{"id":12849,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12849"},"modified":"2024-04-08T01:06:46","modified_gmt":"2024-04-08T01:06:46","slug":"i-mbeal-an-phobail-an-te-ta-thios","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/i-mbeal-an-phobail-an-te-ta-thios\/","title":{"rendered":"I mBeal an Phobail, An te ta thios,"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/span><\/strong><\/p><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/h1><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">Partners  and  Pay ?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cNach bhfuil a fhios ag madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, go bhfuil an t\u00f3<\/span><span style=\"font-size:14pt\">in i ngeall le bheith tite as Eacnama\u00edocht na t\u00edre s\u2019againne, i l\u00e1thair na huaire seo?\u201d arsa mo sheanchara, S\u00e9im\u00ed a\u2019 Droichid, liom, an l\u00e1 faoi dheireadh, agus muid beirt suite chun boird, ar \u00e1r s\u00e1imh\u00edn s\u00f3, i bProinnteach an Phunc\u00e1in, anseo i l\u00e1r na Cathrach \u00c1ille.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cAgus c\u00e9ard ba ch\u00fais leis an dtubaiste sin uilig, a Sh\u00e9im\u00ed, a chara\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in, agus m\u00e9 ag iarraidh an sc\u00e9al a mhealladh as.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\"> \u201cTionscail na t\u00f3g\u00e1la a land\u00e1il an buille ba mheasa, d\u00edreach ar smig shaol tionsclach na t\u00edre seo. Caithfear a admh\u00e1il, i dtosach, go raibh eacnama\u00edocht na t\u00edre seo ag brath an iomarca ar an dtionscal c\u00e9anna sin. Bh\u00ed na m\u00edlte agus na m\u00edlte ag saothr\u00fa a gcoda ar an mbuilde\u00e1il, agus bh\u00ed an St\u00e1t ag brath ar na c\u00e1nacha iomad\u00fala a chr\u00faigh s\u00e9 as b\u00f3 seo na t\u00f3g\u00e1la. Bh\u00ed de thoradh ar na c\u00farsa\u00ed sin uilig, n\u00f3 go ndeachaigh praghas na dtithe sa t\u00edr seo suas d\u00edreach tr\u00ed dh\u00edon na c\u00e9ille, agus thuigfeadh an leath-amad\u00e1n <\/span><span style=\"font-size:14pt\">fh\u00e9in, nach bhf\u00e9adfa\u00ed bheith ag s\u00fail, go leanfadh an bh\u00f3 sin ag t\u00e1l chomh fl\u00fairseach, fairsing, c\u00e9anna sin, ar \u00dadar\u00e1is an St\u00e1it s\u2019againne, go L\u00e1 Philip a\u2019 Chleite. Agus n\u00edor dhein, n\u00f3 faoi mar is eol do ch\u00e1ch anois, t\u00f3gadh an iomarca tithe, agus ar deireadh thiar, n\u00ed raibh an glaoch ag coinne\u00e1il cois ar chois le huimhir na dtithe a bh\u00ed \u00e1 dt\u00f3g\u00e1il. Ag an bpointe sin, <\/span><span style=\"font-size:14pt\">thit an bior\u00e1n, agus cluineadh an trup sa Domhan Thoir fh\u00e9in, agus dh\u00faisigh an trup c\u00e9anna sin daoine as a dtromshuan. Stop an ceannacht buile, <\/span><span style=\"font-size:14pt\">agus tosa\u00edodh ar phraghas na dtithe a \u00edsli\u00fa, ag iarraidh an margadh a spreagadh ar\u00eds, ach, faoin am sin, bh\u00ed s\u00e9 r\u00f3-mhall, bh\u00ed an cat lighte as an m\u00e1la, agus tuigeadh go raibh deireadh leis an mustar, agus ba ghearr ina dhiaidh sin gur thosaigh daoine ag c\u00fabadh chucu, agus ag coinne\u00e1il greim daingean ar shreanga a spar\u00e1in. <\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Cut-backs followed<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ba ghearr gur tosa\u00edodh ar an ngearradh siar, ar an sp\u00e1r\u00e1il do l\u00e1 na coise tinne, ar an mbata agus ar an mb\u00f3thar a thabhairt do na hoibrithe t\u00f3g\u00e1la, go dt\u00ed sa deireadh, gur tuigeadh, nach raibh an t-airgead ag doirteadh isteach i spar\u00e1n do-l\u00edonta an St\u00e1it, faoi mar a bh\u00edodh, le breis is sc\u00f3r bliain roimhe sin, agus bh\u00ed a thoradh fh\u00e9in ar an dtarl\u00faint ch\u00e9anna sin, agus ba \u00e9 sin n\u00f3 gur shocraigh an St\u00e1t ar ghearadh siar ar a chaiteachas, toisc nach raibh an f\u00e1ltas c\u00e9anna airgid le f\u00e1il sa spar\u00e1n c\u00e9anna sin. S<\/span><span style=\"font-size:14pt\">hocraigh an St\u00e1t ar leath bhilli\u00fain n\u00edos l\u00fa a chaiteamh ar sheirbh\u00eds\u00ed, idir seo is deireadh na bliana seo, agus a dh\u00e1 oiread sin a ghearradh as bhuis\u00e9ad na bliana seo chugainn.\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cAch, a Sh\u00e9im\u00ed, nach raibh a l\u00e1n c\u00faiseanna eile leis an dtubaiste eacnama\u00edoch sin, seachas r\u00f3-th\u00e1irgeadh tithe ag tionscal na t\u00f3g\u00e1la abhus. C\u00e9ard faoi phraghas na hola, agus c\u00e9ard faoi fhadhbanna creidmheasa bhainc Mheirice\u00e1, n\u00f3 fi\u00fa, c\u00e9ard faoi ch\u00farsa\u00ed ioma\u00edochta i dt\u00e1irgeadh earra\u00ed?\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cT\u00e1 sin go bre\u00e1 ar fad\u201d ar seisean, \u201cagus d\u2019aont\u00f3dh duine ciallmhar ar bith go raibh g\u00e1 le c\u00fabadh chugainn, agus gearradh siar, ach is \u00ed an \u00e1it a tharla\u00edonn an t-easaontas n\u00f3 nuair a deintear iarracht a shocr\u00fa, c\u00e9 bheidh th\u00edos leis na ngearradh siar uilig seo. <\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Roinnt na Caill\u00ed !<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Is \u00e9 adeir dream amh\u00e1in n\u00f3 gur ch\u00f3ir go dtitfeadh an crann sin ar lucht an airgid, n\u00f3 ba iad a chr\u00faig b\u00f3 an St\u00e1it, nuair a bh\u00ed s\u00ed ag t\u00e1l chomh fl\u00fairseach sin, le linn laethe an T\u00edogair Cheiltigh, ach m\u00e1 sea, n\u00ed aont\u00f3dh lucht an airgid leis an gcinneadh sin, n\u00f3 d\u00e1r leosan, orthusan a bheidh an todhcha\u00ed ag brath, ag s\u00fail go nd\u00e9anfadh siadsan a gcuid airgid a infheisti\u00fa in eacnama\u00edocht na t\u00edre seo ar\u00eds, leis an T\u00edogar a mhealladh ar ais chugainn athuair. Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, is \u00e9 adeir dream eile f\u00f3s,<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> n\u00f3 gur ch\u00f3ir gur ar an lucht oibre, agus ar na St\u00e1tsheirbhisigh go h\u00e1irithe, a thitfeadh an crann, n\u00f3 sa tsl\u00ed sin, d\u2019fh\u00e9adfadh tionscl\u00f3ir\u00ed an St\u00e1it seo dul in ioma\u00edocht ar\u00eds le tionscl\u00f3ir\u00ed an domhain mh\u00f3ir, agus murar f\u00e9idir linn dul in ioma\u00edocht leosan, bhuel, ansin beidh muid uilig in umar na haimil\u00e9ise, agus an cluiche caillte againn, cheana f\u00e9in. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">N\u00edl dabht ar domhan ach go bhfuil sl\u00e1im\u00edn den bhf\u00edrinne ag an d\u00e1 dhream sin, ach t\u00e1 s\u00e9 chomh soil\u00e9ir c\u00e9anna nach f\u00e9idir linn freastal ar an d\u00e1 thr\u00e1.\u201d<\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Whither Now?<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cAch cad is f\u00e9idir linn a dh\u00e9<\/span><span style=\"font-size:14pt\">anamh mar sin?\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in, n\u00f3 tuigeadh dom, ag an bpointe sin, nach raibh mo Sh\u00e9im\u00ed c\u00f3ir ag \u00e9isteacht liom in aon chor, agus bheartaigh m\u00e9 ar a cheann a ligint leis.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cBhuel,\u201d ar seisean, \u201cd\u00e1 mbeadh Solamh de chineal eic\u00ednt againn, d\u2019fh\u00e9adfadh seisean idirbhearta\u00edocht a dh\u00e9anamh, sa tsl\u00ed go dtuigfeadh an d\u00e1 dhream sin, go rabhthas ag g\u00e9illeadh d\u00f3ibhsean, agus sa tsl\u00ed sin, d\u2019fh\u00e9adfa\u00ed teacht ar chomhr\u00e9iteach a sh\u00e1s\u00f3dh an d\u00e1 bhu\u00edon. Murar f\u00e9idir linn a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh, bhuel, is f\u00e9idir linn uilig ansin <\/span><span style=\"font-size:14pt\">dul ag feada\u00edl, n\u00f3 n\u00ed bheidh todhcha\u00ed, gurbh fhi\u00fa tr\u00e1cht air, in nd\u00e1n feasta d\u2019\u00e9inne in \u00c9irinn iathghlas oile\u00e1nach.\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cBhuel, t\u00e1 s\u00fail agam, mar sin, go mbeidh na P\u00e1irtithe S\u00f3isialta \u00e1balta, agus s\u00e1sta, teacht ar chomhr\u00e9iteach a dh\u00e9anfaidh an pobal s\u2019againne a shl\u00e1n\u00fa, agus todhcha\u00ed corraitheach, tairbheach, a chur ar f\u00e1il d\u00fainn uilig. N\u00e1ra fada uainn an socr\u00fa c\u00e9anna sin.\u201d<\/span><\/p><h2 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Hope Springs Eternal<\/h2><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Sa tsl\u00ed sin, chuir m\u00e9 cr\u00edoch leis an agallamh le S\u00e9im\u00ed bocht a\u2019 Droichid, n\u00f3 tuigeadh dom, nach mbeadh againn, uaidh sin amach, ach comhr\u00e1 na mbodhar, muid ag cur c\u00farsa\u00ed tr\u00ed ch\u00e9ile, ach gan S\u00e9im\u00ed bocht s\u00e1sta \u00e9isteacht le harg\u00f3int ar bith a bheadh ag teacht trasna ar a dhearcadh fh\u00e9in! <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">D\u2019fh\u00e1g m\u00e9 slan aige ansin ar an bpointe, agus thug mo bh\u00f3thar abhaile orm fh\u00e9n, agus \u00e1bhar smaointe, agus arg\u00f3na, tugtha ag mo Sh\u00e9im\u00ed c\u00f3ir dom. N\u00e1r laga an R\u00ed fh\u00e9in \u00e9 sna laethe at\u00e1 romhainn amach!<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Partners and Pay ? \u201cNach bhfuil a fhios ag madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, go bhfuil an t\u00f3in i ngeall le bheith tite as Eacnama\u00edocht na t\u00edre s\u2019againne, i l\u00e1thair na huaire seo?\u201d arsa mo sheanchara, S\u00e9im\u00ed a\u2019 Droichid, liom, an l\u00e1 faoi dheireadh, agus muid beirt suite chun boird, [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12849","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12849","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12849"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12849\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12850,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12849\/revisions\/12850"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12849"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12849"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12849"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}