{"id":12839,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12839"},"modified":"2024-04-08T01:14:10","modified_gmt":"2024-04-08T01:14:10","slug":"i-mbeal-an-phobail-lisbon-treaty","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-lisbon-treaty\/","title":{"rendered":"I mB\u00e9al an Phobail Lisbon Treaty"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I mB\u00e9al an Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Conradh Lisboa<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Nach beag duine a chasfadh ort, sa l\u00e1 at\u00e1<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> inniu ann, nach bhfuil Conradh Lisboa, n\u00f3 an \u201cLisbon Treaty\u201d ag teacht idir \u00e9 fh\u00e9in agus codladh na ho\u00edche, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gurb \u00e9 an d\u00e1la c\u00e9anna agam fh\u00e9in \u00e9. Fi\u00fa, nach bhfuil an t-\u00e1bhar c\u00e9anna idir cham\u00e1in ag madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, na laethe seo, gan tagairt ar bith a dh\u00e9anamh do na Cait!  Agus nach bhfuil s\u00e9 n\u00e1d\u00fartha go maith an cheist a chur ar an bhfear abhus, agus ar an mbean thall, tuige gur mar sin at\u00e1?  Sea, ach mar adeireadh an tseandream fad\u00f3, is fusa go m\u00f3r ceist a chur n\u00e1 ceist a<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> fhreagairt! Ach sin r\u00e1ite againn, caithfidh muid tabhairt faoi fhreagra na ceiste c\u00e9anna sin a lorg.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Early Days<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">\u00d3 laethe Chonradh na R\u00f3imhe, sa bhliain 1957, i leith, t\u00e1 n\u00e1isi\u00fain na hEorpa ag iarraidh \u00famacha ciallmhara a chur ar th\u00edortha na M\u00f3r-Roinne c\u00e9anna sin, ionas go mbeadh a gcur le ch\u00e9ile, i ndomhan an lae inniu, \u00e1balta cumhacht agus tionchar a chur in \u00e1irithe d\u00f3ibh i measc Chumhachta\u00ed M\u00f3ra an Domhain. Chuige sin, d\u2019\u00e9irigh leo Aontas Eacnama\u00edoch a fhorbairt, i dtosach, agus ar ball, nuair a bh\u00ed sin curtha i gcr\u00edch acu, chuireadar rompu ansin na n\u00e1isi\u00fain uile san Aontas sin a chur ar chomhtharraingt, agus chui<\/span><span style=\"font-size:14pt\">ge sin, bheartaigh siad ar a gc\u00f3rais <\/span><span style=\"font-size:14pt\">airgeadais a aont\u00fa, agus chuige sin, bhunaigh siad an Euro, sa chaoi go mbeadh ar chumas bhaill an Aontais Eorpaigh gn\u00f3 eatarthu fh\u00e9in a dh\u00e9anamh, gan str\u00f3, gan triobl\u00f3id, in aon t\u00edr san Aontas, gan a bheith orthu a gcuid airgid a athr\u00fa \u00f3 ch\u00f3ras airgeadais amh\u00e1in, go c\u00f3ras eile, rud a bh\u00ed costasach, agus triobl\u00f3ideach. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Enter the Euro!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">D\u2019\u00e9irigh leo C\u00f3ras an Euro a chur in \u00fas\u00e1id tr\u00edd an Aontais fr\u00ed ch\u00e9ile, geall leis, i dt\u00fas an aon\u00fa haois fichead. Roimhe sin ar fad, d\u00e1r ndoigh, d\u2019\u00e9irigh leo cearta oibre, agus cead taistil, a chur in \u00e1irithe d\u00e1 Saor\u00e1naigh, i dt\u00edr ar bith san Aontas, a thogr\u00f3id\u00eds, d\u00e1 n-\u00e9ireodh leo post a fh\u00e1il sa t\u00edr sin. Cuireadh c\u00e1ineacha import\u00e1la ar ceal freisin, i measc th\u00edortha an Aontais. Rinneadar chuile iarracht ar na rialacha c\u00e9anna c\u00e1nach agus p\u00e1 a shocr\u00fa don Chomhphobal uilig, agus tr\u00edd is tr\u00edd, d\u2019\u00e9irigh leo sin<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> a chur i gcr\u00edch.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">D\u2019\u00e9irigh le h\u00c9irinn, an Danmhairg, agus an R\u00edocht Aontaithe, f\u00e1il isteach san Aontas, l\u00e1 Coille na bliana 1957. Agus n\u00edl dabht ar domhan, ach go ndeachaigh sin go m\u00f3r chun tairbhe na t\u00edre seo, san idirlinn, agus gan sin, chuile sheans nach mb\u00e9arfa\u00ed an T\u00edogair Ceilteach abhus, ar ball.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach nuair a bh\u00ed sin uilig, agus tuilleadh maith m\u00f3r eile, curtha i bhfeidhm acu, ina gcr\u00edocha, f\u00f3s, n\u00ed raibh siad s\u00e1sta, n\u00f3 leath-sh\u00e1sta fh\u00e9in, mar theastaigh uathu go bhf\u00e9adfa\u00ed an Comhaontas a fheidhmi\u00fa, faoi mar ba Aonad Polait\u00edochta amh\u00e1in \u00e9, agus chuige sin, rinneadh iarracht cheana, le linn d\u2019\u00c9irinn bheith sa diallait, agus Bertie s\u2019againne sa chathaoir, rinneadar iarracht ar Chonradh, a <\/span><span style=\"font-size:14pt\">d\u2019oiri\u00fanfadh d\u00e1 mian, a dr\u00e9acht\u00fa, agus a acht\u00fa, ach, b\u00edodh gur aontaigh ceannair\u00ed na dt\u00edortha \u00e9ags\u00fala san Aontas, go mbeadh an Conradh c\u00e9anna sin chun a s\u00e1sachta-san. <\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Rejection!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Nuair a leagadh os comhair phobail na Fraince, agus na hOllainne \u00e9, i bhfoirm Reifrinn, dhi\u00falta\u00edodarsan d\u00f3, scun scan, agus b\u2019in sin. N\u00edor sh\u00e1saigh sin \u00dadar\u00e1<\/span><span style=\"font-size:14pt\">is an Aontais Eorpaigh \u00e1fach, n\u00f3 m\u00e1 dhi\u00falta\u00edonn t\u00fa do thairiscint \u00e1irithe d\u00e1 gcuid, is \u00e9 a dheineann siad ansin, n\u00f3 an thairiscint ch\u00e9anna a leagan os do chomhair ar\u00eds, ach \u00e9 a bheith gl\u00e9asta i gculaith difri\u00fail an dara babhta! Mar sin, le linn don Phortaing\u00e9il bheith sa diallait, chuireadarsan leagan eile de Chonradh \u00c1tha Cliath os comhair \u00dadar\u00e1is an Chomhaontais, agus glacadh go forleathan, i measc na gCeannair\u00ed, leis an leagan sin, ach an babhta seo, n\u00edor cuireadh os comhair na v\u00f3t\u00f3ir\u00ed i dt\u00edr ar bith \u00e9, <\/span><span style=\"font-size:14pt\">i bhfoirm Reifrinn, ach i gc\u00e1s amh\u00e1in, s\u00e9 sin, i gc\u00e1s na h\u00c9ireann, toisc go leagann an Bhunreacht s\u2019againne s\u00edos \u00e9, nach f\u00e9idir glacadh le Conradh d\u00e1 leith\u00e9id, gan \u00e9 a chur i l\u00e1thair an phobail, i bhfoirm Reifrinn, i dtosach. Sin an f\u00e1th go mbeidh deis ag pobal na t\u00edre seo glacadh leis, n\u00f3 di\u00falt\u00fa d\u00f3, sa Reifreann a eagr\u00f3far anseo, i M\u00ed an Mheithimh.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Don\u2019t  Knows<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">I l\u00e1thair na huaire seo, deir bun\u00fas \u00e1r v\u00f3t\u00f3ir\u00ed nach dtuigeann siad m\u00f3r\u00e1n faoin gConradh nua seo, Conradh Lisboa, agus d\u00e1r nd\u00f3igh, m\u00e1s amhlaidh at\u00e1 an sc\u00e9al acu, is f\u00e9idir a bheith cinnte, go v\u00f3t\u00e1ilfidh a mbun\u00fas san i gcoinne Chonradh <\/span><span style=\"font-size:14pt\">Lisboa. Anois, is f\u00e9idir glacadh leis, go bhfuil na P\u00e1irtithe Polait\u00edochta uilig, taobh amuigh de Shinn F\u00e9in, i bhf\u00e1bhar an Chonartha, ach m\u00e1 t\u00e1 fh\u00e9in, t\u00e1 roinnt \u00e1irithe d\u00e1 mbaill nach bhfuil s\u00e1sta glacadh le treoir a gceannair\u00ed, sa ch\u00e1s \u00e1irithe seo.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Tuige? ad\u00e9arfadh duine b\u2019fh\u00e9idir. Bhuel, t\u00e1 l\u00e1n a\u2019 mh\u00e1la de ch\u00faiseanna chuige sin acu. Deir daoine \u00e1irithe, go gcuirfidh an Conradh nua seo deireadh le Neodracht na t\u00edre seo, neodracht a thug an t\u00edr seo sl\u00e1n \u00f3 shl\u00e9acht agus \u00f3 anr\u00f3 an Dara Chogadh Domhanda. Deir<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> daoine eile, go gcuirfeadh C\u00fairt an Aontais iachall orainn, glacadh le prionsabail \u00e1irithe mor\u00e1lta, nach rincfeadh go rithimeach le dearcadh, n\u00f3 le meon, na muintire s\u2019againne. Sea, agus t\u00e1id ann freisin a d\u00e9arfadh, nach dtabharfa\u00ed cead d\u00fainn \u00e1r r\u00e1ta \u00edseal c\u00e1nach corpar\u00e1id\u00ed a ghearradh feasta, ach go mbeadh ar chumas \u201cna mBoc M\u00f3r\u201d san Aontas, cr\u00f3n\u00e1n ar mhaithe leo fh\u00e9in, agus na c\u00e1nacha sin a ar\u00fa. Agus fi\u00fa, nach bhfuil daoine ann, nach mbeadh s\u00e1sta in aon chor, \u00e1r gCoimisin\u00e9ir a chailli\u00faint ar feadh roinnt<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> \u00e1irithe blianta, ar \u00e1r seal. D\u00e1r leosan, n\u00edl ansin ach an t\u00fas, agus ar ball, beifear \u00e1balta fad a chur leis an t\u00e9arma c\u00e9anna sin.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Cast that vital vote<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach, le cr\u00edoch a chur leis an bp\u00edosa seo, is d\u00f3cha gur mhaith leat a fh\u00e1il amach, c\u00e9ard t\u00e1 beartaithe agam fh\u00e9in a dh\u00e9anamh. Bhuel, seo mar at\u00e1 an sc\u00e9al agamsa. Nuair a thosaigh m\u00e9 ag smaoineamh ar an sc\u00e9al seo, a ch\u00e9aduair, tuigeadh dom, tar \u00e9is dom chuile sh\u00f3rt a chur san \u00e1ireamah, d\u00e1r liom, thuig m\u00e9 go v\u00f3t\u00e1ilfinn <\/span><span style=\"font-size:14pt\">T\u00c1,<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> ach ansin, de r\u00e9ir mar a chuaigh c\u00farsa\u00ed chun tosaigh, agus de r\u00e9ir mar a rinne m\u00e9 an sc\u00e9al a phl\u00e9 le daoine eile, thosaigh amhras ag teacht orm, agus n\u00ed raibh m\u00e9 cinnte ansin c\u00e9ard a dh\u00e9anfainn. D\u2019fh\u00e1g sin, go raibh orm dul siar ar\u00eds ar an sc\u00e9al, agus tuilleadh eolais a fh\u00e1il faoi ch\u00e9ard \u00e9 go d\u00edreach a bh\u00ed sa Chonradh nua sin, agus sin an \u00e1it a bhfuil m\u00e9, i l\u00e1thair na huaire seo. T\u00e1 m\u00e9 i gc\u00e1s idir dh\u00e1 chomhairle, mar ad\u00e9arf\u00e1. N\u00edor mhaith liomsa aon chuid d\u00e1r neamhsple\u00e1chas a ligean ar f\u00e1n uaim, d\u00e1 bhf\u00e9a<\/span><span style=\"font-size:14pt\">dfainn greim d\u00f3ide a choinne\u00e1il air. Nach gcaithfear \u00e1r stair a chur san \u00e1ireamh, le teacht ar chinneadh c\u00f3ir. T\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh, go bhfuil roinnt mhaith d\u00e1r v\u00f3t\u00f3ir\u00ed sa ch\u00e1s c\u00e9anna, agus is \u00e9 mo ghu\u00ed, go mbeidh ar \u00e1r gcumas, teacht ar an gcinneadh ceart, nuair a chuirfidh muid an str\u00f3c sin roimh an <\/span><span style=\"font-size:14pt\">T\u00c1,<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> n\u00f3 roimh an <\/span><span style=\"font-size:14pt\">N\u00cdL<\/span><span style=\"font-size:14pt\">, l\u00e1 \u00fad na cinni\u00fana, ar an dara l\u00e1 d\u00e9ag de Mheithimh na bliana seo.  Ach, an rud is t\u00e1bhachta\u00ed ar fad n\u00f3 dul amach, agus do v\u00f3ta a chaitheamh. Sin an daonlathas agat. Is d\u00f3cha go bhfuil \u00e1r dtodh<\/span><span style=\"font-size:14pt\">cha\u00ed ag brath ar thoradh an Reifrinn ch\u00e9anna seo.      <\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad . Conradh Lisboa Nach beag duine a chasfadh ort, sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann, nach bhfuil Conradh Lisboa, n\u00f3 an \u201cLisbon Treaty\u201d ag teacht idir \u00e9 fh\u00e9in agus codladh na ho\u00edche, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gurb \u00e9 an d\u00e1la c\u00e9anna agam fh\u00e9in \u00e9. Fi\u00fa, nach bhfuil an t-\u00e1bhar [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12839","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12839","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12839"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12839\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12840,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12839\/revisions\/12840"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12839"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12839"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12839"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}