{"id":13035,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13035"},"modified":"2024-04-08T01:07:37","modified_gmt":"2024-04-08T01:07:37","slug":"nollaig-shona-dhaoibh-uilig","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/nollaig-shona-dhaoibh-uilig\/","title":{"rendered":"Nollaig Shona Dhaoibh Uilig."},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:24pt\">I  mB\u00e9al  an  Phobail<\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Nollaig Shona Dhaoibh Uilig<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">\u00d3 tharla go bhfuil s\u00e9 de n\u00f3s agam p\u00edosa faoi leith a scr\u00edobh sa chol\u00fa<\/span><span style=\"font-size:14pt\">n seo don Nollaig, tuigeadh dom,  n\u00e1r ch\u00f3ir dom n\u00f3s a bhriseadh, an babhta seo, mar sin, seo chugaibh p\u00edosa speisialta do Nollaig na bliana seo Dh\u00e1 Mh\u00edle is a Deich. Agus \u00f3 tharla ar\u00eds go bhfuil s\u00e9 de n\u00f3s agam, le tamall anuas, s\u00fail a chaitheamh siar fan bh\u00f3ithr\u00edn na gcuimhn\u00ed, t\u00e1 m\u00e9 r\u00e9idh anois le tamall a chaitheamh, thiar ansin, i measc chuimhn\u00ed geala meanmnacha na h\u00f3ige.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">T\u00e1 cuimhne ghl\u00e9, gheal, ghrinn, agamsa ar Nollaig\u00ed thriochaid\u00ed an ocrais, in \u00f3ige an fhichi\u00fa haois, agus n\u00ed inn\u00e9 n\u00e1 inniu a ceili\u00faramar<\/span><span style=\"font-size:14pt\"> na Nollaig\u00ed c\u00e9anna sin, agus fi\u00fa, d\u00e1 gcuirf\u00ed chuige m\u00e9, d\u00e9arfainn go mbeadh lag-chuimhne agam ar Nollaig\u00ed deireannacha fhichid\u00ed na haoise c\u00e9anna sin. <\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Agus conas a bh\u00ed againn na laethe \u00fad?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Scothchuimhn\u00ed<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Bhuel! Is f\u00e9idir liom a r\u00e1 anois, i ndiaidh na mblianta sin uilig, nach bhfanann liom ach scoth-chuimhn\u00ed geala, cro\u00edl\u00e9iseacha. Cuimhnigh ar an gcine\u00e1l saoil a bh\u00ed thart orainn, an tr\u00e1th \u00fad. Bh\u00ed c\u00f3na\u00ed orm i mbaile beag, mar a raibh aithne ag chuile dhuine ar na daoine a mhair sna b\u00f3la\u00ed sin, agus n\u00edorbh \u00e9 sin amh\u00e1in \u00e9, ach <\/span><span style=\"font-size:14pt\">d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 d\u00e1nacht a dh\u00e9anamh ar dhuine ar bith acu. Ba chomharsanna iad uilig, daoine a d\u2019ithfeadh b\u00e9ile i do theachsa l\u00e1 meithle, agus daoine a thiocfadh i gcabhair ort in am an gh\u00e1tair, agus n\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, go n-\u00edocf\u00e1sa an comhar leo, ar do sheal. Ach conas mar a bh\u00ed ag an bpobal thart orainn, an tr\u00e1th \u00fad? Le sc\u00e9al gairid a dh\u00e9anamh de, go hainnis, n\u00f3 mar is cuimhin le chuile dhuine anois, ba iad sin laethe an Great Depression, n\u00f3 C\u00fal\u00fa Eacnama\u00edochta na bliana 1929.<\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Cleasa an Aosa \u00d3ig<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach n\u00ed h\u00e9 seo ach \u00e9 si\u00fad, conas mar a bh\u00ed ag daoine \u00f3ga sa socha\u00ed sin?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Mar a bh\u00edonn ag an aos \u00f3g i gc\u00f3na\u00ed, seal i mbun poist\u00edneachta, agus seal i bhfad n\u00edos faide i mbun cleasanna agus caitheamh aimsire.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">C\u00e9n cine\u00e1l poist\u00edneachta at\u00e1 i <\/span><span style=\"font-size:14pt\">gceist agam, an ea?<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ag brath ar a aois, agus ar a neart, bh\u00edodh a graith\u00ed fh\u00e9in leagtha amach do chuile dhuine den chlann. Ach, de ghn\u00e1th, b\u2019iad na \u2018jabanna\u2019 a thit ar chrann an aosa \u00f3ig n\u00f3, canna\u00ed uisce a iompar abhaile \u00f3n dtobar, brosna m\u00f3na a thabhairt isteach \u00f3n gcruach mh\u00f3na, seal a chaitheamh ag buachailleacht b\u00f3, seal eile a chaitheamh ag d\u00e9anamh teachtaireachta\u00ed, agus a leith\u00e9id.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach inis dom faoi shaol na h\u00f3ige, teacht na Nollag.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Bheul! Thosa\u00edodh an t-aos \u00f3g ag ullmh\u00fa don Nollaig i dt\u00fas Mh\u00ed na Nollag, n\u00f3 bh\u00edodh n\u00f3s acu an tr\u00e1th \u00fad c\u00faig mh\u00edle \u00c1ibh\u00e9 a r\u00e1 idir sin agus O\u00edche Nollag,  agus don t\u00e9 a dh\u00e9anfadh a leith\u00e9id, bheadh a mhian le f\u00e1il aige L\u00e1 Nollag, agus <\/span><span style=\"font-size:14pt\">d\u00e1r nd\u00f3igh, bheadh ar chumas duine an mian sin a bhronnadh ar chara, n\u00f3 ar ghaol, d\u00e1 mba mhaith leat a leith\u00e9id a dh\u00e9anamh. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">T\u00fas an Scleondair<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ach, n\u00edor thosaigh an scleondar ar fad go dt\u00ed cupla l\u00e1 roimh an Nollaig fh\u00e9in, mar ansin chuirt\u00ed na daoine \u00f3ga amach, ar fud na bhfud, ar th\u00f3ir eidhinn agus craobhacha glasa de chine\u00e1l ar bith, agus geallaimse dhuit \u00e9, gur bheag earra d\u00e1 leith\u00e9id a bh\u00ed le f\u00e1il, thart orainne, in Iorras na nIontas, an tr\u00e1th \u00fad, n\u00f3 n\u00ed bh\u00edodh crann n\u00f3 tor, n\u00f3 m\u00f3r\u00e1n bl\u00e1thanna fi\u00fa, ag f\u00e1s thiar an t-am sin. Ach sin r\u00e1ite, b\u2019annamh a thagadh muid abhaile gan \u00e1bhar oiri\u00fanach de chine\u00e1l eic\u00ednt ar l\u00e1imh againn. Faoi\u2019n am sin, bh\u00edod<\/span><span style=\"font-size:14pt\">h an teach aol-daite ag na daoine f\u00e1sta, agus chrochta\u00ed na craobhacha glasa thart faoin teach, maraon le slabhra\u00ed de ph\u00e1ip\u00e9ar daite, agus nuair a bh\u00edodh an gn\u00f3 ar fad cr\u00edochnaithe, bh\u00edodh cuma geal, aerach, Nollaigi\u00fail, ar an teach, agus leis an sm\u00e9ar mhullaigh a chur ar ch\u00farsa\u00ed ansin, dh\u00e9anfadh Mam coineall mh\u00f3r dhaite na Nollag, a fheisti\u00fa ar fhuinneog na cistine. Ina dhiaidh sin, dh\u00e9anta\u00ed tine mh\u00f3r na Nollag a adhaint agus ba chomhartha \u00e9 sin go raibh na hullmh\u00fach\u00e1in don Nollaig cr\u00edochnaithe, agus ag an <\/span><span style=\"font-size:14pt\">bpointe sin, th\u00e9adh an t-aos \u00f3g i mbun a gcleas fh\u00e9in, \u00f3 cheann ceann an t\u00ed agus th\u00e9id\u00eds i mbun cleasa ar n\u00f3s, Dall\u00f3g, L\u00farap\u00f3g Larap\u00f3g, Tomhaiseanna, agus tuilleadh d\u00e1 leith\u00e9id. N\u00ed bh\u00edodh f\u00e9asta ar bith againn an o\u00edche sin, ach tar \u00e9is gn\u00e1th shuip\u00e9ir, roinnt\u00ed cuid de chiste ris\u00edneach na Nollag orainn, le blas beag den Nollaig a thabhairt d\u00fainn. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Fear na Feas\u00f3ige L\u00e9ithe<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Ansin, thagadh am codlata, agus idir sin agus maidin, thagadh fear m\u00f3r na f\u00e9as\u00f3ige l\u00e9ithe fh\u00e9in ar a chuairt. N\u00ed h\u00e9 anois go mb\u00edodh an oiread sin fanta ina mh\u00e1la d\u00fainne, ach d\u2019fh\u00e1gadh s\u00e9 tomhais\u00edn milse\u00e1n, cupla \u00fall, agus d\u00e1 mbeadh an t-\u00e1dh i do chaip\u00edn, b\u2019fh\u00e9idir go bhfagfadh s\u00e9 f\u00e9ir\u00edn beag \u00f3n siopa i do stoca freisin, agus geallaimse dhuit \u00e9, go mb\u00edodh an oiread c\u00e9anna f\u00e1ilte againne roimh na f\u00e9ir\u00edn\u00ed c\u00e9anna sin, is a bh\u00edonn ag aos \u00f3g an lae inniu roimh r\u00edomhaire, n\u00f3 roimh rothar, n\u00f3 roimh f\u00e9ir\u00edn costasac<\/span><span style=\"font-size:14pt\">h ar bith eile d\u00e1 sh\u00f3rt.<\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">Maidin Lae Nollag bh\u00edodh muid in\u00e1r su\u00ed le giolc an ghealbhain, n\u00f3 roimhe fi\u00fa, agus muid ag ullmh\u00fa dAifreann luath na Nollag. D\u2019fh\u00e1gadh muid an teach i ndorchadas na maidine, agus d\u2019fheiceadh muid solas na Nollag ar dearglasadh i bhfuinneog chuile theach sa mbaile. Ar \u00e1r mbealach chun an ts\u00e9ip\u00e9il chasadh comharsanna orainn, agus \u2018Nollaig Shona\u2019 ar bharr a ghoib ag chuile dhuine acu. B\u2019aoibhinn bheith beo ar a leith\u00e9id de mhaidin. Aifreann, Laidin, Lampa fearraib\u00edn, \u00c9adach b\u00e1n ar na r<\/span><span style=\"font-size:14pt\">\u00e1ill\u00ed thart ar an Alt\u00f3ir. Drao\u00edcht na Laidine \u00f3 bh\u00e9al an tsagairt. Cr\u00e1ifeacht phobal D\u00e9 ag \u00e9ir\u00ed mar th\u00fais os comhair na hAlt\u00f3ra. Seanm\u00f3ir na Nollag agus liosta na ndaoine a thug airgead do bhaili\u00fach\u00e1n Nollag na sagart. \u2018Ite Missa Est\u2019. Deireadh an Chl\u00e1ir, a chairde. <\/span><\/p><h1 style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Ag Dul sa Dreoil\u00edn<\/h1><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"font-size:14pt\">D\u2019fhanadh na daoine f\u00e1sta taobh amuigh den ts\u00e9ip\u00e9al seal ag d\u00e9anamh a gcomhr\u00e1, agus ag gu\u00ed \u2018Nollaig Shona\u2019 ar a ch\u00e9ile, ach chomh fada is a bhain s\u00e9 <\/span><span style=\"font-size:14pt\">linne, gas\u00fair, bh\u00ed gn\u00f3 t\u00e1bhachtach le d\u00e9anamh againne, n\u00f3 bh\u00ed muid me\u00e1ite ar dhul amach ar th\u00f3ir an dreoil\u00edn, n\u00f3 n\u00e1rbh \u00e9 am\u00e1ireach \u2018L\u00e1 \u2018le Stiof\u00e1in\u2019, agus nach raibh socraithe againne dul sa Dreoil\u00edn go bre\u00e1 luath an l\u00e1 sin. Nuair a bheadh an gn\u00f3 sin curtha i gcr\u00edch againn, bheadh dinn\u00e9ar m\u00f3r na Nollag ullamh d\u00fainn, agus n\u00ed call dom a r\u00e1, go mbainimis taitneamh agus s\u00e1samh as an dinnear c\u00e9anna sin, agus as an ng\u00e9 bhre\u00e1 phlucach a bh\u00ed ullmhaithe in\u00e1r gcomhair ag Mam. Beannacht D\u00e9 lena hanam, agus leo si\u00fad ui<\/span><span style=\"font-size:14pt\">lig at\u00e1 imithe romhainn ar Shl\u00ed na F\u00edrinne.<\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Nollaig Shona d\u2019\u00e1r L\u00e9itheoir\u00ed uilig<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\"> agus <\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:18pt\">Go mbeirimid beo ar an am seo ar\u00eds.<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>I mB\u00e9al an Phobail Peadar Bair\u00e9ad Nollaig Shona Dhaoibh Uilig \u00d3 tharla go bhfuil s\u00e9 de n\u00f3s agam p\u00edosa faoi leith a scr\u00edobh sa chol\u00fan seo don Nollaig, tuigeadh dom, n\u00e1r ch\u00f3ir dom n\u00f3s a bhriseadh, an babhta seo, mar sin, seo chugaibh p\u00edosa speisialta do Nollaig na bliana seo Dh\u00e1 Mh\u00edle is a Deich. [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13035","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13035","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13035"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13035\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13036,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13035\/revisions\/13036"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13035"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13035"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13035"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}