh go mbronann Sasana teidil ar eachtrannaigh fi\u00fa, n\u00ed bh\u00edonn cead acusan teidil mar, Sir, n\u00f3 a leith\u00e9id, a \u00fas\u00e1id ina saol laeth\u00fail, sin mura saor\u00e1naigh Bhriotanacha iad. <\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Teidil On\u00f3ra? Adeir t\u00fa ! . Is d\u00f3cha gur chuala muid uilig an seanfhocal \u00fad i nGaeilge, adeir, nach nd\u00e9anfadh an saol capall r\u00e1sa d\u2019asal, agus c\u00e9 d\u00e9arfadh nach bhfuil loml\u00e1n na f\u00edrinne sa tseanfhocal c\u00e9anna sin. Ag cur madra\u00ed i bhfuinnoega! ad\u00e9arfadh duine eile, b\u2019fh\u00e9idir? \u2026 Ba \u00e9 a chuir ag tochrais ar an [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12741","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12741","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12741"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12741\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12742,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12741\/revisions\/12742"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12741"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12741"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12741"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}