{"id":13111,"date":"2017-04-04T11:00:00","date_gmt":"2017-04-04T11:00:00","guid":{"rendered":"https:\/\/mickgb.com\/?p=13111"},"modified":"2024-04-08T01:25:25","modified_gmt":"2024-04-08T01:25:25","slug":"resolutions-for-2006","status":"publish","type":"post","link":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/resolutions-for-2006\/","title":{"rendered":"Resolutions for 2006"},"content":{"rendered":"<p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong>r\u00fain athbhliana<\/strong>, new year resolutions;  <strong>Cailleach<\/strong>, a snug;  <strong>\u201cAn Smugairle R\u00f3in\u201d<\/strong>, \u201cThe Jellyfish\u201d (the name of a pub);  <strong>gu\u00edonna athbhliana<\/strong>, new year wishes;  <strong>cora<\/strong>, a weir;  <strong>n\u00f3d\u00fa<\/strong>; transplant;  <strong>ainriail<\/strong>, disorder;  <strong>eachtrannaigh<\/strong>, foreigners;  <strong>comhairle in aice len\u00e1r dtoil<\/strong>, wishful thinking.<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:18pt\">R\u00fain  Athbhliana !<\/span><\/strong><\/p><h1 style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4;font-weight:bold;font-size:14pt\">Peadar Bair\u00e9ad<\/h1><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Where to go from here ?<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAn ndearna t\u00fa do r\u00fain athbhliana f\u00f3s?\u201d <\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">arsa S\u00e9im\u00ed s\u00e9imh an Droichid liom, th\u00edos i gCailleach sa \u201cSmugairle R\u00f3in\u201d, ar an o\u00edche chinni\u00fanach sin, O\u00edche Chinn Bliana, agus \u00e9 tar \u00e9is smailc bhrea s\u00e1sta a bhaint as an ngloine den stuif chrua a bh\u00ed leagtha go c\u00faramach aige, ar bhoird\u00edn beag, os a chomhair amach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Thuig m\u00e9, ar an bpointe boise, gur theastaigh uaidh a chuid tuairim\u00ed ar an \u00e1bhar c\u00e9anna sin a bhronnadh orm, agus \u00f3 tharla nach raibh tada n\u00edos fearr le d\u00e9anamh agam ag an am, rinne m\u00e9 chuile iarracht na tuairim\u00ed sin a mhealladh uaidh.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cDheamhan r\u00fan n\u00f3 cuid de r\u00fan d\u00e9anta agam f\u00f3s, a Sh\u00e9im\u00ed, ach cogar, an bhfuil r\u00fan ar bith d\u00e9anta f\u00f3s agat fh\u00e9in don bhliain \u00far seo at\u00e1 ina r\u00e1s chugainn, i l\u00e1thair na huaire seo?\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Wishes instead of Resolutions<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhail! caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il dhuit, go bhfuil m\u00e9 fh\u00e9in \u00e9irithe, scun scan, as na r\u00fain athbhliana ch\u00e9anna sin, le tamall de bhlianta anuas anois, n\u00f3 ba bheag aird a thug m\u00e9 orthu tar \u00e9is a nd\u00e9anta, ach bhfuil fhios agat, t\u00e1 n\u00f3s nua fionnta agam leis an mbearna sin a l\u00edonadh dhom.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAgus c\u00e9ard \u00e9 fh\u00e9in, a Sh\u00e9im\u00ed?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cGu\u00edonna athbhliana a thugaimse orthu, n\u00f3 in \u00e1it ualach na r\u00fan sin a cheangal aniar orm fh\u00e9in, is amhlaidh a phiocaim amach roinnt ruda\u00ed, ar mhaith liom go nd\u00e9anfa\u00ed iad, i rith na bliana \u00faire.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cAr fheabhas ar fad, agus c\u00e9ard iad na gu\u00edonna at\u00e1 pioctha agat don bhlain seo, 2006.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1 ualach asail de gu\u00edonna roghnaithe agam cheana f\u00e9in, ach n\u00edl f\u00fam iad uilig a leagan os do chomhair, l\u00e1ithreach bonn, ach tabharfaidh m\u00e9 roinnt bheag acu dhuit anois.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cLean ort, m\u00e1 sea, n\u00f3 ba bhre\u00e1 liom cuid acu a chlos.\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Right of Passage for our Salmon<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cDo mo ch\u00e9ad ghu\u00ed, don bhliain seo 2006, fanfaidh m\u00e9 gar go maith don chathair \u00e1lainn s\u2019againne, agus is \u00ed mo ch\u00e9ad ghu\u00ed n\u00f3 go n-\u00e9ireoidh le comhairleoir\u00ed Bhord na nOibreacha Poibl\u00ed, teacht ar fhuascailt na faidhbe sin, at\u00e1 ag cur bhrad\u00e1in na Feoire ar bhealach a mbasctha, le cupla bliain anuas anois. Fuascailt eic\u00ednt a chuirfeadh ar chumas na gcr\u00e9at\u00far bocht sin, a mbealach chun a mbeirtr\u00ed a \u00e9asc\u00fa d\u00f3ibh, ar bhealach eic\u00ednt. N\u00f3 faoi mar at\u00e1 c\u00farsa\u00ed anois, le cupla s\u00e9as\u00far sceite anuas, \u00f3 rinne Bord na nOibreacha Poibl\u00ed an cora faoin gCaisle\u00e1n a athch\u00f3iri\u00fa, t\u00e1 ag teip glan ar bhun\u00fas m\u00f3r na mbrad\u00e1n l\u00e9im na cora athch\u00f3irithe sin a ghearradh, ach iad ag titim siar ina bpleist, ar\u00eds is ar\u00eds eile, go dt\u00ed go mb\u00edonn siad s\u00e1raithe, tr\u00e1ite, traochta, i ndeireadh na d\u00e1la. N\u00edl dabht ar domhan ach gurb \u00e9 gu\u00ed an phobail s\u2019againne anois, n\u00f3 go n-\u00e9ireodh le comhairleoir\u00ed an Bhoird sin, teacht ar fhuascailt na faidhbe c\u00e9anna sin, n\u00f3 bhainfeadh c\u00e1s na mbrad\u00e1n bocht sin deoir as cro\u00ed cloiche fh\u00e9in.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhail, is bre\u00e1 go deo an ghu\u00ed \u00ed sin don athbhliain, a Sh\u00e9im\u00ed, ach an bhfuil aon ghu\u00ed eile agat, le leagan os \u00e1r gcomhair, don bhliain \u00far?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cB\u00ed cinnte go bhfuil, agus ar\u00eds, fanfaidh m\u00e9 gar go maith don bhaile, sa ch\u00e1s seo freisin. Caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, go bhfuil suim, agus dh\u00e1 shuim, curtha agam i gc\u00e1s \u00e1r gcomharsa b\u00e9al dorais, Noel Walsh, a bhfuil Cystic Fibrosis ag cur as d\u00f3, agus c\u00f3na\u00ed air th\u00edos i bhFiodh Dh\u00fain, ar bhrucha na Si\u00faire, agus a bhfuil tamall fada caite aige ag fanacht ar bhaill bheatha oiri\u00fanacha le n\u00f3d\u00fa ann. Is fear \u00e9, an Noel c\u00e9anna seo, a bhfuil a mhisneach agus a dh\u00f3chas l\u00e9irithe aige d\u00fainn uilig, sea agus a fhoighid freisin, ar raidi\u00f3 agus ar nuacht\u00e1in. N\u00e1r mhothaigh muid uilig \u00e9, nuair a theip air san iarracht deiridh sin, nuair a glaodh air dul go Sasana leis an n\u00f3d\u00fa sin a dh\u00e9anamh d\u00f3, ach ar deireadh, fuarthas amach go raibh ceatai eic\u00ednt sa sc\u00e9al, agus b\u2019\u00e9igean do Noel bocht theacht ar ais abhaile ar\u00eds. Bhail, anois, is \u00e9 mo ghu\u00ed-se, don bhliain 2006, n\u00f3 go bhfaighf\u00ed na baill bheatha oiri\u00fanacha, leis an n\u00f3d\u00fa sin a dh\u00e9anamh d\u00f3, agus go bhfillfidh s\u00e9 ar \u00c9irinn, agus \u00e9 ar a sheanl\u00e9im ar\u00eds.\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1 m\u00e9  cinnte go mbeidh chuile dhuine sa t\u00edr ar aon fhocal leat, sa ghu\u00ed sin, agus an bhfuil aon ghu\u00ed eile agat don bhliain at\u00e1 romhainn amach?\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">An End to Violence<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cT\u00e1, mh\u2019anam, agus n\u00edos m\u00f3 na ceann amh\u00e1in. Ar an gc\u00e9ad dul s\u00edos, ba mhaith liom go gcuirf\u00ed deireadh, i rith na bliana seo, le mar\u00fa, le mug\u00e1il, le for\u00e9igean, le h\u00e9igni\u00fa de chuile shaghas, le m\u00ed-\u00fas\u00e1id, le hainriail, agus le br\u00faidi\u00falacht de chuile chine\u00e1l, agus go bhfillfeadh daoine ar\u00eds ar sh\u00edoch\u00e1in, ar charthannacht, agus ar chomharsun\u00falacht. D\u00e1 nd\u00e9anfa\u00ed a leith\u00e9id, n\u00e1r mh\u00f3r go deo an difir a dh\u00e9anfhadh s\u00e9 i saol an ghn\u00e1thdhuine? Sea, agus i nd\u00e1ir\u00edre, nach f\u00e9idir a r\u00e1, nach mbeadh sa mh\u00e9id sin fh\u00e9in, ach filleadh ar na dl\u00edthe at\u00e1 fite fuaite i smior na gcn\u00e1mh istigh ionainn uilig go l\u00e9ir?\u201d<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cBhail, n\u00ed beag n\u00f3 suarach an m\u00e9id sin, a Sh\u00e9im\u00ed, agus d\u00e1 bharr sin, is d\u00f3cha nach bhfuil a thuilleadh gu\u00ed agat don bhliain seo?\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">Spare a Thought for the Marginalised<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">\u201cN\u00ed leagfaidh m\u00e9 os do chomhair amach ach gu\u00ed amh\u00e1in eile, agus sin go dtabharfa\u00ed aire faoi leith, d\u00f3ibh si\u00fad at\u00e1 ar an imeall, sa bhliain seo \u00e1r dTiarna 2006. Is \u00e9 at\u00e1 i gceist agam anseo, n\u00f3 na daoine uilig sin, a th\u00e1inig chun na t\u00edre seo, ar th\u00f3ir oibre, n\u00f3 tearmainn, go dtabharfa\u00ed sp\u00e1s agus \u00e9isteacht d\u00f3ibh, i rith na bliana seo, sa tsl\u00ed go mbeadh ar \u00e1r gcumas, a mbun\u00fas a ghlacadh isteach mar bhaill den phobal s\u2019againne, in \u00e1it bheith ag breathn\u00fa orthu mar eachtrannaigh nach bhfuil ceart ar bith acu teacht in\u00e1r measc. Is daoine daonna iad, is comharsanna iad, agus is cairde iad, nach bhfuil aithne cheart curtha againn orthu f\u00f3s. Ba mhaith liom dream amh\u00e1in eile a chur isteach anseo freisin, agus sin iad an lucht si\u00fail, a bhfuil a mbun\u00fas imeallaithe againn, leis na blianta, sea, agus c\u00e1 bhf\u00e1gf\u00e1 an dream \u00fad a chodla\u00edonn amuigh, ar thaobh \u00e1r sr\u00e1ideanna, n\u00f3 ar thaobh \u00e1r mb\u00f3ithre?. Bhail, d\u00e9arfainn go bhfuil mo dh\u00f3thain r\u00e1ite agam, don bhabhta seo, ach b\u00ed cinnte, go mbeidh tuilleadh le r\u00e1 agam ar an \u00e1bhar seo, s\u00e1ra leagfar na hord\u00f3ga ar bhliain seo \u00e1r dTiarna, 2006.\u201d<\/p><p style=\"text-align:center;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><strong><span style=\"font-size:14pt\">If Wishes Were Horses&#8230;&#8230;.<\/span><\/strong><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Agus tar \u00e9is do mo Sh\u00e9im\u00ed bre\u00e1 \u201cGo mBeanna\u00ed Dia dhuit\u201d a r\u00e1 le t\u00f3in a ghloine, chuir s\u00e9 uaidh \u00ed ar an mboird\u00edn \u00fad lena ais, d\u2019fh\u00e1g sl\u00e1n agus beannaacht agam, agus thug an doras amach air fh\u00e9in. Ach m\u00e1 dhein, caithfhidh m\u00e9 a r\u00e1, gur fh\u00e1g s\u00e9 \u00e1bhar machtnaimh agam fh\u00e9in, n\u00f3 caithfidh m\u00e9 a admh\u00e1il, gur bheag nach raibh m\u00e9 ar aon tarraingt leis, sna tuairim\u00ed \u00fad a nocht s\u00e9 dhom, th\u00edos i gCailleach \u00fad an \u201cSmugairle Roin\u201d, O\u00edche Chinn Bliana seo chuaigh tharainn, ach m\u00e1 bh\u00ed fh\u00e9in, agus d\u00e9anta na f\u00edrinne, t\u00e1 s\u00fail agam go bhf\u00edor\u00f3far roinnt mhaith de ghu\u00edonna Sh\u00e9im\u00ed i rith na bliana seo, 2006.  Mar sin fh\u00e9in, is d\u00f3cha go nd\u00e9arfa\u00ed f\u00fainn nach raibh \u00e1 nocht\u00fa againn ach comhairle in aice len\u00e1r dtoil.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\">Athbhliain faoi mhaise agus faoi bhl\u00e1th dhaoibh go l\u00e9ir, agus n\u00e1 cuireadh an braon anuas isteach oraibh fh\u00e9in, n\u00f3 ar bhur gc\u00faram i rith na bliana at\u00e1 r\u00f3mhainn amach.<\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"> <span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"text-align:justify;margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:2.4\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p><p style=\"margin-top:0pt;padding-top:0;margin-bottom:0pt;padding-bottom:0;line-height:1.2\"><span style=\"height:1em\"><span>.<\/span><\/span><\/p>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>r\u00fain athbhliana, new year resolutions; Cailleach, a snug; \u201cAn Smugairle R\u00f3in\u201d, \u201cThe Jellyfish\u201d (the name of a pub); gu\u00edonna athbhliana, new year wishes; cora, a weir; n\u00f3d\u00fa; transplant; ainriail, disorder; eachtrannaigh, foreigners; comhairle in aice len\u00e1r dtoil, wishful thinking. . R\u00fain Athbhliana ! Peadar Bair\u00e9ad Where to go from here ? \u201cAn ndearna t\u00fa do [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":2,"featured_media":13435,"comment_status":"open","ping_status":"open","sticky":false,"template":"","format":"standard","meta":{"nf_dc_page":"","_et_pb_use_builder":"","_et_pb_old_content":"","_et_gb_content_width":"","footnotes":""},"categories":[1],"tags":[],"class_list":["post-13111","post","type-post","status-publish","format-standard","has-post-thumbnail","hentry","category-gan-chatagoir"],"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13111","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts"}],"about":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/post"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/2"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=13111"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13111\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":13112,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/posts\/13111\/revisions\/13112"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/13435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=13111"}],"wp:term":[{"taxonomy":"category","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/categories?post=13111"},{"taxonomy":"post_tag","embeddable":true,"href":"https:\/\/mickgb.com\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/tags?post=13111"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}