{"id":12757,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12757"},"modified":"2024-04-08T01:14:19","modified_gmt":"2024-04-08T01:14:19","slug":"i-mbeal-an-phobail-toghchain","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-toghchain\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail.  Toghchain"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:20pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Elections  again !<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, go dtuigfadh an t\u00e9 is d\u00faire amuigh an difir mh\u00f3r at\u00e1 idir thoghch\u00e1in an lae inniu, agus toghch\u00e1in, faoi mar a bh\u00edd\u00eds, blianta \u00f3 shoin. T\u00e1 na hiarrth\u00f3ir\u00ed agus a gcuid comhairleoir\u00ed, agus a bhfaireoir\u00ed, tar \u00e9is modhanna toghch\u00e1na\u00edochta th\u00edortha eile, a scr\u00fad\u00fa agus a phars\u00e1il, san idirlinn, agus d\u00e1 thoradh sin, t\u00e1 na toghch\u00e1in a reacht\u00e1iltear abhus anois, i bhfad \u00c9ireann n\u00edos glice, n\u00edos sl\u00edoctha agus n\u00edos meallta\u00ed, n\u00e1 mar a bh\u00edd\u00eds fad\u00f3. Is soil\u00e9ir gur deineadh aithris ar mhodhanna toghch\u00e1na\u00edochta Mheirice\u00e1, ach go h\u00e1irithe, \u00e1it a nd\u00e9anann an spar\u00e1n teann an t-iarrth\u00f3ir a fheisti\u00fa i l\u00e1r an aonaigh. Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, le cabhair an spar\u00e1in ch\u00e9anna sin, d\u00e9antar laig\u00ed, peaca\u00ed, agus lochtanna, lucht an fhreas\u00fara, a lorg, a chuart\u00fa, agus a leagan os comhair an v\u00f3t\u00f3ra. N\u00ed mar sin a bh\u00edodh anseo sna seanlaethe, n\u00f3 ba bheag airgead a bh\u00ed le caitheamh le v\u00f3ta\u00ed a cheannacht, an tr\u00e1th \u00fad. B\u2019fh\u00e9idir go nd\u00e9anfadh an t-iarrth\u00f3ir geall\u00faint a thabhairt d\u00e1 phobal, go nd\u00e9anfa\u00ed an d\u00edog seo a shioscadh, n\u00f3 an b\u00f3ithr\u00edn \u00fad a dheisi\u00fa, n\u00f3 fi\u00fa pinsin a fh\u00e1il don bhfear thall, d\u00e1 dtoghfa\u00ed eisean ina Theachta D\u00e1la. N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, nach mb\u00edodh cl\u00e1racha mealltacha teilif\u00edse \u00e1 l\u00e9iri\u00fa, le v\u00f3t\u00f3ir\u00ed a spreagadh, lena v\u00f3ta\u00ed a chaitheamh ar son an Ph\u00e1irt\u00ed seo, n\u00f3 i gcoinne an Ph\u00e1irt\u00ed \u00fad eile. N\u00ed bh\u00edodh, n\u00f3 n\u00ed raibh a leith\u00e9id de mhe\u00e1n cumars\u00e1ide againn, an tr\u00e1th sin. Ba bheag \u00fad\u00e1id a bhaint\u00ed as an Raidi\u00f3 fh\u00e9in fi\u00fa. D\u2019fheicfe\u00e1 an corrfh\u00f3gra f\u00e1nach ar nuacht\u00e1in, ag moladh don v\u00f3t\u00f3ir, seo n\u00f3 si\u00fad a dh\u00e9anamh lena ghuth. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Conas mar sin, ad\u00e9arfadh duine b\u2019fh\u00e9idir, conas a d\u2019\u00e9irigh leis na hiarrth\u00f3ir\u00ed a dtuairim\u00ed, agus a bpolasaithe, a chur ar a s\u00faile don phobal? <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Sunday  Speeches<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, ba \u00e9 an bealach ab fhearr, agus an bealach ba mh\u00f3 a mbaint\u00ed \u00fas\u00e1id as, n\u00f3 tr\u00ed \u00f3r\u00e1id\u00edocht, agus chuige sin, bh\u00edodh \u00f3r\u00e1id\u00ed \u00e1 dtabhairt, chuile Dhomhnach agus L\u00e1 Saoire, taobh amuigh den s\u00e9ip\u00e9al. N\u00e1r bhre\u00e1 an \u201cdivarsion\u201d \u00e9, maidin Domhnaigh, uair a chloig, n\u00f3 mar sin, a chaitheamh ansin, ag geata an ts\u00e9ip\u00e9il, ag \u00e9isteacht le roinnt \u00f3r\u00e1id\u00edochta! Thaitin a leith\u00e9id le daoine, an t-am sin, n\u00f3 ba bheag eile i bhfoirm chaitheamh aimsire a bh\u00ed ar fail sa timpeall, ag an am. Le cur leis an sp\u00f3rt, n\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go mb\u00edodh an corrbhuachaill b\u00e1ire ansin, le cur isteach ar an gcainteoir, agus le g\u00e1ire a bhaint as an lucht \u00e9isteachta. Tr\u00e1th a mbeadh an cainteoir faoi l\u00e1n tseol, agus \u00e9 ag aithris na h\u00f3r\u00e1ide a bh\u00ed de ghlanmheabhair aige, bheadh \u00e1ilteoir ansin, agus gan \u00e9inne ag cur chuige n\u00f3 uaidh, screadfadh seisean in ard a chinn is a ghotha \u201cC\u00e9 ghoid rothar an tS\u00e1irsint?\u201d Bhainf\u00ed tuisle as an \u00f3r\u00e1id\u00ed bocht, chuirf\u00ed am\u00fa \u00e9, agus bheadh air dul siar chuig a scr\u00edbhinn, s\u00e1ra bhf\u00e9adfadh s\u00e9 tos\u00fa ar\u00eds, agus fhad is a bheadh s\u00e9 ag cuart\u00fa, chloisfea,  Up Dev!  n\u00f3, Up the Freestate! no, Up Cosgrove! n\u00f3 a leith\u00e9id, \u00f3 dhuine eic\u00ednt anseo  is ansi\u00fad. <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">No  Awkward  Questions!<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed chuirf\u00ed ceist ar iarrth\u00f3ir ar bith, an tr\u00e1th \u00fad, faoi cheannacht a th\u00ed, n\u00f3 faoin m\u00e9id airgid a d\u2019infheistigh s\u00e9 i mbainc thar lear, murab ionann is an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, mar n\u00ed br\u00e9ag ar bith a r\u00e1, gur beag eile at\u00e1 i mb\u00e9al daoine, an babhta seo, ach na c\u00e9apair sin uilig, agus i nd\u00e1ir\u00edre, is beag baint at\u00e1 ag na c\u00farsa\u00ed sin le polasaithe na bP\u00e1irtithe \u00e9ags\u00fala. Ach, ansin, is soil\u00e9ir, nach iad na P\u00e1irtithe Polait\u00edochta, den chuid is m\u00f3, at\u00e1 ag cuart\u00fa sa bhruscar sin, n\u00ed hea mh\u2019anam, ach nuacht\u00f3ir\u00ed \u00e1irithe. N\u00ed br\u00e9ag ar bith a r\u00e1, gurb iad si\u00fad at\u00e1 ag roghn\u00fa \u00e1bhar diosp\u00f3ireachta na bpolaiteoir\u00ed, an babhta seo, sea, agus is iad freisin, at\u00e1 ag tochailt i measc scanaill na mblianta, ag iarraidh freastal ar a dtaoide fh\u00e9in. Ar mhaithe leo fh\u00e9in a dh\u00e9anann na me\u00e1in sin cumars\u00e1id!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ba bheag c\u00e9apair d\u00e1 leith\u00e9id a bh\u00ed ar si\u00fal ag polaiteoir\u00ed, n\u00f3 ag lucht na me\u00e1n, nuair a bh\u00edothas ag eagr\u00fa toghch\u00e1in 1932, an ch\u00e9ad turas a th\u00e1inig Dev. agus a Ph\u00e1irt\u00f3 i gcumhacht. Faoi mar a luaigh m\u00e9 thuas, \u00f3r\u00e1id\u00edocht tar \u00e9is Aifrinn, agus an corrfh\u00f3gra (dubh agus b\u00e1n) in airde ar na cuaill\u00ed telegrafa, n\u00f3 n\u00ed raibh cuaill\u00ed BSL ann, an tr\u00e1th \u00fad, tharla nach raibh f\u00e1il f\u00f3s ar leictreachas an Bhoird, amuigh in Iorras na nIontas. <\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">Give them a STROKE !<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Th\u00e9adh roinnt daoine timpeall ag bolscaireacht, chuig tithe na cosmhuintire, agus ba \u00e9 an mana a bh\u00ed acu, i 1932, n\u00f3, T\u00e1 deich mbliana caite ag an dream eile seo i gcumhacht, agus c\u00e9ard t\u00e1 d\u00e9anta acu, don chosmhuintir, i rith an achair sin? Tada! Anois an t-am le \u201cStr\u00f3c\u201d (Uimhir a hAon) a thabhairt don taobh eile, agus mura nd\u00e9anann siadsan an beart, caithfimid amach ar mhullach a gcinn iad, sa ch\u00e9ad toghch\u00e1n eile! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Breathnaigh ar ch\u00farsa\u00ed sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann. N\u00edltear f\u00e1gtha i muin\u00edn na bhf\u00f3gra\u00ed (dubh agus ban) \u00fad a thuilleadh, n\u00f3 n\u00ed chloistear polaiteoir ar bith ag \u00f3r\u00e1id\u00edocht tar \u00e9is Aifrinn, mar sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, is amhlaidh at\u00e1 an t\u00edr breac le p\u00f3staer\u00ed ollmh\u00f3ra, ildaite, iad ag breathn\u00fa anuas orainn \u00f3 chuile chuaille, de chuile chine\u00e1l, fan na mb\u00f3ithre, agus chomh maith le sin, t\u00e1 scuaine eile acu le f\u00e1il ar leibh\u00e9al an talaimh, agus iad ag breathn\u00fa isteach idir an d\u00e1 sh\u00fail ar an taisteala\u00ed bocht, agus \u00e9 ag gabh\u00e1il thar br\u00e1id. N\u00edl aon \u00e9al\u00f3 uathu, n\u00f3 t\u00e1id ansin agus streill gh\u00e1ire ar a mbun\u00fas, agus mana de chine\u00e1l eic\u00ednt scr\u00edofa taobh leo, faoi mar a bheid\u00eds ag iarraidh labhairt leis an t\u00e9 at\u00e1 ag dul thastu, fad is at\u00e1 siad ag imp\u00ed ort, gan dearmad a dh\u00e9anamh d\u00edobh sa bhoth v\u00f3t\u00e1la. Sea, agus an STR\u00d3C \u00fad a thabhairt d\u00f3ibh!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach n\u00ed h\u00e9 sin is t\u00e1bhachta\u00ed, i nd\u00e1ir\u00edre, s\u00e9 an rud is t\u00e1bhachta\u00ed ar fad, n\u00f3 go raghf\u00e1 amach agus do v\u00f3ta a thabhairt do do rogha iarrth\u00f3ir\u00ed, sin cro\u00ed agus l\u00e1r an daonlathais. D\u00e9an deimhin de, go mbainfidh tusa \u00fas\u00e1id as do v\u00f3tasa, l\u00e1 an toghch\u00e1in. <\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Elections again ! T\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, go dtuigfadh an t\u00e9 is d\u00faire amuigh an difir mh\u00f3r at\u00e1 idir thoghch\u00e1in an lae inniu, agus toghch\u00e1in, faoi mar a bh\u00edd\u00eds, blianta \u00f3 shoin. T\u00e1 na hiarrth\u00f3ir\u00ed agus a gcuid comhairleoir\u00ed, agus a bhfaireoir\u00ed, tar \u00e9is modhanna toghch\u00e1na\u00edochta th\u00edortha eile, a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12757","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12757","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12757"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12757\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12758,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12757\/revisions\/12758"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12757"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12757"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12757"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}