{"id":12807,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12807"},"modified":"2024-04-08T01:06:03","modified_gmt":"2024-04-08T01:06:03","slug":"i-mbeal-an-phobail-rtfan-lucht-taistil","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-rtfan-lucht-taistil\/","title":{"rendered":"I  mB\u00e9al  an  Phobail.rtfan lucht taistil."},"content":{"rendered":"<h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:16pt\"><span style=\"font-size:18pt\">Saol an mhada bh\u00e1in!  an ea?<\/span><\/h1><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Cine Carthannach<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edl dabht ar domhan ach gur dream carthannach, cabhraitheach iad na h\u00c9ireannaigh. Le f\u00edrinne an r\u00e1itis sin a chruth\u00fa, n\u00edl le d\u00e9anamh againn ach breathn\u00fa ar an gcaoi a thagann siad i gcabhair orthu si\u00fad a dtiteann crann na tubaiste anuas orthu, cuma c\u00e9n c\u00fainne den chruinne ina gc\u00f3na\u00edonn siad. Breathnaigh ar an gcaoi ar chabhraigh siad leis na daoine \u00fad ar chriog an S\u00fanaim\u00ed, tamall \u00f3 shoin, iad, agus n\u00ed hamh\u00e1in go raibh siad s\u00e1sta airgead a chur chucu, ach d\u2019\u00e9irigh leo freisin, earra\u00ed riachtannacha a sheoladh ina dtreo, sea, agus fi\u00fa nach raibh roinnt \u00e1irithe daoine r\u00e9idh le taisteal chomh fada leo, le l\u00e1mh ch\u00fanta a thairiscint d\u00f3ibh, in am a ng\u00e1tair. Smaoinigh freisin ar an gcrith tal\u00fan \u00fad a tharla sa Domhan Thoir, tamall \u00f3 shoin. Ar\u00eds, deineadh chuile dh\u00edcheall anseo ar theacht i gcabhair ar na cr\u00e9at\u00fair \u00fad a cuireadh \u00f3 theach is \u00f3 dh\u00eddean, de thairbhe an chrith tal\u00fan ch\u00e9anna sin. L\u00e9iritear meon cabhraitheach \u00e1r bpobail freisin, sa chaoi a th\u00e9ann na c\u00e9adta misin\u00e9ir amach as an dt\u00edr s\u2019againne, lena nd\u00fathracht, agus lena laethe uilig, a chaitheamh is a \u00eddi\u00fa, i seirbh\u00eds na n-eachtrannach. Sea, agus c\u00e1 bhf\u00e1gfaimis \u00e1r bhf\u00f3rsa\u00ed sl\u00e1nd\u00e1la, a liost\u00e1lann, d\u00e1 ndeoin fh\u00e9in, le tr\u00e9imhse \u00e1irithe a chaitheamh thar s\u00e1ile, ag iarraidh an r\u00e9iteach a dh\u00e9anamh, agus a choinne\u00e1il, i bpobail a bh\u00edonn in adharca a ch\u00e9ile. <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">F\u00edor dhuit!<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ghlacfadh duine ar bith le f\u00edrinne an mh\u00e9id sin, agus n\u00ed h\u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach bheadh orainn a admh\u00e1il freisin, go gcaitheann an t\u00edr seo go fial flaithi\u00fail leo si\u00fad a thagann ar imirce isteach chugainn, n\u00f3 cuirtear idir dh\u00edon agus dh\u00eddean, idir choth\u00fa agus ch\u00fanamh, ar f\u00e1il anseo d\u00f3ibh m\u00e1s tearmann at\u00e1 uathu, agus cuirtear obair oiri\u00fanach ar f\u00e1il d\u00f3ibh si\u00fad a n-\u00e9ir\u00edonn leo cead\u00fanas oibre anseo a fh\u00e1il. Caithfear glacadh leis, \u00e1fach, nach f\u00e9idir le t\u00edr bheag, cos\u00fail le t\u00edr seo na h\u00c9ireann, d\u00edon agus d\u00eddean a chur ar f\u00e1il do chuile dhuine a thagann \u00e1 lorg.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">C\u00e9ard faoin ndream s\u2019againne?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, m\u00e1 ghlacann muid leis an m\u00e9id sin, agus m\u00e1 thugann muid an chreidi\u00faint chu\u00ed do Rialtas agus do mhuintir na t\u00edre seo d\u00e1 bharr sin, ag an am gc\u00e9anna, caithfimid an ts\u00fail eile a chaitheamh ar dhream at\u00e1 i bhfad n\u00edos c\u00f3ngara\u00ed d\u00fainn n\u00e1 na dreamanna a luaigh m\u00e9 thuas. \u00c1r Lucht Taistil fh\u00e9in, an dream \u00fad a fheiceann muid uilig ag cur f\u00fathu amuigh ar thaobh \u00e1r mb\u00f3ithre, i bhfaich\u00ed poibl\u00ed, agus in ionaid nach leo iad, corruair, at\u00e1 i gceist agam anseo. An mbeadh muid fh\u00e9in s\u00e1sta na heachtrannaigh a thagann chugainn, ar th\u00f3ir oibre, n\u00f3 tearmainn, a sheoladh isteach in ionaid d\u00e1 leith\u00e9id? B\u00ed cinnte nach mbeadh, n\u00f3 d\u00e1 nd\u00e9anfadh muid a leith\u00e9id, bheadh na sluaite amuigh ag l\u00e9irsi\u00fa, go  poibl\u00ed, is ag ma\u00edomh, nach raibh siad s\u00e1sta, n\u00f3 leath-sh\u00e1sta fh\u00e9in, cur suas le cur chuige d\u00e1 leith\u00e9id.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach nach bhfuil saol an mhada bh\u00e1in ag an lucht taistil c\u00e9anna sin, ad\u00e9arfadh duine, b\u2019fh\u00e9idir, iad ina gc\u00f3na\u00ed amuigh ansin ar bh\u00f3ithre na Banban, agus gan m\u00e1istir ar bith orthu, n\u00f3 dualgas oibre ar bith a mbadr\u00e1il, ach oiread.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Saol an mhada bh\u00e1in, adeir t\u00fa! Saol an mhada bh\u00e1in, an ea?<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Anois an t-am<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, breathnaigh ar seo. Conas a thaitneodh leatsa c\u00f3na\u00ed a dh\u00e9anamh amuigh ansin ar thaobh an bh\u00f3thair, in \u00e1it nach raibh uisce reatha n\u00f3 leitreachas, s\u00e9arachas n\u00f3 telef\u00f3n, n\u00f3 tada eile d\u00e1 leith\u00e9id ar sconna agat, mar ad\u00e9arf\u00e1. \u00d3! t\u00e1\u2019s a\u2019m go bhfuil cuid den lucht taistil a bhfuil chuile \u00e1is, d\u00e1 nua-aois\u00ed, ar sconna acu cheana f\u00e9in, agus an corrdhuine acu freisin, a mhaireann ar imeall an dl\u00ed, ach n\u00ed f\u00fathusan at\u00e1 m\u00e9, an babhta seo. Is iad an dream at\u00e1 idir cham\u00e1in agam anois, n\u00f3 an dream \u00fad nach dteasta\u00edonn \u00f3 \u00e9inne ionad camp\u00e1la a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh, an dream \u00fad nach gcuirtear f\u00e1ilte U\u00ed Cheallaigh rompu, \u00e1it ar bith. An dream sin a fh\u00e1gtar amuigh, faoi mar ba \u00e9in scoite iad, imeasc an phobail s\u2019againne.<\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Beart Cu\u00ed<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An mar sin a chaitheann muid leis na himircigh a thagann ar chuairt chugainn \u00f3n gcoigr\u00edoch? Nach bhfuil muid s\u00e1sta, chuile \u00e1is n\u00edos fearr n\u00e1 a ch\u00e9ile a chur ar f\u00e1il d\u00f3ibh si\u00fad uilig, b\u00edodh nach bhfuil tearmann tuillte ag chuile dhuine acu. Bhuel, nach bhfuil s\u00e9 thar am againn cuid d\u00e1r bhf\u00e1ltas a roinnt len\u00e1r Lucht Taistil fh\u00e9in, agus Cothrom na F\u00e9inne a thabhairt d\u00f3ibh, feasta? Is cuid d\u00e1r gcine fh\u00e9in iad. T\u00e1 an           t-airgead chuige sin ar f\u00e1il anois. D\u00e9anaimis an beart cu\u00ed, le saol an Lucht Taistil a fheabhs\u00fa, agus le cuid eic\u00ednt d\u00e1r bhfort\u00fan a roinnt leis an mbrainse seo d\u00e1r muintir.<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Saol an mhada bh\u00e1in! an ea? Cine Carthannach N\u00edl dabht ar domhan ach gur dream carthannach, cabhraitheach iad na h\u00c9ireannaigh. Le f\u00edrinne an r\u00e1itis sin a chruth\u00fa, n\u00edl le d\u00e9anamh againn ach breathn\u00fa ar an gcaoi a thagann siad i gcabhair orthu si\u00fad a dtiteann crann na tubaiste anuas orthu, cuma c\u00e9n c\u00fainne den chruinne [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12807","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12807","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12807"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12807\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12808,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12807\/revisions\/12808"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12807"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12807"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12807"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}