{"id":12795,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12795"},"modified":"2024-04-08T01:06:03","modified_gmt":"2024-04-08T01:06:03","slug":"i-mbeal-an-phobail-rtf-democracy","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-rtf-democracy\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail.rtf   Democracy"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:20pt\">Daonlathas ?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">S\u00e9im\u00ed s\u2019againne ar\u00eds<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nuair a shi\u00fal mo sheanchara, S\u00e9imi an Droichid, isteach sa \u2018Smugairle R\u00f3in\u2019 an o\u00edche cheana, bh\u00ed fhios agam l\u00e1ithreach, go raibh rud eic\u00ednt ag d\u00f3 na geribe ag an bhfear bocht, n\u00f3 ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, n\u00ed raibh ann ach gur bheannaigh s\u00e9 dhom, agus ansin, facthas dom go raibh muc ar gach mala aige, agus nach raibh fonn ar bith cainte air. N\u00edorbh \u00e9 a leith\u00e9id a bh\u00ed uaimse, in aon chor, agus d\u00e1 bhr\u00ed sin, rinne m\u00e9 chuile iarracht ar sc\u00e9al n\u00f3 duan a mhealladh uaidh. Ba \u00e9 an ch\u00e9ad rud a rinne m\u00e9 n\u00f3 bleid a bhualadh ar bhuachaill an leanna, agus d\u2019iarr air \u00e1r ngn\u00e1thdheochanna a chur ar f\u00e1il d\u00fainn. Ba ghearr go raibh mo Sh\u00e9im\u00ed bocht ag blaiseadh braoin\u00edn den stuif chrua a bh\u00ed le f\u00e1il aige ina ghloine. Lig s\u00e9 siar ar bhlais s\u00e9, agus ba ghearr gur lig siar g\u00e1illeog eile sa t\u00f3ir ar an gceann sin. Go gairid ina dhiaidh sin leath a ghean gh\u00e1ire air. Thuig m\u00e9 l\u00e1ithreach go raibh a dhrochghi\u00famar glanta chun si\u00fail agus gur ghearr go mbeadh fonn cainte fillte air ar\u00eds, agus bheartaigh m\u00e9 fh\u00e9in leas a bhaint as an athr\u00fa ghi\u00famair sin le sc\u00e9al n\u00f3 duan a mealladh uaidh.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Aon Sc\u00e9al Nua agat ?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAon sc\u00e9al nua agat, a Sh\u00e9im\u00ed? n\u00f3 is fada \u00f3 casadh ar a ch\u00e9ile cheana sinn\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in, go deas, r\u00e9idh, neamhurch\u00f3ideach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cDheamhan m\u00f3r\u00e1n sc\u00e9alta sa timpeall na laethe seo, taobh amuigh de sc\u00e9alta faoin toghch\u00e1n \u00fad a ritheadh ar na mallaibh.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cSea\u201d arsa me fh\u00e9in \u00e1 fhreagairt \u201cnach beag eile at\u00e1 i mb\u00e9al an phobail, na laethe seo, taobh amuigh den toghch\u00e1n c\u00e9anna sin, ach \u00f3 tharla go bhfuil an toghch\u00e1n sin thart anois, agus D\u00e1il nua tofa againn, nach bhfuil s\u00e9 sin ina sc\u00e9al thairis, faoin am seo.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1, agus N\u00edl, mar b\u00edodh go bhfuil na v\u00f3ta\u00ed caite, comhairithe, faoi seo, agus b\u00edodh go bhfuil na Teachta\u00ed tofa, ag an am gc\u00e9anna, nach bhfuil s\u00e9 thar am againn an c\u00f3ras a \u00fas\u00e1ideann muidinne i roghn\u00fa Rialtais a scr\u00fad\u00fa, agus a chur faoin miocrasc\u00f3p, f\u00e9achaint an bhfuil laige, n\u00f3 locht, le f\u00e1il air.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus an \u00e9 do thuairim go bhfuil, A Sh\u00e9im\u00ed?\u201d ad\u00fairt m\u00e9 fh\u00e9in.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cD\u00e1r liomsa, n\u00edl s\u00e9 gan locht.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus c\u00e9n locht at\u00e1 le f\u00e1il agat air, a Sh\u00e9im\u00ed?\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Ar an gc\u00e9ad \u00e1sc&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhuel, ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, an bhfuil \u00e9inne amuigh ansin, a thuigeann go beacht, conas a dh\u00e9antar na v\u00f3ta\u00ed a roinnt? N\u00edl m\u00e9 ag caint anois faoin \u2018str\u00f3c\u2019, n\u00f3 faoi uimhir a hAon, ach is \u00e9 at\u00e1 i gceist agam n\u00f3 conas a roinntear a sciar de na v\u00f3ta\u00ed ar na hiarrth\u00f3ir\u00ed a fhaigeann  uimhreacha n\u00edos sia amach. T\u00e1 daoine ann, a thugann roinnt na caill\u00ed ar an roinnt ch\u00e9anna sin, n\u00f3 d\u00e1r leis na saineolaithe sin, t\u00e1 cuid eic\u00ednt den bhuille faoi thuairim, sa roinnt ch\u00e9anna sin, agus sin arg\u00f3int amh\u00e1in ar son na ngl\u00e9asanna meicni\u00fala a dh\u00e9anann an comhaireamh d\u00f3ibh, i dt\u00edortha \u00e1irithe eile, n\u00f3 bheadh ar chumas an r\u00edomhaire a leith\u00e9id sin de roinnt a dh\u00e9anamh, gan str\u00f3, agus b\u2019fh\u00e9idir gur cheart d\u00fainn an b\u00f3ithr\u00edn sin a thabhairt orainn fh\u00e9in, am eic\u00ednt sa todhcha\u00ed.\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Roinnt na Caill\u00ed!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, i nd\u00e1ir\u00edre, deacracht teoirici\u00fail go maith at\u00e1 i gceist agat ansin, a Sh\u00e9im\u00ed, agus glacadh leis an modh roinnte sin siar thar na blianta, t\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh go bhfuil laig\u00ed eile faighte agat sa ch\u00f3ras toghch\u00e1na\u00edochta at\u00e1 againne anseo.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cB\u00ed cinnte go bhfuil, agus roinnt mhaith, n\u00f3 ag caint ar dhaonlathas, ceapaim fh\u00e9in nach bhfuil s\u00e1r\u00fa an ch\u00f3ras a \u00fas\u00e1ideann na Sasanaigh le f\u00e1il, n\u00f3 t\u00f3gtar chuile phobal sa t\u00edr, agus toghann chuile thoghlach acu sin Teachta amh\u00e1in, le feidhmi\u00fa thar a gceann, i dTeach na Parlaiminte. I gc\u00f3ras d\u00e1 leith\u00e9id, n\u00ed call dom a r\u00e1, nach mb\u00edonn i gceist, de ghn\u00e1th, ach dh\u00e1 Ph\u00e1irt\u00ed, n\u00f3 tr\u00ed corruair, ach, nuair a thoghtar Teachta, ansin b\u00edonn de dhualgas airsean c\u00farama\u00ed an toghlaigh uilig a ghlacadh air fh\u00e9in. Nuair a bh\u00edonn an comhaireamh cr\u00edochnaithe, ansin de ghn\u00e1th, b\u00edonn m\u00f3ramh glan ag P\u00e1irt\u00ed amh\u00e1in, agus orthusan a thiteann s\u00e9 Rialtas a roghn\u00fa, agus a oibri\u00fa, go dt\u00ed an ch\u00e9ad toghch\u00e1n eile. is soil\u00e9ir go bhfuil an c\u00f3ras sin n\u00edos fearr n\u00e1 an ceann a oibr\u00edtear sa t\u00edr s\u2019againne faoi l\u00e1thair, \u00e1it a thagann f\u00e1s as cuimse ar uimhir na bP\u00e1irtithe beaga, agus ar neamhsple\u00e1igh freisin. Is \u00ed an laige a bhaineann le c\u00f3ras d\u00e1 leith\u00e9id n\u00f3 nach mb\u00edonn m\u00f3ramh glan ag P\u00e1irt\u00ed ar bith, tr\u00e1th a mb\u00edonn na v\u00f3tai comhairithe.\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Buann an m\u00f3ramh<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAch, nach maith an rud \u00e9 sin, n\u00f3 cuireann s\u00e9 srian agus adhastar ar na p\u00e1irtithe m\u00f3ra, agus b\u00edonn orthu dul i gcomhrialtas le P\u00e1irt\u00ed, n\u00f3 le P\u00e1irtithe eile, le m\u00f3ramh a fh\u00e1il d\u00e1 Rialtas sa D\u00e1il.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAdmha\u00edm gur maith an socr\u00fa \u00e9 sin, go teoirici\u00fail, ach c\u00e9ard a tharla\u00edonn, i nd\u00e1ir\u00edre, nuair a bh\u00edonn na v\u00f3ta\u00ed comhairithe, agus ceannair\u00ed na bP\u00e1irtithe m\u00f3ra ag iarraidh greim a fh\u00e1il ar chnaip\u00ed na cumhachta? Ag an bpointe sin, n\u00edl cumhacht bainte amach ag \u00e9inne acu f\u00f3s, ach tosa\u00edonn siad ag marg\u00e1nta\u00edocht, faoi mar ba ghabhar, n\u00f3 b\u00f3, a bh\u00ed ar an aonach acu, agus geallann siad a leith\u00e9id seo a dh\u00e9anamh do dhream beag, n\u00f3 do dhuine amh\u00e1in fi\u00fa, ar choinn\u00edoll go dtac\u00f3dh siad leo sa D\u00e1il, l\u00e1 thoghadh an Taoisigh. Anois, c\u00e9 thabharfadh daonlathas ar cur chuige d\u00e1 leith\u00e9id? Nach ionann \u00e9 agus bheith ag iarraidh cumhacht a cheannacht, agus sa cheannacht sin, nach bhfuil s\u00e9 soil\u00e9ir, go nd\u00e9antar \u00e9ag\u00f3ir ar thoghlaigh eile. Sea, tugtar cumhacht do ghr\u00fapa\u00ed beaga, n\u00f3 do Theachta aonair, fi\u00fa, cumhacht a ritheann d\u00edreach i gcoinne phrionsabail an daonlathais.  Nach \u00e9 \u201cleas an phobail n\u00e1isi\u00fanta\u201d  prionsabal bunaidh an daonlathais, in ionad roinnt na caill\u00ed a dh\u00e9anamh ar an gcumhacht, agus jabanna a chur ar f\u00e1il do na \u2018leaideanna\u2019. Ach, f\u00e9ach an clog, mar\u00f3idh Naip\u00ed s\u2019againne m\u00e9, n\u00f3 gheall m\u00e9 di, go raghainn abhaile bre\u00e1 luath anocht. Sl\u00e1n&#8230;&#8230;\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus amach an doras le mo Sh\u00e9im\u00ed bre\u00e1, le luas lasrach, ach, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il gur thug s\u00e9 \u00e1bhar smaointe dom fh\u00e9in. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard f\u00fatsa? An gceapann tusa go raibh adhmad ar bith in arg\u00f3int\u00ed Sh\u00e9im\u00ed na buile?<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Daonlathas ? Peadar Bair\u00e9ad S\u00e9im\u00ed s\u2019againne ar\u00eds Nuair a shi\u00fal mo sheanchara, S\u00e9imi an Droichid, isteach sa \u2018Smugairle R\u00f3in\u2019 an o\u00edche cheana, bh\u00ed fhios agam l\u00e1ithreach, go raibh rud eic\u00ednt ag d\u00f3 na geribe ag an bhfear bocht, n\u00f3 ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, n\u00ed raibh ann ach gur bheannaigh s\u00e9 dhom, agus ansin, facthas [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12795","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12795","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12795"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12795\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12796,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12795\/revisions\/12796"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12795"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12795"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12795"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}