{"id":13047,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13047"},"modified":"2024-04-08T01:13:53","modified_gmt":"2024-04-08T01:13:53","slug":"o-c-h-i-a-n-a-g-u-s-o-c-h-o-n-g-a-r","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/o-c-h-i-a-n-a-g-u-s-o-c-h-o-n-g-a-r\/","title":{"rendered":"O     C h i a n    a g u s      O       C h o n g a r"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">S c \u00e9 a l t a   \u00f3   C h i a n   a g u s   \u00f3    C h \u00f3 n g a r  .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">*******************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Tom\u00e1<\/span><span style=\"font-size:16pt\">s   Mac   Gabhann   ar   l\u00e1r.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">***************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">In eagr\u00e1n Mhe\u00e1n F\u00f3mhair de \u201cAn tUltach\u201d a l\u00e9igh m\u00e9 an droch-sc\u00e9al a ch\u00e9aduair, n\u00f3 f\u00f3gra\u00edodh ansin, go raibh Tom\u00e1s Mac Gabhann ar l\u00e1r.  Caithfidh m\u00e9 admh\u00e1il dhuit anois, gur bhain an sc\u00e9al c\u00e9anna sin stangadh asam, n\u00f3 n\u00ed raibh m\u00e9 ag s\u00fail lena leith\u00e9id.   D\u00e9anta na f\u00edrinne, n\u00edor dhuine \u00e9 Tom\u00e1s s\u2019againne, a shamhl\u00f3f\u00e1 an b\u00e1s riamh leis, mar ba dhuine \u00e9 a bh\u00ed chomh br\u00edomhar, beoga sin, chuile l\u00e1 riamh, nach gceapf\u00e1 go bhfaigheadh a leith\u00e9id b\u00e1s riamh.  Ach, nach deacair do dhuine ar bith \u00e9al\u00f3 \u00f3 chladhaire \u00fad na speile caime, n\u00f3 luath n\u00f3 mall, tagann s\u00e9 aniar aduaidh orainn uilig.  Uaireanta, tagann s\u00e9 mar a thiocfadh gada\u00ed faoi choim na ho\u00edche, agus uaireanta eile, n\u00ed bh\u00edonn deifir ar bith air, ach fi\u00fa sa ch\u00e1s sin fh\u00e9in, n\u00ed bh\u00edonn i gceist ach, mar a deir an seanfhocal,&#8230;galar fada n\u00ed abrann s\u00edora\u00ed br\u00e9ag&#8230;.agus nach smaoineof\u00e1 freisin ar an seanfhocal eile adeir&#8230;.nach bhfuil luibh n\u00f3 leigheas in aghaidh an bh\u00e1is&#8230;..  I gc\u00e1s Thom\u00e1is \u00e1fach, th\u00e1inig an b\u00e1s aniar aduaidh air, air fh\u00e9in is ar a bhean, ba ch\u00f3ir dom a r\u00e1, n\u00f3 n\u00ed bris amh\u00e1in a tharla sa ch\u00e1s seo, ach dh\u00e1 bhris san aon bhris amh\u00e1in, briseanna a d\u2019fh\u00e1g muid, mar n\u00e1isi\u00fan, buartha, br\u00f3nach, cr\u00e1ite, ina dhiaidh.  Ach b\u2019fh\u00e9idir gur ch\u00f3ir dom tos\u00fa ag t\u00fas an sc\u00e9il, leis an bpicti\u00far ioml\u00e1n a l\u00edonadh isteach dhaoibh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">I gCol\u00e1iste Mhuireadhaigh, i mB\u00e9al an \u00c1tha, i gContae Mhaigh Eo, a fuair m\u00e9 fh\u00e9in mo ch\u00e9ad phost, mar mh\u00fainteoir, i Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana, 1951.  Bh\u00ed m\u00e9 ag smaoineamh ar phost a ghlacadh i gceann de Chol\u00e1ist\u00ed gal\u00e1nta c\u00f3naithe Shasana, ag an am.   I nd\u00e1ir\u00edre, bh\u00ed chuile sh\u00f3rt reidh agam, an litir scr\u00edofa, mo theastais ullamh, agus m\u2019aigne beagnach socair agam an b\u00e1d b\u00e1n a thabhairt orm fh\u00e9in, nuair a fuair m\u00e9 sc\u00e9ala \u00f3n nDocht\u00fair \u00d3 Lachtn\u00e1in, Uachtar\u00e1n Chol\u00e1iste Mhuireadhaigh, ag an am, ag chur in i\u00fal dom, go raibh post le f\u00e1il agam sa Chol\u00e1iste sin, d\u00e1 mbeinn s\u00e1sta dul i mbun na Gaeilge a mh\u00faineadh ann, teacht t\u00fas Mhe\u00e1n F\u00f3mhair na bliana sin.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, gur ghlac m\u00e9 le cuireadh caoin an Docht\u00fara ch\u00f3ir, agus go ndeachaigh m\u00e9 i mbun oibre ar bhruacha m\u00e9ithe na Muaidhe, ar an l\u00e1 sprioc\u00e1ilte, \u00e1it ar chaith m\u00e9 seacht mbliana \u00f3rga, \u00f3igeanta, i mbun mo cheirde.  Ach n\u00ed chuige sin at\u00e1 m\u00e9, ach chuige seo&#8230;&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed raibh m\u00e9 i bhfad i mbun oibre ansin, nuair a bhuail fear \u00f3g isteaah chugainn, l\u00e1 amh\u00e1in, agus \u00f3 tharla gur leabhair Ghaeilge a bh\u00ed idir cham\u00e1in aige, cuireadh fios ormsa, agus d\u00faradh liom deighle\u00e1il leis.  Chuireamar sinn fh\u00e9in in aithne d\u00e1 ch\u00e9ile, m\u00e9 fh\u00e9in agus Tom\u00e1s, agus caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il gur snadhmadh caradas eadrainn ag an noimead sin, caradas a mhair thar na blianta.  Ba \u00e9 an gn\u00f3 a bh\u00ed idir l\u00e1mha aige ag an am \u00e1irithe sin, i dt\u00fas na gcaogaid\u00ed, n\u00f3 ag taisteal ar fud na t\u00edre seo, thar ceann Chomhdh\u00e1il N\u00e1isi\u00fanta na Gaeilge, ag d\u00edol leabhar Gaeilge.  Bh\u00ed veain aige, agus \u00e9 loml\u00e1n le leabhair Ghaeilge de chuile chine\u00e1l, agus bh\u00ed na leabhair sin \u00e1 nd\u00edol aige ar shladmhargadh, d\u2019fh\u00e9adf\u00e1 a r\u00e1.  S\u00edlim go bhfuil leabhar n\u00f3 dh\u00f3 den st\u00f3r sin, \u00e1it \u00e9igin sa teach s\u2019againne f\u00f3s! n\u00f3 cheannaigh m\u00e9 roinnt \u00e1irithe uaidh, an l\u00e1 sin, sin n\u00f3 b\u2019fh\u00e9idir gur thug s\u00e9 saor in aisce dhom iad!  N\u00edos d\u00e9ana\u00ed f\u00f3s, chuaigh s\u00e9 i mbun oibre leis an seachtan\u00e1n, \u201cInniu\u201d, agus ar\u00eds bh\u00edodh muid i dteangmh\u00e1il le ch\u00e9ile faoi na c\u00farsa\u00ed sin.  De r\u00e9ir a ch\u00e9ile, d\u2019\u00e9irigh Tom\u00e1s n\u00edos t\u00e1bhachta\u00ed, agus nios t\u00e1bhachta\u00ed f\u00f3s, i nGluaiseacht na Teanga, mar a thugta\u00ed uirthi, fad\u00f3.  Spreag s\u00e9 daoine, anseo is ansi\u00fad, chun pinn, n\u00f3 chun gn\u00edmh, ar son na c\u00faise, agus ba \u00e9 an difir a bh\u00ed idir Thom\u00e1s agus Gaeilgeoir\u00ed eile, n\u00f3 go mba charraig ar chiall \u00e9, chuile l\u00e1 riamh.  Bh\u00ed an-tuiscint aige ar ch\u00farsa\u00ed, agus ba bheag rud a chuaigh thairis i saol na Gaeilge.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, mar sin, gur bhain an p\u00edosa \u00fad a l\u00e9igh m\u00e9 in \u201cAn tUltach\u201d stangadh n\u00e1r bheag asam.  F\u00e9ach mar a cuireadh \u00e9, i dt\u00fas an ailt chuimnithigh, le P\u00e1draig \u00d3 Baoighill, ar leathanach 27, d\u2019eagr\u00e1n Mhe\u00e1n F\u00f3mhair seo chuaigh tharainn&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Ba go tubaisteach a mara\u00edodh Tom\u00e1s Mac Gabhann agus a ch\u00e9ile ionmhuin, Treasa N\u00ed Bhraon\u00e1in as Dumhthamhlachta, Contae Mhuineach\u00e1in, i bpl\u00e9asc g\u00e1is ina theach c\u00f3na\u00ed i nD\u00fan Droma, i mBaile \u00c1tha Cliath, ar an 25 Me\u00e1n F\u00f3mhair, 2003, agus ba mhian linn f\u00edorchomhbhr\u00f3n a dh\u00e9anamh lena theaglach, Siobh\u00e1n, M\u00e1ire, Ultan, Dara, agus a ngaolta go l\u00e9ir\u201d <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go seolaimid \u00e1r gcomhbhr\u00f3n fh\u00e9in chuig na daoine c\u00e9anna sin, n\u00f3 is m\u00f3r go deo a mbris si\u00fad.  T\u00e1 laoch cr\u00f3ga eile de chuid na t\u00edre s\u2019againne caillte againn.  N\u00ed dh\u00e9anfar dearmad go luath ar a chomhr\u00e1 caoin, gaoismhear,  ar a racht cro\u00ed\u00fail g\u00e1ire, n\u00f3 ar a dhaonnacht l\u00e1ch, comharsan\u00fail.  Mar sin, n\u00edl le d\u00e9anamh againn anois, ach s\u00edoch\u00e1in na bhFlaitheas, agus leaba i measc na Naomh, a ghu\u00ed air fh\u00e9in is ar a bhean ch\u00f3ir, inniu agus i dt\u00f3lamh. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Ceardlann Scr\u00edbhneoireachta.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">*************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sc\u00e9al agam freisin \u00f3 Scr\u00edbhneoir\u00ed Gaeilge Chiarra\u00ed, ag cur in i\u00fal d\u00fainn, go bhfuil Ceardlann Scr\u00edbhneoireachta eagraithe acu, ag Culb Chonradh na Gaeilge, 6 Sr\u00e1id Fhearchair, Baile \u00c1tha Cliath 2. agus cuirtear in i\u00fal d\u00fainn go dtion\u00f3lfar an Cheardlann ch\u00e9anna sin, ar an Satharn, 29 Samhain, 2003, \u00f3na 10.30 a.m. go dt\u00ed 1.00 p.m. agus ar\u00eds \u00f3na 2.00 p.m. go dt\u00ed a 5 p.m. san ionad thuasluaite.  Gearrfar t\u00e1ille cl\u00e1raithe 15 Euro don Cheardlann sin, (5 Euro do Mhic L\u00e9inn), agus L\u00f3n Beag + b\u00e9ile tr\u00e1thn\u00f3na san \u00e1ireamh sa t\u00e1ille sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Seol c\u00f3ipeanna den saothar is mian leat a phl\u00e9; d\u00e1n, gearrsc\u00e9al, n\u00f3 eile, go dt\u00ed 43 na Cluainte, Tr\u00e1 L\u00ed, Co. Chiarra\u00ed, n\u00f3 chuig P\u00e1draig \u00d3 Snodaigh, Tigh Bhr\u00edde, 91 B\u00f3thar Bhinn \u00c9adair,  Binn \u00c9adair, \u00c1th Cliath 13.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">Seoladh leabhair .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">***************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Fuair m\u00e9 sc\u00e9ala, ar na mallaibh freisin, \u00f3 She\u00e1n \u00d3 Riain, Ambas\u00e1id na h\u00c9ireann, Berlin, ag cur in i\u00fal d\u00fainn uilig anseo, go rabhthas chun Bheathaisn\u00e9is Julius Pokorny, leis an Dr P\u00f3l \u00d3 Dochartaigh, Ollscoil Uladh, a sheoladh in Ambas\u00e1id na h\u00c9ireann, Berlin, ar an Aoine, an 21 Samhain 2003, ag a 19.30.  N\u00ed g\u00e1 a r\u00e1, go gcuirf\u00ed f\u00e1ilte roimh ch\u00e1ch, ar an \u00f3c\u00e1id stairi\u00fail sin.  N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1 anseo, go bhfuil an beart sin d\u00e9anta acu faoi seo, agus i nd\u00e1ir\u00edre, n\u00ed d\u00f3igh liom go rabhthas ag s\u00fail go raghainnse fh\u00e9in chucu, go Berlin, don \u00f3c\u00e1id ghradamach sin, ach ba \u00e9 a bh\u00ed i gceist acu, n\u00f3 a chur in i\u00fal d\u00fainn uilig, sa saol Gaelach anseo, go raibh an leabhar sin seolta acu, agus go mbeadh s\u00e9 ar f\u00e1il feasta, ach a thuairisc a chur.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Rugadh an scol\u00e1ire c\u00e9anna sin, Pokarny, sa bhliain 1887, agus fuair s\u00e9 b\u00e1s sa bhliain 1970.  N\u00ed g\u00e1 dhom a r\u00e1, go mba scol\u00e1ire m\u00f3r le r\u00e1 \u00e9 Julius Pokorny, i ngort an L\u00e9inn Cheiltigh, \u00f3 l\u00e1r fhichid\u00ed na haoise seo caite, go dt\u00ed an bhliain 1935.  Ach n\u00edor scol\u00e1ire amh\u00e1in \u00e9 an Pokorny c\u00e9anna sin.  Scr\u00edobh, agus labhair s\u00e9, ar son Phoblacht na h\u00c9ireann freisin, agus ch\u00edtear \u00e9 i litr\u00edocht a chum James Joyce, Myles na gCopaleen agus Osborn Bergin.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Mionscr\u00fada\u00edonn an t-\u00fadar, P\u00f3l \u00d3 Dochartaigh, beatha agus saothar Pokorny, i gcomhth\u00e9acs polaiti\u00fail agus acad\u00fail na r\u00e9 inar mhair s\u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, n\u00e1r r\u00f3-mh\u00f3r \u00e9 m\u2019eolas fh\u00e9in, ar an t\u00e9 \u00fad, a bh\u00ed ina <strong>Ollamh le Focleola\u00edocht Cheilteach, in Ollscoil Bherlin<\/strong>, go dt\u00ed gur briseadh as an bpost sin \u00e9, sa bhliain 1935, <strong>i ngeall ar Dhl\u00edthe Cine Nuremberg<\/strong>, ach d\u00e1 ainneoin sin, lean s\u00e9 air, ag obair mar eagarth\u00f3ir ar an <strong>Zeitschrift fur Celtische Phililogie<\/strong>, agus go dt\u00ed an bhliain 1943, mar thaighdeoir pr\u00edobh\u00e1ideach i mBerlin, ach sa bhliain sin, d\u2019\u00e9alaigh s\u00e9 leis \u00f3n nGearm\u00e1in chun na hEilbh\u00e9ise, \u00e1it ar ligeadh isteach \u00e9, toisc go raibh v\u00edosa \u00c9ireannach ar a Phas aige, v\u00edosa a eis\u00edodh i mBerlin, ar ord\u00fa de Valera.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus le cr\u00edoch a chur leis an bp\u00edosa beag seo, tagann cupla l\u00edne fil\u00edochta chugam aniar \u00f3 na seanlaethe, l\u00ednte as d\u00e1n Gaeilge, agus ar\u00eds, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit, go bhfuil an chuid eile den d\u00e1n sin dearmadta agam!  B\u2019fh\u00e9idir go bhfuil l\u00e9itheoir eic\u00ednt, amuigh ansin, a d\u2019fh\u00e9adfadh m\u00e9 a chur ar an eolas faoi.  Seo an d\u00e1 l\u00edne&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Muise caithimis i dtr\u00e1th uainn Pokorny agus Brugmann<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;margin-left:36pt\">Is a leahair throma ghr\u00e1nna n\u00e1rbh fhearrde an t\u00e9 a scr\u00fad iad&#8230;&#8230;..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Beidh m\u00e9 chugaibh ar\u00eds, an tseachtain seo chugainn, le tuilleadh faoi mo chuairt ar Mhisin Sp\u00e1inneacha Chalaf\u00f3irnia.  Go dt\u00ed sin&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sl\u00e1n&#8230;<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">**************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">**************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>S c \u00e9 a l t a \u00f3 C h i a n a g u s \u00f3 C h \u00f3 n g a r . ******************************* . Tom\u00e1s Mac Gabhann ar l\u00e1r. *************************** . In eagr\u00e1n Mhe\u00e1n F\u00f3mhair de \u201cAn tUltach\u201d a l\u00e9igh m\u00e9 an droch-sc\u00e9al a ch\u00e9aduair, n\u00f3 f\u00f3gra\u00edodh ansin, go raibh Tom\u00e1s [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13047","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13047","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13047"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13047\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13048,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13047\/revisions\/13048"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13047"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13047"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13047"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}