{"id":13051,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13051"},"modified":"2024-04-08T01:05:54","modified_gmt":"2024-04-08T01:05:54","slug":"o-i-c-h-e-n-a-g-c-l-a-m-h-s-a-n","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/o-i-c-h-e-n-a-g-c-l-a-m-h-s-a-n\/","title":{"rendered":"O \u00ed c h e     n a      g C l a m h s \u00e1 n"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">\u201c O \u00ed c h e     n a      g C l a m h s \u00e1 n \u201d  .<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:16pt\">**************************<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bh\u00ed m\u00e9 ag smaoineamh, an l\u00e1 faoi dheireadh, ar n\u00f3s a bh\u00ed againn, agus muid ag freastal ar Chol\u00e1iste na hOllscoile, Gaillimh, i ndaichid\u00ed, agus i gcaogaid\u00ed na haoise seo caite.  Bh\u00edodh o\u00edche faoi leith againn, chuile bhliain, len\u00e1r gclamhs\u00e1n a dh\u00e9anamh os ard, faoin gCol\u00e1iste, agus faoi chuile rud a bhain leis freisin.  B\u2019iontach cliste an n\u00f3s \u00e9, n\u00f3 thug s\u00e9 deis do na mic l\u00e9inn a racht a ligean amach, ar bhealach n\u00e1r dhein dochar n\u00f3 dam\u00e1iste do dhuine ar bith, n\u00f3 don Chol\u00e1iste fh\u00e9in fi\u00fa, d\u00e1 nd\u00e9arfainn \u00e9!  Bh\u00edodh slua m\u00f3r bailithe san Aula Max. an o\u00edche sin, agus fonn cainte, n\u00f3 fonn clamhs\u00e1in ar a laghad, ar a mbun\u00fas sin, geallaimse dhuit \u00e9.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Anois, \u00f3 tharla go mb\u00edonn fonn clamhs\u00e1in orm fh\u00e9in, minic go leor, tuigeadh dom gur mhaith an tseift \u00ed, an tr\u00e1th seo bliana, col\u00fan clamhs\u00e1n a chur i dtoll a ch\u00e9ile dhaoibh, ag s\u00fail, go n-\u00e9ireodh liom cuid de na ruda\u00ed a chuireann as duitse freisin, a dhingeadh isteach, \u00e1it eic\u00ednt, sa ph\u00edosa seo.  Mar sin, seo chugaibh \u00e9&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tos\u00f3idh m\u00e9 le p\u00edosa faoin bhf\u00f3gra\u00edocht a leagann an teisif\u00eds os \u00e1r gcomhair, chuile l\u00e1, agus chuile o\u00edche freisin, geall leis, agus go h\u00e1irithe, le p\u00edosa f\u00f3gra\u00edochta a chuireann le b\u00e1in\u00ed bhuile m\u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9ard \u00e9 fh\u00e9in, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, f\u00f3gra is ea \u00e9, a dh\u00e9anann chuile iarracht ar daoine a mhealladh go M\u00e1lta, an     t-oile\u00e1n \u00e1lainn, me\u00e1nmhuir\u00ed sin, ar ch\u00f3ir go mbeadh s\u00e9 \u00e9asca go maith daoine a mhealladh chuige, le saoire sh\u00e1mh a chaitheamh ann, ach nuair a chr\u00edochnaionn an f\u00f3gra le&#8230;&#8230;\u201dC\u00e9ad m\u00edle M\u00e1lta\u201d&#8230;&#8230;is amhlaidh a bh\u00edm fh\u00e9in le ceangal, geall leis.  C\u00e9ad m\u00edle M\u00e1lta!  Ar chuala \u00e9inne riamh a leith\u00e9id!!!  Is d\u00f3igh go bhfuiltear ag iarraidh ceangal eic\u00ednt a dh\u00e9anamh idir an focal&#8230;f\u00e1ilte&#8230;agus M\u00e1lta, ceangal nach bhfuil ann&#8230;.\u00d3 bhuel, beatha dhuine a thoil, ach n\u00ed \u00e9ir\u00edonn leis an leagan sin tada a dh\u00e9anamh domsa, ach m\u00e9 a chur le b\u00e1in\u00ed.  Agus \u00f3 tharla ag caint ar fh\u00f3gra\u00edocht m\u00e9, caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit anseo, nach m\u00f3 n\u00e1 s\u00e1sta a bh\u00edonn m\u00e9 le roinnt mhaith eile f\u00f3gra\u00ed teilif\u00edse, ach oiread.  T\u00e1 a mbun\u00fas m\u00f3r i bhfad r\u00f3-ghlic, r\u00f3-mh\u00f3rluachach, agus iad i nguth uasal le h\u00edseal, mar dhea!  Cuma sa diabhal c\u00e9ard t\u00e1 \u00e1 fh\u00f3gairt acu, n\u00f3 \u00e1 dh\u00edol acu, d\u00e9anfaidh siad chuile iarracht a chur ina lu\u00ed ar na d\u00fachasaigh bhochta, gur m\u00f3ide go m\u00f3r fada a seans, bean a mhealladh, n\u00f3 a bhr\u00e9agadh, an truif\u00e9is seo at\u00e1 idir cham\u00e1in acu, a ithe, n\u00f3 a chaitheamh, n\u00f3 fi\u00fa, a bhronnadh.  Chuirfeadh a leith\u00e9id de chur i gc\u00e9ill m\u00faisc ar mhuc, agus n\u00ed beag n\u00f3 suarach an focal \u00e9 sin!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> \u00d3, sea!  Agus c\u00e9ard faoi na f\u00f3gra\u00ed d\u00ed \u00fad, a chuireann bu\u00edon d\u2019amad\u00e1in scr\u00e9achacha, g\u00e1iriteacha, seaf\u00f3ideacha, os do chomhair amach, dream nach bhfuil ar a gcumas tada a dh\u00e9anamh ach bheith ag seitr\u00edl g\u00e1ire, agus ag titim as a seasamh, ag iarraidh t\u00fa a mhealladh chun p\u00f3ite?  Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, nach fonn p\u00f3ite a chuirfeadh a leith\u00e9id de ghraimisc ormsa, ach fonn m\u00faisce!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cuireann drochphlean\u00e1il le b\u00e1in\u00ed freisin m\u00e9, go h\u00e1irithe, nuair a tharla\u00edonn s\u00e9 sa Chathair \u00c1lainn s\u2019againne anseo i gCill Chainnigh.  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Ach, cinnte, n\u00edl aon drochphlean\u00e1il \u00e1 dh\u00e9anamh anseo sa Chathair \u00c1lainn?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3ra, fuist!  Is d\u00f3cha go bhfuil sibh tuirseach de bheith ag \u00e9isteacht liom ag clamhs\u00e1n faoin bpraiseach a deineadh de Friary Street, &#8211; im\u2019 thuairimse, d\u00e1r nd\u00f3igh -.  Bhuel, n\u00ed raibh m\u00e9 cinnte go dt\u00ed seo, ach m\u00e9 ag ceapadh nach gcuirfeadh s\u00e9 le maise an limist\u00e9ir sin. <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">An raibh t\u00fa th\u00edos ansin, ar na mallaibh?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, b\u2019fhi\u00fa dhuit cuairt a thabhairt ar an tSr\u00e1id stairi\u00fail ch\u00e9anna sin, ceann de na laethe seo, agus is \u00e9 at\u00e1 i gceist agam anseo, n\u00f3 dul isteach ansin ar do chois, n\u00f3 n\u00ed f\u00e9idir le duine tada a fheice\u00e1il i gceart tr\u00ed fhuinneoga an ghluaiste\u00e1in.  N\u00edl m\u00e9 ag f\u00e1il locht ar bith ar an bhfoirgneamh fhein, anois, n\u00f3 d\u00e9arfainn go mbeadh an foirgneamh c\u00e9anna go bre\u00e1 ach su\u00edomh oiri\u00fanach a fh\u00e1il d\u00f3, ach chomh fada is a bhaineann s\u00e9 liomsa, n\u00ed h\u00ed Friary Street an t-ionad ceart sin.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Tuige, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Chuile thuige.  Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, d\u00e9anann s\u00e9 proch\u00f3g cheart, chr\u00edochnaithe, den tsr\u00e1id sin, n\u00f3 deineann s\u00e9 \u00ed a ch\u00fang\u00fa, agus a dhorch\u00fa freisin.  Sp\u00e1s r\u00e9a\u00fanta oscailte a theastaigh san ionad sin, agus n\u00ed bhfuaireamar sin sa bhforbairt seo.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">N\u00edor ch\u00f3ir dom an deis seo a ligean tharam, gan an chloch sa mhainchille a oibri\u00fa, uair amh\u00e1in eile, ar na miontimpeann\u00e1in uaf\u00e1sacha sin, a d\u2019fh\u00e1s, mar fh\u00e1is aon o\u00edche, timpeall na caathrach seo, le traidhfil de bhlianta anuas.  T\u00e1 siad chomh mion sin, gur deacair iad a fheice\u00e1il, go h\u00e1irithe don strains\u00e9ar, agus d\u00e1 bharr sin, t\u00e1 siad thar a bheith cont\u00fairteach, agus d\u00e1 bharr sin, tharla roinnt mhaith timpist\u00ed orthu, le cupla bliain anuas.  Agus \u00f3 tharla ag tr\u00e1cht ar na miontimpeall\u00e1in ch\u00e9anna sin m\u00e9, ba ch\u00f3ir dom tagairt a dh\u00e9anamh freisin, do na bacainn\u00ed uaf\u00e1sacha sin, a t\u00f3gadh ar bh\u00f3ithre agus ar shr\u00e1ideanna, le tamall de bhlianta anuas. D\u2019fh\u00e1s siad mar a bheadh goir\u00edn\u00ed cnis, ar chraiceann na cathrach, agus in ionad aon laghd\u00fa a theacht orthu, is amhlaidh at\u00e1 siad ag m\u00e9ad\u00fa, i dtoirt, agus in uimhir, in aghaidh na bliana.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3, sea, agus ag caint ar bh\u00f3ithre, agus ar shr\u00e1ideanna, ar thug t\u00fa faoi deara, gurb \u00e1 gc\u00fang\u00fa at\u00e1thar, in aghaidh na bliana, freisin.  Nach ait go deo an n\u00f3s \u00e9, ag \u00e1r saineolaithe?  N\u00f3 de r\u00e9ir mar a thagann f\u00e1s ar \u00e1r dtr\u00e1cht, is amhlaidh a ch\u00fanga\u00edonn na saineolaithe seo na b\u00f3ithre agus na sr\u00e1ideanna orainn!  <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus ag caint ar shr\u00e1ideanna agus ar bh\u00f3ithre, c\u00e9n mhaith \u00e9 b\u00f3ithre agus sr\u00e1ideanna den scoth a bheith againn, murar f\u00e9idir linne, saor\u00e1naigh, si\u00fal amach orthu, de l\u00f3, n\u00f3 d\u2019o\u00edche, gan eagla, n\u00f3 baol mug\u00e1la, n\u00f3 rob\u00e1la, \u00f3 mhaist\u00edn\u00ed barbartha, drochbh\u00e9asacha, agus \u00f3 amhais mh\u00edmh\u00fainte, chru\u00e1lacha, a t\u00f3gadh agus a oileadh in\u00e1r measc, mar phobail.  T\u00e1 s\u00e9 soil\u00e9ir do mhadra\u00ed an bhaile fh\u00e9in, go bhfuil c\u00farsa\u00ed imithe chun an donais ar fad, le tamall de bhlianta anuas.  N\u00edl duine ar bith s\u00e1bh\u00e1ilte amuigh ar bh\u00f3thar, n\u00f3 ar shr\u00e1id, anois, n\u00f3 t\u00e1 daoine amuigh ansin, nach gcuirfeadh s\u00e9 as puinn d\u00f3ibh, scian a sh\u00e1 go feirc i nduine eile, agus sin i nduine nach bhfuil aithne n\u00f3 eolas acu air, ar mhaithe le cupla Euro a ghoid, le toit\u00edn\u00ed a cheannacht!  N\u00edl dabht ar domhan, ach gur bheag an luach a leagann cuid acu sin ar bheatha an daonna\u00ed, na laethe seo.  Sea, agus n\u00ed rud n\u00e1d\u00fartha \u00e9 sin, n\u00ed hea mh\u2019anam, is rud \u00e9 a mh\u00faintear agus a fhoghlaim\u00edtear, agus sin an chuid is uaf\u00e1sa\u00ed, agus is scannraith\u00ed, den sceal ar fad.  \u00d3! bhuel, b\u2019fh\u00e9idir go dtiocfaidh feabhas ar ch\u00farsa\u00ed, an bhliain seo chugainn.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cuireann salachar le b\u00e1in\u00ed m\u00e9 freisin, go h\u00e1irithe, m\u00e1 fheicimse duine ag caitheamh m\u00e1m bruscair uaidh, amach tr\u00ed fhuinneog a ghluaiste\u00e1in, agus dream eile, at\u00e1 d\u00edreach chomh dona leosasn, n\u00f3 iad si\u00fad a chaitheann uathu, go f\u00e1nach, ar shr\u00e1id, n\u00f3 ar bh\u00f3thar, cib\u00e9 dramha\u00edl a thagann trasna orthu, p\u00e1ip\u00e9ir, bosca\u00ed, n\u00f3 m\u00e1la\u00ed plaisteacha, b\u00edodh nach mb\u00edonn na m\u00e1la\u00ed c\u00e9anna sin leath chomh fl\u00fairseach is a bh\u00edodh.  An ionadh ar bith \u00e9 go labhartar f\u00fainn mar phobal salach?  Nach gcuirfeadh s\u00e9 ionadh ort, conas a \u00e9ir\u00edonn linn duaiseanna a bhuachan as a ghlaine a choime\u00e1dtar an Chathair s\u2019againne?  N\u00edl ach freagra amh\u00e1in ar an gceist sin, agus sin go bhfuil roinnt mhaith daoine amuigh ansin, at\u00e1 s\u00e1sta dul timpeall le bruscar lucht salaithe sr\u00e1ideanna a phiocadh suas, agus mo dhearmad! n\u00edor ch\u00f3ir dearmad a dh\u00e9anamh ar lucht glanta sr\u00e1ideanna na Cathrach seo, n\u00f3 d\u00e9anann siadsan \u00e9acht, \u00f3 cheann ceann na bliana, ag iarraidh an tsean\u00e1it seo a choinne\u00e1il glan, d\u00e1r m\u00edle ainneoin!   B\u2019fh\u00e9idir go dtiocfadh an pobal i gcabhair orthu, i rith na bliana seo, 2003.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il anseo, sul m\u00e1 chr\u00edochna\u00edm an p\u00edosa seo, go gcuireann dreamanna \u00e1irithe le cuthach m\u00e9, agus sin iad na dreamanna a th\u00e9ann amach, ag iarraidh cur ina lu\u00ed ar an Rialtas, gurb iad \u2018b\u00e9al an phobail\u2019 iad, nuair at\u00e1 fhios ag madra\u00ed an bhaile fh\u00e9in nach bhfuil taobh thiar d\u00edobh ach dreaim\u00edn suarach d\u00e1 lucht leanta fh\u00e9in.  Nach cuma  cad \u00e9 an cinneadh a dh\u00e9anann an Rialtas, na laethe seo, mar chomh luath is at\u00e1 an cinneadh sin d\u00e9anta acu, b\u00ed cinnte go mbeidh dream eic\u00ednt amuigh ansin lena bhf\u00f3gra\u00ed, agus iad ag \u00e1iteamh ar an saol m\u00f3r, nach bhfuil siadsan s\u00e1sta le cinneadh \u00fad an Rialtais.  Nach gcuirfeadh siad an seansc\u00e9al sin i gcuimhne dhuit?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">C\u00e9n seansc\u00e9al, an ea?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel, bh\u00edodh sc\u00e9al acu, blianta \u00f3 shoin, faoi \u00c9ireannach d\u00edlis, ar sunc\u00e1ladh an long, a raibh s\u00e9 ag seoladh uirthi, agus ar caitheadh i dt\u00edr \u00e9, \u00e1it eic\u00ednt ar ch\u00f3sta na S\u00edne.  Bhuel, bh\u00ed s\u00e9 gan aithne gan urlabhra ar feadh seachtaine, agus ansin, bh\u00ed \u00e1thas ar chuile dhuine thart air, nuair a th\u00e1inig s\u00e9 chuige fh\u00e9in.  Sheas na daoine sin go deas, ci\u00fain, b\u00e9asach, sa timpeall, f\u00e9achaint c\u00e9ard a d\u00e9arfadh mo dhuine, ar dh\u00faiseacht d\u00f3.  Ar deireadh thiar, d\u2019oscail se a bh\u00e9al, agus ar seisean..<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Where am I?  a d\u2019fhiafraigh s\u00e9.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">You are in China, do fhreagair siadsan.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Is there a \u201cGovermint\u201d here?<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00ed cinnte go bhfuil, arsa a lucht \u00e9isteachta.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Bhuel!  ar seisean, m\u00e1 t\u00e1, \u201cI\u2019m agin it.\u201d <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Gan dabht ar domhan, t\u00e1 a l\u00e1n den ghalar sin ag dul timpeall, na laethe seo, i dt\u00edr seo na h\u00c9ireann.  M\u00e1 t\u00e1 Rialtas anseo then  \u201cI\u2019m agin it,\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00d3, Bhuel!   Is d\u00f3cha go bhfuil s\u00e9 in am domsa deireaedh a chur le mo chuid clamhs\u00e1in, don bhabhta seo, ach b\u00ed cinnte dhe, go bhfuil ualach asail de chlamhs\u00e1in eile f\u00e1gtha f\u00f3s agam, mar shampla, is fuath liom na hailt fhrithchreidmheacha agus na hailt fhirthn\u00e1isi\u00fanta a bh\u00edonn le l\u00e9amh ar nuacht\u00e1n \u00e1irithe Domhnaigh, seachtain i ndiaidh seachtaine, geall leis, ach fillfidh m\u00e9 ar na capaill mhaide sin go luath.  Idir an d\u00e1 linn, smaoinigh ar na h\u00e1bhair a chuireann tusa le b\u00e1in\u00ed, agus geallaimse dhuit \u00e9, go bhfuil roinnt mhaith d\u00edobh sin ag cur as domsa freisin.  N\u00e1 coinnigh ina r\u00fan feasta iad.  Scaoil leo, n\u00f3 is fearrde th\u00fa iad a scaoileadh uait!<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Sl\u00e1n&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;&#8230;.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">********************<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">&nbsp;&nbsp;<span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">St. Jude\u2019s,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">B\u00f3thar Phort L\u00e1irge,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Cill Chainnigh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">19 Feabhra 2003.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">A Eagarth\u00f3ir, a chara,<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">P\u00edosa beag eile chugat!  B\u2019fh\u00e9idir go bhf\u00e9adf\u00e1 leas eic\u00ednt a bhaint as cuid de, fi\u00fa!  M\u00e1s f\u00e9idir, D\u00e9an.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Beir Bua<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u00f3<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Peadar Bair\u00e9ad.<\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>\u201c O \u00ed c h e n a g C l a m h s \u00e1 n \u201d . ************************** . Bh\u00ed m\u00e9 ag smaoineamh, an l\u00e1 faoi dheireadh, ar n\u00f3s a bh\u00ed againn, agus muid ag freastal ar Chol\u00e1iste na hOllscoile, Gaillimh, i ndaichid\u00ed, agus i gcaogaid\u00ed na haoise seo caite. Bh\u00edodh o\u00edche faoi [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13051","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13051","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13051"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13051\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13052,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13051\/revisions\/13052"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13051"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13051"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13051"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}