{"id":12755,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12755"},"modified":"2024-04-08T01:14:19","modified_gmt":"2024-04-08T01:14:19","slug":"i-mbeal-an-phobail-my-marian-days","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-my-marian-days\/","title":{"rendered":"I  mBeal  an  Phobail.  My Marian Days"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:22pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h2 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Marian College\u20261954-2004\u2026\u2026\u2026  \u2026\u2026\u2026..Golden  Jubilee Special<\/h2><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:20pt\">My  Marian<\/span><\/strong><span style=\"font-size:20pt\"> <\/span><strong><span style=\"font-size:20pt\"> Years<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tharla, ar an 28\u00fa Aibre\u00e1n, 2008, gur bhuail m\u00e9 le Ned Prendergast, in Oifig\u00ed \u201cCEIST\u201d i M\u00e1 Nuat, mar a bhfuil s\u00e9 ag obair anois, mar fheidhmeannach leis an eagra\u00edocht ch\u00e9anna sin. M\u2019in\u00edon a r\u00e9itigh an talamh don \u00f3c\u00e1id, n\u00f3 tharla go bhfuil sise ag obair sna hOifig\u00ed c\u00e9anna sin. Bh\u00ed deis agam, freisin, bualadh le baill na Foirne bre\u00e1tha, cairdi\u00fala, at\u00e1 ag saothr\u00fa leo sna hOifig\u00ed c\u00e9anna sin. Ach b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir dom dul siar, beag\u00e1in\u00edn, i dtosach, leis an teacht le ch\u00e9ile sin a shu\u00edomh ina ionad ceart f\u00e9in. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thosaigh m\u00e9 fh\u00e9in mo shaol m\u00fainteoireachta i gCol\u00e1iste Mhuireadhaigh, i mB\u00e9al an \u00c1tha, i gContae Mhaigh Eo, agus tar \u00e9is dom seacht mbliana, n\u00f3 mar sin, a chaitheamh ag saothr\u00fa na Gaeilge sa Chol\u00e1iste sin, ghlac m\u00e9 le post i gCol\u00e1iste Mhuire Cois Abhann, n\u00f3 i \u201cMarian College\u201d, faoi mar a thugtar air i mB\u00e9arla. Th\u00e1inig m\u00e9 go Marian College i Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana 1958. Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anois, go mbeadh s\u00e9 deacair dalta\u00ed na scoile sin a sh\u00e1r\u00fa, an tr\u00e1th \u00fad, agus shaothraigh m\u00e9 liom ansin ar feadh seacht mbliana, n\u00f3 mar sin, ach ag deireadh na tr\u00e9imhse sin, mhothaigh m\u00e9, ar ch\u00fains\u00ed \u00e1irithe, go raibh s\u00e9 in am agam b\u00f3thar a bhualadh ar\u00eds, agus mo sheolta a ard\u00fa. Shocraigh m\u00e9 ar Chol\u00e1iste Chiar\u00e1in Chill Chainnigh,  a thabhairt orm fh\u00e9in. Rud a rinne. N\u00ed raibh aif\u00e9ala orm riamh \u00f3 shoin gur chinn m\u00e9 ar sin a dh\u00e9anamh an tr\u00e1th \u00fad, n\u00f3 r\u00e9itigh an t-athr\u00fa sin go seoigh liom. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">We taught by Dodder\u2019s Banks<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9 \u00e1fach, ach le filleadh ar an gcruinni\u00fa a bh\u00ed agam le Ned Prendergast. Chuir m\u00e9 suim ar leith sa chruinni\u00fa sin, n\u00f3 chaith Ned seal ag m\u00faineadh i gCol\u00e1iste Mhuire Cois Abhann, agus d\u2019fh\u00e1g sin go raibh deis againn \u00e1r gcomhr\u00e1, agus \u00e1r seanchas, a dh\u00e9anamh, faoin saol a bh\u00ed sa treis agus muid i mbun m\u00fainteoireachta ansin, blianta fada \u00f3 shoin. Luaigh m\u00e9 thuas, gur buna\u00edodh an Col\u00e1iste sin sa bhliain 1954, rud a d\u2019fh\u00e1g go raibh Iubhaile \u00d3rga an Chol\u00e1iste \u00e1 cheili\u00faradh acu ansin, sa bhliain 2004, agus leis an \u00f3c\u00e1id chinni\u00fanach sin a cheili\u00faradh mar ba ch\u00f3ir, d\u2019fhoilsigh siad Iris bhre\u00e1, shuimi\u00fail, Chom\u00f3rtha, don Iubhaile ch\u00e9anna sin. Anois, \u00f3 tharla go raibh chuile shnaidhm a cheangail m\u00e9 leis an gCol\u00e1iste c\u00e9anna sin scaoilte le blianta fada, agus \u00f3 tharla nach bhfaca m\u00e9 an Iris Chom\u00f3rtha sin, nach orm a bh\u00ed an t-\u00e1thas nuair a bhronn Ned c\u00f3ip de orm, ar an \u00f3c\u00e1id sin i M\u00e1 Nuat.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tar \u00e9is dom filleadh ar Chill Chainnigh, bh\u00ed deis agam an Iris sin a scr\u00fad\u00fa, agus a ch\u00edoradh. Chuir m\u00e9 suim, agus dh\u00e1 shuim, in a raibh le l\u00e9amh, agus le feice\u00e1il, agam san Iris ch\u00e9anna sin. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Seven Years of\u2026\u2026\u2026\u2026..<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chaith m\u00e9 fh\u00e9in seacht mbliana ag saothr\u00fa na Gaeilge ansin, \u00f3n mbliain 1958, go dt\u00ed Samhain na bliana 1966, agus is d\u00f3cha gur leagadh d\u00fashraith na scola\u00edochta agus an l\u00e9inn sa Chol\u00e1iste i rith na mblianta c\u00e9anna sin. Th\u00e1inig RTE i dt\u00edos linn, i dt\u00fas na seascaid\u00ed, n\u00f3 n\u00ed raibh a n-\u00e1it fh\u00e9in amuigh i nDomhnach Broc r\u00e9idh d\u00f3ibh ag an am, agus d\u00e1 bharr sin, bhain siad \u00fas\u00e1id as Amharclann an Chol\u00e1iste lena scileanna a chleachtadh ann, agus n\u00e1r bhre\u00e1 an caitheamh aimsire d\u00fainne \u00e9, tr\u00e1th a chaitheamh ag breathn\u00fa orthu ag cleachtadh a gceirde th\u00edos f\u00fainn, san Amharclann, agus muidinne ag breathn\u00fa orthu tr\u00edd an bhfuinneoig\u00edn \u00fad i Seomra na M\u00fainteoir\u00ed. Cuimhn\u00ed ag filleadh orm freisin faoi Chl\u00f3s na Scoile, mar a thion\u00f3lta\u00ed na dalta\u00ed chuile mhaidin, roimh ranganna na maidine, b\u2019in an \u201cAssembly\u201d, mar a thugta\u00ed ar an dteacht le ch\u00e9ile sin, agus bh\u00edodh ar chuile mh\u00fainteoir bheith sa l\u00e1thair, lena rang fh\u00e9in a thionlacan chuig a sheomra ranga, i ndiaidh an tion\u00f3il, ach nach gcuirt\u00ed fainic na bhfainic ar chuile dhalta acu, gan sp\u00e1g fi\u00fa, a leagan ar an bpaist\u00edn f\u00e9arach \u00fad a rith \u00f3 cheann ceann an Chl\u00f3is!  B\u2019iontach ci\u00fain an \u00e1it \u00ed, ansin cois Dothra, agus \u00ed fada go leor isteach \u00f3 na sr\u00e1ideanna torannacha, sa chaoi nach gcuirfeadh gleadhradh bodhar an tr\u00e1chta isteach orainn, a bheag n\u00f3 a mh\u00f3r. Sea, dh\u00faisigh an Iris Chom\u00f3rtha cuimhn\u00ed iomad\u00fala i gcistin na cuimhne, agus d\u2019fhill scaoth cuimhn\u00ed orm le chuile leathanach d\u00e1r iompaigh m\u00e9. <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Congratulations to the Editor<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba mhaith liom comhghairdeas a dh\u00e9anamh leis an Eagarth\u00f3ir, n\u00f3 rinne s\u00e9 \u00e9acht agus na cuimhn\u00ed sin uilig a bhaili\u00fa, a rang\u00fa, agus a choime\u00e1d faoi smacht, taobh istigh de chl\u00fadaigh orn\u00e1ideacha na hIrise l\u00e9annta ildaite seo. Ba sp\u00e9isi\u00fail freisin iad na grianghrafanna a bail\u00edodh don \u00f3c\u00e1id, ach b\u2019fh\u00e9idir go gcuirfeadh ainmneacha na ndaoine uilig sna grianghrafanna sin go m\u00f3r leis an s\u00e1samh a bhainfeadh duine mar mise astu.   Ach ansin, nuair a smaoin\u00edm gurbh \u00e9 Pat M\u00f3r McDonagh fh\u00e9in a rinne eagarth\u00f3ireacht ar an saothar seo, n\u00ed chuireann s\u00e9 ionadh ar bith orm, n\u00f3 chuir m\u00e9 aithne ar an Pat c\u00e9anna sin, sa bhliain 1958, nuair a th\u00e1inig s\u00e9 aduaidh chugainn, le dul i gcomhar linn mar mh\u00fainteoir, i Marian College. Ba chara d\u00edlis \u00e9 Pat, i rith na mblianta a chaitheamar ag treabhadh linn i bhfochair a ch\u00e9ile ansin, cois Dothra. Is f\u00e9idir liom an Pat c\u00e9anna sin a fheice\u00e1il anois fh\u00e9in, tr\u00ed sh\u00faile na cuimhne, Fear bre\u00e1, \u00f3g, scaf\u00e1nta, laidir, ag si\u00fal roimhe go r\u00e1bach, \u00e9 ag sl\u00edocadh a chuid gruaige siar thar a mhalainn, agus a gh\u00fana l\u00e9annta, acad\u00fail, \u00e1 sh\u00e9ideadh san aer taobh thiar de.  Cuimhn\u00ed freisin ag filleadh orm \u00f3n l\u00e1 \u00fad ar thugamar cuairt ar Bh\u00e9al Feirste na long, ar an bhf\u00e1ilte chro\u00ed\u00fail a cuireadh romhainn i Stormont fh\u00e9in, \u00e1it ar ligeadh isteach sinn, le spl\u00e9achadh a fh\u00e1il ar Pharlaimint an Tuaiscirt i mbun oibre! Chonaiceamar freisin, an l\u00e1 c\u00e9anna sin, na sluaite ollmh\u00f3ra ag filleadh abhaile, tr\u00e1thn\u00f3na, go tostach, d\u00far, \u00f3na gcuid oibre sna longchl\u00f3sanna. leor sin faoi na cuimhn\u00ed \u00fad, ach is f\u00e9idir leat a bheith cinnte, go leanfaidh cuairt na gcuimhn\u00ed c\u00e9anna sin, go ceann i bhfad.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Memories Recalled<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuir m\u00e9 sp\u00e9is sna grianghrafanna freisin, n\u00f3 l\u00e9irigh roinnt acu dom neamhbhuaine an tsaoil seo, mar nach bhfuil roinnt \u00e1irithe de na daoine ar chuir m\u00e9 fh\u00e9in aithne orthu, sna caogaid\u00ed agus sna seascaid\u00ed, nach bhfuil siad ag tabhairt an fh\u00e9ir faoi seo. Solas na Soilse, agus \u00e1it ag Bord an Tiarna, go raibh acu anois agus i dt\u00f3lamh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 grianghraf san Iris, ar leathanach 24, ina bhfeicimid Foireann m\u00fainte na Scoile agus Rang na Sinsear, t\u00f3gtha le ch\u00e9ile, san aon phicti\u00far amh\u00e1in, mise an dara duine ar chl\u00e9 den dream at\u00e1 suite. Sea, agus luaitear m\u2019ainm cupla babhta freisin, tr\u00edd an Iris. M\u00f3r an on\u00f3ir dom a leith\u00e9id. Sea, agus n\u00e1r dheas freisin \u00f3 Ned Prendergast a r\u00e1, go raibh mo chuimhne f\u00f3s beo sa scoil, tr\u00e1th a raibh seisean ag m\u00faineadh ann, i Seacht\u00f3id\u00ed na haoise seo caite. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed br\u00e9ag a r\u00e1 gur th\u00f3g an cruinni\u00fa \u00fad le Ned siar thar na blianta m\u00e9, go dt\u00ed \u201cMy Marian Years\u201d agus gur m\u00fascla\u00edodh ionnam athuair, cuimhn\u00ed a bh\u00ed folaithe ar ghrinneal Loch na gCuimhn\u00ed, le fada an l\u00e1. B\u2019fh\u00e9idir gur leor sin do thuras na huaire seo.    <\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Marian College\u20261954-2004\u2026\u2026\u2026 \u2026\u2026\u2026..Golden Jubilee Special . My Marian Years Tharla, ar an 28\u00fa Aibre\u00e1n, 2008, gur bhuail m\u00e9 le Ned Prendergast, in Oifig\u00ed \u201cCEIST\u201d i M\u00e1 Nuat, mar a bhfuil s\u00e9 ag obair anois, mar fheidhmeannach leis an eagra\u00edocht ch\u00e9anna sin. M\u2019in\u00edon a r\u00e9itigh an talamh don \u00f3c\u00e1id, n\u00f3 [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12755","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12755","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12755"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12755\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12756,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12755\/revisions\/12756"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12755"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12755"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12755"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}