{"id":12933,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12933"},"modified":"2024-04-08T02:07:49","modified_gmt":"2024-04-08T02:07:49","slug":"laethe-na-bo-riabhai","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/laethe-na-bo-riabhai\/","title":{"rendered":"laethe na bo riabhai"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Laethanta na B\u00f3 Riabha\u00ed<\/h1><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Ag smaoineamh ar ph\u00edosa na seachtaine seo a chur i dtoll a ch\u00e9ile a bh\u00ed m\u00e9, an l\u00e1 faoi dheireadh, nuair a scannraigh clog an dorais m\u00e9. Duine eic\u00ednt amuigh, agus a mh\u00e9ar coinnithe ar chnaipe an chloig aige, faoi mar a bheadh an riach fh\u00e9in sa t\u00f3ir air. Chuir m\u00e9 uaim mo pheann is mo n\u00f3ta\u00ed, agus as go br\u00e1ch liom chuig an doras tosaigh, f\u00e9achaint c\u00e9n bhroid a bh\u00ed ar an t\u00e9 \u00fad a bh\u00ed amuigh. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Nuair a d\u2019osail m\u00e9 an doras, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il gur baineadh stangadh asam, n\u00f3 c\u00e9 bheadh ansin, ina staic, ar lic mo dhorais agam, ach mo Sh\u00e9im\u00ed bre\u00e1 a\u2019 Droichid, ach m\u00e1 ba ea fh\u00e9in, chuir s\u00e9 ionadh an domhain orm chomh pr\u00e9achta is a bh\u00ed an fear bocht.<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cTar isteach, a Sh\u00e9im\u00ed\u201d, arsa m\u00e9 fh\u00e9in leis, \u201cd\u00e9arfainn go bhfuil t\u00fa pr\u00e9achta, n\u00f3 t\u00e1 a chuma sin ort, ar aon n\u00f3s.\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">\u201cAbair \u00e9! n\u00f3 i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed pr\u00e9achta at\u00e1 m\u00e9 ach sioctha, reoite, agus cuirfidh m\u00e9 cnaipe leat, gurb annamh a thagann l\u00e1 chomh fuar feanntach leis, an tr\u00e1th seo bliana\u201d<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cBhuel, t\u00e1 morc m\u00f3r tine againn sa seomra seo istigh, buail isteach agus suigh s\u00edos ansin ina haice, agus geallaimse dhuit \u00e9, go nd\u00e9anfaidh s\u00e9 sin th\u00fa a chascairt i ngearraimsir.\u201d<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">G\u00e1illeog den Stuif Chrua<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Isteach leis, agus ba ghearr go raibh c\u00fal curtha aige ar an bhfuacht, agus \u00e9 ag teacht chuige fh\u00e9in. Ach lena theacht-chuige-fh\u00e9in a dheifri\u00fa, l\u00edon m\u00e9 fh\u00e9in g\u00e1illeog den stuif chrua, as an gcuinneog, agus thairg d\u00f3 \u00e9. N\u00ed raibh orm aon tathaint a dh\u00e9anamh air, n\u00f3 ba bheag n\u00e1r sciob s\u00e9 an gloine as mo l\u00e1imh, agus scaoil siar ina chraos \u00e9, d\u2019aon shlog amh\u00e1in. Thug an ghloine ar ais dom, bhain searradh as fh\u00e9in, shuigh siar sa chathaoir agus cuma na s\u00e1stachta air.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">\u201cT\u00e1 s\u00e9 fuar amuigh\u201d arsa m\u00e9 fh\u00e9in, agus m\u00e9 ag iarraidh sc\u00e9al n\u00f3 duan a mhealladh as.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cB\u00ed ag caint ar fuar! N\u00ed d\u00f3igh liom, gur chuimhin liom fh\u00e9in Geimhreadh chomh crua, feannaideach, leis, \u00f3 th\u00e1inig ann dom, ach chuala m\u00e9 na seandaoine ag r\u00e1, go raibh Geimhreadh crua, righin acu sa bhliain 1947.\u201d<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Geimhreadh crua righin<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cD\u2019fh\u00e9adf\u00e1 Geimhreadh crua righin a thabhairt ar an nGeimhreadh c\u00e9anna sin, gan dabht, n\u00f3 mhair s\u00e9 \u00f3 Eanair na bliana sin go dt\u00ed dh\u00e1 l\u00e1 i ndiaidh L\u00e1 \u2019le P\u00e1draig, agus leis an sc\u00e9al a dh\u00e9anamh n\u00ed<\/span><span style=\"font-size:14pt\">os measa ar fad, an bhliain sin, bh\u00ed sneachta ar an dtalamh \u00f3 Mh\u00ed Feabhra go dt\u00ed gur thosaigh s\u00e9 ag cascairt, ar L\u00e1 \u2019le P\u00e1draig na bliana sin. N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, nach raibh c\u00farsa\u00ed chomh heagraithe an tr\u00e1th sin is at\u00e1 siad inniu. N\u00f3 n\u00ed raibh an t\u00edr ach ag teacht chuici fh\u00e9in, i ndiaidh an Chogaidh Mh\u00f3ir, ag an am. Bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in ag cur f\u00fam i gCol\u00e1iste C\u00f3naithe an bhliain sin, agus n\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, n\u00e1rbh \u00e9 saol an mhada bh\u00e1in a bh\u00ed againn, in <\/span><span style=\"font-size:14pt\">ionad d\u00e1 leith\u00e9id, ag an am sin. Ach, sin uilig r\u00e1ite, admhaithe, nach f\u00edor <\/span><span style=\"font-size:14pt\">freisin, go bhfuil Geimhreadh na bliana seo 2010, n\u00edos righne n\u00e1 Geimhreadh na bliana c\u00e9anna \u00fad \u201947, c\u00e9 go nd\u00e9arfa\u00ed nach bhfuil s\u00e9 chomh crua leis.\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cTagaim leat sa mh\u00e9id sin, ach cogar m\u00e9 seo leat, agus nach crua, fuar, an aimsir at\u00e1 againn le scathamh anuas. N\u00ed haon ionadh go bhfuil na daoine \u00f3ga ag r\u00e1, go bhfuil c\u00farsa\u00ed aer\u00e1ide, agus aimsire, imithe as alt ar fad, na laethe seo.\u201d <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cBhuel! T\u00e1 agus n\u00edl. N\u00edl dabht ar bith ann ach go bhfuil c\u00farsa\u00ed aimsire, fr\u00ed ch\u00e9ile, imithe le craobhacha, le cupla bliain anuas, ach ar an dtaobh eile den sc\u00e9al, n\u00ed haon rud nua \u00e9, aimsir d\u00e1 leith\u00e9id a bheith againn thart ar an tr\u00e1th seo chuile bhliain, n\u00f3 nach bhfuil an t\u00e9arma, Laethe na B\u00f3 Riabha\u00ed, sa Teanga againn, le sinsearacht?\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201c Minic a chuala an t\u00e9arma sin, ceart go leor,\u201d arsa S\u00e9im\u00ed, \u201cach i nd\u00e1ir\u00edre, c\u00e9n t-\u00fadar\u00e1s at\u00e1 leis an leagan cainte c\u00e9anna sin?\u201d<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Laethe na Riabha\u00ed<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201c Tugadh faoi deara go dtagadh stoirmeacha agus cruatan geimhri\u00fail, chuile bhliain, i ndiaidh na heacaineachta, agus bhaist siad Laethe na B\u00f3 Riabha\u00ed ar an ndrochaimsir sin, agus sin an cine\u00e1l aimsire at\u00e1 againn, le scathamh anuas anois.\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Bh\u00ed m\u00e9 r\u00e9idh leis an gcuid eile den sc\u00e9al sin faoin mB\u00f3 Riabhach ch\u00e9anna sin a r\u00edomh d\u00f3, ach chuir mo chara, S\u00e9im\u00ed an Droichid, a l\u00e1mh in airde ag an bpointe sin, le mo stopadh, agus bhris isteach orm, gan chuireadh gan iarraidh&#8230;..<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Beidh l\u00e1 eile ag an bPaorach!<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u201cF\u00f3ill ort ansin anois, n\u00f3 an bhfeiceann t\u00fa an t-am ar an clog matail \u00fad os do chomhair amach ansin, agus mise tar \u00e9is a ghealladh do Naip\u00ed bhocht s\u2019againne, go mbeinn ar ais sa bhaile aice, leathuair a chloig \u00f3 shoin. Sl\u00e1n leat anois, agus cr\u00edochnoidh muid an seanchas sin, an ch\u00e9ad bhabhta eile. Beidh l\u00e1 eile ag an bPaorach!\u201d<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Agus le sin, scuab mo Sh\u00e9im\u00ed bre\u00e1 leis an doras amach, faoi mar ba chat sc\u00f3lta \u00e9, ach bh\u00ed m\u00e9 fh\u00e9in s\u00e1sta freisin, n\u00f3 nach raibh p\u00edosa na seachtaine seo tugtha aige dom. Chuir m\u00e9 mo shl\u00e1n abhaile leis, b\u00edodh go raibh s\u00e9 as \u00e9isteacht, agus as radharc, faoi\u2019n am sin&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;..  <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\"> <\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">&nbsp;&nbsp;<\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Laethanta na B\u00f3 Riabha\u00ed Ag smaoineamh ar ph\u00edosa na seachtaine seo a chur i dtoll a ch\u00e9ile a bh\u00ed m\u00e9, an l\u00e1 faoi dheireadh, nuair a scannraigh clog an dorais m\u00e9. Duine eic\u00ednt amuigh, agus a mh\u00e9ar coinnithe ar chnaipe an chloig aige, faoi mar a bheadh an riach [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12933","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12933","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12933"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12933\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12934,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12933\/revisions\/12934"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12933"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12933"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12933"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}