{"id":12769,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12769"},"modified":"2024-04-08T00:30:38","modified_gmt":"2024-04-08T00:30:38","slug":"i-mbeal-an-phobail-teacht-na-riochta-copy","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-teacht-na-riochta-copy\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail&#8230; Teacht na Riochta. &#8211; Copy"},"content":{"rendered":"<h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:24pt\">F\u00eds na R\u00edochta<\/span><\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Nach minic an Cr\u00edosta\u00ed ag caint faoi \u2018Theacht na R\u00edochta\u2019. \u00das\u00e1ideann s\u00e9 an t\u00e9arma sin chuile uair a ghu\u00edonn s\u00e9 \u2018An Phaidir\u2019, n\u00f3 an Pater, faoi mar a thugann daoine eile air, n\u00f3 sa phaidir ch\u00e9anna sin, gu\u00edonn s\u00e9 \u2018go dtaga do R\u00edocht\u2019 n\u00f3 fi\u00fa, \u2018go dtige do R\u00edocht\u2019 faoi mar a chuireann an Connachtach \u00e9. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">N\u2019fheadar c\u00e9n R\u00edocht a bh\u00edonn i gceist acu sa phaidir sin?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">R\u00edocht D\u00e9, c\u00e9ard eile a bheadh i gceist acu, agus iad ag labhairt d\u00edreach leis an Athair fh\u00e9in?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Sea, ach c\u00e9ard \u00e9 go d\u00edreach a bh\u00edonn i gceist acu, nuair adeir siad, \u2018go dtaga do R\u00edocht\u2019.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Gu\u00edonn an Cr\u00edostai, sa Phaidir, go gcruth\u00f3far socha\u00ed, ar an saol seo, a ghlacfadh le hAtharthacht D\u00e9, agus a bheadh s\u00e1sta ansin a thoil a dh\u00e9anamh abhus, faoi mar a tharla\u00edonn thall. Agus nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa air, nach \u00e9 an dearcadh sin at\u00e1 taobh thiar de chuile iarracht a dh\u00e9antar, ar an saol seo, ar dh\u00e1n an daonna\u00ed a fheabhs\u00fa abhus. B\u2019fh\u00e9idir anois, nach mbeif\u00ed ag smaoineamh i gc\u00f3na\u00ed ar na f\u00edric\u00ed at\u00e1 taobh thiar d\u2019fheals\u00fanacht na Paidre sin, ach ag an am gc\u00e9anna, nach \u00e9 an fonn c\u00e9anna sin a spreagann an daonna\u00ed lena chinni\u00faint a fheabhs\u00fa abhus is thall.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Feabhs\u00fach\u00e1in<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">B\u2019fh\u00e9idir n\u00e1rbh olc an tseift \u00ed anois, dearcadh ar feadh meandair, ar chuid de na hiarrachta\u00ed a deineadh na feabhs\u00fach\u00e1in sin a chur i gcr\u00edch. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, go mba iarracht sa treo sin, chuile chreideamh,  agus chuile ch\u00f3ras rialaithe, a cuireadh sa tsi\u00fal ar an saol seo, \u00f3 laethe \u00c1dhaimh agus \u00c9abha i leith, fi\u00fa i gc\u00e1s an chumannachais, ach i gc\u00e1s na fealls\u00fanachta sin, f\u00e1gadh as an \u00e1ireamh, ar fad, toise spiorad\u00e1lta an daonna\u00ed, agus d\u00e1 bharr sin, n\u00edor leagadh b\u00e9im ar bith ar an saol thall. Dh\u00edrigh an c\u00f3ras sin ioml\u00e1n a aire ar chruth\u00fa na r\u00edochta abhus, mar a bhfaigheadh chuile dhaonna\u00ed ar theastaigh uaidh, agus ag an am gc\u00e9anna, mar a mbronnfadh seisean, de r\u00e9ir a chumais, ar an r\u00edocht ch\u00e9anna sin. N\u00ed call dom a r\u00e1, go mba \u00e9 an St\u00e1t Cumannach r\u00e9aladh na f\u00edse sin ar thalamh. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ach i gc\u00e1s na bpr\u00edomhchreideamh daonna, b\u00edodh go mbaineann t\u00e1bhacht leis an R\u00edocht ar thalamh, is t\u00e1bhachta\u00ed go m\u00f3r fada d\u00f3ibh, an R\u00edocht sa toise thall. Dhealr\u00f3dh s\u00e9, go bhfuil creideamh d\u00e1 leith\u00e9id, de dhl\u00fath agus d\u2019inneach, san anam daonna.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">\u00d3 Ghl\u00fan go Gl\u00fan<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Breathnaigh ar an gcaoi ar s\u00edneadh an creideamh sin anuas chugainn, \u00f3 na gl\u00fanta a d\u2019imigh romhainn. Mh\u00faineadar c\u00f3ras iompair d\u00fainn, c\u00f3ras a bh\u00ed bunaithe ar fh\u00eds \u00fad na R\u00edochta. N\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh an c\u00f3ras iompair sin bunaithe ar dh\u00e1 chloch bhoinn na Cr\u00edosta\u00edochta, s\u00e9 sin, Gr\u00e1 D\u00e9 agus Gr\u00e1 na gComharsan. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">D\u00e9an an rud ceart. Ach, conas a aithn\u00edtear an ceart? Bhail, tabharfaidh do chro\u00ed istigh, n\u00f3 do choinsias fh\u00e9in, freagra na ceiste sin dhuit. Tugadh le fios d\u00fainn freisin, go mbeadh an Fear Thuas ag breathn\u00fa anuas orainn, agus go gcoinneodh seisean \u00e1ireamh \u00e1r ngn\u00edomhartha i leabhar m\u00f3r na gcuntas, agus go mbainfeadh s\u00e9 \u00fas\u00e1id as an leabhar c\u00e9anna sin, L\u00e1 na Lice. Go bun\u00fasach mar sin, ba \u00e9 a bh\u00ed taobh thiar den gc\u00f3ras sin uilig, n\u00f3 F\u00eds na R\u00edochta.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Clocha Boinn<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Breathnaigh freisin mar a tharla\u00edonn in\u00e1r scoileanna. Nach \u00e9 an sc\u00e9al c\u00e9anna ar\u00eds \u00e9? Gr\u00e1 D\u00e9, agus Gr\u00e1 na gComharsan, mar chlocha boinn faoi eitic agus faoi fheals\u00fanacht oideachais pholasa\u00ed na scoileanna. Moltar an t\u00e9 a dh\u00e9anann d\u00e1 r\u00e9ir sin, agus gearrtar pion\u00f3s eigin ar an t\u00e9 a leanann iompar ar bith eile.  Nach soil\u00e9ir do chuile dhuine, go bhfuil difir mh\u00f3r idir an saol a mholann na m\u00fainteoir\u00ed d\u00e1 ndalta\u00ed, ar thaobh amh\u00e1in, agus an cine\u00e1l saoil at\u00e1 rompu amach, taobh amuigh de bhalla\u00ed na scoile, ar an dtaobh eile. Paidreacha; dea-iompar; Cothrom na F\u00e9inne; d\u00e9an an mhaith agus s\u00e9an an t-olc; \u00e1 moladh mar bh\u00f3thar a leasa, don dalta, agus ag an am gc\u00e9anna, d\u00e9antar chuile iarracht ar shocha\u00ed na scoile a fhorbairt ar na clocha boinn sin. D\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1, go bhfuil F\u00eds na R\u00edochta, mar fh\u00f3rsa tiom\u00e1na, taobh thiar de pholasa\u00ed \u00fad na scoileanna.  Nach \u2019in \u00ed s\u00e1inn an mh\u00fainteora? \u00c9 ag ullmh\u00fa an dalta do shaol amh\u00e1in, agus gan f\u00e1il ar an gcine\u00e1l sin saoil, sa domhan m\u00f3r abhus, ach ag an am gc\u00e9anna, ullmha\u00edonn an t-ullmh\u00fach\u00e1n sin an dalta d\u2019fh\u00eds na R\u00edochta.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">T\u00edr na n\u00d3g<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Is d\u00f3cha go bhf\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1 freisin, go bhfuil saothair \u00e1irithe litr\u00edochta bunaithe, a bheag, n\u00f3 a mh\u00f3r, ar an bhf\u00eds ch\u00e9anna sin, n\u00f3 samhla\u00edtear don \u00fadar, socha\u00ed in a mbeadh chuile sh\u00f3rt de r\u00e9ir mar a d\u2019iarrfadh do bh\u00e9al fh\u00e9in \u00e9 a bheith. Saol gan deora, gan anr\u00f3, gan chruatan; saol gan aois, gan \u00e9ag\u00f3ir, gan mh\u00e1chail. Breathnaigh ar Th\u00edr na n\u00d3g, i litr\u00edocht an Ghaeil, sa bhFianna\u00edocht, agus breathnaigh ar\u00eds, ar \u00dat\u00f3ipe Sir Thomas More, agus feicfidh t\u00fa claonadh chun na F\u00edse ag soilsi\u00fa tr\u00ed na hAist\u00ed litr\u00edochta \u00fad, b\u00edodh nach ionann an d\u00e1 rud, F\u00eds na R\u00edochta, ar thaobh amh\u00e1in, agus f\u00eds na n-\u00fadar \u00e9ags\u00fail, a lean t\u00f3irse a gcoinsiasa fh\u00e9in, ar an dtaobh eile, ach ag an am gc\u00e9anna, seolann siad beirt fan bh\u00f3thar \u00e1r leasa sinn.                                                                                                          <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Nach bre\u00e1 an phaidir \u00ed&#8230;.Go dtaga do R\u00edocht&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.<\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>F\u00eds na R\u00edochta . Peadar Bair\u00e9ad Nach minic an Cr\u00edosta\u00ed ag caint faoi \u2018Theacht na R\u00edochta\u2019. \u00das\u00e1ideann s\u00e9 an t\u00e9arma sin chuile uair a ghu\u00edonn s\u00e9 \u2018An Phaidir\u2019, n\u00f3 an Pater, faoi mar a thugann daoine eile air, n\u00f3 sa phaidir ch\u00e9anna sin, gu\u00edonn s\u00e9 \u2018go dtaga do R\u00edocht\u2019 n\u00f3 fi\u00fa, \u2018go dtige do R\u00edocht\u2019 [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12769","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12769","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12769"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12769\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12770,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12769\/revisions\/12770"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12769"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12769"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12769"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}