{"id":12917,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12917"},"modified":"2024-04-08T01:07:45","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:45","slug":"l-e-a-b-h-a-r-s-u-i-m-i-u-i-l-s-t-a-i-r-e","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/l-e-a-b-h-a-r-s-u-i-m-i-u-i-l-s-t-a-i-r-e\/","title":{"rendered":"L e a b h a r    S u i m i \u00fa i l     S t a i r e"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">L e a b h a r    S u i m i \u00fa i l     S t a i r e.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">******************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\"><strong>O n    T h e     B a n k s    o f    t h e     N o r e <\/strong><\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">             St.    F i a c h r e \u2018s     L a n d<\/span><\/strong><span style=\"font-size:14pt\">              &#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;<\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Foilsithe ag &#8230;.St. Fiachre\u2019s by the Nore Historical Committee. 2002&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Curtha in eagar ag&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.Michael O\u2019Dwyer.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">*******************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar an 30\u00fa l\u00e1 d\u2019I\u00fail na bliana seo 2002, ag a hocht a chlog um thr\u00e1thn\u00f3na, is ea bh\u00ed an gabhar \u00e1 r\u00f3stadh anseo i gCill Chainnigh, n\u00f3 ba san \u00e1it sin, ag an am sin, a seoladh an leabhar sp\u00e9isi\u00fail seo, sa Springhill Court Hotel.  Mrs Teresa Mullen, Cathaoirleach Chomhairle Chill Chainnigh, a rinne an beart.  Fuair m\u00e9 fh\u00e9in cuireadh bheith i l\u00e1thair don \u00f3c\u00e1id, ach ar an droch uair, n\u00ed raibh ar mo chumas bheith ar an bhf\u00f3d don \u00f3c\u00e1id stairi\u00fail sin, ach fuair m\u00e9 c\u00f3ip den leabhar, l\u00e9igh m\u00e9 \u00e9, agus seo chugaibh m\u00e9 anois le p\u00edosa na seachtaine seo, bunaithe ar an leabhar nuafhoilsithe sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00e1 tabhair do bhreith ar leabhar i ngeall ar a chl\u00fadach, adeirtear, bhuel, caithfidh gur eisceacht at\u00e1 sa leabhar seo, n\u00f3 is mealltach, maisi\u00fail, taitneamhach \u00e9 an cl\u00fadach at\u00e1 air, le picti\u00far de Theach Sheestown, a leagadh sa bhliain 1883, chun tosaigh, agus piciti\u00far de chros agus de ch\u00e9imeanna Thobar Fhiachra, ar a ch\u00fal.  Is m\u00f3r an maisi\u00fa ar an leabhar na cl\u00fadaigh ch\u00e9anna sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is d\u00f3cha,  i nd\u00e1ir\u00edre, gurb \u00ed Mrs Mary Tallent agus a Coiste, a bh\u00ed taobh thiar den obair go l\u00e9ir a bhain leis an leabhar seo a chur i dtoll a ch\u00e9ile, agus nuair a bh\u00ed a dtaighde d\u00e9anta acu, bh\u00ed an t-\u00e1dh orthu go raibh Michael O\u2019Dwyer s\u00e1sta eagar a chur ar an leabhar sin d\u00f3ibh, n\u00f3 bheadh s\u00e9 deacair eagarth\u00f3ir n\u00edos oilte, n\u00edos eolgais\u00ed, n\u00f3 n\u00edos cleachta ar an gcine\u00e1l seo oibre a fh\u00e1il, n\u00e1 an fear l\u00e9annta c\u00e9anna sin, n\u00f3 cheana f\u00e9in, t\u00e1 eagar curtha aige ar mh\u00e1m maith leabhar, arbh \u00ed an stair \u00e1iti\u00fail is cusp\u00f3ir agus is aidhm d\u00f3ibh, agus chuile ceann de na leabhair sin n\u00edos fearr n\u00e1 an ceann eile.  Deir Miche\u00e1l linn san eagarfhocal, nach raibh an oiread sin eolais aige faoin d\u00fathaigh seo, n\u00f3 faoina stair, sular thosaigh s\u00e9 ar an bhfiontar seo, ach deir s\u00e9 freisin, gur \u00e9irigh leo \u00e9 a chur ar an eolas gan m\u00f3r\u00e1n moille.  F\u00e9ach mar a chuireann s\u00e9 fh\u00e9in \u00e9&#8230;.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">I was not partucularly familiar with the area or with its history.  However, the enthusiasm of Mrs Mary Tallent and her committee was such that I became very interested in their project&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, deir Mrs Mary Tallent linn, gur th\u00e1inig s\u00ed fh\u00e9in go Sheestown, sa bhliain 1946.  Ph\u00f3s s\u00ed duine de mhuintir Tallent, cine a raibh \u00e1itreamh orthu sa limist\u00e9ar sin, le dh\u00e1 ch\u00e9ad go leith bliain.  Bh\u00ed an-sp\u00e9is acusan ina nd\u00fathaigh fh\u00e9in agus i sc\u00e9al Naomh Fhiachra freisin, n\u00f3 ba den d\u00fathaigh sin cois Feoire an Naomh c\u00e1ili\u00fail, cr\u00e1ifeach, sin freisin.  Athmh\u00fascla\u00edodh sp\u00e9is i saol an naoimh sin, in \u00f3ige na haoise seo caite, agus th\u00e1inig f\u00e1s agus forbairt ar an sp\u00e9is sin thar na blianta.  Ach le roinnt blianta anuas, theastaigh \u00f3 mhuintir na h\u00e1ite sin, leabhar, ina mbeadh sc\u00e9al an naoimh agus stair na d\u00faiche, a chur ar f\u00e1il, agus b\u2019in a spreag iad leis an dtionscadal seo a chur i gcr\u00edch.  Bh\u00ed \u00e1thas orthu gur \u00e9irigh leo eagarth\u00f3ir chomh hoilte le Miche\u00e1l, a fh\u00e1il, leis an eagarth\u00f3ireacht a dh\u00e9anamh d\u00f3ibh,  F\u00e9ach mar a chuireann Mary Tallent \u00e9, ina r\u00e9amhr\u00e1&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">The committee are very grateful to our editor, Michael O\u2019Dwyer, for the interest he took in our project and for the hard work and enthusiasm that he showed in bringing about this publication.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sin mar a tharla go bhfuil an leabhar bre\u00e1 suimi\u00fail seo leagtha os \u00e1r gcomhair anois ag na daoine d\u00edograiseacha c\u00e9anna sin.  N\u00e1r laga an R\u00ed iad, agus n\u00e1ra fada go mbeidh tuilleadh d\u00e1 saothar le l\u00e9amh againn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed call dom a r\u00e1, gur l\u00e9itheoireacht \u00e9igeantach \u00e9 an leabhar seo, do Chainneach ar bith, cuma c\u00e1 bhfuil c\u00f3na\u00ed air, n\u00f3 uirthi, agus fi\u00fa, nach d\u00edol suime \u00e9 freisin do dhuine ar bith eile? n\u00f3 n\u00e1r th\u00e1inig \u00e1r mbun\u00fas \u00f3 bhailte, n\u00f3 \u00f3 bhailte fearainn, n\u00f3 \u00f3 fheirmeacha, cos\u00fail leis na bailte agus na bailte fearainn agus na feirmeacha at\u00e1 idir cham\u00e1in acu sa leabhar seo.  N\u00e1r bhre\u00e1 an brontannas Nollag a dh\u00e9anfadh an leabhar seo do Chainneach ar bith, b\u00edodh c\u00f3na\u00ed air sa mbaile, n\u00f3 i gc\u00e9in?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il gur bre\u00e1 liom fh\u00e9in a bhfuil d\u2019eolas le f\u00e1il ann, faoi \u00e1iteacha timpeall orm, \u00e1iteacha cos\u00fail le Warrington, Sheestown, Kilfera, Wallslough, Archersgrove, Kilree, n\u00f3 caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, nach raibh an oiread sin ar fad foghlamtha agamsa faoi na bailte sin, ach tar \u00e9is dom an leabhar seo a l\u00e9amh, caithfidh m\u00e9 a r\u00e1, gur m\u00fascla\u00edodh m\u2019fhiosracht athuair, agus anois, t\u00e1 fonn orm dul amach agus tuilleadh a fhoghlaim faoi na h\u00e1iteacha c\u00e9anna sin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuir m\u00e9 sp\u00e9is freisin, i sc\u00e9al na can\u00e1ileach \u00fad, agus faoin chaoi ar dheonaigh Teach Fheise na h\u00c9ireann \u00a310,000, sa bhliain 1755, le can\u00e1il a th\u00f3g\u00e1il, mar cheangal idir Chathair Chill Chainnigh agus Inis Teog.  Faoin mbliain 1759, deona\u00edodh \u00a34,000 eile, leis an dtionscadal a chur chun cinn.  Ach bh\u00ed an obair an chostasach, agus faoin mbliain 1786, bh\u00ed an ciste ar fad \u00eddithe, agus tugadh bata agus b\u00f3thar d\u00f3ibh si\u00fad a ceapadh leis an dtionscnamh a chur i gcr\u00edch.  Go gairid ina dhiaidh sin, cuireadh cr\u00edoch leis an ngn\u00f3 ar fad, agus is beag at\u00e1 f\u00e1gtha againn anois, leis an bplean samhla\u00edoch, corraitheach, sin, a thabhairt chun cuimhne, ach amh\u00e1in, b\u2019fh\u00e9idir, an Canal Walk, at\u00e1 ansin f\u00f3s, le cuimhne an tionscadail chorraithigh sin a choinne\u00e1il glas do ghl\u00fan nach bhfuil tuiscint d\u00e1 laghad acu ar fh\u00e9idireachta\u00ed, n\u00f3 ar impleachta\u00ed, na can\u00e1la c\u00e9anna sin. F\u00e9ach mar a chr\u00edochna\u00edtear an chaibidil sin&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">The work was finally abandoned and very little now remains of the great project, but the Canal Walk is a constant reminder of what might have been.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, mh\u2019anam, chuile uair feasta a shi\u00falfaidh t\u00fa fan an chas\u00e1in ch\u00e9anna sin, smaoineoidh t\u00fa ar an bhf\u00eds \u00fad n\u00e1r f\u00edora\u00edodh riamh, agus  nach bhf\u00edor\u00f3far anois go deo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 p\u00edosa bre\u00e1 sa leabhar seo freisin, faoi Otway Frederick Seymour Cuffe, p\u00edosa is d\u00edol sp\u00e9ise do Chainneach ar bith.  Th\u00e1inig Thomas Cuffe go h\u00c9irinn, a ch\u00e9aduair, le harm Chromwell, agus mar \u00edoca\u00edocht as a sheirbh\u00eds, bronnadh tailte Chommerford i Castleinch air.  D\u2019\u00e9irigh go maith lena mhuintir anseo, agus bronnadh an teideal Iarla Desart ar dhuine acu sa mbliain 1796.  Bhain cuid acu c\u00e1il amach d\u00f3ibh fh\u00e9in freisin, i saol polait\u00edochta Chill Chainnigh.  Mhair an tr\u00ed\u00fa hIarla ag Desart Court, agus fuair s\u00e9 b\u00e1s sa bhliain 1865.  N\u00edor mhair an ceathr\u00fa hIarla r\u00f3-fhada i dteach na muintire \u00e1fach, n\u00f3 chaith seisean an chuid ba mh\u00f3 da shaol i gc\u00e9in.  Mhair an c\u00faigi\u00fa hIarla abhus \u00e1fach, agus chuir bail ar\u00eds ar theach a mhuintire.  N\u00ed raibh aon sliocht ar an gc\u00faigi\u00fa hIarla \u00e1fach, agus thuig a dhearth\u00e1ir, Otway Frederick Seymour, go dtitfeadh an Iarlacht ar a chrann seisean, d\u00e1 bhfaigheadh a dhearth\u00e1ir b\u00e1s, agus mar ullmh\u00fach\u00e1n chuige sin, d\u2019fhill s\u00e9 ar \u00c9irinn, agus chuir faoi i Sheestown House.  Ba dhuine         an-neamhghn\u00e1ch, \u00e9 an fear c\u00e9anna seo, ina l\u00e1.  Chuir s\u00e9 suim, agus dh\u00e1 shuim, i scr\u00edbhinn\u00ed agus i ndearcadh Standish O Grady.  Ba mh\u00f3r a shuim freisin i dteanga, agus i gcult\u00far na nGael.  Ghlac s\u00e9 p\u00e1irt ghn\u00edomhach i saol an phobail i gCill Chainnigh, agus i Sheestown, agus bhunaigh s\u00e9 cumainn l\u00fathchleasa, agus cumainn aisteoireachta freisin.  Bh\u00edodh dr\u00e1ma\u00ed \u00e1 l\u00e9iri\u00fa aige amuigh ag Sheestown.  F\u00e9ach mar a scr\u00edobhadh sa Kilkenny Moderator, ar l\u00e1 Coille na bliana 1902.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">On Sunday night last a concert and dramatic entertainment under the auspices of the local gaelic class and its highly esteemed patron, Captain Cuffe, was given in the Sheestown schoolhouse.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Dheint\u00ed dr\u00e1ma\u00ed a l\u00e9iri\u00fa, amuigh faoin aer freisin, agus bh\u00edodh na sluaite i l\u00e1thair ar na h\u00f3caid\u00ed sin.  Breathnaigh ar an bp\u00edosa seo, as an Moderator ar\u00eds, don 15 L\u00fanasa 1902, thart ar ch\u00e9ad bliain \u00f3 shoin anois! <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Close on 2000 people were present  at the production of Standish O Grady\u2019s new play at Sheestown on the Demesne attached to Otway Cuffe\u2019s house<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sea, mh\u2019anam, n\u00edor ghn\u00e1thdhuine \u00e9 an Otway Cuffe sin. Bh\u00ed s\u00e9 taobh thiar den Amharclann nua a t\u00f3gadh i Sr\u00e1id Ph\u00e1draig, i gCill Chainnigh, amharclann a oscla\u00edodh don phobal, ar an 27\u00fa Deireadh F\u00f3mhair, 1902.  Ba \u00ed Lady Desart a mhaoinigh a tionscadal sin ar fad.  Rinne Otway chuile iarracht freisin, ar thionscal d\u00fachasach a fhorbairt agus a choth\u00fa.  I gcomhar le Lady Desart, th\u00f3g s\u00e9 na muilte olla, ar \u201cBleach Road\u201d, agus b\u2019iad freisin, ba ch\u00fais le t\u00f3g\u00e1il an bhaile eiseaml\u00e1rach sin ag Inse an Talb\u00f3idigh.  Ar deireadh, bhris ar a shl\u00e1inte, agus fuair s\u00e9 b\u00e1s i Freemantle, ar an 2 Eanair, sa bhliain 1912.  Chaill Cill Chainnigh cara d\u00edlis, agus p\u00e1tr\u00fan flaithi\u00fail, nuair a sciob an b\u00e1s an s\u00e1rfhear uasal \u00fad uathu, agus nach beag a chloistear faoi, na laethe seo, go h\u00e1irithe, nuair a smaoin\u00edonn t\u00fa, go raibh s\u00e9 thar a bheith gn\u00edomhach sa d\u00fathaigh seo, c\u00e9ad bliain d\u00edreach \u00f3 shoin, anois.  Nach mbeadh duine ag s\u00fail, go mbeadh com\u00f3radh de chine\u00e1l eic\u00ednt ar si\u00fal, in \u00e1r measc, i gcuimhne seo an ch\u00e9id.  B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil dul am\u00fa orm, agus b\u2019fh\u00e9idir go bhfuil a leith\u00e9id de chom\u00f3radh socraithe cheana f\u00e9in, ag Bardas na Cathrach, agus ag Comhairle an Chontae seo.  Feicfimid amach anseo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 p\u00edosa\u00ed sp\u00e9isi\u00fala eile sa leabhar seo freisin, p\u00edosa faoi Naomh Fiachra, agus chuile sh\u00f3rt a bhaineann lena thobar, agus lena chill, agus n\u00ed call dom a insint daoibh, gurb \u00e9 an 30\u00fa L\u00fanasa L\u00e1 Fh\u00e9ile Fiachra, agus gur \u00f3c\u00e1id t\u00e1bhachtach \u00e9 sin, chuile bhliain, ag muintir na d\u00faiche seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">T\u00e1 sc\u00e9alta eile ann faoi ch\u00farsa\u00ed b\u00e9aloidis, agus a leith\u00e9id, ar d\u00edol sp\u00e9ise iad don l\u00e9itheoir freisin.  Ach caithfidh m\u00e9 an chuid eile den leabhar taitneamhach seo a fh\u00e1g\u00e1il f\u00faibh fh\u00e9in, n\u00f3 t\u00e1 s\u00e9 in am domsa clabhs\u00far a chur ar an bp\u00edosa seo. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An-bhu\u00edochas tuillte acu si\u00fad a chuir an leabhar seo i dtoll a ch\u00e9ile, agus comhghairdeas tuillte freisin, ag na Modern Printers, as a fheabhas is a chuireadar cl\u00f3 ar an saothar seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00ed cinnte go bhfaighidh t\u00fa fhein do ch\u00f3ip den saothar seo in am, n\u00f3 t\u00e1 m\u00e9 cinnte, go mbeidh an-r\u00e1chairt air, amach anseo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">  ******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">*******************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>L e a b h a r S u i m i \u00fa i l S t a i r e. . ****************************** . O n T h e B a n k s o f t h e N o r e St. F i a c h r e \u2018s L a n [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12917","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12917","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12917"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12917\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12918,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12917\/revisions\/12918"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12917"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12917"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12917"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}