{"id":12779,"date":"2017-04-09T11:00:00","date_gmt":"2017-04-09T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12779"},"modified":"2024-04-08T00:33:32","modified_gmt":"2024-04-08T00:33:32","slug":"i-mbeal-an-phobail-an-nollaig-2","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-an-nollaig-2\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail&#8230;An Nollaig (2)"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:22pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Memories!<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">B\u00edodh go bhfuil an Nollaig imithe faoi seo, agus gur fada linn uainn \u00ed anois, n\u00ed hionann sin is a r\u00e1 nach bhfilleann cuimhn\u00ed an tSeas\u00fair Bheannaithe sin orainn go rialta. Agus \u00f3 tharla n\u00e1r \u00e9irigh liom mo smaointe a chur in bhur l\u00e1thair roimh an Nollaig fh\u00e9in, tuigeadh dom, n\u00e1rbh olc an smaoineamh \u00e9 cuid de na cuimhn\u00ed sin a bhreacadh s\u00edos daoibh, in Alt na seachtaine seo.<\/p><h1 style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\"> <\/span><span style=\"font-size:14pt\">Mar sin, a chairde, tagaig\u00ed liom siar b\u00f3ithrin na smaointe, le spl\u00e9achadh a fh\u00e1il ar na Nollaig\u00ed a chaitheamar, fad\u00f3. <\/span><\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, nach r\u00f3-shoil\u00e9ir at\u00e1 na cuimhn\u00ed c\u00e9anna sin anois, b\u00edodh go bhfuil siad ransaithe agam, minic go leor, leis na sc\u00f3rtha blian anuas. Ach an t-am sin d\u2019aithneof\u00e1 ar chuile sh\u00f3rt, \u00f3 th\u00fas Mh\u00ed na Nollag,  go raibh an Nollaig chugat.  Thosa\u00edodh muide, p\u00e1ist\u00ed, ar an gc\u00faig mh\u00edle \u201c\u00c1ibh\u00e9\u201d a r\u00e1 idir an ch\u00e9ad l\u00e1 de Mh\u00ed na Nollag, agus O\u00edche Nollag, n\u00f3 ba \u00e9 a chreideamarna, ag an am, n<\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u00f3 d\u00e1 gcr\u00edochn\u00f3f\u00e1 an c\u00faig mh\u00edle sin, go bhfaighfe\u00e1 do mhian, mian ar bith a shantaigh do chro\u00ed istigh, ach \u00ed a lorg ag an Aifreann, Maidin Lae Nollag.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Shopping<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\"> Ba sh\u00e9as\u00far na siopad\u00f3ireaachta \u00e9 freisin. N\u00ed h\u00e9 anois go mb\u00edodh na Mamanna agus na Daideanna ag dul ar eitle\u00e1in go Nua Eabhrac, ag ceannacht na Nollag, n\u00f3 ag ceannacht earra\u00ed go tiubh ar an idirl\u00edon, agus iad ag st\u00f3c\u00e1il don S\u00e9as\u00far a <\/span><span style=\"font-size:14pt\">bh\u00ed rompu amach. N\u00edorbh ea muis, n\u00f3 n\u00ed raibh f\u00e1il ar eitle\u00e1in, n\u00f3 ar idirl\u00edon, ag an am. Ba earra\u00ed iadsan, a bh\u00ed folaithe f\u00f3s \u00f3 radharc daoine, i scamall tiubh an todhcha\u00ed. Ach mura raibh deis acu dul ag siopad\u00f3ireacht, faoi mar a dh\u00e9anann Mamanna agus Daideanna an lae inniu, b\u00ed cinnte go mb\u00edodh s\u00fail in airde acu ar Mhargadh M\u00f3r na Nollag, a thion\u00f3lta\u00ed i mB\u00e9al an Mhuirthead, ar an Satharn roimh Nollaig, chuile bhliain. Ag an Margadh M\u00f3r sin, bh\u00edodh f\u00e1il ar chuile sh\u00f3rt a bheadh riachtanach do chom\u00f3radh na F<\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u00e9ile. Agus c\u00e1 bhf\u00e1gf\u00e1 Aonach M\u00f3r na Nollag, a bh\u00edodh ar si\u00fal sa mbaile c\u00e9anna sin, ar an gC\u00faigi\u00fa L\u00e1 D\u00e9ag de Mh\u00ed na Nollag, n\u00f3 ba ag an Margadh agus ar an Aonach sin a dh\u00e9anta\u00ed d\u00edol agus ceannacht na Nollag. Bh\u00edodh fear an t\u00ed ag iarraidh, b\u2019fh\u00e9idir, earra eic\u00ednt a dh\u00edol ar an Aonach sin, le pingneacha a shaothr\u00fa, ionas go mbeadh a d\u00f3thain airgid ag bean an t\u00ed leis an Nollaig a cheannacht, Bh\u00edodh g\u00e9 mh\u00f3r, phlucach, na Nollag, roghnaithe cheana f\u00e9in, agus a fhios ag \u2018cuile dhuine sa timpeall c\u00e9n gh\u00e9 a bh\u00ed daor<\/span><span style=\"font-size:14pt\">tha, ach amh\u00e1in ag an ng\u00e9 bhocht fh\u00e9in! <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">The Special Spirit<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">N\u00ed i bhfeabhas a bh\u00edodh an aimsir ag dul, an tr\u00e1th sin bliana, ach leis an chaoi a raibh chuile dhuine ag s\u00fail leis an Nollaig, ba bheag am a bh\u00ed acu le d\u00edri\u00fa ar an aimsir, ach mar sin fh\u00e9in, bheadh a fhios ag madra\u00ed an bhaile fi\u00fa, go raibh goimh san aimsir ch\u00e9anna sin, agus go raibh sioc agus sneachta \u00e1 dtuar do na laethe a bh\u00ed rompu amach.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach ba \u00e9 t\u00fas na Nollag i nd\u00e1ir\u00edre n\u00f3 O\u00edche Nollag. B\u2019in an tr\u00e1th a thabharfadh duine ar bith faoi deara, go raibh an feitheamh fada i nd\u00e1il le bheith thart, agus go raibh muid ar thairseach na F\u00e9ile M\u00f3ire fh\u00e9in. Thabharf\u00e1 an fustar agus an brost\u00fa faoi deara gach \u00e1it sa timpeall. Bh\u00edodh maisi\u00fach\u00e1in \u00e1 gcur suas, coinnle \u00e1 gceannacht, sea, agus nach mb\u00edodh an corr-shlam p\u00e9inte, agus aol-datha, \u00e1 chur ar dhoirse, ar fhuinneoga, agus ar bhalla\u00ed. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Final  Preparations<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach, m\u00e1s fada fh\u00e9in an tr\u00e1thn\u00f3na, tagann an o\u00edche, agus ba \u00e9 an d\u00e1la c\u00e9anna ag O\u00edche Nollag \u00e9. Tr\u00e1thn\u00f3na cru\u00f3gach, gn\u00f3thach, dra\u00ed<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ochta, ba ea an tr\u00e1thnona sin. C\u00e1ca\u00ed milse \u00e1 bhfuineadh agus \u00e1 mb\u00e1c\u00e1il, gaineamh a scaipeadh ar an url\u00far le gile a leathadh sa teach, coinle \u00e1 lasadh, agus \u00e1 gcur sna fuinneoga,  b\u00e9ile na ho\u00edche a ghl\u00e9asadh, stoca\u00ed \u00e1 gcrochadh, gan focal as na p\u00e1ist\u00ed, ach iad ag s\u00fail le f\u00e9ir\u00edn\u00ed ina stoca\u00ed Maidin Lae Nollag. Agus b\u00edodh go mbainf\u00ed taitneamh as b\u00e9ile na ho\u00edche sin, gona c\u00e1ca milis, n\u00edor dhada \u00e9, i gcompar\u00e1id leis an smaoineamh go mbeadh Daid\u00ed na Nollag fh\u00e9in ag teacht chucu i l\u00e1r na ho\u00edche sin. Anois, ba ch\u00f3ir<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> a r\u00e1, nach m\u00f3r\u00e1n a d\u2019fh\u00e1gadh s\u00e9 ag p\u00e1ist\u00ed an bhaile s\u2019againne, ach nach mb\u00edonn blas ar an mbeag\u00e1n i gc\u00f3na\u00ed, bhuel! bh\u00edodh sna seanlaethe, ar aon n\u00f3s! <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Excitement!<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">L\u00e9adh chuile shagart tr\u00ed hAifreann maidin Lae Nollag, agus th\u00e9imis chuig an ch\u00e9ad cheann, ar a hocht a chlog ar maidin. Lampa\u00ed fearraib\u00edn ag scaoileadh solais bhu\u00ed uathu timpeall an ts\u00e9ip\u00e9il. An Alt\u00f3ir faoi bhrat choinnle lasta. An <\/span><span style=\"font-size:14pt\">Beithil\u00edn socraithe ansin, taobh istigh de na R\u00e1ill\u00ed, agus p\u00e1ist\u00ed an phar\u00e1iste sa timpeall, iad ag baint na s\u00e1l d\u00e1 ch\u00e9ile ag iarraidh radharc a fh\u00e1il ar Iosag\u00e1n fh\u00e9in ina lu\u00ed ar an tu\u00ed sa mh\u00e1ins\u00e9ar. Ar ball, nuair a thagadh an Sagart Par\u00e1iste amach ar an alt\u00f3ir, is beag nach moth\u00f3f\u00e1 to raibh an Ch\u00fairt Neamha\u00ed fh\u00e9in ina su\u00ed in\u00e1r measc, agus an naofacht ar an bhf\u00f3d, le chuile Chr\u00edosta\u00ed sa ts\u00e9ip\u00e9al a bh\u00e1 ina taoide.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Ite Missa Est!<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Sruth Laidine \u00f3n sagart naofa. Coinnle agus lampa\u00ed ag caochadh s\u00fal ar an bpobal.  An Chomaoin Naofa \u00e1 d\u00e1ileadh. \u201cIte Missa est!\u201d Scaoileadh an pobal saor. Abhaile leo, agus chuile dhuine acu ag smaoineamah ar an dinn\u00e9ar a bheadh ar bord aige ar ball. G\u00e9 bhruite, gab\u00e1iste bog, b\u00e1n, agus  pr\u00e1ta\u00ed geala, pl\u00faracha, leata ar bord rompu amach ina bhf\u00e9asta. Bia r\u00edoga  d\u2019\u00f3g is d\u2019aosta.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ar ball, th\u00e9adh muidinne, gas\u00fair, amach ar th\u00f3ir an dreoil\u00edn, n\u00f3 nach mbeadh muid ag dul sa Dreoil\u00edn an l\u00e1 d\u00e1r gcionn, L\u00e1 \u2018le Stiof\u00e1n na gcloch. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Leor sin don bhabhta seo.<\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Memories! B\u00edodh go bhfuil an Nollaig imithe faoi seo, agus gur fada linn uainn \u00ed anois, n\u00ed hionann sin is a r\u00e1 nach bhfilleann cuimhn\u00ed an tSeas\u00fair Bheannaithe sin orainn go rialta. Agus \u00f3 tharla n\u00e1r \u00e9irigh liom mo smaointe a chur in bhur l\u00e1thair roimh an Nollaig fh\u00e9in, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12779","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12779","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12779"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12779\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12780,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12779\/revisions\/12780"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12779"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12779"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12779"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}