{"id":12975,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=12975"},"modified":"2024-04-08T01:28:00","modified_gmt":"2024-04-08T01:28:00","slug":"m-a-i-r-t-n-a-m-i-r-e","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/m-a-i-r-t-n-a-m-i-r-e\/","title":{"rendered":"M A I R T     N A      M I R E"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>M \u00c1 I R T     N A      M I R E  .<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>*************************<\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus m\u00e9 ag smaoineamh ar ph\u00edosa na seachtaine seo, n\u00ed raibh ar mo chumas tada a scr\u00edobh gan tagairt eic\u00ednt a dh\u00e9anamh i dtosach don \u00e1r uaf\u00e1sach a deineadh thall sna St\u00e1it Aontaithe, ar Mh\u00e1irt \u00fad na mire, an 11\u00fa, Me\u00e1n F\u00f3mhair, 2001, n\u00f3 n\u00ed dh\u00e9anfar dearmad ar an l\u00e1 c\u00e9anna sin go luath.  Cheap m\u00e9 fh\u00e9in, n\u00e1rbh olc an t-ainm \u00e9, M\u00e1irt na mire, a bhaisteadh ar Mh\u00e1irt \u00fad na n\u00e1ire, Mairt an sceimhle, M\u00e1irt an \u00e1ir.  Cuimhn\u00edonn chuile dhuine againn ar uaf\u00e1is \u00e1irithe a tharla lena linn fh\u00e9in, ach chomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa, bheadh s\u00e9 deacair M\u00e1irt \u00fad na mire sin a sh\u00e1r\u00fa ar a chru\u00e1la\u00ed, uafasa\u00ed, diabhalta, a bh\u00ed s\u00e9.  Nach cuimhin le chuile dhuine againn an chaoi ar mhothaigh s\u00e9, agus \u00e9 ag f\u00e9achaint ar Th\u00fair \u00fad na gile ag titim anuas go talamh, faoi mar ba thithe c\u00e1rta\u00ed iad.  Bh\u00edomar uilig faoi gheasa ag an radharc r\u00e9abadhreilgeach sin, an radharc sacrail\u00e9ideach sin, a bhain an chaint d\u00ednn, n\u00f3 ni raibh na focail againn le cur s\u00edos cruinn a dh\u00e9anamh ar a raibh ag tarl\u00fa os comhair \u00e1r s\u00fal ansin, ar sc\u00e1ile\u00e1n an teilif\u00edse\u00e1in.  Chomh fada is a bhain s\u00e9 liomsa, bh\u00ed m\u00e9 ag iarraidh focail a chruinni\u00fa, n\u00f3 a chruth\u00fa, le cur s\u00edos a dh\u00e9anamh ar an bpicti\u00far a bh\u00ed ansin, os mo chomhair amach.  S\u00edlim freisin, gur thuigeamar uilig, go raibh deireadh go deo leis na seanlaethe.  N\u00ed bheadh buaine ar bith, feasta, ag baint le haon saothar daonna, fad is a bheadh daoine amuigh ansin, a bheadh s\u00e1sta \u00e9 a dh\u00edoth\u00fa, ar mhaithe le cl\u00e1r oibre buile eic\u00ednt a chur i gcr\u00edch.   Conas a mhoth\u00f3f\u00e1 fh\u00e9in, d\u00e1 dtiocfadh sceimhlitheoir\u00ed chuig do bhaile fh\u00e9in, agus d\u00e1 leagfadh siad na foirgnimh ab fhearr leat sa bhaile sin?   An mbeadh t\u00fa s\u00e1sta an leiceann eile a iomp\u00f3 chucu?  N\u00f3 an mbeadh fearg an domhain ort, agus fonn d\u00edoltais freisin?  N\u00f3 an mbeadh t\u00fa s\u00e1sta su\u00ed s\u00edos agus dul i mbun cainteanna leo, ag iarraidh a chur ina lu\u00ed orthu, n\u00e1r thaitin an cine\u00e1l sin iompair leat, agus cad a d\u2019fh\u00e9adf\u00e1sa a dh\u00e9anamh le faobhar a gcuid feirge a iomp\u00f3 uait?  Nach deacair, agus nach r\u00ed-dheacair, na ceisteanna sin a fhreagairt, agus sin an f\u00e1th go bhfuil s\u00e9 chomh deacair sin ar Uachtar\u00e1n Mheirice\u00e1 teacht ar chinneadh, le deighle\u00e1il leis an ng\u00e9irch\u00e9im uaf\u00e1sach seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach fillimis n\u00f3im\u00e9ad ar an \u00e1r a imr\u00edodh ar na St\u00e1it Aontaithe, ar Mh\u00e1irt \u00fad na mire.  Ar an gc\u00e9ad \u00e1sc, deineadh ceithre eitle\u00e1n d\u00e1 gcuid a ghabh\u00e1il, ar mhaithe le buille a bhualadh ar an \u201cS\u00e1tan m\u00f3r\u201d, s\u00e9  sin, ar St\u00e1it Aontaithe Mheirice\u00e1.  Agus nach deacair a chreidi\u00faint, nach raibh d\u2019airm n\u00f3 d\u2019\u00e9ide ag na fir a dhein an beart gr\u00e1nna sin ach sceana.  C\u00faigear a cheaptar anois, a bhi i mbun ghabh\u00e1il chuile cheann de na heitle\u00e1in ollmh\u00f3ra sin.  Deineadh an beart sin taobh istigh d\u2019achar gearr, sa tsl\u00ed nach raibh deis ag na h\u00fadar\u00e1is tada a dh\u00e9anamh in am.  Bh\u00ed bua na ganfhiosaiochta ar thaobh na sceimhlitheoir\u00ed, agus caithfimid glacadh leis anois, go raibh a gcuid obair bhaile d\u00e9anta, agus d\u00e9anta go maith acu.  Ba iad na spriocanna a bh\u00ed pioctha amach acu, n\u00f3 An Peinteag\u00e1n, l\u00e1rionad cosanta agus m\u00edleata Mheirice\u00e1,  an tIonad Tr\u00e1d\u00e1la Domhanda, agus chomh maith le sin, ceaptar to raibh an Teach B\u00e1n fh\u00e9in mar sprioc ag an gceathr\u00fa eitle\u00e1n, sin n\u00f3 Aerfh\u00f3rsa a hAon, eitle\u00e1n  Uachtar\u00e1n na St\u00e1t fh\u00e9in.  An tIonad Tr\u00e1d\u00e1la Domhanda a d\u2019ionsaigh siad i dtosach, agus \u00f3 tharla go raibh ceird na heitleoireachta foghlamtha ag roinnt  \u00e1irithe de na sceimhlitheoir\u00ed, bh\u00ed ar a gcumas, an cri\u00fa oifigi\u00fail a chlo\u00ed, agus a n-\u00e1it a th\u00f3g\u00e1il ag na cnaip\u00ed.  Thuig na sceimhlitheoir\u00ed seo go raibh siad fh\u00e9in ag seoladh isteach i gcraos an bh\u00e1is, agus go raibh siad chun na bpaisn\u00e9ir\u00ed mac\u00e1nta, l\u00e1n an eitle\u00e1in acu, a th\u00f3g\u00e1il chun na huaighe in \u00e9ineacht leo.  Agus chomh maith le sin, thuig siad freisin, go mar\u00f3fa\u00ed, n\u00ed fios c\u00e9 mh\u00e9ad, den mhuintir a bh\u00ed ag obair san Ionad Tr\u00e1d\u00e1la, an mhaidin chinni\u00fanach sin.  Bheadh s\u00e9 deacair siombal n\u00edos fearr de st\u00e1das Mheirice\u00e1 i saol tr\u00e1d\u00e1la an domhain a fh\u00e1il, n\u00e1 an tIonad c\u00e9anna sin.  Dh\u00e1 th\u00far ollmh\u00f3ra a bh\u00ed san Ionad sin, iad c\u00faig sc\u00f3r is deich         n-url\u00e1r ar airde, \u00f3 leibh\u00e9al na sr\u00e1ide suas, sea, agus th\u00f3g s\u00e9 s\u00e9 bliana fada leis an Ionad taibhseach sin a th\u00f3g\u00e1il \u00f3 dh\u00fashraith suas.  Stroighin, gloine, agus cruach, na bun\u00e1bhair as ar t\u00f3gadh iad, agus bh\u00ed na foirgnimh, an d\u00e1 th\u00far ollmh\u00f3ra sin, ag spr\u00e9acharnach go gl\u00e9igeal, de l\u00f3 agus d\u2019o\u00edche.  B\u2019adhmaint iad a tharraing\u00edodh na milli\u00fain cuairteoir chucu in aghaidh na bliana.  I nd\u00e1ir\u00edre, ba chathair bheag iontu fh\u00e9in iad.  Agus nach bhfuil s\u00e9 beagnach do-chreidte, go bhf\u00e9adfadh fir na sceana na t\u00fair \u00e1ille sin a leagan, an p\u00e9ire acu, taobh istigh d\u2019uair a chloig!   Sea, mh\u2019anam, d\u2019athraigh an gn\u00edomh sin an saol s\u2019againne bun os cionn, gan dabht ar domhan.  Caithfidh chuile dhuine againn dul ar ais ar scoil le br\u00ed an bheart sceimhlitheoireachta sin a fhoghlaim, ach go h\u00e1irithe, caithfidh ard-oifigigh airm ath-staid\u00e9ar a dh\u00e9anamh ar cheird na choga\u00edochta, sa mh\u00edlaois nua seo, n\u00f3 n\u00ed hionann cogadh a chur ar st\u00e1t faoi leith, n\u00f3 fi\u00fa ar chomhghuaill\u00edocht, agus cogadh a chur ar bhu\u00edonta sceimhlitheoir\u00ed scaipthe, folaithe, cumhdaithe,  i measc phobail \u00e9ags\u00fala, i n\u00e1isi\u00fain \u00e9ags\u00fala, scaipthe ar fud an domhain mh\u00f3ir.  Nuair a mara\u00edodh na m\u00edlte sin  sna T\u00fair Tr\u00e1d\u00e1la Domhanda, laga\u00edodh ghreim chuile dhuine againn, ar an saol anr\u00f3iteach seo, agus is laige sl\u00e1nd\u00e1il chuile dhuine againn d\u00e1 bharr.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chomh maith le hionsa\u00ed a dh\u00e9anamh ar cheanncheathr\u00fa thr\u00e1d\u00e1la na Stat Aontaithe, roghnaigh na sceimhlitheoir\u00ed an Teach B\u00e1n fh\u00e9in le hionsa\u00ed a dh\u00e9anamh ar Uachtar\u00e1n Mheirice\u00e1 fh\u00e9in, le teasp\u00e1int go raibh ar a gcumas ionsa\u00ed a dh\u00e9anamh ar sprioc ar bith ba mhaith leo, sa t\u00edr sin, toisc nach raibh innti, mar ad\u00fairt siad, riamh anall, ach t\u00edogar maide.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus d\u00e1 n-\u00e9ireodh leo an tri\u00fa sprioc a bh\u00ed acu a bhualadh, bhuel, ansin bheadh ceanncheathr\u00fa Rialtas Mheirice\u00e1 leagtha go talamh acu freisin.  Tharla, mar sin, de thimpiste, n\u00e1r \u00e9irigh leo an sprioc sin a bhaint amach, toisc, adeirtear linn, gur bhuail siad an Peinteag\u00e1n, ina \u00e1it, tr\u00ed dhearmad eic\u00ednt.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhi eitlean eile gafa acu freisin, ach nior \u00e9irigh leis an gceann sin sprioc a bhualadh, n\u00f3 deirtear linn gur ionsaigh na paisn\u00e9ir\u00ed na sceimhlitheoir\u00ed, agus gur thuairt an           t-eitle\u00e1n d\u00e1 bharr sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ni g\u00e1 a r\u00e1 go bhfuil beartaithe ag na St\u00e1it Aontaithe d\u00edoltas a agairt ar na sceimhlitheoir\u00ed, agus ar th\u00edr ar bith a thugann  taca\u00edocht n\u00f3 d\u00eddean d\u00f3ibh.  T\u00e1 m\u00e9 ag ceapadh go mbeidh an ch\u00e9im sin tugtha, sara mbeidh an p\u00edosa seo i gcl\u00f3, n\u00f3 t\u00e1 fuaimeanna cogaidh ag teacht chugainn \u00f3 Rialtas, agus \u00f3 \u00fadar\u00e1is Mheirice\u00e1, cheana f\u00e9in.  N\u00edl dabht ar domhan ach go nd\u00e9anfar sl\u00e9acht gan \u00e1ireamh ar bhun\u00e1iteanna na sceimhlitheoir\u00ed, l\u00e1 ar bith feasta, ach t\u00e1 s\u00fail agam, nach raghfar thar f\u00f3ir ar fad leis an d\u00edoltas sin.  Is d\u00f3cha gurb \u00e9 at\u00e1 i gceist ag \u00fadar\u00e1is na St\u00e1t Aontaithe n\u00f3 f\u00e9achaint chuige, nach dtarl\u00f3idh a leith\u00e9id go deo ar\u00eds, nuair a bheidh siadsan cr\u00edochnaithe leo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is d\u00f3cha go raibh an sceimhlitheoireacht imithe thar f\u00f3ir ar fad, mar mhodh imeaglaithe, n\u00f3 mar ghl\u00e9as polait\u00edochta, le cearta an mh\u00f3raimh, a chur ar f\u00e1il don mhionlach.  Tuigtear anois, go dtiocfaidh roinnt mhaith t\u00edortha daonlathacha le ch\u00e9ile, le cr\u00edoch a chur go deo leis an leagan amach sin, agus is d\u00f3cha, go bhfuil s\u00e9 ag \u00e9ir\u00ed n\u00edos soil\u00e9ire, le himeacht aimsire, go bhfuil na bu\u00edonta sceimhlitheoir\u00ed \u00e9ags\u00fala sin ag cur le ch\u00e9ile, le ceird na coga\u00edochta f\u00edochmhaire sin, a chleachtann siad, a mh\u00faineadh d\u00e1 ch\u00e9ile.  Ach m\u00e1 t\u00e1thar le sceimhlitheoireacht a chlo\u00ed, caithfear f\u00e9achaint chuige, go mbeidh Cothrom na F\u00e9inne curtha in \u00e1irithe do ch\u00e1ch, sa domhan nua a \u00e9ireoidh as luaithreach Mh\u00e1irt na mire, domhan s\u00edtheach, s\u00edoch\u00e1nta, nach mbeidh g\u00e1 le coga\u00ed n\u00f3 coga\u00edocht ann feasta.  Ach le cr\u00edoch a chur le p\u00edosa na seachtaine seo, ba mhaith liom cupla v\u00e9arsa faoi \u00e1r \u00fad Mh\u00e1irt na mire a leagan os bhur gcomhair amach.  S\u00fail agam go dtaitneoidh siad libh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"text-decoration:underline\">M\u00c1IRT  NA  MIRE .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Fanfaidh cuimhne an lae sin<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Gearrtha do doimhin do-stoite<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Ar chl\u00e1r d\u00far darach na cuimhne<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Nuair a ligeadh srian le scanradh,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Ar an aon\u00fa l\u00e1 d\u00e9ag go dearfa<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">De Mhe\u00e1n F\u00f3mhair \u00fad an bhasctha.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Ba l\u00e1 \u00e9 l\u00e1n-d\u00f3chais is misnigh,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">L\u00e1 ag tuar na maitheasa,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Gan scamall gur fi\u00fa tr\u00e1cht air,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Ar sp\u00e9ir gheal, ghl\u00e9, na gile,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Ach de phlimp, gan aon choinne,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Dhorchaigh sp\u00e9ir is talamh,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Le fuath is le binib,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">\u00d3 bhun go barr na cruinne.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Ar sc\u00e1ile\u00e1n \u00e1r dteilif\u00edse\u00e1n,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">L\u00e9ir\u00edodh d\u00fainn go soil\u00e9ir,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Cumhacht an oilc is an doichill,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Nuair a leag fir na sceana<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Tr\u00e1dth\u00fair \u00e1ille an domhain,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Is chuala an saol an tuairt,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Nuair a thit na foirgnimh arda<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">\u00d3 sp\u00e9ir anuas ar thalamh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">T\u00e1 deireadh leis an tseanr\u00e9,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">N\u00f3 tuigfidh gach \u00e9inne feasta,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Nach buan \u00e1r l\u00e9as ar thalamh,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Mar cailleadh cuid d\u00e1r nd\u00f3chas<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">I sl\u00e9acht \u00fad Mh\u00e1irt na mire.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">C\u00e9 chosn\u00f3idh an tsaoirse feasta?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">N\u00f3 deineadh slad gan teorainn<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Ar chrann cosanta na n\u00e1isi\u00fan,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\">Nuair a bearna\u00edodh falla\u00ed \u00e1r gcairde.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:108pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">T\u00e1 deireadh feasta le cinnteacht is le sl\u00e1nd\u00e1il \u00e1r mbeatha ar thalamh,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">N\u00f3 bearna\u00edodh gan str\u00f3, le sceana, falla\u00ed cosanta \u00e1r ndaingin,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">Ach gu\u00edmis solas na soilse agus sc\u00edth s\u00edora\u00ed na s\u00edoch\u00e1na,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">D\u00f3ibh si\u00fad uilig a cailleadh in \u00e1r dearg Mh\u00e1irt na mire. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\">**********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><strong>Peadar Bair\u00e9ad.<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><strong>**********************<\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:72pt\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>M \u00c1 I R T N A M I R E . ************************* . Agus m\u00e9 ag smaoineamh ar ph\u00edosa na seachtaine seo, n\u00ed raibh ar mo chumas tada a scr\u00edobh gan tagairt eic\u00ednt a dh\u00e9anamh i dtosach don \u00e1r uaf\u00e1sach a deineadh thall sna St\u00e1it Aontaithe, ar Mh\u00e1irt \u00fad na mire, an 11\u00fa, Me\u00e1n [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-12975","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12975","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=12975"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12975\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":12976,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/12975\/revisions\/12976"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=12975"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=12975"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=12975"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}