{"id":12805,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12805"},"modified":"2024-04-08T01:06:03","modified_gmt":"2024-04-08T01:06:03","slug":"i-mbeal-an-phobail-rtfa-century-of-service","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-rtfa-century-of-service\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail.rtfA Century of Service"},"content":{"rendered":"<h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:20pt\">Clann Mhuireadhaigh ag ceili\u00faradh<\/span><\/h1><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\">A Century of Service<\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\"><span style=\"font-size:14pt\">by<\/span><\/p><h3 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-weight:bold;font-size:14pt\">Martin Halloran<\/h3><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">(St. Muredach\u2019s College 1906 \u2013 2006)<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cupla l\u00e1 \u00f3 shin, fuair m\u00e9 c\u00f3ip den leabhar seo tr\u00edd an bpost. Iardhalta dem chuid fh\u00e9in, P\u00e1draig \u00d3 hEadhra, a sheol chugam \u00e9. Is maith a thuig P\u00e1draig go gcuirfinnse suim, agus dh\u00e1 shuim, sa leabhar c\u00e9anna sin, toisc gur sa Chol\u00e1iste sin a chleacht m\u00e9 mo scileanna m\u00fainteoireachta, a ch\u00e9aduair, agus chomh maith le sin, bh\u00ed an t-\u00fadar, M\u00e1irt\u00edn s\u00e9imh, cneasta, \u00d3 hAllmhur\u00e1in, mar chomhleaca\u00ed agam i rith na mblianta spreag\u00fala a chaith m\u00e9 i mbun mo cheirde ar bhruacha maorga, m\u00e9ithe, na Muaidhe. \u00c1it ag bord an Tiarna go raibh ag an M\u00e1irt\u00edn c\u00e9anna, anois, agus i dtol\u00e1mh.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach sp\u00e9isi\u00fail anois breathn\u00fa ar ghrianghraf na hoscailte a t\u00f3gadh ar an 10\u00fa l\u00e1 de Mhe\u00e1n F\u00f3mhair, sa bhliain \u00fad, 1906, beirt shagart agus c\u00faigear tuata a bh\u00ed mar fhoireann teagaisc acu, agus a mbun\u00fas sin suite ar bhins\u00ed. Taobh thiar d\u00edobh sin feiceann muid, ina seasamh, na dalta\u00ed, breis is tr\u00ed sc\u00f3r d\u00edobh, agus iad gl\u00e9asta ina gcultacha Domhnaigh, b\u00f3na agus carabhat ar chuile mhac a\u2019 pheata acu.  Cuireann an t-\u00fadar s\u00edos d\u00fainn ansin ar chomh deacair is a bh\u00ed s\u00e9 na pingneacha a bhaili\u00fa, leis an gCol\u00e1iste sin Mhuireadhaigh a th\u00f3g\u00e1il, i dt\u00fas an ch\u00e9id seo caite, nuair a luigh an bhochtaineacht go trom ar phobail na deoise sin Chill Ala. Sea, agus nuair a bh\u00ed an talamh ceannaithe, agus chuile sh\u00f3rt, idir th\u00f3g\u00e1il, fheisti\u00fa, trosc\u00e1n\u00fa, agus maisi\u00fa, cr\u00edochnaithe, agus \u00edoctha as, fuarthas amach ansin gur chosain an t-ioml\u00e1n gar go maith don \u00a320,000. Suim ollmh\u00f3r airgid, ag an am gortach sin, nuair a chuireann t\u00fa p\u00e1 an ama sin i gcom\u00f3rtas le teacht isteach daoine sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann. <\/p><h4 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">P\u00e1tr\u00fain agus Uachtar\u00e1in<\/h4><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Faigheann muid ansin liosta, maille le grianghrafanna, \u00c9arlamh agus Uachtar\u00e1n an Chol\u00e1iste, i rith an ch\u00e9id seo caite. N\u00ed call dom a r\u00e1, go raibh aithne agam ar a mbun\u00fas. N\u00ed call dom a r\u00e1, ach oiread, go gcuireann sin br\u00f3n orm anois, nuair a thuigtear dom go bhfuil a mbun\u00fas m\u00f3r ag iompar na bhf\u00f3d, faoin am seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Faigheann muid liosta na ndalta\u00ed ar deineadh sagairt d\u00edobh ar ball, dalta\u00ed a fuair a gcuid l\u00e9inn agus oideachais ansin ar bhruacha na Muaidhe. D\u2019fhan an chuid ba mh\u00f3 de na sagairt sin le freastal ar a muintir fh\u00e9in, i nDeoise Chill Ala, ach d\u2019imigh roinnt mhaith freisin, lena nd\u00fathracht a chaitheamh ar an gcoigr\u00edoch, agus iad ag leanacht an cas\u00e1n a bhuail misin\u00e9ir\u00ed na t\u00edre seo d\u00f3ibh \u00f3 bhronn P\u00e1draic Mac Calprainn bua an chreidimh orainn, sa ch\u00faigi\u00fa haois. T\u00e1 sa leabhar freisin, liosta ioml\u00e1n na ndalta\u00ed ar cuireadh l\u00e9ann orthu sa Chol\u00e1iste sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cuireann an t-\u00fadar s\u00edos freisin d\u00fainn ar chleachtadh an chreidimh, agus ar mh\u00faineadh agus ar theagasc na ndalta\u00ed i rith an ch\u00e9id, sea, agus tugtar spl\u00e9achadh maith d\u00fainn ar an gcine\u00e1l saoil a chaitheadh Clann Mhuireadhaigh, agus iad ag freastal ar a nAlma Mater \u00e1lainn le linn blianta gl\u00f3rmhara a n-\u00f3ige. F\u00e9ach mar a chuir Pat Lindsay \u00e9, ina dh\u00edrbheathaisn\u00e9is, \u201cMemories\u201d:-<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cThe five years I spent in Muredach\u2019s were happy&#8230;. Had I a choice I wouldn\u2019t change&#8230;\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, agus d\u00e9arfainn n\u00e1r chlaoigh an Pat c\u00e9anna sin r\u00f3-dhl\u00fath le rialacha an Chol\u00e1iste, corruair!  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go raibh pion\u00f3s corportha i r\u00e9im, tr\u00e1th, agus bhaint\u00ed leas as, anois is ar\u00eds, le smacht a choinne\u00e1il ar dhalta\u00ed ceannd\u00e1na. Agus b\u00edodh go ndeachthas thar f\u00f3ir leis an bpion\u00f3s sin, corruair, bh\u00ed c\u00farsa\u00ed n\u00edos measa in \u00e1iteacha eile :-<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cHowever, overall, Muredach\u2019s would have been moderate enough in comparison with other colleges of its kind.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">D\u00e9anann an t-\u00fadar cur s\u00edos freisin ar an gcaoi ar deineadh eala\u00edon, dr\u00e1ma\u00edocht, ceol, agus a leith\u00e9id, a fhorbairt, agus a choth\u00fa, thar na blianta, i gCol\u00e1iste Mhuireadhaigh. T\u00e1 cur s\u00edos aige freisin ar chluich\u00ed, agus a n-\u00e1it i saol na Scoile sin.<\/p><h4 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">An Grianghraf \u00fad!<\/h4><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuir m\u00e9 fh\u00e9in suim faoi leith i ngrianghraf ar leathanach 129. Foireann teagaisc an Chol\u00e1iste sa bhliain 1956, nuair a ceili\u00faradh an caogad\u00fa bliain i saol an Chol\u00e1iste, at\u00e1 i gceist agam anseo, n\u00f3 sa ghrianghraf sin, t\u00e1 picti\u00far d\u00edom fh\u00e9in agus m\u00e9 im mh\u00fainteoir \u00f3g, ag an am. N\u00ed raibh ach beirt tuata ar an bhfoireann ag an am! murab ionann agus caoga bliain roimhe sin, n\u00f3 caoga bliain ina dhiaidh sin, d\u00e1 nd\u00e9arfainn \u00e9. Ba ch\u00f3ir a lua freisin, gur beag duine den bhfoireann sin a mhair le ceili\u00faradh an ch\u00e9id a chom\u00f3radh.  Ba mhaith liom, mar sin, thar a gceann, \u201cAd Multos Annos\u201d a ghu\u00ed ar Chol\u00e1iste Mhuireadhaigh, b\u00edodh n\u00e1r tugadh an deis dom fh\u00e9in bheith ar an bhf\u00f3d d\u2019\u00f3c\u00e1id chom\u00f3rtha an ch\u00e9id.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">M\u00e1s iarscol\u00e1ire, n\u00f3 iarmh\u00fainteoir fi\u00fa, th\u00fa, ba ch\u00f3ir duit, anois teacht na Nollag, \u00e1it a choinne\u00e1il id leabhrag\u00e1n don leabhar sp\u00e9isi\u00fail, spreag\u00fail seo, agus ar\u00eds, m\u00e1 bhreathna\u00edonn t\u00fa ar dhromlach an leabhair, feicfidh t\u00fa mo phicti\u00far fh\u00e9in, th\u00edos ag a bhun! Nach f\u00e1nach an \u00e1it ina bhfaighfe\u00e1 breac! Ach n\u00e1 c\u00e1in an leabhar ar a chl\u00fadach! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rinne m\u00e9 tagairt thuas, do ghrianghraf den bhfoireann teagaisc, a t\u00f3gadh do chom\u00f3radh chaogad\u00fa bliain Chol\u00e1iste Mhuireadhaigh sa bhliain 1956, agus n\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, gur eisigh Clann Mhuireadhaigh, mar a thugtar ar iarscol\u00e1ir\u00ed na scoile c\u00e9anna sin, gur eisigh siad Irisleabhar, an bhliain sin, le Iubhaile \u00d3rga an Chol\u00e1iste a chom\u00f3radh. N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, ach oiread, go ndeachaigh m\u00e9 ar th\u00f3ir an Irisleabhair ch\u00e9anna sin, f\u00e9achaint an raibh an grianghraf \u00fad ann, agus ceart go leor, th\u00e1inig m\u00e9 ar an ngriangraf sin ar leathanach 45 d\u2019Irisleabhar Chol\u00e1iste Mhuireadhaigh 1956, agus n\u00ed call a r\u00e1, gur bhain an grianghraf c\u00e9anna sin deoir asam nuair a bhreathnaigh m\u00e9 air, mar nach beag duine den dream bre\u00e1, \u00f3g, scaf\u00e1nta sin, at\u00e1 fanta i dt\u00edr na mbeo anois? Ach nach  \u2019in an saol agat?<\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-weight:bold;font-size:14pt\">Saol eile a bh\u00ed ann, an tr\u00e1th \u00fad<\/h3><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tugaim faoi deara freisin, go raibh saol eile ar fad i r\u00e9im anseo, caoga bliain \u00f3 shoin, n\u00f3 t\u00e1 s\u00e9 soil\u00e9ir \u00f3 chuid de na hAilt san Irisleabhar sin, go raibh b\u00e9im n\u00e1r bheag, ag an am, ar an nGaeilge agus ar an nGaelachas. Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, bh\u00ed alt ansin uaim fh\u00e9in, i nGaeilge, faoin teideal \u201cN\u00ed bheidh \u00e1r Leith\u00e9id\u00ed ann ar\u00eds\u201d faoi athbheochan na teanga sna blianta a bh\u00ed romhainn amach. Is soil\u00e9ir gur chreid m\u00e9, ag an am, go nd\u00e9anfa\u00ed an teanga a athbheochan roimh dheireadh na haoise seo caite. Deacair a chreidi\u00faint anois, gur mise a scr\u00edobh, ach is d\u00f3cha go bhfuil an mise sin beo f\u00f3s, \u00e1it eic\u00ednt sa chro\u00ed istigh ionnam. <\/p><h3 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8;font-weight:bold;font-size:14pt\">Gaeilge agus Gaelachas i dtreis<\/h3><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 ann freisin, alt brea le Se\u00e1n \u00d3 Dubhthaigh, O.S. faoi shaol agus faoi shaothar Riocard Bair\u00e9ad, file. Alt scol\u00e1rtha, dea-scr\u00edofa, ina nd\u00e9antar saothar an fhile a scr\u00fad\u00fa agus a mheas. T\u00e1 alt eile faoi Chumann L\u00fathchleas Gael i gCol\u00e1iste Mhuireadhaigh, faoin teideal, \u201cFifty Years of Gaeilic Games in Saint Muredachs\u201d, ina gcuirtear s\u00edos ar ch\u00farsa\u00ed Peile sa Chol\u00e1iste, agus faoin chaoi ar \u00e9irigh le hiardhalta\u00ed an Chol\u00e1iste mar imreoir\u00ed d\u00e1 gContae, ar ball.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e9ann Rev.John P. Gilroy, siar go dt\u00ed an s\u00e9\u00fa haois, le hoidhe an Easpaig, Ceallach, a r\u00edomh d\u00fainn. d\u00e9anann s\u00e9 tagairt don \u201cLebor Breac\u201d, \u00e1it a gcuirtear s\u00edos ar Chathr\u00e9im Cellaig, \u201cThe Career of Cellach Bishop of Killala\u201d. D\u00e9anann s\u00e9 cur s\u00edos ar an gcaoi a sn\u00edomhtar d\u00e1nta agus rannta isteach tr\u00edd an sc\u00e9al, faoi mar ba ghn\u00e1th a dh\u00e9anamh go minic, sa tsean-am. Cuireann alt bre\u00e1 eile s\u00edos ar sc\u00e9al na bhfothracha a sh\u00edneann fan bhruacha na Muaidhe, idir Bh\u00e9al an \u00c1tha, agus Cill Ala, faoin teideal, \u201cThe Mute Memorials of Moyne agus Rosserk\u201d, Mainistreacha Proinsiasc\u00e1nacha ba ea iad, a t\u00f3gadh sa ch\u00faigi\u00fa haois d\u00e9ag. leanann s\u00e9 sc\u00e9al na Mainistreacha sin, anuas go dt\u00ed an l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, nuair nach bhfuil f\u00e1gtha anois, i gceann ar bith acu, ach faoi mar a chuireann an file \u00e9, <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">\u201cfothrach folamh gan aird\u201d. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Baineann an t-\u00fadar leas as l\u00ednte U\u00ed Choile\u00e1in ina alt, le sc\u00e9al na Mainistreacha sin a chur ina sheasamh ina steille bheatha, os \u00e1r gcomhair amach&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">\u201cMar a nglaodhadh an fhuiseog mhoch <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">do chl\u00e9ir ag canadh a dtr\u00e1th<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">N\u00edl teanga ag corruighe anois<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Acht teanga gliogair na gc\u00e1g.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach nach mar sin a tharla\u00edonn i sc\u00e9al cinni\u00fanach an chine dhaonna.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus le cr\u00edoch a chur leis an bp\u00edosa seo faoi Chol\u00e1iste Mhuireadhaigh, ba mhaith liom tagairt a dh\u00e9anamh d\u2019alt bre\u00e1 eile san Irisleabhar \u00fad, agus do bhar\u00fail, c\u00e9n teideal at\u00e1 air? Sea, \u201cNot Gaelic Merely\u201d leis an Rev Thomas Finan, agus is d\u00f3igh go raibh s\u00e9 ag tochrais ar an gceirtl\u00edn c\u00e9anna, a raibh m\u00e9 fh\u00e9in ag tochrais air, agus muid beirt ag smaoineamh ar dh\u00e1n na Gaeilge agus an Ghaelachais. Breathnaigh ar th\u00fas a ailt..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">\u201cThe Irish speaking districts&#8230;&#8230;are shrinking from year to year&#8230;..and unless some plan can be devised, and devised quickly, to preserve what is left of them, the language is undoubtedly doomed.\u201d <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sin aiste bhre\u00e1 eile ar an dt\u00e9ad ch\u00e9anna sin, agus aiste den scoth, d\u00e1 nd\u00e9arfainn \u00e9. Ach n\u00ed f\u00e9idir liom imeacht uaibh gan tagairt a dh\u00e9anamh don alt bre\u00e1 fada le Peter J. McGuire, faoin teideal, \u201cWhen Ireland Made a Bid for Empire&#8230;&#8230;.Canada in 1866. Sea, nach m\u00f3r a bh\u00ed c\u00farsa\u00ed teanga agus t\u00edrghr\u00e1 i dtreis in \u00e1r measc, sna laethe \u00fad,  sa bhliain 1956. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">\u201cIrisleabhar eile\u201d&#8230;..1956 \u2013 2006 ?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Nach trua, ar bhealach, nach bhf\u00e9adfa\u00ed na p\u00edosa\u00ed bre\u00e1tha sin a chur ar f\u00e1il ar\u00eds, don ghl\u00fan at\u00e1 ag \u00e9ir\u00ed an\u00edos faoin am seo, agus d\u00e1 gcuirf\u00ed, faoin gcl\u00fadach c\u00e9anna leo, sraith altanna le m\u00fainteoir\u00ed an lae inniu, n\u00e1r oiri\u00fanach an chr\u00edoch a chuirfeadh Irisleabhar d\u00e1 leith\u00e9id le ceili\u00faradh an ch\u00e9id. D\u2019fh\u00e9adfa\u00ed a leith\u00e9id a chur ar f\u00e1il roimh dheireadh na scoilbhliana seo, mar chuid den cheili\u00faradh. N\u00ed f\u00famsa at\u00e1 s\u00e9 \u00e1fach, molta\u00ed d\u00e1 leith\u00e9id a chur i gcr\u00edch. Sea, agus n\u00e1r bhre\u00e1 an comp\u00e1nach a dh\u00e9anfaidh an tIrisleabhar sin do Stair \u00fad an Chol\u00e1iste, \u201cA Century of Service,\u201d  leis an Athair M\u00e1irt\u00edn \u00d3 hAllmhur\u00e1in, <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> Nach m\u00f3r idir inn\u00e9 agus inniu, n\u00f3 n\u00ed raibh sa Chol\u00e1iste c\u00e9anna sin ach Col\u00e1iste aonsruthach, i l\u00e1r na gcaogaid\u00ed, nuair a t\u00f3gadh an picti\u00far \u00fad a ritheann mar sn\u00e1ithe tr\u00ed sc\u00e9al seo chom\u00f3radh an ch\u00e9id. N\u00ed br\u00e9ag ar bith a r\u00e1, gur fh\u00e1s agus gur fhorbair an Col\u00e1iste c\u00e9anna, \u00f3n am sin i leith, agus gura c\u00e9ad fearr a bheas s\u00e9 ag deireadh an ch\u00e9ad cheid seo. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.8\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Clann Mhuireadhaigh ag ceili\u00faradh A Century of Service by Martin Halloran (St. Muredach\u2019s College 1906 \u2013 2006) Cupla l\u00e1 \u00f3 shin, fuair m\u00e9 c\u00f3ip den leabhar seo tr\u00edd an bpost. Iardhalta dem chuid fh\u00e9in, P\u00e1draig \u00d3 hEadhra, a sheol chugam \u00e9. Is maith a thuig P\u00e1draig go gcuirfinnse suim, agus dh\u00e1 shuim, sa leabhar c\u00e9anna [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12805","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12805","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12805"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12805\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12806,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12805\/revisions\/12806"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12805"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12805"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12805"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}